Code
stringlengths 7
8
| Title
stringlengths 6
145
| Author
stringclasses 85
values | Editor
stringclasses 90
values | Dates
stringlengths 1
55
| Irish
stringclasses 8
values | Other languages
stringclasses 32
values | Form
stringclasses 3
values | Genre
stringclasses 2
values | Subgenre
stringclasses 3
values | Words
int64 100
161k
| Text
stringlengths 67
830k
| Link
stringlengths 43
44
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
G400009 | M'óenurán im aireclán | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.800–900 | Old | EN, GA | Verse | — | — | 1,055 | M' óenurán im aireclán
cen duinén im gnáis:
robad inmuin ailethrán
ré n-dul i n-dáil m-báis.
Bothnat deirrit diamair
do dílgud cach cloín;
cubus díriuch diamain
dochum nime noíb.
Nóebad cuirp co sobésaib:
saltrad ferda for,
súilib tláithib todéraib
do dílgud mo thol.
Tola fanna féodaidi,
freitech domnáin ché,
coicle bána béodaidi,
ba sí dígde Dé.
Donála co n-dílechtai
dochum nime nél,
coibsin fíala fíretlai,
frossa díana dér.
Dérgud adúar áigthide
amal tálgud troch,
cotlud gairit gáibthide
díucra meinic moch.
Mo thúara, mo thuinide,
robad inmuin cacht;
ním-dingénad cuilide
mo longud, cen acht.
Arán toimse tírmaide —
maith don-airnem gnúis —
uisce lerga lígmaise
ba sí deog no lúis.
Longud serbda séimide,
menma i l-lebor léir,
lám fri cath, fri céilide,
cubus roithen réid.
Robad inmuin (araidi)
ainim nechta nóeb,
leicne tírmai tanaidi
tonn chrocnaide chóel. Stanza 11 Is relegated to notes by editor; here printed from the notes,.
Céim íar sétaib soscéla
salmchétal cach thráth,
crích fri rád, fri roscéla,
filliud glúine gnáth.
Críst mac Dé dom thaithigid,
mo Dúilem, mo Rí,
mo menma día aithigid
issind flaith i m-bí.
Ba sí In chrích fom-themadar
eter lissu lann
locán álainn eladglan,
os mé m'óenur ann. Stanza 14 Is relegated to notes by editor; here printed from the notes,.
M' óenurán im aireclán,
m' óenurán am-ne;
m' óenur do-llod forsin m-bith;
m' óenur rega de. Stanza 15 Is relegated to Notes by editor; here printed from the notes,.
M' óenur ma do-rogbus ní
d' úabar betha cé,
cluinte mo núallán oc caí,
m' óenurán, a Dé. | https://celt.ucc.ie//published/G400009.html |
G400011 | Ísucán | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.875–925 | Old | EN, LA, GA | Verse | — | — | 845 | Íte co táinic Críst cuicce i r-richt noíden, conid ann as-bert-si:
Ísucán
alar lium im dísiurtán;
cía beith cléirech co lín sét,
is bréc uile acht Ísucán.
Altram alar lium im thig,
ní altram nach dóerathaig —
Ísu co feraib nime,
frim chride cech n-óenadaig.
Ísucán óc mo bithmaith:
ernaid, ocus ní maithmech.
In Rí con-ic na uili
cen a guidi bid aithrech.
Ísu úasal ainglide,
noco cléirech dergnaide,
alar lium im dísirtán,
Ísu mac na Ebraide.
Maic na ruirech, maic na ríg,
im thír cía do-ísatán,
ní úaidib saílim sochor:
is tochu lium Ísucán.
Canaid cóir, a ingena,
d' fir dliges bar císucán;
atá 'na phurt túasucán
cía beith im ucht Ísucán. | https://celt.ucc.ie//published/G400011.html |
G400012 | Dúthracar, a Maic Dé bí | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | 10th century | Old, Middle | EN, LA, GA | Verse | — | — | 887 | Comad Mancháin Léith In so:
Dúthracar, a Maic Dé bí,
a Rí suthain sen,
bothán deirrit díthraba
commad sí mo threb,
Uisce treglas tanaide
do buith ina taíb,
linn glan do nigi pectha
tria rath Spirta Naíb,
Fidbaid álainn immocus
impe do cech leith,
fri altram n-én n-ilgothach,
fri clithar día cleith,
Deisebar fri tesugud,
sruthán dar a lainn,
talam togu co méit raith
bad maith do cach clainn,
Úathad óclach n-innide
(in-fessam a l-lín),
it é umlai urluithi
d'urguidi ind Ríg:
Ceithri triir, tri cethrair
(cuibdi fri cach les),
da seiser i n-eclais
eter túaid Is tes;
Sé desa do imforcraid
immumsa fa-déin
oc guidi tre bithu sír
ind Ríg ruithnes gréin;
Eclais aíbinn anartach,
aitreb Dé do nim,
sutrulla soillsi íar sain
úas Scriptúir glain gil,
Óentegdais do aithigid
fri deithidin cuirp,
(cen druid, cen indladuth,)
cen imrádud n-uilc.
Is é trebad no gébainn,
do-gegainn cen chleith;
fírchainnenn chumra, cerca,
bratáin breca, beich, —
Mo lórtu bruit ocus bíd
ónd Ríg as chaín clú,
mo bithse im suidiu fri ré,
guide Dé In nach dú. | https://celt.ucc.ie//published/G400012.html |
G400013 | Tan bím eter mo shruithe | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.900–1000 | Old, Middle | EN, LA, GA | Verse | — | — | 716 | Mo Ling dixit:
Tan bím eter mo sruithe
am teist ergaire cluiche;
tan bím eter i n-áes mer
do-muinet Is mé a n-óiser. | https://celt.ucc.ie//published/G400013.html |
G400014 | Christ's Cross | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.965–981 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 933 | Cros Chríst tarsin n-gnúis-se,
tarsin g-clúais fon cóir-se.
Cros Chríst tarsin súil-se.
Cros Chríst tarsin sróin-se.
Cros Chríst tarsin m-bél-sa.
Cros Chríst tarsin cráes-sa.
Cros Chríst tarsin cúl-sa.
Cros Chríst tarsin táeb-sa.
Cros Chríst tarsin m-broinn-se
(is amlaid as chuimse).
Cros Chríst tarsin tairr-se.
Cros Chríst tarsin n-druim-se.
Cros Chríst tar mo láma
óm gúaillib com basa.
Cros Chríst tar mo lesa.
Cros Chríst tar mo chasa.
Cros Chríst lem ar m' agaid.
Cros Chríst lem im degaid.
Cros Chríst fri cach n-doraid
eitir fán Is telaig.
Cros Chríst sair frim einech
Cros Chríst síar fri fuined.
Tes, túaid cen nach n-anad,
Cros Chríst cen nach fuirech.
Cros Chríst tar mo déta
nám-tháir bét ná bine.
Cros Chríst tar mo gaile.
Cros Chríst tar mo chride.
Cros Chríst súas fri fithnim.
Cros Chríst sís fri talmain.
Ní thí olc ná urbaid
dom chorp ná dom anmain.
Cros Chríst tar mo suide.
Cros Chríst tar mo lige.
Cros Chríst mo bríg uile
co roisem Ríg nime.
Cros Chríst tar mo muintir.
Cros Chríst tar mo thempal.
Cros Chríst isin altar.
Cros Chríst isin chentar.
O mullach mo baitse
co ingin mo choise,
a Chríst, ar cach n-gábad
for snádad do chroise.
Co laithe mo báis-se,
ría n-dol isin n-úir-se,
cen (ainis) do-bér-sa
Cros Chríst tarsin n-gnúis-se. | https://celt.ucc.ie//published/G400014.html |
G400015 | Cros Chríst tarsin n-gnúisse | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | 982 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 769 | A Dé dúilig, atat-teoch:
is tú mo rúinid co rath;
rimsa ní ro soa do dreich,
úair Is tú mo breith cen brath.
Is tú mo rí; Is tú mo recht;
is let mo chrí, Is let mo chorp;
not-charaim, a Chríst cen chacht,
úair Is lat m' anaim in-nocht.
Ní béo 'cá díchleith, a Rí:
ro béo it rígthreib frim ré;
do-roimliur In fleid dot méis;
ním-fargba dott éis, a Dé. | https://celt.ucc.ie//published/G400015.html |
G400016 | Isam aithrech | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.987 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 848 | Isam aithrech (febda fecht),
a Choimdiu, do thairimthecht:
dílig dam cach cin rom-thé,
a Chríst, ar do thrócaire.
Ar do thitacht cain i crí,
ar do gein, a mo Nóebrí,
ar do baithis m-búain i fus,
dílig dam cech n-immarbus.
Ar do chrochad co léire,
ó marbaib ar th' eiséirge,
tabair dam dílgud mo thal,
at it Fíadu fírthrócar.
Ar do fresgabáil (sóer sel)
cosin n-Athair for nóebnem,
feib ro ráidis frinn ría techt
dílaig dam mo thairimthecht.
Ar do thitacht (déoda In gair)
do mess for slóg síl Ádaim,
ar nóe n-grád nime (cen chlith)
dílgiter dam mo chinaid.
Ar buidin na fátha fír,
ar drong molbthach na mairtír,
dílaig dam cach cin rom-gab
ar fairinn na n-úasalathar.
Ar chléir na n-apstal cen chol,
ar slúag na n-úag n-deiscipol,
ar cach nóeb co rath rígda
dílig dam mo mígníma.
Ar cech nóebúaig ós bith bras,
ar bantracht na prímlaíchas,
dílig dam cach cin fo nim
ar Maire n-amra n-Ingin.
Ar muintir talman (torm n-dil)
ar muintir nime nóebgil,
tabair dílgud bas dech
dom chintaib úair 'sam aithrech. | https://celt.ucc.ie//published/G400016.html |
G400018 | Rop tú mo baile | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.900–1100 | Old, Middle | EN, GA | Verse | — | — | 1,000 | Rop tú mo baile,
a Choimdiu cride:
ní ní nech aile
acht Rí secht nime.
Rop tú mo scrútain
i l-ló 's i n-aidche;
rop tú ad-chëar
im chotlud caidche.
Rop tú mo labra,
rop tú mo thuicsiu;
rop tussu dam-sa,
rob misse duit-siu.
Rop tussu m'athair,
rob mé do mac-su;
rop tussu lem-sa,
rob misse lat-su.
Rop tú mo chathscíath,
rop tú mo chlaideb;
rop tussu m'ordan,
rop tussu m'airer.
Rop tú mo dítiu,
rop tú mo daingen;
rop tú nom-thocba
i n-áentaid n-aingel.
Rop tú cech maithius
dom churp, dom anmain;
rop tú mo flaithius
i n-nim 's i talmain.
Rop tussu t' áenur
sainserc mo chride;
ní rop nech aile
acht Airdrí nime.
Co talla forum,
ré n-dul it láma,
mo chuit, mo chotlud,
ar méit do gráda.
Rop tussu t' áenur
m' urrann úais amra:
ní chuinngim daíne
ná maíne marba.
Rop amlaid dínsiur
cech sel, cech sáegul,
mar marb oc brénad,
ar t' fégad t' áenur.
Do serc im anmain,
do grád im chride,
tabair dam amlaid,
a Rí secht nime.
Tabair dam amlaid,
a Rí secht nime,
do serc im anmain,
do grád im chride.
Go Ríg na n-uile
rís íar m-búaid léire;
ro béo i flaith nime
i n-gile gréine
A Athair inmain,
cluinte mo núall-sa:
mithig (mo-núarán!)
lasin trúagán trúag-sa.
A Chríst mo chride,
cip ed dom-aire,
a Flaith na n-uile,
rop tú mo baile. | https://celt.ucc.ie//published/G400018.html |
G400019 | Tórramat do nóebaingil | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.900–1100 | Old, Middle | EN, LA, GA | Verse | — | — | 763 | Pátraic dixit:
Tórramat do nóebaingil,
a Chríst meic Dé bí,
ar cotlud, ar cumsanad,
ar lepaid co l-lí.
Físsi fíra foillsiget
'nar cotaltaib dún,
a Ardflaith inna n-uile
a Ruire na rún.
Ná millet ar cumsanad,
ar cotlud lainn lúath,
demna, erchóit, aidmilliud,
aislingi co n-úath.
Rop cráibdech ar frithaire,
ar monar, ar mod;
ar cotlud, ar cumsanad
cen terbaid, cen tor. | https://celt.ucc.ie//published/G400019.html |
G400021 | Mé Éba, ben Ádaim uill | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1000–1100 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 775 | Mé Éba, ben Ádaim uill;
mé ro sáraig Ísu thall;
mé ro thall nem ar mo chloinn:
cóir Is mé do-chóid sa crann.
Ropa lem rígtheg dom réir;
olc In míthoga rom-thár;
olc In cosc cinad rom-chrín:
for-ír! ni h-idan mo lám.
Mé tuc In n-uball an-úas;
do-chúaid tar cumang mo chraís;
in céin marat-sam re lá
de ní scarat mná re baís.
Ní bíad eigred In cach dú;
ní bíad geimred gáethmar glé;
nó bíad iffern; ní bíad brón;
ní bíad oman, minbad mé. | https://celt.ucc.ie//published/G400021.html |
G400023 | Deus Meus | Maol iosa ó brolcháin | Donnchadh Ó Corráin | c.1075–1086 | Middle | LA, GA | Verse | — | — | 1,057 | Maol Iosa Ó Brolcháin
Deus meus, adiuva me
Tuc dam do sheirc, a meic mo Dé.
Tuc dam do sheirc, a meic mo Dé.
Deus meus, adiuva me.
In meum cor, ut sanum sit,
tuc, a Rí rán, do grád co gribb.
Tuc, a Rí rán, do grád co gribb
in meum cor, ut sanum sit.
Domine, da quod peto a te —
Tuc, tuc co dían, a grían glan glé — Tuc, tuc co dían, a grían glan glé — Domine, da quod peto a te —
Hanc spero rem et quaero quam,
do sherc dam sunn, do sherc dam tall,
do sherc dam sunn, do sherc dam tall,
hanc spero rem et quaero quam.
Tuum amorem, sicut vis,
Tuc dam co trén (at-bér do-rís).
Tuc dam co trén (at-bér do-rís)
Tuum amorem, sicut vis.
Quaero, postulo, peto a te.
Mo beith i nim, a meic dil Dé.
Mo beith i nim, a meic dil Dé,
quaero, postulo, peto a te.
Domine mi, exaudi me.
M' ainim rop lán dot grád, a Dé.
M' ainim rop lán dot grád, a Dé
Deus meus, adiuva me. | https://celt.ucc.ie//published/G400023.html |
G400024 | A Choimdiu, nom-choimét | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1075–1100 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 937 | A Choimdiu, nom-choimét,
etir chorp Is anmain,
etir iris n-imglain
co n-digius fon talmain.
Coimét dam mo shúile,
a Ísu meic Maire,
nácham-derna santach
aicsin cruid neich aile.
Coimét dam mo chlúasa,
nár chloistet fri écnach,
nár éistet co rognáth
fri baís for bith bétach.
Coimét dam mo thenga,
nár écnaiger duine,
nár cháiner ar-aile,
nár báiger tré luige.
Coimét dam mo chride,
a Chríst, ar do baíde,
nár scrútar co trúaige
dúthracht nacha claíne.
Ní raib miscais foa,
ná format, ná dallad,
ná dímmus, ná dímes,
ná éilned, ná annach.
Coimét mo broinn m-builid,
nár líntar cen mesair;
co rop déiniu a tosaig,
a bith isin tesaig!
Coimét dam mo láma,
ná rigter fri debaid,
nár chlechtat íar sodain
athchuingid fo mebail.
Coimét dam mo chossa
for bith builid Banba,
ná digset a fosta
fri tosca cen tarba.
Nírbam utmall anbsaid,
a Meic mo Dé deithnig,
co ná farcbar m' ined
co rop dliged deithbir.
Coimét mo ball ferda
im genus co n-glaine:
étrad ní rom-báide,
ním-tháirle, ním-thaire.
Ním-reilce i cair cennda
dond ochtar ard airdirc:
a Chríst, tair dom dochum,
día tofunn, día tairbirt.
Nom-erbainn duit uile
dom dítin cen doidnge;
ar do rath co roimét
nom-choimét, a Choimdiu. | https://celt.ucc.ie//published/G400024.html |
G400025 | A Choimdiu baíd | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1075–1100 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 732 | A Choimdiu baíd,
a Rí na ríg,
a Athair inmain,
airchis dím.
Ná rucam inn-onn
nach pecad linn,
ná fagbam tall
péin ar ar cinn.
Treblait nor-glana
nos-tabair dún,
a Meic Dé bí,
a Rí na rún.
Treblait chorrach, —
is maith In maín, —
nos-coimsig dún,
a Choimdiu baíd.
Ní ragba ar n-eill
deman dub doim!
I maig, i taig,
non-gaib fot choim. | https://celt.ucc.ie//published/G400025.html |
G400026 | Ropo mían dom menmainse | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1000–1100 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 854 | Ropo mían dom menmain-se
déchsain gnúise Dé.
Ropo mían dom menmain-se
bithbetha 'má-lle.
Ropo mían dom menmain-se
léigenn lebrán léir.
Ropo mían dom menmain-se
beith fo ríagail réil.
Ropo mían dom menmain-se
reithine fri cách.
Ropo mían dom menmain-se
búaid n-eiséirge íar m-bráth.
Ropo mían dom menmain-se
náemdacht chuirp co m-buaid.
Ropo mían dom menmain-se
ingnais ifirn úair.
Ropo mían dom menmain-se
aitreab ríchid réil.
Ropo mían dom menmain-se
taitnem amail gréin.
Ropo mían dom menmain-se
gnás do grés In Ríg.
Ropo mían dom menmain-se
ilchíuil tre bith sír.
Ropo mían dom menmain-se
ríachtain nime nél.
Ropo mían dom menmain-se
tonna díana dér.
Ropo mían dom menmain-se
déirge domhain ché.
Ropo mían dom menmain-se
déchsain gnúise Dé. | https://celt.ucc.ie//published/G400026.html |
G400027 | Tuc dam, a Dé móir | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1100–1200 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 894 | Tuc dam, a Dé móir,
for bith ché (ní chél),
ar píana na plág,
tonna díana dér.
Dom-roiched for rith
soithech ná rop saich
co rós m' áenur moch
tar cach m-báegul m-braith.
Uchán, a Chríst cáidh,
cen sruthán dom grúaid,
feib tucais In linn
don banscáil timm thrúaig.
Uchán, ar cach n-alt
cen sruthán tar m' ucht
co rob nige in-nocht
dom chride 's dom churp.
Ar cach senóir sruith
fo-rácaib a thoich,
ar do ríge réil,
ar do chéim for croich,
Ar cach óen ro chí
a chlóen for bith ché,
mo chloíne, a Dé bí,
co ro choíne mé.
Ar do maith co mór,
ar do flaith cen lén,
co h-opunn, co h-úain,
tuc dam topur n-dér.
A mo dile, a Dé,
im chride do chrú.
Déra dam, a Dé,
cé do-béra acht tú? | https://celt.ucc.ie//published/G400027.html |
G400028 | Mo labrad | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | 12th century | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 693 | Mo labrad,
rop tú molas cen mannrad:
rop tú charas mo chride,
a Rí nime ocus talman.
Mo labrad,
rop tú molas cen mannrad:
réidig, a Ruire roglan,
dam t' fognam uile Is t'adrad.
Mo labrad,
rop tú molas cen mannrad:
a Athair cacha baíde,
cluin mo laíde Is mo labrad. | https://celt.ucc.ie//published/G400028.html |
G400030 | Robad mellach, a meic mo Dé | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.975–1025 | Middle | EN, LA, GA | Verse | — | — | 957 | Colum Cille cecinit:
Robad mellach, a meic mo Dé,
(dingnaib réimenn)
ascnam tar tuinn topur n-dílenn
dochum n-Éirenn;
Go Mag n-Éolairg, sech Beinn Foibne,
tar Loch Febail,
airm i cluinfinn cuibdius cubaid
ac na elaib.
Slúag na faílenn robtis faíltig
rér séol súntach
día rísed Port na Ferg fáiltech
in Derg Drúchtach.
Rom-lín múich i n-ingnais Éirenn
díam-sa coimsech,
'san tír ainéoil conam-tharla
taideóir toirsech.
Trúag In turus do-breth form-sa,
a Rí rúine:
ach! ní ma-ndechad bu-déine
do chath Chúile!
Ba ma-ngénar do mac Dímma
'na chill chredlaig,
airm i g-cluinfinn tíar i n-Durmaig
mían dom menmain;
Fúaim na gaíthe frisin leman
ardon-peite,
golgaire In luin léith co n-aite
iar m-béim eite;
Éistecht co moch i r-Ros Grencha
frisin damraid,
coicetal na cúach don fidbaid
ar brúach samraid.
Ro grádaiges íatha Éirenn
(deilm cen ellach):
feis ac Comgall, cúairt co Caindech,
robad mellach. | https://celt.ucc.ie//published/G400030.html |
G400032 | Is aire charaim Doire | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1100–1200 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 732 | Mór trá do fhertaib ocus mírbuilib do-rigne Día ar Cholum Chille i n-Doire. Ro char-sam immorra co mór In cathraig-sin, co n-epert:
Is aire charaim Doire,
ar a réide, ar a gloine;
ar Is lomlán aingel finn
ón chinn co n-ice ar-oile. | https://celt.ucc.ie//published/G400032.html |
G400038 | Ro-chúala | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.800–900 | Old | EN, GA | Verse | — | — | 712 | Ro-cúala
ní tabair eochu ar dúana;
do-beir a n-í as dúthaig dó,
bó. | https://celt.ucc.ie//published/G400038.html |
G400043 | M'airiuclán hi Túaim Inbir | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.775–825 | Old | EN, GA | Verse | — | — | 818 | Suibne Geilt:
M' airiuclán h-i Túaim Inbir barr edin ní lántechdais be séstu —
cona rétglannaib a réir
cona gréin, cona éscu.
Gobbán du-rigni In sin
(co n-écestar dúib a stoir);
mu chridecán, Día du nim,
is hé tugatóir rod-toig.
Tech inná fera flechod,
maigen 'ná áigder rindi;
soilsidir bid hi lugburt
os é cen udnucht n-imbi. | https://celt.ucc.ie//published/G400043.html |
G400044 | Gáir na Gairbe glaídbinne | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1125–1175 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 1,065 | Gáir na Gairbe glaídbinne
glaídes re tosach tuinne;
rátha aidble aíbinne
d'íasc oc irshnám 'na bruinne!
Gairit lem mo chomainmne,
fégad lán línas múru:
buinne rothrén roGairbe,
uis 'gá chor ar cúlu.
Is súairc immar glecait-sium
tuile Is aithbe co n-úaire;
imá-sech do-ecmait-sium
sís Is an-ís cech úaire.
Cairche cíuil at-chluinim-se
'sin Gairb go n-glúaire geimrid;
ra muirn móir con-tuilim-se
i n-aidche adúair eigrid.
Éoin chalaid co céolchaire,
céoilbinne a n-gotha gnátha;
impa rom-geib éolchaire,
'má ceilebrad cech trátha.
Binn lem loin oc longaire
ocus éistecht re h-aifrenn;
gairit lem mo chomnaide
ar drumchla (Durthaigh Faithlenn)
Is ríu-sein con-tuilim-se
ar bennaib Is ar barrgail;
na céolas do-chluinim-se
is airfeitiud dom anmain:
Céol na salm go salmglaine
i Rinn Ruis Bruic cen búaine;
dordán daim duinn damgaire
do lecain Erce úaire.
Codlad adúar áenaidche;
éistecht re trethan tuinne;
gotha aidble énlaithe
d' fhidbaid Fheda Cuille;
Osnad gaíthe geimreta;
fúaim doininne fa dairbre:
géisid lec úar eigreta
oc maidm tría gáir na Gairbe.
Duilig trátha d' urmaisin
i m-bentar cluic cen bailbe,
ra sían Inbir Dubglaise
oc ra gáir na Gairbe.
Muir na fairrge fograige
timchell síar dorais Airbre —
gairde lim im chomnaide
éistecht re gáir na Gairbe.
Druim Lethet co l-línmaire
dercain donna ar a dairbre;
a mac alla Is mírbuile
fhrecras lem gáir Gairbe.
Ess Máige, Ess Dubthaige,
Ess Rúaid cos' reithet maigre,
gidat imda a turthaige
binne fogar na Gairbe.
Benn Boirche, Benn Bógaine
is Glenn Bolcán go m-bailbe,
mór n-aidche, mór nónaide
tánac fa gáir na Gairbe.
Tonn Túaige, Tonn Rudraige
(nídat imfhoicse a n-airde):
gairde lim ná a n-urnaide
éistecht re gáir na Gairbe.
Taídiu thenn na tairngire,
binn a h-airdess co n-áine;
in Tacarda ainglide —
ga h-ess as glaine gáire?
A Mo Ling na connailbe
gus' tucus cenn mo báire,
go n-derna mo chomairge
ar ifrenn as garb gáire! | https://celt.ucc.ie//published/G400044.html |
G400045 | Suibne and Éorann | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1150–1200 | Early Modern, Middle | EN, GA | Verse | — | — | 1,204 | As amlaidh éimh ro bhuí Éorann an tan-sin ar f-feis le Gúaire mac Conghaile meic Sgannláin, ar rob í Éorann fa bean do Shuibne .Ro-síacht trá Suibhne go n-ige an baile ina raibhe Éorann. Do-dheachaidh Gúaire do sheilg an lá-sin .Deisidh íarum an gheilt for furdhorus na boithe i raibhe Éorann, conadh ann it-beart: ‘An cumhain leat, a inghean’, ar sé, ‘an grádh romhór do-rad cách úainn dá chéile an ionbhaidh ro bhámmar imur-áon? & Is súanach sádail duitsi’, ar sé, ‘& ní headh dhamh-sa’; conadh ann ad-beart Suibhne & ro fhreagair Éorann é: Súanach sin, a Éorann án,
i leith leptha ret lennán;
ní h-inann Is mise i fus:
cían ó a-túsa ar anforus.
Ro ráidis, a Éorann oll,
aithesc álainn imétrom,
co ná beithea it bethaid de,
scarad énlá re Suibne.
In-díu Is súaichnid co prap
bec let bríg do sencharat:
te duit ar clúim choilcthe chain;
úar dam-sa i-mmuig co matain. Is mo-chen duit, a geilt glan:
tú Is tocha d' feruib talman;
gid súanach, Is súaill mo chlí
ón ló at-chúala tú ar nefní. Is tocha let mac In ríg
beires tú d' ól gan imsním;
is é do thohcmarc toga;
ní íarr sib bar senchara.
Ce nom-bered mac In ríg
do thigib óil gan imsním,
ferr lim feis i cúas cháel chroinn
let, a fhir, díanot-cháemsainn. Córa duit serc ocus grád
don fiur 'gá taí th' áenarán
iná di geilt gairb gortaig
úathaig omnaig urnochtaig. Dá tuctha mo roga dam
d' feruib Éirenn Is Alban
ferr lem it chommaid gan chol
ar uisce ocus ar birar. Ní conair do degmnaí dil
Suibne sunn ar slicht imnid:
úar mo leptha ac Ard Abla;
nídot terca m' úaradba. Mo-núar, ám, a geilt gnímach,
do beith éitig imsnímach;
sáeth lem do chnes ro chloí dath,
dresa Is draigin dot répad. Ní dá chairiugud dam ort,
a máethainder máeth étrocht:
Críst mac Maire, mórda cacht
é dom-rat i n-écomnart. Ropad maith lem ar m-beith ar-áen,
co tísed clúm ar ar táeb,
co sirinn soirche Is doirche
let, cach lá Is gach énaidche.
Adaig damsa i m-Boirche binn;
ránac Túag Inbir álainn;
co sirius Mag Fáil co fraig;
táirlius do Chill Uí Súanaig. Ní thairnic dhó acht sin do rádh an úair ro líon an slúagh an longphort as gach aird. Téid-siumh íarumh ina réim romhadhma for teichedh amail ba minic leis. | https://celt.ucc.ie//published/G400045.html |
G400046 | Suibne in the Woods | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1150–1200 | Early Modern, Middle | EN, GA | Verse | — | — | 2,095 | Ó ro thairis Suibne ar barr chraoibhe urairde eidhnighe ann sin, ro thairis an chailleach ar crann eile ina farradh .At-chúalaidh-siomh búiriudh an doimh alla, & do-rinni an laoídh, & tuc teastmholta crann Éireann ós aird innte, ag foraithmheadh ar-aill día dheacruibh & día imsníomh budh-dhéin, go n-débairt ann-so: A bennáin, a búiredáin,
a béicedáin binn,
is binn linn In cúicherán
do-ní tú 'sin glinn.
Éolchaire mo mennatáin
do-rala ar mo chéill —
na lois isin machaire,
na h-ois isin t-sléib.
A dair dosach duilledach,
at ard ós cinn chruinn;
a cholláin, a chráebacháin,
a chomra chnó cuill.
A fern, nídot náimtide;
is álainn do lí;
nidat scenbaide
ar In m-beirn i m-bí.
A draignéin, a delgnacháin,
a áirnecháin duib;
a birair, a barrglasáin, do brú thopair luin.
A minéin na conaire,
at milse gach luib,
a glasáin, a adglasáin,
a lus forsa m-bí In t-suib.
A aball, a ablachóc,
trén rot-chraithenn cách;
a cháerthainn, a cháeracháin,
is álainn do bláth.
A driséoc, a druimnechóc,
ní dama cert cuir:
ní ana 'gum letradsa
gursat lomlán d' fuil.
A ibair, a ibracháin,
i reilgib bat réil;
a eidinn, a eidnecháin,
at gnáth i coill chéir.
A chuilinn, a chlithmaráin,
a chomla re gaíth;
a uinnes, a urbadach, a arm láma laích.
A beithe bláith bennachtach,
a borrfadach binn,
álainn gach cráeb chengailtech
i mullach do chinn.
Crithach ara chrithugud
at-chluinim 'ma sech;
a duille for rithugud
dar lem Is í In chrech.
Mo miscais i fidbadaib
(ní cheilim ar cách)
gamnach darach duilledach
ar sibal go gnáth.
Is olc sén ar milles-sa
ainech Rónáin Finn;
a ferta rom-búaidretar,
a chlocáin ón chill.
Is olc sén i fúarus-sa
eirred Congail chóir,
a inar cáem cumtachglan
co cortharaib óir.
Rop é guth gach áenduine
don t-slóg détla daith;
‘Ná tét úaib fán célmaine’
‘fer In inair maith’.
Gonaid, marbaid, airligid;
gabaid uile a eill;
cuirid é, cid lór do chin,
ar bir Is ar beinn.
Na marcaig dom thárrachtain
dar Mag Coba cruinn:
ní roich úaidib áenurchar
dam-sa dar mo druim.
Ac dula dar eidnechtaib
(ní cheilim, a laích)
degurchar na gothnaite
damsa résin n-gaíth.
A eltéoc, a luirgnechóc,
fúarus-sa do greim;
mise ort ac marcaigecht
as gach beinn i m-beinn.
Ó Charn Chronáin chomramaig
co beinn Slébe Níad,
ó beinn Slébe Uillinne
ricim Crota Clíach.
Ó Chrotaib Clíach comdála
co Carn Liffe Luirc,
ricim re tráth íarnóna
co Beinn Gulban Guirt.
M'adaig ría cath Congaile
robo sirsan lem,
'síu no beinn for utmaille
ac siriud na m-benn.
Glenn m-Bolcáin mo bithárus;
fír fúarus a greim;
mór n-aidche ro frithálus
rith rothrén re beinn.
Dá sirinn im áenaide
sléibte domain duinn,
ferr lim inad áenboithe
i n-Glinn Bolcáin buirr.
Maith a uisce idan-glas;
maith a gáeth glan garg;
maith a birar birar-glas;
maith a fothlacht ard.
Maith a eidnech idnaide;
maith a sail glan grinn;
maith a ibar ibraide;
ferr a beithe binn.
Dá tístasu, a Loingsecháin,
chucum In gach richt,
cech n-aidche dom acallaim,
bés ní anfainn frit.
Ní anfainn ret acallaim
munbad scél rom-gét,
athair, máthair, ingen, mac,
bráthair, ben balc d'éc.
Dá tístea dom acallaim
ní bad ferrde lem;
ro sirfinn ría matanraid
sléibte Boirche Benn.
Do muilenn In menmaráin
no meiltea do thúaith,
a thrúagáin, a thoirsecháin,
a Loingsecháin lúaith.
A chaillech In muilinn-se,
cid 'má n-geibe m'eill?
M' écnach duit at-chluinim-se
is tú i-mmuig ar In beinn.
A chaillech, a chuirr-chennach,
in raga for ech?
‘No ragainn, a thuirr-chennach’
‘(munam-faiced) nech.’
‘Dá n-dechar, a Suibnecháin,’
‘rop soraid mo léim.’
Dá (toraissiu), a chaillecháin,
ní rís slán céill.
‘Ní cóir, éim, a n-apraidsi’
‘a meic Colmáin cais;’
‘nách ferrde mo marcachas’
‘gan tuitim tar m'ais?’
Is cóir, éim, a n-apraim-se,
a chaillech gan chéill;
deman acut aidmilliud:
rot-millis fa-déin.
‘Nach ferrde let m' eladain,’
‘a geilt sáerda seng,’
‘mo beith acut lenamain’
‘i mullaigib benn?’
Dosán eidinn imúallach
ásas tré chrann cas,
dá m-beinnse 'na chertmullach
no ágsainn techt as.
Teichim ríasna h-uiséoca;
is é In trénrith tenn;
lingim tar na guiséoca
i mullaigib benn.
Ferán eidinn imúallach
in tan éirghes dúinn,
gairit bím dá thárrachtain
ó ro ás mo chlúim.
Crebar oscar antuicsech
in tan éirges dam,
idnar lim Is derg-náma
in lon do-ní In scal.
Gach áenúair ro linginn-se
co m-bínn ar In lár
co faicinn In cremthannán
thís ac creim na cnám
Sech gach coin i n-eidnechaib
lúath no geibed m' eill;
is é lúas no linginn-se
co m-bínn ar In beinn.
Sinnaig beca ac brécairecht
chucum ocus úaim;
meic thíre ar a (lécaidecht)
teichim-se re a fúaim.
Ro thríallsat mo thárrachtain
ac tocht 'na rith tenn,
gur theiches-sa rempu-som
i mullaigib benn.
Tánic frim mo thairimthecht
gipé conair thías;
is léir dam ar m' airchisecht
am cáera gan lías.
Bile Cille Lugaide
i tuilim súan sáim:
ba h-aíbniu i ré Chongaile
Áenach Line láin.
Do-raga In réodh réltanach
ferfas ar gach linn;
isam súairrech sechránach,
('s) mise faí ar In binn.
Na corra go corrgaire
i n-Glinn Aigle úair;
elta d' énaib imlúatha
chucum ocus úaim.
Ní charaim In sibenrad
do-níat fir Is mná;
binne lim (ac ceilebrad)
(lon) 'sin aird i tá.
Ní charaim In stocairecht
at-chluinim go moch;
binne lim (ac brocairecht)
bruic i m-bennaib broc.
Ní charaim In cornairecht
at-chluinim go tenn;
binne lim ac damgairecht
da dá fichet benn.
Atá adbar seisrige
as gach glinn i n-glenn,
gach dam ina freslige
i mullach na m-benn.
Cid imda dom damraid-se
as gach glinn i n-glenn,
ní meinic lám aireman
ac dúnad a m-benn:
Dam Sléibe aird Éiblinne,
dam Sléibe Fúait féig,
dam Ella, dam Orbraige,
dam lonn Locha Léin,
Dam Seimne, dam Latharna,
dam Líne na lenn,
dam Cúailnge, dam Conachla,
dam Bairne dá benn,
A máthair na graige-se,
ro líathad do lenn;
ni fuil dam it degaid-se
gan dá fichet benn.
Mó ná adbar leinníne
ro líathad dot chinn;
dambenn ar gach (meinníne),
beinníne ar gach (minn.)
A doim do-ní In fogarán
chucum tar In n-glenn,
maith In t-inad foradán
i mullach do benn.
Is mé Suibne sirthechán;
lúath reithim tar glenn;
nochan é m' ainm dligthechán;
mó Is ainm dam Fer Benn.
Tiprait Is ferr fúarus-sa
tipra Leithit láin,
tipra Is áille innúaire
úarán Dúine Máil.
Gidat imda m' imirce
m' étach in-díu Is gerr.
Mé féin do-ní m'foraire
i mullach na m-benn.
A raithnech, a rúadfota,
ro rúadad do lenn;
ní h-ossair fir fúacartha
i n-gablaib do benn.
Bid ann bías mo bith-lige
tes ac Taídin teinn;
ac Tig Mo Ling bith-ainglide
táethus-sa do beinn.
Do-rat mise it chumman-sa
mallacht Rónáin Finn,
a bennáin, a búiredáin,
a béicedáin binn. | https://celt.ucc.ie//published/G400046.html |
G400047 | Suibne in the Snow | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1150–1200 | Early Modern, Middle | EN, GA | Verse | — | — | 1,045 | Úair Is amlaidh ro bhoí an oidhchi-sin ag cur sneachta, & an mhéd no cuireadh no reodadh fa chédóir a haithli a chuir gonadh ann ad-beart an láoidh ag tabairt a dhocra ós aird:
Mór múich i túsa in-nocht;
ro thregd mo chorp In gáeth glan;
toll mo thraigte; glas mo grúad;
a Dé móir, a-tá a dúal dam.
I m-Beinn Boirche dam a-rraír;
rom-thúairg braín i n-Echtga úair;
in-nocht ro brétait mo boill
i n-glaic croinn i n-Gáille glúair.
Ro fuilnges mór tres gan tlás
ó ro ás clúm ar mo chorp;
ar gach aidche Is ar gach ló
is mó sa mó fuilgim d' olc.
Rom-chráid sic (sín nách súairc);
rom-thúairg snechta ar Sléib Meic Sín;
in-nocht rom-geguin In gáeth
gan fráech Glenna Bolcáin bil.
Utmall m' imirce In gach íath;
dom-ríacht beith gan chéill gan chonn;
do Muig Line for Muig Lí,
do Muig Lí for Life lonn.
Saigim dar Segais Sléibe Fúait;
ricim im rúaic co Ráith Móir;
dar Mag n-Aí, dar Mag Luirg luinn,
ricim co cuirr Crúachain chóir.
Ó Shléib Chúa (ní turas tais)
ricim go Glais Gáille grinn;
ó Glais Gáille (gid céim cían)
ricim sair go Slíab m-Breg m-binn.
Dúairc In betha beith gan tech;
is trúag In betha, a Chríst cain:
sásad birair barrglais búain;
deog uisce úair a glais glain;
Tuisled do barraib cráeb crín;
imthecht aitin (gním gan gaí);
sechna daíne; cummann cúan;
coimrith re dam rúad dar raí.
Feis aidche gan chlúim i coill
i mullach croinn dosaig dlúith,
gan choistecht re guth ná glór,
A Meic Dé, Is mór In múich.
Reithim rúaic re beinn co báeth;
úathad rom-thráeth a los lúith;
ro scarus rem chruth gan chlód;
A Meic Dé, Is mór In múich. | https://celt.ucc.ie//published/G400047.html |
G400050 | Forud na Fíann fás in-nocht | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1150–1200 | Early Modern, Middle | EN, GA | Verse | — | — | 838 | at-bert Caílte
Forud na Fíann fás in-nocht
gus 'ticed Finn fáebarnocht;
do bás na flatha gan brón
is fás Alma úasalmór.
Ní marat In muinter maith;
ní marann Finn In fír-flaith;
ní fuil In cuire gan chleith
ná ruire 'mon ríg-féinnid.
Is marb uile Fíanna Finn,
gé do-chúatar glinn do glinn;
olc a-tú i n-díaid na ríg rán,
tar éis Díarmata Is Conán,
D' éis Guill meic Morna don maig
ocus Ailella cétaig,
íar n-díth Éogain In gaí glais
ocus Conall don chét-frais.
A-deirimse rib reime;
is fír ina ráideim-ne:
is mór ar n-esbada ann
gan Dub díbraicthech Drumann.
Ar n-díth na cuire Is na cét
is trúag nách ann fúarus éc,
íarna n-dul a h-or i n-or
gérbo forlán In Forud. | https://celt.ucc.ie//published/G400050.html |
G400052 | Cétemain, cain cucht | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.700–800 | Old | EN, GA | Verse | — | — | 1,039 | Ro fogluim-sim In tréide nemthigius filid .i. teínm láega & imus for-osna & díchedul di chennaib. Is ann sin do-róine Finn In laíg-si oc fromad a éicsi:
Cétemain, cain cucht,
rée rosaír rann;
canait luin laíd láin
día laí (grían) gaí n-gann.
Gairid cuí chrúaid den;
is fo-chen sam saír:
suidid síne serb
i m-bi cerb caill chraíb.
Cerbaid sam súaill sruth;
saigid graig lúath linn;
lethaid fota fraích;
for-beir folt fann finn.
Fúapair sceith scell scíach;
im-reith réid rían rith;
cuirithir sál súan;
tuigithir bláth bith.
Berait beich (bec nert)
bert bonn bochtai bláith;
berid slabrai slíab:
feraid saidbir sáith.
Seinnid caille céol;
con-greinn séol síd slán;
síatair denn do dinn,
dé do loch linn lán.
Labraid tragna trén;
canaid ess n-ard n-úag
fáilti do (thoinn) té;
táinic lúachra lúad.
Lengait fainnle fúas;
(im-said) crúas cíuil (cróich)
for-beir mes máeth méth;
(innisid loth loíth).
(Leig lath fath feig);
(fert) ar-cain cuí chrúaid;
cuirithir brecc bedc;
is balc (gedc) láith lúaith.
Losaid foirbríg fer;
óg a m-búaid m-breg m-bras;
caín cach caille clár;
caín cach mag már mas.
Melldach rée rann;
(ro fáith) gaíth garb gam;
gel ros; toirthech (tonn);
(oll) síd; subach sam.
Suidigthir íall én
(i n-íath) i m-bí ben;
búirithir gort glas
i m-bí bras glas gel.
Greit mer, imrim ech;
im-sernar sreth slúaig;
rosáer rath geilestar:
ór eilestar úaid.
Ecal aird fer fann;
fedil fochain ucht;
uiss ima-cain
‘Cetemain, cain cucht’. | https://celt.ucc.ie//published/G400052.html |
G400053 | Scél lem dúib | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.800–1000 | Old | EN, LA, GA | Verse | — | — | 865 | Ut dixit Finn úa Baíscni
Scél lem dúib:
dordaid dam;
snigid gaim;
ro fáith sam.
Gáeth ard úar;
ísel grían;
gair a r-rith;
ruirthech rían;
Rorúad rath;
ro cleth cruth;
ro gab gnáth
giugrann guth.
Ro gab úacht
etti én;
aigre ré;
é mo scél. | https://celt.ucc.ie//published/G400053.html |
G400055 | Cotail becán becán bec | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1125–1175 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 1,019 | Cotail becán becán bec,
úair ní h-ecail duit a bec,
a gille día tardus seirc,
a meic uí Duibne, a Díarmait.
Cotail-si sunn go sáim sáim,
a uí Duibne, a Díarmait áin,
do-génsa t'foraire de,
a meic uí delbda Duibne.
Cotail becán (bennacht fort)
ós uisce Topráin Tréngort,
a úanáin úachtair locha,
do brú Thíre Trénsrotha.
Rop inonn Is cotlad tes
degFidaig na n-airdéices,
dá tuc ingin Morainn búain
tar cenn Conaill ón Chráebrúaid.
Rop inonn Is cotlad túaid
Finnchaid Finnchaím Essa Rúaid,
dá tug Sláine (ségda rainn)
tar cenn Fáilbe Chotatchinn.
Rop inonn Is cotlad tíar
Áine ingine Gáilían,
fecht do-luid céim fo thrilis
la Dubthach ó Dairinis.
Rop inonn Is cotlad tair
Dedad dána díumasaigh
dá ruc Coinchinn ingin Binn
tar cenn Dechill déin Duibrinn.
A chró gaile íarthair Gréc,
anfatsa 'got forcoimét;
maidfid mo chraide-se acht súaill,
monat-faicear re h-énúair.
Ar scarad ar n-dís 'ma-le
's scarad lenab óenbaile
is scarad cuirp re h-anmain,
a laích Locha finnCharmain.
Léicfider caínche ar do lorg
(rith Caílte nó ba h-anord),
nachat-táir bás ná brocad,
nachat-léice i sírchotlad. Ní chotail In dam-so sair,
ní scuirenn do búirfedaig;
cía beith im dairib na lon,
ní fuil 'na menmain cotlad.
Ní chotail In eilit máel
ac búirfedaig fó brecláeg;
do-gní rith tar barraib tor;
nó déin 'na h-adbaid cotal.
Ní chotail In chaínche bras
ós barraib na crann cáemchas;
is glórach a-táthar ann;
gi bé In smólach ní chotlann.
Ní chotail In lacha lán;
maith a láthar re degsnám;
ní déin súan nó sáime ann;
ina h-adbaid ní chotlann.
In-nocht ní chotail In gerg;
ós fráechaib anfaid imard
binn fogar a gotha glain:
eitir srotha nó chotail. | https://celt.ucc.ie//published/G400055.html |
G400058 | Do bádussa úair | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1175–1225 | Middle | EN, GA | Verse | — | — | 724 | Do bádussa úair
fa folt buide chas,
is nách fuil trem chenn
acht finnfad ferr glas.
Robad luinne lem
folt ar dath In fíaich
do thoidecht trem chenn
ná finnfad gerr líath.
Suirge ní dluig dam,
óir ní mellaim mná;
m' folt in-nocht Is líath;
ní bía mar do bá. | https://celt.ucc.ie//published/G400058.html |
G400110 | A fhir ná suid ar in síd | Unknown | Donnchadh Ó Corráin | c.1180–1220 | Early Modern, Middle | GA | Verse | — | — | 2,180 | A fhir, ná suid ar In síd,
Síd n-Eóchaill co n-ilar gním,
ba síd' fir buile bechtaig
óic ildelbaig ilrechtaig.
Dlegait Síl Muiredaig móir
a uaisle ocus a onóir;
do-ní In fer 's a síd so
báig im a rígai rompa.
In chulabair fecht eile
turas Áine ingine
dá n-dechaid fecht ar fogail
le Cathal Ua Conchobair?
Do-luid Cathal cét curad
d' fhogail ar maithib Muman;
ac urnaide a aesa braith
do fhuirig féin In fírfhlaith.
Ro chotail Cathal crechach
fosaid cróda certbrethach
co facaid fís, ba fáth neirt
ós Loch duiblinntech Deirgdeirc.
Is ed at-chonnairc In chraeb
mac Conchobair, Cathal caem,
ingen fhinn ar a aigid
gruaidgel détbán di-ainim.
Brat uaine glan im In n-géic,
nír décad leis a leithéit,
seinginar lúpach lepthach
bláith forórda finnchlechtach.
Do-rinne caí thoirsech thrén,
do fháisc a basa 's a bél
co táinic fras fanna fala
tar a roscaib rinnglana.
A-dubairt Cathal cuanach:
Cia thusa, a ingen uallach,
crét rot-chuir mar nach coimse
fó maíth Is fó mórthuirse?
Lennán duit-se, a Chathail chaím,
mise ó méit cach macaím;
is ret leith a-atá mo theg,
is é m' ainm Aíbenn Uchtgel.
'Tusa marbthar a-márach
le sluag Muman mórdálach;
is tú chaínim tar conair
a Chathail meic Conchobair.
Cia lé maiter In gním garb
do chath Luimnig na laecharm,
caide anmann fós na fer
beires orainn, a ingen?
Berid Longargán, dar lim,
ort ocus Coscrach cúilfhinn;
beirid Ceinnéitig na cath
ort Is Congalach cétach'.
Beirid ort Mathgamain mer
mac Ceinnéitig na caíned;
berait trí chét fer fuirmech
ort do maithib mór Muimnech.
Crét im scar na ríg rim-sa,
innis, a ingen fhinn-sa,
cá lín ternós as In ág
do maicne lonngairg Lorcán?
Ní tusa nach digned maith,
a ua Echach, a ardfhlaith;
loiscfid ort, a ua na Tadg,
imarcraid na ríg ro-garg.
Táncatar tar Echtge fuair
triar ar cét
Connachtach cruaid;
terc ar doman a-dertais
trí chét fer nach foirrechtais.
Ráidim-se rit, Is fír so,
na cúic ríg ráide rompa
nach nesa olc dam ná dáib,
a Aíbenn gruaidderg gnúsnáir.
Déchais, dar leis, dá leith chlí
Cathal mór a moig Da Thí
co faca In tur a Temraig
in n-ingin maill móirmenmnaig.
Brat corcra co corthair chaím
im In n-ingin slisgil saír,
inar sróill taebamlaid tláith,
léine arshnáithech órshnáith.
Dá assa co n-ublaib óir
'm In fleisc ro-gasta ro-móir
etir a troigthib tana
is na fóitib fonnglana.
Do-riacht 's In n-duma n-glas
in ingen chaem co Cathal
cor iarfaig In taebgel shengcrét siút inniseas Aíbenn?'
Do iarfaig Cathal coscrach:
Cia thusa, a mín mallrosach?
Innis uait dúinn-ne can doilb
do chomshloinned, do chomainm.
Eóchaill a Síd Chruachna chuirr
m'athair, a rí cinid Chuinn,
Áine m' ainm féin ac fledaib
do Shíl mórgarg Muiredaig.
It degaid-se, a Chathail chais,
tánac ó Chruachain chraebglais
ar cach lergmoig, ar cach linn,
dot anacal ar Aíbinn.
A-deir-se marbthar mise
cid uathmar re n-innise
is In maitin-se a-márach,
a Áine shaer sho-grádach.
Celg sin, a Chathail chlemnaig
a ua Tuathail a Temraig
dot chur-sa tar Sinainn sláin
can creich can áithes d' fhagbáil.
Béra-sa chreich truim tarthaig
a ua Duach Galaig graifnig
bérdait deich cét cenn i cenn
ort mar innises Aíbenn.
Do-bér-sa maidm co moch
do chorraib dá long don loch
muirbfe coíca fer co fír
ocus dias d'fine In airdríg.
Ní h-inmaíte na h-échta,
a maídem ní dó Is dénta;
gébaid Brian Banbain m-bladaig
tair oraib-se, a anbalaig.
Crechfaid In Muiredach mer,
Tadg a Temraig braenaig Breg,
fer choiscfes Brian dá báire,
Tadg na Cruachna cladbáine.
A n-dingne re Brian m-Banba
Tadg a Cruachain comchalma
digélaid Donnchadh dírmach
a mac maisech móirgnímach.
Ticfa In dam dásachtach dian
chuirfes Mumain múr tar grian;
mairg ris a n-dingne debaid
Aed In tarbda taebshlemain.
Gébaid a mac, Ruaidhrí In rí
Éire mar do gab Da Thí;
cen co laige ar Leth Moga
do Leth Chuinn Is comroga.
Frithóilfid Muirchertach mór,
Leth Chuinn do-béra fá brón;
gébaid Éirinn tuaid Is tes
Connachta fo chís chuirfes.
Fásfaid cuilén i Cruachain
d' fhine thoirbertaig Thuathail;
scérfaid re Síl m-Briain na m-benn
coeca oirechas Éirenn.
Cuirfid secht catha calma
Toirdelbach na tromfhagla,
a Aíbenn, innisim deit,
is ar Leth Moga moidfit.
Frithóilfid Domnall dámach
ón ló théit ón Roth Rámach
loiscfider co Loch Cime
tair ón ráith-se ainfine.
Freisteólaid Conchobar cruaid,
mac Ruaidrí Is rígda sluaig,
loiscfid Cill Da Lua lennmair,
do-béra dáib do-menmain.
Fritháilter lib-se Leth Cuinn
'm In Croibderg a Cruachain chuirr;
bid fer can aen 'na agaid;
bid tonn brátha ar bidbadaib.
Ní bia don Banba can buain
acht aenfhrém a Cruachain chruaid;
nocha bia aenfhrém bus ferr
choiteóchas fhira Éirenn.
Biaid derna des In deigfhir
re Síl m-Briain In boiceinig;
Conall Is Eógan can cheilg
beit fó dernainn chlí In Chroibdeirg.
A ucht re Mide matlaid
ocus re Sinainn slaitgil,
bráige fer talman 'na thig,
is ed do innis, a fhir. A fhir.
A sein gébaid Aed Idan
cennas Érenn na n-ibar;
bid ríge chathach chrechtach
buadach álainn ilchrechach
Ní h-ar idna a-derar ris
Aed Idan co caímchnis
acht ar idna na cath cruaid
chuires fó Éirinn armruaid.
Cath Moige h-Eine ágmair
ar Chlannaib Néill nertbágaig,
cath Muirtheimne ro mebaid
cath Sléibe Breg báingregaig.
Cath shraenfas ac Ráith Thoga
cath ós Cuan Life longa,
cath ós Port Láirge lepthaig
is cath cróda ós Báinleitir.
Cuirfid cath Luimnig, dar lem,
Aed Idan co n-imat rann;
brisfid cath tuaid ac Tulaig
mac na mná don mórMumain.
Is ed do innis Áine:
Aed na Cruachna cladbáine
trícha bliadan, Is báid lib.
a cennas Éirenn, a fhir. A fhir ná suid. | https://celt.ucc.ie//published/G400110.html |
G402015 | Leacht carad i g-cath Bhriain | Fearghal óg mac an bhaird | Beatrix Färber | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | LA, GA | Verse | — | — | 1,415 | Fearghal Óg Mac an Bhaird
Leacht carad i g-cath Bhriain,
millte Eire do'n aen ghliaidh;
taebh an chnuic lán do leachtuibh,
air nar thuit an tarrngeartuigh.
Brian Ó Néill Oiligh 'san ár
Maghnus na Craeibhe O'Cathán,
O Duibhdhiarma Ó'h-áird Eanaigh,
ríghdha garg Ó Goirmfhleadhaigh.
Ó h-Inneirghi an abhra mhoill,
Ó Carra Mór, Mac Lachloinn,
taeisidh Chloinn chrodha g-Cána,
mór umoro ar n-easbadha.
Sgata Connacht 'san g-cath g-cruaidh;
Ó Duibheamhna 's Ó h-Anluain,
dá m-beinn um dháileamh 'g an druing,
a n-áireamh uile nacha bh-féadfuinn.
Cóigear do Cloinn g-Catháin g-cais
's an ár a n-éagmhais Maghnuis,
do sgaeil an cóigear an cath
do thaebh fhoideadh na n-Ulltach.
Maghnus féin, Éachmarcach ann,
Muircheartach, Donnchadh, Domhnall,
Niall Ó Cathán do chneasghuin,
ochan! nocha n-easbuidhe!
Cearbhall 'san ár easbhaidh dhamh,
mac mo mháthar é, Is m'athar,
Éachmarcach cum lér g-cloinn,
leathmharcach cubhaidh Cearbhaill.
Mo bhráthair d'fágbhail 'san ár,
is mo chomhdhalta Ó Cathán,
ní slán sinn 'gar d-toigh
inn as an ár i n-Ulltaibh.
Gidh dainimh dhamh gach duine
dainimhe O'Cathán cul-bhuidhe,
as é aenrigh mo chuisle cinn,
así an fhuil-si nach bh-fuilngim.
Danimh ler macaibh 's lér mnáibh,
marbhadh Mhagnuis Uí Chatháin,
Brian muna m-beith isin ár
ni bheith creach mar Ó g-Cathán.
Tugas grádh mór, misde dhamh,
dó ó chinn mo chúig m-bliaghan,
och nar ghabhas re moghrádh,
moch do charas Ó'Cathán.
Mo ghrádh d'Ó Cathán Cluaine,
ni grádh mna d'fir aen uaire
grádh ó ré leanbadhachta a leith,
dom' dheagh dhalta, dom' oide.
Do bherrmír rigeadh an reabhradh
do nar macraidh mhór mheanmnach,
sinn Is an righ ar chladh nar choll
ag dol fa trí na thimchill.
No go n-gabhthadh mé ar a mhuin
do n-dínn déra ma dhiaigh,
ar gach leith ba mé marcach
ar n-each bá é Éachmarcach.
Do bhí a thuarasdal ag teacht dúinn,
mar budh sinn a oighrighacht
uiread aige re dís dham;
dob fhada arís ó reabhradh!
Théighinn re duain d'fiar a bhall,
mar budh h-é duan m'ollamhain;
tucc sé a lán ar mo dhán chamh,
is mé gan dán do dhéanamh.
Acht misi féin, misde dhamh,
is an t-easbog, Is Eoghan,
mocha mairinn do mhacraidh
a anam a Éachmarcaigh.
Ordaidh aifrinn gach fir gráidh
dot chomhdhalta d'Ó Cathán
do mhac righ cromhtha In gach cill,
bídh órtha gacha h-aifrinn.
Ar do chuimairce inn gach cill
da m-bedh milemac léighinn,
tar mhac Ragnailne rachaidh
Salmfhuighle da shaltrachaibh.
An léighinn Is dual damhsa,
d'fir thaeibhgheal thonn-geamann-sa
gebhad marbhnaei m-blath m-buig,
i d-trath bhar n-anma thrathbhuigh.
Da thísadh ollamh oile
re a chloinn do chreic marbhnaei,
a cheandach ba dual damh-sa
'sa luach d'eallach agam-sa.
Ó nar h-aithnídheadh 's an ár
colann chneis-gheal Uí Chathán,
beo gín go d-táinic d'á thoigh
rangadar leo don lathoir.
Ma tháinic a tuaidh on ár,
a fhaicrin gin gur b' imlan
a síth a shlis thiar no thoir,
ga fis nach biadh na bheathaidh.
Minic do rad ingean óg
airchis ar neach a n-allód,
go m-beireadh le bean 'san m-brugh
fear, agas é n-a énar.
Rug la catha Cluan a Tarbh te,
le 'na bheathaithe bean t-sidhe
Dunluing Duine na bh-Fearta,
uime súl-ghorm sidhadhchta.
An t-sidhe na bh-fuil macrigh Roiss
ní gnáth dúnadh a dorais
air neach nach ar dhún d'á dheoin,
a theach na dún, a dháirseoir.
Innsa gan eochair nimhe
a láimh coinnle coillidhe,
air gheal fhaeilaidh dá bh-fhéadadh
neamh d'aeidhidh d-fhoisgéaladh.
Nocha n-faca diarraighe cruidh
neach do éirfeadh 'na argaidh;
do badh fuireadh Éachmarcach
obuir Eirinn fhulang.
An tir na bhais gé do beadh
ní fhuileongadh o chineadh fiuchadh;
b'obair féile srothan tobair thair,
do thráig ar marbh adh mhic Ui Chatháin.
Do lag a dhún ar 'na dhol,
a glún air lár do'n leagadh;
tu da darraidh an fhéile
a thulach na toirléime.
Mac Uí Chathán na Craeibhe,
mac Rághnaill, rí Formaeile,
mín dáil na diaigh budh dheachta
biadh an dan na dhilleactha. Leacht. | https://celt.ucc.ie//published/G402015.html |
G402020 | A cholann chugat an bás | Ó dálaigh fionn | — | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,475 | Ó Dálaigh Fionn cct.
A cholann chugat an bás,
tuig féin go bhfuil ann uathbhás;
ní dáil chosmhail nach cás lat
an bás san orsain agat.
Creid nach fada uait an t-éag;
bí a cholann ar do choimhéad;
ná creid don tsaoghal achd seal;
a thaobhadh dheid ní dlighthear.
Ós éigin duit dul i bhfad
féach id dhiaidh Is féach romhad
féach faoibh Is féach ós do chionn
féach ar gach taoibh id thimchioll.
Féach an óige iar n-imtheacht uaibh,
a chroinn an duille dhiombuain,
mór n-amhghar id chionn do chuir;
dar liom ní hadhbhar uabhair.
Imtheacht do chos lúth do lámh
féach do chéadfadha ar gclaochládh;
cuimhnigh ar dhoille na ndearc
moille ar t'fhuighlibh 's ar t'éisdeacht.
Féach ar thoradh thig a-mach
asad, a cholann chiontach;
do chamra d'fhéachain ret ais
féachaidh an damhna díomais.
Féach na fiacla féach an rosg
ní glic nach gabhann teagosg;
ó tá a bhféaghain deid i
ndán
creid do sgéalaibh an sgáthán.
Déana ó tharla mar taoi-se
sgáthán dot fhior aonaoise
dá bhfaictheá a chneas 's a chruth
ní feas an mairfeá a-márach.
Ós innte as éigean duit dul
féach an uaigh ar n-a hosgladh;
truagh an mhaise méad dod
ghráin;
féag na taise ar n-a dtógbháil.
Féach a-rís Is radharc tinn pian an anma i n-uaimh Ifrinn;
móide as cás an t-anam ann,
bás ní fhaghann i nIofrann.
Féach na teadhma tá ar do chionn
ag díoghailt t-uilc i nIfrionn;
ní bhiadh fortacht ar th'olc ann;
ort do chonntracht, a cholann.
Ní chuireann ort guais ná gráin
robhadh gach aonlá d'fhagháil;
ní ghabhann tú robhadh riamh,
a chnú fholamh na n-ainmhian.
Iarraim ar eolach na naomh,
Míchéal aingeal an t-ardmhaor,
mo bhreith ar lorg naomh nimhe
maor na ndeich n-ord n-ainglidhe.
Dom chur réidh re rígh nimhe
máthair mhic na maighdine
díon m'anaim dí gidh docar
taghaim í dom anacal.
Saobh nach aithnighe ort féin
nach tráth dhuit dul ar díthchéill;
lugha sa chách bríogh do bhall,
do bhláth do chríon, a cholann.
Allus fola Mhic Mhuire
Míchéal maith an teachtaire rug ar neamh uaidh an t-allus;
mo chean fuair an feadhmannas.
Ní dheachaidh corp naomhmná ar neamh
achd aonchorp Muire Maighdean
gidh iomdha bean 'n-a hóigh ann;
ar neamh do-chóidh a colann. A cholann. | https://celt.ucc.ie//published/G402020.html |
G402021 | A chroch Dé déana mo leigheas | Tadhg mac dáire mac bruaideadha | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,150 | Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha cct.
A chroch Dé déana mo leigheas,
lus na sláinte siridh dhamh;
do mhaothbharr fa caomh a chéaddath,
a naomhchrann saor géagach glan.
Congain liom ag leigheas m'anma;
madh áil leat fóir mo chorp;
ar ndul i gclí san teagh triallaim;
neamh re ngach ní iarraim ort.
Dom throsgadh thánag-sa chugad,
a chroch Íosa fhóireas mé;
dod rodhalta ní dú a dhímheas,
tú banaltra dhíleas Dé.
Tú d'altrom éinmhic ar seathar
sluagh an bheatha bheanfas locht;
fir 's mná na cruinne fad chíos-sa
a-tá bruinne Íosa it ucht.
Duit as mharcach mac na hóighe,
a eo corcrach na gcaor ndearg,
bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh;
tráth sguir ba fortail bhar bhfearg.
A abhall na n-ubhall gcumhra,
a chrann tortaidh na dtrí mbláth,
do fóireadh leat lán na talmhan,
a chlár breac ler cabhradh cách.
Créad an chúis fa gcantar abhall
ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh?
congain liom go leanar th'fhoras,
a mhionn leabhar solas saor.
A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais,
peacadh talmhan tú do
shás;
ba geall a chlann ris an gcánaidh
crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás.
Is é an crann-soin, a chroch Íosa,
t'adhbhar-sa — más fhíor don sdair;
fa dearg an crann do chrú a ochta,
is tú an call corcra fa chnaibh.
Abhall oile ón ubhall Éabha
do orduigh Críosd, a chroch naomh;
anmanna cáich uile th'ubhla,
a mhuine bhláith chumhra chaomh.
Is ionnat do dhoirt an Dúileamh
deireadh Carghais — cródha an
mhúith —
fuil a chridhe ar cuaird dar gcosnamh,
a bhile suairc dosghlan dlúith.
Muir ghorm do-ghéanta don talamh,
talamh don mhuir magh don tráigh,
's do-ghéanta féine, a chroch
chéasda,
roth gréine Is éasga madh áil.
Lá áluinn don oidhche gheimhridh
do-ghéanta cheana, a chroch Dé;
do-ghéanta trá eadh dot
aghaidh
lá geal gémadh adhaigh é.
Ó chéadlá chruithighthe an bheatha
dá mbeinn dod luadh go ló an
bhráith
gémadh mír do ghníomh ní gheallfam
do ríomh, a mhín bheannchrann bhláith.
A chroch dhearg i ndeachaidh Íosa
d'fhagháil báis nachar bhás
dó
don mhac shaor do bhí ar do bhruinne
do fhaomh rí na cruinne a chró. A chroch. | https://celt.ucc.ie//published/G402021.html |
G402022 | Ar n-oide múinte mac Dé | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,852 | Ar n-oide múinte mac Dé
oide múinte as mhac don mhnaoi,
ar dtoil do tháth re toil nDé
— ní hé soin re chách — a
chaoi.
Dál an scrioptúir
ó Dhia dhún
cia nach iontnúidh res an eol
deocha millse as gá n-ól
deocha as mhillse blas i mbeol.
An ghlóir thall ní tuilltir leo
an rann dá mhuinntir as mhó
neach ó mhartra dhíobh
ag Dia
lia dá shíol nach dalta dhó.
Rothrom do-ghabhaid a ghrádh
a charaid — ní comhthrom síon;
a luagh oiliomhna hé uam
mé do thuar roidhiomdha an ríogh.
Ón ngábhadh do-chiam 'n-a chionn
ar an gcrábhadh do bhiadh
barr
a scríbheann dá sgagtha leam,
an ceann dalta as fhírfhearr ann.
Do ghabh sé romuibh an raon;
do sgoluibh Dé ní budh dual
neamhadhradh do reacht an ríogh;
tearc díobh nach deaghadhbhar duadh.
Ní dá thoil carthair an cion;
ní fhoil gan marthain 's ní mhar
neach nar hoileadh a crú a chneadh;
neamh an t-oirear as dú dhamh.
Olc an fulang naomh do-niad;
caol gin gur cumhang an ród
cuid ríogh na talmhan don tréad
re a méad díobh as adhbhar óg.
Cá beag daoibh re hucht a fhiach
an t-ucht do sgaoil ar bhar sgáth?
Do dhearmaid ar n-oide a fhíoch
nach síoth broide cheanglaid cách.
Do bhí siad i n-easbhaidh iuil
na heasbhail 's ní hiad a-mháin;
cóir a n-altrom d'eagla an tnúidh
do mhúin eagna daghclann dáibh.
Do-bheir an té do oil inn
ó sgoil Dé mar do-gheibh geall
dá dteagmhadh cás anman ann
barr grás don adhbhar as fhearr.
Dá measda an mhéad dlighthear díobh
do dhlighfeadh an tréad dá dtám
bheith sgagtha ó ghníomh Is ó
ghlór;
is mór dalta ríogh re rádh.
Ní faide uann ainm a mhná,
gairm ar n-oide as dual do Dhia;
gidh lán an chruinne dá chlú
is dú ar mbuime do rádh ria.
Fionnar ó a chodladh 'n-a
curp
dá dtogradh d'iomadh ar n-olc
go ndiongna rí an chruinne ceart
ar eacht do bhí a bhuime
bocht.
Gidh iomdha cineadh do chlaoi
a bhiodhbha ná sireadh sé
— ní budh dóigh antabhaigh
hí —
cóir dá mbí ar daltadhaibh
Dé.
Crochadh m'oide tháinig tríom
's a loige a-táimid dá thúr;
mo mhartra d'fhulang nach ál
cumhang an grádh dalta dún.
Ní bhiadh crábhadh
ós a chionn,
gidh cian do-chámar 'n-a cheann,
slighe Dé d'imtheacht 'n-a ham;
an t-indleacht mall Is é as fhearr.
Mo bheith gan toirse dá
thúr
's an toil-se do bhreith go buan
dom oide ní hanáir lán
grádh gan loige d'fhagháil uam.
Deacair cor i n-aghaidh Eoin;
taghaidh mar do thogh an fáidh,
éantogha ar ab anta dhaoibh,
dalta an tsaoir céadchara cháigh.
Tarla ar gach chineadh dá chloinn
go ndligheadh gan labhra linn
cairt aga bhás druim ar druim
a tuinn na ngrás gur fhailc inn.
Do reacadh an fhleadh ar luach
dar bpeacadh do bhean a bhláth;
deoch shearbh do b'fhoircheann dá fhíoch
do dhealbh síoth coitcheann re cách.
Mar fuair ar shíol Ádhaimh am
— nochar shlánuigh dhíobh achd
dream —
is uime do-chí sa chrann
'n-ar chrom rí na cruinne a cheann.
Nír chás pian achd pian gan chúis,
ní 'n-a bhás do bhiadh a sbéis;
pian ar n-oide i n-uair an bháis
ní loige an pháis uainn dá
héis.
Fuair dímhiadh as m'óige uam;
a mhíriar Is móide as nár
gan é 'n-a shochar dá shíol
crochadh an ríogh Is sé slán.
Ní don anam ghlan a ghuth
an chalann do char a-mach
dá n-aomhadh Dia a theachta im theach;
cia an neach dá budh reactha a rath.
Gach ní do cheilis don chóir
bí, munar leighis do liaigh,
ar do chorp go gcuire phéin
ort féin, a dhuine, 'n-a dhiaidh.
Cóir ó theas gráidh a rádh
ria
an lámh dheas do dháil a crú:
"Treabh m'fhearann le céacht
an chló
créacht as mhó le dtreabham thú."
Is dulta dóibh uile ar t'iocht;
An Chóir gé chuire 'n-a tocht
is dual do bhreitheamh bheith ceart;
teacht fad bhreith budh fheiteamh ort.
Do phian, achd gin gur fheith iad,
do mhian ar mbeith mar nach bíod
do chuidigh ar gcor i méad
cuidigh don tréad ar ndol díod.
Docair gach cás don dá chéim,
do bhás dar lotuibh gidh liaigh,
cuisle dhonnfhola an deilg mhaoil
tromfhola an taoibh dheirg 'n-a dhiaidh.
Truagh iad ad chaomhthach ar chnoc,
a naomhchrach, Is siad ar sioc;
míne agus gile a dá ghlac
nír bhac dínn-ne a righe riot.
Ag codal 'n-a dtoil gé a-tád,
ar gach bpobal dá bhfoil fúd
rachaidh gairm fhairsing ón éag;
bréag as ainm don aisling úd.
Muire a deala dhaoibh
Eabha 's gach duine 'n-a deoigh;
ionann cré dhuid-se agus dáibh,
foigse ná cnáimh é don fheoil.
Uair fa mbia cách ar crioth
sa bhráth dia Luain 'n-a dhá leath
an tslat thall dá dtuga a-mach
uch! Ní hann as bhuga an bhreath.
Is creidthe 's a bhás rem béal
san chás gomadh beithte bríogh;
re breitheamh cheart gidh cóir taobh
gaol don chóir re reacht an ríogh.
Tréigeamfeasda ar bhfeirg 's ar bhfíoch
— dá cheird do budh cneasda fuath —
an lorg do ghabhas do ghnáth;
borb gach áth bhlaghas a bhruach.
Is é as reacht don uile fhior
duine ag teacht Is duine ag dul;
gé a-tá an gnás i gcéill
dá char
ní léir damh an bás im bun.
a fala 's a loinn
an bior ar nach rabha rinn
is baoghal dún ar ar ndruim
súgh an bhuinn ler saoradh sinn.
An díle ar n-a dortadh dhún
díne achd ochtar nachar bh'ál
do bháidh muir gach duine dhíobh
a shíol gur chuir uile i n-ár. Ar | https://celt.ucc.ie//published/G402022.html |
G402023 | A shaoghail ón a shaoghail | Fear feasa ó'n cháinte | Margaret Lantry | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 900 | Fear Feasa Ó'n Cháinte cct.
A shaoghail ón a shaoghail,
ó 'd-chím do dhoirse baoghail
ar ndéanamh cruidh Is ciste
nár meallar mi-se a shaoghail.
A bhréagaigh ón a bhréagaigh
gidh sáimhe bheith dot fhéagain
is tu-sa an mhéirdreach
mheangach
mairg do mealladh led bhréagaibh.
A mheangaigh ón a mheangaigh,
gidh lór feabhas do gheallaidh
ar Dhia nár dhearnar m'aimhleas
ar shaidhbhreas óir ná eallaigh.
A chealgaigh ón a chealgaigh,
gidh ait le cách do leanmhain
is tu-sa an sgáthán bréige;
do thréidhe Is mairg do mheabhruigh.
A chleasaigh ón a chleasaigh,
gion go bhfuilingim t'easbhaidh
is lámh fa chraoibh nach cromann
bheith red chumann, a chleasaigh.
A bhrionnaigh ón a bhrionnaigh
do-ní cumann an tsionnaigh
uait-se gach olc do mhéaduigh,
a shaoghail bhréagaigh bhrionnaigh.
A mheabhlaigh ón a mheabhlaigh,
do thréidhe Is mairg do mheabhruigh
go bráth mi-se nár meallair,
a shaoghail mheangaigh mheabhlaigh.
A lúbaigh ón a lúbaigh,
gidh tearc duit-se nar umhluigh
ó Dhia ghlórmhar níor gealladh
nach meallfar fear do chumhdhaigh.
A bhaoghlaigh ón a bhaoghlaigh,
do chor-sa Is adhbhar aonaigh
ó taoi go cealgach umam
as do chumann, a shaoghail. A shaoghail. | https://celt.ucc.ie//published/G402023.html |
G402024 | A-táid trí comhruig im chionn | Tadhg óg ó huiginn | — | c.1400–1500 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,527 | Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
A-táid trí comhruig im chionn
fá ndligh mé meanma ísioll;
dúinne budh tráth dhá dtuigsin
núidhe a-chách na comhruig-sin.
Ní damh nach doirbh an obair
teacht ó na trí comhrogaibh;
ní sia ar réi-ne ná a ré sin
ar ré le chéile chaithir.
Gidh bé do bheith ar a dtí
an lucht comhruic-se ad-chluintí
ó ghleó an trír-se ní
thiocfa
beo acht le hísle aigionta.
Cosg éanlá ní headh budh lat
is a n-arm aca ar iomlat;
lá dot aimsir ghirr ná gad
is rinn na n-airm-sin ionnad.
Gan mo liaigh do léigin uaim
re headh laoi d'uain nó d'anuain
cóir damh go bhfionnam an bhfuil
blagh ionnam do na harmuibh.
An chalann ag comhrag riom
's an tighearna tá i n-Ifrionn
's an saoghal seise ar gcolla
mhei-se im aonar eatorra.
Docair don anam iodhan
dul uatha gan aimsioghadh;
a-táid trí biodhbhaidh 'n-a bun
ar tí ionnlaigh an anman.
An t-anam Is uaigneach dhi
'n-a haonar gan fhior páirte;
ar gclí-ne 's a cáraid gaoil
a námhuid fhíre d'éantaoibh.
A-táid triúr nach tualaing mé
do chosg dhíom — dia do thoirrse —
an cholann-sa bhias dom brath
's a dias chomhfhallsa chumthach.
A-tá romham bearn bhaoghail
bréag dhiombuan an drochshaoghail;
is gearr má dheach don domhan
go ndeach ceann na gcathoghadh.
Sirid mh'aonta ó aois leinibh
teaghlach tighe Lúisifir;
ar gcoimhéid-ne Is beag a bhroid
cead foiréigne ó nach faghoid.
Gidh lá do bheith cead an chuirp
agam fa fhéagain d'iarmuirt
caithfidh mé aithchead d'fhagháil
nó caithfead hé d'iongabháil.
An bonn do bhí fan othar
dom chaomhna ar an gcathochadh
's an dearna do bhí fan mbior
na trí feadhma go bhfuilngior.
Dia Athar níor fholáir dhamh
do theacht chugam dom chosnamh;
muna thí a dtámuid i ngioll
dá námhuid nó a trí im
thimchioll.
Do b'áil liom — leathtrom an cor —
go deacham ó Dhia Athor;
do b'áil leam dhon leith oile
beith teann as a thrócoire.
Ní dhlighim gé a-deirim so
gan dóigh agam a hÍoso
gé bheith lá gan réidhe riom,
ar gcréi-ne a-tá 'n-a thimchioll.
Go mbia liom lá na breithe
Mac na hÓighe d'áirithe
gion go ndeachadh saor acht sinn
ó ghaol mo sheathar shaoilim.
Bean Ádhaimh an uair do thuill
fearg Dhé fan deachmhadh abhuill
a ghaol rinn-ne ní roibhe
's do-rinne taom trócoire.
Bean Ádhaimh nochar áil di
coimhéad abhla na haithne;
fa-ríor níor bh'áil le
hÁdhamh
cáin an Ríogh do fhriothálamh.
Ní shirfeadh éaraic eile
orra ar-aon acht aithrighe;
briseadh aithneadh Dé don dís
do mhaithfeadh sé acht go sirdís.
A intinn gion gur aithrigh
móide a aithbhir iomaithbhir
re freagra d'fhagháil do an
do ghabháil eagla d'Ádhamh.
Táinig cridhe cinn na ndúl
air acht go n-aomhadh iompúdh;
do rádh Dia: "i ndóigh a mhaithmhe
cia do-chóidh fam chomairche?"
"An t-ubhall far fhás rinn-ne
lasair fheirge th'inntinne
ní mé do bhean, gá daoi dhamh;
lean ar an mnaoi é" ar Ádhamh.
Do-chuaidh d'agallaimh Éabha
Mac Dé i ndóigh na haithmhéala;
do bhí Éabha as a haithle
ar tí shéana a sháraichthe.
Do b'é rún Ríogh na n-uile
mar tháinig a thrócuire
beith léi-se ar lot na habhla
's do loc dh'éise a hagallmha.
Do cheileadar a gcionta;
do thuig Íosa a n-aigionta;
dul saor nochar dheachair dháibh
's a bpeacaidh ar-aon d'admháil.
Do ordaigh dhóibh gér dhoirbh lais
a gcur ó chrannaibh Parrthais
dul ar eachtra leath ar leath
ar son gan teachta ar taithleach.
Do chaithfinn cridhe toirrseach
i-né ar mh'intinn
amhoirseach;
narab ionann é Is Éabha
mé i n-ionam na haithmhéala.
Iarrmuid síoth ar son ar locht;
ionmhuin le hÍosa an umhlocht;
a-tá ar tí riaraighthe ribh
dar mianaich-ne Rí an ríchidh.
As so suas dá seachnadh mé
na neithe do-nínn roimhe
a n-aithfior an uighbhe sinn;
duilghe an t-aithchion im intinn.
Is é ceard na gceathra ndúl
— córaide ar n-aigneadh
d'iompúdh —
an té do bhí 's an té tá
agus Is é an tí theastá. Atáid. | https://celt.ucc.ie//published/G402024.html |
G402025 | A-tám i n-easbhaidh amhoirc | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,809 | A-tám i n-easbhaidh amhoirc
ar gcaitheamh mo chéadradhoirc;
srian do chaithfinn ris an gcorp
ó mbiadh aithrinn ar m'amhorc.
Tuigim mo dhíoth amhoirc as
nach móide iarraim eolas
gan éantroigh ar a haghaidh
ag céadfaidh dom chéadfadhaibh.
Go n-aithnighim orum féin
móide as oirchios a haimhréir
nach foil roirinn ar mo rosg;
doibhinn lem thoil a teagosg.
Dá mbeinn i gcogadh rem chorp
ní bhiadh easbhaidh ar m'amhorc;
tug síoth do thabhairt dom thoil
díoth amhairc ar an anmoin.
Ní cosmhail nach meallfadh mé
mo námha i n-aimsir m'óige
's go saoilim go bhfoighbhe faill
oirn-ne i gcaoileirr an chochaill.
Nach faicfe sinn ó so a-mach
aithnim ar m'aigneadh ndíomsach,
gé theasda ón radhorc a rinn,
d'amhorc feasda achd a bhfaicim.
Ar ndul ó ar dtír féin i bhfad
tugadh linn lór do dhearmad do bhrígh ar ndearc do dhalladh
searc don tír i dtángamar.
Do bharr ar bhuain na habhla
do chuir d'éis a hagallmha
mar do choill Éabha an aithne
séana croinn na comairche.
Oidhre Dé ler dúineadh neamh
do bhaoi go ceann cóig n-aimsear
nar roinn sé a ghlóir re a ghaoltaibh,
an chóir Is é d'éanaontaidh.
Fuair aonta an athar neamhdha
gur bh'í toil an tighearna
teacht i dtruaill chumhaing an chuirp
tre bhuain an ubhaill orrdhuirc.
Do chead na cúirte móire
táinig i mbroinn banóighe;
an chomhairle as ar luigh leis
dár ngonaibh-ne Is luibh leighis.
Acht éad ar an seanóir saoir
fan mac nar thuill a thathaoir,
d'fhoiléim mar do-chuaidh 'n-a corp
toibhéim ní fhuair a hóghacht.
Do b'ionann agus a éag
a theacht i gcorp dár gcoimhéad;
dá bhás do bhí 'n-a fhioghair
rí na ngrás do ghiniomhain.
Beatha Críost gur caitheadh ribh
feadh éanuaire dá aimsir
go lá a bháis ní bhíoth gan
phéin;
páis do budh chrioch dá chaithréim.
Mé dámadh mac díleas dó
an chroch far cuireadh Íoso
do rachadh ar dhéaraibh dhamh
féaghain mh'athar gá hiomchar.
Ní beag an dearbhadh doille
mar fholaighthear orainn-ne
na róid do nochtadh go neamh
le sgoltadh a chóig gcroidheadh.
Do dúnadh ar an teach
thall,
ní raibhe iadhta ar Iofrann;
an bhas do chosgair an cló
glas nír osgail i n-éanló.
Do ling an t-anam gan fhios
a corp Dé díochra an cairdeas;
do bhí a chaithréim ós aird ann,
do airg don aithléim Iofrann.
Dá fhichid lá isteach go dtug
do fhuirigh fa cuaird charud ar dtocht a chinidh re a chois
ar slighidh go port Parthois.
Nach deachaidh ar a dheis féin
go bhfuair aontaidh gach fhíréin
do an-san níor bheag an bháidh re cead na n-aspal d'fhagháil.
Na grása ler imthigh uainn
ní thiobhra Íosa an athuair
cunnradh saor díobh don duine;
ná bíom taobh re a thrócuire.
An bhratach le mbrisfe cath
do-ghéana achd go dtí an tobhach
ga seoladh le sluagh nimhe
leoghan don uan ainglidhe.
Do thabhairt impidhe air
ní racha naomh dá naomhaibh;
ar Dhia nach tráth dá tabhairt
ní bhia cách 'n-a chontabhairt.
A osgladh ar a aghaidh
pian don duine diúltfadhair;
is cneadh ghlúin nó cneadh chroidhe
súil ar teagh na trócaire.
Gan a fhuathachadh air féin
dar lat Is lór do mhíchéill,
gin go mbeath m'easgcara ann,
teach na heasbhadha Iofrann.
Don chur-sa cloinne hEabha
cúis eagla na hairrdheana,
na piana 'n-a dtuile ag teacht
's na miana uile ag imtheacht.
Go lá an bhráith nach bia san chorp
a-tá fós aige d'fhurtocht;
fuigheall buille an anaim ann
gan chalainn uime i nIofrann.
Ní budh móide mo mheanma
mo thionnluicthe óm thighearna
a gcar go léir ar mo láimh
dámadh léir damh a
ndíoghbháil.
An corp thig do nimh a-nall
diadhacht Íosa 's a anam
ranáir don tí nach tuigfeadh
fagháil na dtrí dtionnluiceadh.
Do gealladh glóir Dé dhamh-sa
an chuing do-chóidh oram-sa
dá bhfuilngeam go buan 'n-a bun;
is dual cuingheall i gcunnradh.
Ní fhuil easbhaidh ar m'ithir
nach féadfaidhe d'fhóirithin;
mór gcré nach tabhair toradh
go bhfaghair lé leasoghadh.
A-tá 'n-a chnoc ard rem ucht
an díomas do dhall m'amhurc;
tairgsin mo lot do leigheas
an cnoc aird-sin ísligheas.
Ní bhí dá thaisgidh im thoil
rún as aimhleas don anmoin
i n-uair chaointe mo cheana
nach faoicfe a thruaill thaisgeadha.
Ó nar chaitheas rinn mo rosg
san aimsir thall re theagasg
do riaghladh céadfadh an chuirp
déantar le hiarmhar m'amhuirc.
Im laithibh do-chuaidh caithimh;
biaidh m'aimsear 'n-a héanlaithibh
ag dul thoram go dtí an t-éag;
bí, a cholann, ar do choimhéad.
Fa dheireadh don domhan mhór
lá an bháis ní beag an
claochlódh do-ní, a dhuine, domhan beag
a thoradh uile d'aiseag.
Is cúiteachadh 'n-a chneadhaibh
cuimhne ar mo chrích ndéidheanaigh;
lá an bháis acht nach bí ar m'aire
a pháis ní hí as eaglaighe.
Nach léir damh gurab tríom tug
uan Muire i measg a námhad
a slán fa chneasghuin a chuirp
a-tám i n-easbhaidh amhuirc. Atám.
A n-éisteacht tar cheann mo chean
dá ndiulta an mac, a mhaighdean,
a Mhuire, ná failligh féin
guidhe an aingil 's an fhíréin.
Ní fríoth ar feadh an domhain
id chorp ionnraic óghamhail
nó gur hinnleadh a líon lais
a dhíol d'innbhear it éagmhais.
Go ndeachaidh síos ar a son
do bhréag th'umhla 'n-a héanar;
rí na n-uile i gcéin chuca
fa réim duine dheorata. Atám. | https://celt.ucc.ie//published/G402025.html |
G402026 | Bláth an mhachuire Muire | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,725 | Bláth an mhachuire Muire,
a dhaoine, nach diultfuidhe;
ní fhuil agaibh fáth fuirigh;
an bláth abaidh ionnsuighidh.
Ón lá tháinig i dtalamh
rí an domhain fa dheaghbhaladh
a-tá a luibh chabhra ag
cách
garrdha 'n-ar chuir fa chonách.
Córaide a mheas re Muire
is béas don bhláth machuire
ar nach bí gabháil 'n-a glas
acht a fhagháil don tí thoghfas.
A duasa móra mince
gé a-táid oruibh innillte
rachaidh thoruibh tráth oile
bláth toruidh na trócoire.
Mór n-adhbhar arab eagail
go mbia i n-uair an airteagail
gidh lán do thoradh an tráigh
mo lámh fholamh dá hagháil.
Cead a bhuana ó bhás a-mach
ní thiobhra Críosd ar cheannach;
saor a-bhos bláth na faithghe, a-nos tráth a thiomsaighthe.
Gidh iomdha dá haos ghrádha
dóibh ag deilbh na síothchána,
is lór don uile a heineach
ar Muire ógh d'impidheach.
Do bhiadh aige ar bláth na
mban
's a chúl do chur re peacadh
annsacht na mbeach ar an mbláth
gach neach dá annsacht d'óglách.
Go gcoisgeann diomdha a dalta
nochtar do dhruim dúthrachta
cíche ar mná gaoil gá ghuidhe;
fa sgaoil a-tá an trócuire.
A grásaibh Muire móire
dúinn ní damhna míodhóighe
an bhrágha dar bhean a glas
bean do bu dána dóchas.
Do dáileadh a-nuas do nimh
don mhnaoi le méad a creidimh
dóigh na mná-sa nír meathadh grása as cóir do chuimhneachadh.
Resin mbrághaid do bhí i láimh
do thogair geall do ghabháil;
maith séan an ghill do gabhadh
sgéal budh linn do leasaghadh.
Do-chuaidh dá fhaicsin 'n-a hucht
dealbh Muire gár mhó guasocht gur bhuing don deilbh a dalta
'n-a seilbh do dhruim dánachta.
"Do mhíriar gidh deacair damh"
do rádh re Muire máthar:
"beith dod réir ní dóigh dhamh-sa
mo chóir féin go bhfaghar-sa.
"Má tharla aindlighe ann
gabhar sgáth mh'ainbhis agam
breith na deilbhe leam i láimh
mar gheall rem eidhre d'fhagháil.
"Mo mhac ní dó a-bháin do bheinn go lá m'éaga Is eadh thuigim
achd muna sgaoile Dia dhé
nach bia ar gcaoin-ne re a chéile."
Tug Muire gur mhaol a goimh
aiseag a mic don mháthair;
fuair síoth an té dá dtugadh
is fríoth é gan fhuaslugadh.
Le a luatha thug a thoradh
do bíthí dá bhreathnoghadh
a haithle an ghill do ghabháil
nar mhill aithne an uachdaráin.
Ní meabhraighthear ar Mhuire,
gidh minic a míorbhuile
bráighe do bhuain a geimhil
as áille fhuair fhóireidhin.
Do bhí ar an mnaoi gá dám dí
díom féin do beanadh bráighe,
ní lugha mh'éigin dá héis cumha nach éidir d'fhaisnéis.
Dom anmain Is eadh bheanas
an mac do bhí i mbraighdeanas;
fan sgéal do chrádh a cridhe
dál mo dhéar do dlighfidhe.
A-tá rem fhiachaibh uaim-se
fan mhac gér mhó a hanbhuain-se go dtráighe mo thuile locht
bráighe nach fuighe furtocht.
Nach ionann an t-adhbhar déar
críoch fhágbhuim ar an uirsgéal an cás dar ghabhomar greim
is cás anollamh Ifrinn.
Sul dheach meas ar méad mo chean
ní fhóghnann damh dom dhídean
a gheall dá ngabha mi-se
achd cara teann tairise.
Ní hiongnadh d'fhior mo dhoibheart
bídh guasacht san ghealltoidheacht a chaomhna ar gheall do ghlacadh;
fearr go haobhdha mh'anacal.
Ní bláth garrdha as ghoirthe dhí,
luibh an mhachaire Muire;
lán don bhláth tarla an talamh;
is tráth m'anma d'fhuasgaladh.
Gér áibhseach maitheas Muire
i súilibh na sochuidhe
beith do réir an Dúilimh dhí
'n-a súilibh féin ní faicthe.
Éadáil do-gheibhthear 'n-a gar
bean toighe na dtrí bpearsan;
gearr ó gach dhuine a deightheach
ceann guidhe na n-oileithreach.
Go ndearna ar siur éigean air;
grádh don chóir thug ar dtosaigh;
do thréig a mhian do Mhuire
srian nach téid re a thrócuire.
Bean déanta na ndaoine dhí,
bean dar bhuidheach Dia Is duine,
bean nar threabh le tuinn meanma,
cuing ler threabh a tighearna.
Íocshláinte fhóireas gach nimh,
béal do b'fhoirbhthe i n-aois leinibh,
cridhe nach gabhann fa ghrádh,
nighe na n-anam n-easlán.
Bean chúitigheas ar gceana,
ríoghan as mhó muinteara,
bean thoibhgheas toil na gcroidheadh,
's ga bhfuil saidhbhreas sochuidheadh.
Leag lóghmhar as lia buadha,
cruithneacht abaidh ionbhuana,
comhurtha an tunna nach tráigh,
urra cobhurtha a compáin.
Bean do chuir na folta i bhfad,
bean do thraoth neart a námhad,
sódh feithmhe na bhfear ngrádha,
bean teichmhe na teagmhála.
Bean fholaigh an athar mhóir,
bean do snadhmadh re seanóir,
bean nach admhadh a fear féin,
bean nar hagradh i n-éinchéim.
Ní hiongnadh grádh d'fhagháil as;
"fasaidh daonnacht tre dhúthchas."
móide an t-álgas fhuair an bhean
uaim mar thángas 'n-a timcheal.
Do b'airrdheana dísle dhí
ón dá thaobh táinig uimpe,
a haobhdhacht Is a humhlacht
a maordhacht 's a measardhacht.
Toil a mheanman dá mhoghaibh
tug Críost mar do-chualobhair
gur fhuluing a ghoin don gha
ó choir ubhaill na habhla. Bláth. | https://celt.ucc.ie//published/G402026.html |
G402027 | Bréagach sin a bhean | Anluan mac aodhagáin | — | c.1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 906 | Anluan Mac Aodhagáin cct.
Bréagach sin a bhean,
ní beag seal don bhaois;
smachduigh th'aigneadh óg
a bhfuil ród dot aois.
Ainic thú ar an éag;
cuimhnigh, a ghéag ghlan,
bláth an domhain daoir
nach sealbh dhaoibh nó dhamh.
As do bhais mheir mhaoith
ná déin baois, a bhean;
gidh bé as bhuaine ré
ní mhairfe sé achd seal.
Ná déin eisdibh uaill
gearr san uaigh go mbiad
na lúba ar lí an óir,
ná tug dot óidh iad.
Bíodh th'aire ar an uaigh,
ná sill an ghruaidh gheal;
san tsúil mhairbh ghlais mhuill
ná cuir suim ná seadh.
San troigh rothruim réidh
ná fagh-sa féin fonn;
taobh as taise clúmh
tuig nach tú do chom.
Biaidh mar bhláth an fhiaigh
i gcriaidh ní cóir teann snuadh t'ochta mar aol,
do bhruinne shaor sheang.
I dtalmhain tuar leoin smuain fa dheoigh do dhul;
biaidh a ghné mar ghual
an béal go snuadh subh.
Ar ndul duit i gcré
mi-se gidh mé ann
ní thiobhrainn riot taobh,
a chúl na gcraobh gcam.
Ret fhaicsin, a fholt fiar,
do-chuaidh mo chiall uaim;
duit, a bhruinneall bhán,
badh aithreach lá an Luain.
Tuirseach dhamh 'n-a ndeoigh
briathra do bheoil bhinn;
do ghlór síthe sáimh
ní mé a-mháin do mhill.
Ná bí baoth do ghnáth
cuimhnigh cách ag éag;
an folt fleasgach fann
ní fhuil ann achd bréag. Bréag. | https://celt.ucc.ie//published/G402027.html |
G402028 | Buime trír máthair mhic Dé | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,033 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh
cct.
Buime trír máthair mhic Dé;
go roibh linn i ló an fhínné
a radhalta an rí neamhdha
banaltra thrí dtighearna.
A n-altrom nír dheacair dhí
trí branáin chláir na cruinne
aobhdha an triar a trí dhalta
dá riar do bhí an bhanaltra.
Buime an trír-sin Muire mhór
dá n-altrom do bhí an bhanógh
triur i n-aoncholainn amh-áin
nó gur aonchrobhaing anbháil.
Ag inghin an fhuilt leabhair
maith do uair a oileamhain
a hathair i n-ucht Mhuire
athaidh i gcurp cholluidhe.
An mac do b'fheirr-de i-se
dá oileamhain aicei-se;
an rí caránta ar a cígh
baránta í don airdrígh.
An treas cnú don chrobhaing ghlan
teachtaire a hucht an Athar
fa hé a ionad a huicht-se
Spiorad Dé ar a diadhaicht-se.
Toircheas na hóighe Is é an fáidh
aice do fhuair a thógbháil;
ag so an tí do fhóir orainn
trí cno óir a haonchrobhaing.
Triur as ghoire gaol di-se,
triur do hoileadh aicei-se,
trí leannáin ler luigh Muire
beangáin fhuil a haonmhuine.
Triur i n-a dtrí daltaibh dhi
trí meic ochta na hóighe;
gach rí dhíbh ruinn-ne dá roinn
trí rígh na cruinne an chrobhuing.
Trí heochracha mhúir Muire,
trí tobair na trócuire,
rí 'n-a aonduine ós gach fhior,
trí aoghuire dom fheitheamh.
Trí dhalta Mhuire móire
toircheas bronn na banóighe;
an tí tharla ar úidh gach fhir
trí gabhla dhúin an Dúilimh.
An triur-soin ón tigh neamhdha
an Tríonóid, ar dtighearna;
neach do bhí 'n-a bhráthair di
is í a mháthair 's a mhuime. Buime. | https://celt.ucc.ie//published/G402028.html |
G402029 | Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,910 | Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh,
clann ler coilleadh a riaghail;
buain re crann as a gcánaidh
clann Ádhaimh uaidh ar
iarraidh.
Cé tá Dia ag díon gach pheacthaigh
dá shíol cia nachar chiontaigh?
is truaigh an tráth fá dtuigthir:
tuitfidh cách uaibh 'n-a gciontaibh.
Gan sheilbh an ubhaill d'Éabha
níor fhulaing gér fheidhm dána;
dá cloinn do bhean a mbuadha
bean bhuana croinn na cána.
Crann na haithne tré iomadh
a aithne Is ann do cailleadh do chuir sé mnaoi dar milleadh
do bhaoi i gcinneadh hé d'aingeal.
Seal péine ar chorp an Choimdheadh
tre ar bpéin-ne i bport a bhíodhbhadh
ar loit sinn más é a adhbhar
damhnadh Dé inn ro b'iongnadh.
Do fhulaing bheith fa a mbreathaibh
do leith ubhaill a fhachain;
sé i n-uaigh gan fhear 'n-a fhochair
teagh othair fhuair ar n-athair.
Cuir, a dhuine, re a dhéanamh,
guidh ar Muire red mhúnadh;
doilghe dheit é ná a dhéanamh
séaladh Meic Dé gan
dúnadh.
Re feadh diomdha Dé, a dhuine,
do bhiodhbha Is é t'fhear faire;
biaidh sé ort 'n-a dá eire
an t-olc reimhe Is é ar th'aire.
Nocha bí acht ar bhrú baoghail
san ní nach dú do dhéanaimh
biodhbha Dé ar th'olc 'n-a fhiadhain
gidh diamhair é ort ar fhéaghain.
Saor na cruinne ó nar charais
ní thuille an t-aobh ór
ailis;
fuath do reacht Dé níor dhlighis,
milis é re dteacht dthairis. Foghnamh go bás dó dhlighe;
mó sa mhó an grás do-gheibhe;
má tá ar-aon re Mac Muire
cuire lat gach aon eile.
Céim deacair dul ó a fhalaidh
gan chur peacaigh i bpudhair;
gidh suairc bhím fa mbí im dheaghaidh
dleaghair dhínn ní ó a-nuraidh.
Lámh linn níor fhéad an umhla,
is lán inn do mhéad meanma;
níor fhaomh mé díol a dhiomdha
biodhbha Dé dhíom go ndearna.
Mé an gort nach tig a thoradh;
tig gach gort mar a gheamhar;
is mé an síol nar ghabh glanadh
ní taradh glan díom dhleaghar.
Saor sinn ar fhalaidh t'othair,
sinn it aghaidh re hathaidh;
nír fhaomh mé an corp do
chaithimh,
braithidh sé ar mh'olc, a athair.
Síol Ádhaimh Is síol sligheadh
síol dá nach tárair toradh;
dá chloinn do thuit a dtaradh
coill fhalamh dhuit an domhan.
Tre ar fhás gach laoi d'fheirg t'othair,
a leinb do bhaoi sa Bheithil,
breith ar chách uaibh, a Athair,
rachaidh uair nach tráth teithidh.
Fa-ríor Is olc dot iarraidh
gach olc do shíor im shúilibh;
múin do réir dhúinn do
dhéinimh
réidhigh féin dúinn, a
Dhúilimh.
Níor lór deit gach dál eile
gan an ngrádh, a Mheic Muire,
mo chradh tar cheann a ndlighe;
fagh cridhe i ngeall do ghuidhe.
Maith mo dhíon ann ar aoibhneas
fad dhíon an dann do-chuadhas;
car red réir má do-ríneas
díleas damh féin a bhfuaras.
A bhfuil reamhuin-ne id ríthigh
dar bhfearainn-ne a bhfuil fúthaibh;
bráthair dhuid mé ód
mháthair
druid bráthair Dé red dúthaigh.
T'fhearg, a rí, um cheann do chloinne
re searg dí bu fhearr inn-ne;
do shíodh, a chinn na cruinne,
buime an Ríogh rinn do-rinne.
Do bhí raon dod ráth roimhe
do bu caol re cách uile;
súgh a cígh Is a cridhe
slighe sídh go múr Muire.
Do shíoth re cách do ceangladh
bhar bhfíoch an tráth do toirneadh;
breith t'fhine dhuit ó an damnadh
adhbhar luit cridhe an Choimdheadh.
Tú it aonar fhuair a n-eire
do saoradh uaibh an uile;
dul sa leath chlé dod chridhe
slighe i dteach nDé 'gun duine.
Do theachta ón chóir 'n-ar gcoinne
is eachtra do fhóir inn-ne;
ón lán do bhíodh 'n-a bruinne
's ó bhuime an ríogh Is slán sinn-ne.
Tréan tú ar gach éinní eile
is tú éinrí na n-uile;
ort, a rí, go ria ar n-aire
caidhe an ní as Dia don duine.
Diomdha ag uan Dé 'n-a dheaghaidh
is truagh don té nach airigh
grádh do Dhia an tann nach tabhair;
cia as cabhair ann 'n-a aighidh?
An crann do-chóidh 'n-a chroidhe
is ann do fhóir ar n-eire;
gidh feidhm dhó deilbh na n-uile
mó ná an duine a fheidhm eile.
Rí an Luain ag breith an bháire
do-chuaidh ar gcreich na cróine;
iomdha a bhfuar d'ulc san Aoine
aoighe i bpurt fhuar na hóighe.
Aighneas ag maor na meidhe
fa thaom thaidhleas ar gcridhe
dú seal dí dá
gach dhuine
meadh na n-uile Is sí ar slighe.
A shíodh ní headh do oileas
neamh do shíor gé do shireas;
is tearc acht an té thaghas
ghabhas reacht Dé mar dhligheas.
Cur re teachta i dteagh nimhe
ná lean ar eachtra eile;
foghnaidh sí dheit, a dhuine
guidhe Is í ar n-a reic reimhe.
Dom dheaghail re dáil cheana
'n-a dheaghaidh níor cháir cumha;
críoch ar do ré ní ragha
dá bhfagha shíoth Dé ar ndula.
An fear len mian mo mhúnadh
triall i n-a theagh go dtúirear;
gidh mór n-almsa dhó do dáileadh
mó as dáileamh damh-sa an
Dúileamh.
Éiric áladh Dé im dheaghaidh
mé i ngábhadh ó na gonaibh;
gaol na craoibhe dar gcabhair,
craobh tharaidh daoine an domhain.
Ní ghlac sé maith nach millfe
gidh bé do chaith re caibhthe;
gidh bé ag a mbí bean choibhche
an teagh doirche Is í a fháirche.
Gaol Muire maith an choimhdhe
do chách ar chréachd na sleighe;
mór gcás far chóir na huile
gan ghrás Muire ar óidh
eile.
Míorbhuile máthar Íosa
iomdha fear fhuair a n-aithne;
fios a sgéal cia nach cluinfe? lia uirthe ná féar faithche.
Mór dtáin ar tí ar
mbáidhte,
bás m'anma eagail linne;
ó bhaoghal beoil na tuinne
Eoin Bruinne saoradh sinne.
Rinn lasrach leice Ifrinn
iomdhadh uaighe i n-am loite
cás truagh téaghadh na leice
déanamh seice as tuar toice. | https://celt.ucc.ie//published/G402029.html |
G402030 | Cia do fhéachfadh ar m'éigin? | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,684 | Cia do fhéachfadh ar m'éigin?
tarla a lán dom leithéidibh
san ghlas i dtámaid gan tail
nach tánaig as gan eochair.
An glas do hiadhadh oirne
d'osgladh muna fhéadoim-ne
ná fuilngeadh sé ar n-osnaidh air
an té as cosmhail dár gcobhair.
Fear Is dáil cobhra chuige
méad a éigne Is usaide;
gníomh nó go ndearna fa dheoidh
mo dhíon ar meanma Mícheoil.
Mo chion do-chuaidh i roimhéad
gomadh obair m'iomchoimhéad;
mei-se Is m'óige re holcaibh
móide an treise ar dtarochtain.
Ar m'fhoghnamh ní huair chairde,
anois tráth ar dteasairg-ne;
an lá as ghoire as fhearr mh'fheitheamh
m'oire ós 'n-a ceann cuirfithear.
Ní hé a dhíoth áirmhim uile
Dia dá ndiulta a theachtoire;
damh-sa muna thoibhghe tréan
doilghe a mhasla do Mhíchéal.
Ó bhias liom lá na tiomna
maor tobhaigh an tighiorna
créad acht éara deise dhó
mei-se dá n-éara Íoso?
Ní dhlighfeadh gan mo dhearadh
bráth díreach an Dúileamhan;
dá mbeath m'éag 'n-a éag inill
an bhreath créad nach cuimhnighim.
Ag coill reachta ríogh nimhe
a-tú ó thús m'aimsire;
do caithfidhe ar sgáth mo sgeoil
bláth ar maithmhighe Mhícheoil.
Leis do díolfaidhe a dhiomdha
bheith do thoil an tighiorna;
a síodh a-raon do-roighne
maor an ríogh dá riaroim-ne.
Ní áiréamhainn m'éara
féin
acht Dia do dhiultadh Mhíchéil;
ní budh comhnáir damh-sa Is dó
masla d'fhoghbháil ó Íoso.
D'éanfhuil Is usaide ar ndíon
mei-se Is máthair an airdríogh,
Muire i n-ar seilbh gach ré seal
gan m'fheidhm uile ar an aingeal.
D'fhior m'éigne Is adhbhar diomdha
ar theachtaire an tighiorna
ní caitheamh do-chóidh 'n-a tréan an chóir dá maitheadh
Míchéal.
"'N-a fhíoch dá bhfásadh fuinneamh"
m'fhuigheall ris an archaingeal
"suidhidh sinn ar saor nimhe
ná taobh inn re himpidhe."
A réadla iuil na n-uile,
bean a truaill don trócuire;
tairg tráth mo locht do leigheas
bláth ar n-olc sul aibghigheas.
Gé tám ag tuar do dhiomdha
cia tu-sa acht mo thighiorna?
ní tuilltir é mar budh eol
mé dod mhuintir, a Mhícheol.
Ionnsaigh an uain as neasa,
mithid cuimhne an chairdeasa
ag sin an bráth ag bagar nó sir tráth dar dteasragadh.
Ga cur a-rís 'n-a riocht féin
i ló an mheasraighthe, a Mhíchéil,
cré a chéile i
gcách ní chuirfe
ar gcréi-ne an tráth thiomsuighthe.
Cuma gan t'aithearrach ann,
a chroinn fhosgaidh na n-anam;
gá seise ar budh déanta id dheoidh
dá séanta mei-se, a Mhícheoil.
Tabhair m'éigean dot aire;
lamhthar thart id
thrócaire;
an chóir Is a rinn riom-sa
fóir inn as an éigion-sa,
Mo lochta i ló na breithe
ar deoir liom ní leigfeithe;
lá ar ndaorthai-ne ag crann an chígh
ní ham maothchroidhe, a Mhíchíl.
Don anmain nó go n-ionnla
gabh treise ar do thighiorna;
ar sal do ghabháil glanta
fagh i n-anáir th'umhlachta.
Mithid mo chosg do chiontaibh,
do-chuaidh thort mo tháirriochtain;
is treise dhúin-ne fa dheoidh
gé mhúine mhei-se, a Mhícheoil.
Tair dá n-iadhadh im ionadh
gona doimhne an Dúiliomhan;
an taobh dearg dá ndúine dham
searg Is a úire an t-áladh.
Ní fhoghnann acht 'n-a am féin;
cuir-se ar múnadh, a Mhíchéil;
biaidh lá bhus cás ar gcoimhdhe
an grás gé tá ar tábhoirne.
Feitheamh m'anma ós díot dleaghar,
a mhaoir mheic an Dúileamhan,
féachar cia do héaradh ann
Dia muna fhéaghadh oram.
An té tharla ar mo leas-sa
dá raibh leam lá an aighneasa
do chóir gé admha an t-aingeal
ní dóigh agra an t-archaingeal.
Gin go maitheam do mhaor Dé
gan chur liom i ló an fhínné
fuair ar mbiodhbha d'áth oirn-ne
nach fáth diomdha ar ndiultaidh-ne.
Fa chéile nocha coimhthe
mei-se Is maor an mheadhaighthe;
damh-sa a-tá mar nar tuilleadh
an lá annsa an t-archaingeal.
Créad acht toibhéim dá threise
Dia dá ndiultadh m'oirchis-se?
maor Dé, dá ndearnadh ar gcóir,
nach bearnadh é dá anóir?
Luach m'fhoghanta d'fhagháil damh
ionann dó agus mo dhearadh;
nach géabha acht gun té do thuill
is é m'éara go háluinn.
Maor Dé do dhíon an uile
ullmha iná do hiarrfuidhe;
re cabhair d'iarraidh ní an;
triallaidh i n-aghaidh m'anman.
A aithearrach mar aighne
it aghaidh ní iarrfaim-ne;
cia a-déartha do dhíol mo chean
fa síodh dá n-éartha an t-aingeal?
Goin an chroinn id chíoch dheas-sa
gémadh fachain faitcheasa
beag m'eagla fa chrú an chroidhe
dá bhfreagra tú ar dteachtoire.
A-tá an t-aighne im ionadh
rem cheanaibh dá gcúirtioghadh;
teacht id theagh muna thuillear
lean th'eacht ar an archaingeal.
A-tá do thruime ar n-éigne
's gan im chorp dar gcoimhéid-ne
go gcaithfidhe a rinn reimpe
maithmhighe ar gcinn choimirce. | https://celt.ucc.ie//published/G402030.html |
G402031 | Cia le gcoiseontar m'anam? | Ó dálaigh fionn | — | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,137 | Ó Dálaigh Fionn cct
Cia le gcoiseontar m'anam?
cia éisdfeas rem uraghall?
díon m'anman gá cruaidhe ceisd? mo thruaighe an t-adhbhar aitheisg.
Eagal damh nach diongna achd cóir
breitheamh ceart Sléibhe Si-óin
lá na coinne an tráth thiocfa
cách 'n-a choinne ar chuideachta.
Ar an sliabh i gcoinne cáich
tiocfa breitheamh laoi an luanbhráith;
breath do-bhéara dhóibh ón
dligheadh
mo sgéala as cóir creidfidhear.
Ann do-chífear an chros donn
lá a taobhaidh a-tá romham ar an luigh cealg ar gcionadh
is fuil dhearg an Dúiliomhan.
Fóir dia Luain lá na deaghla
d'eagla fheirge an tighearna
ar nguais-ne, a mhaoir na meidhe,
do thaoibh t'uaisle Is t'impeidhe.
Go hÍosa an lá do bhí i mbraid
ón Athair Is tú thánaig;
an lá do shil crú a chroidhe
a nimh fa tú an teachtaire.
Neamh d'fhagháil fa ní do-ním
ó nach fiu mi-se, a Mhíchíl,
cóir fleadh d'fhagháil it ainm-se
neamh it anáir iarraim-se.
M'anam thuas dá chur i gcion
i nglóir airdríogh na n-aingeal,
faghar thú mar dhuais dána
ó tú i nguais mo ghabhála.
Déin ar síodh a Aingil fhinn
re mac inghine Iaichim;
mo chean tharla i dtréan t'itche
re béal m'anma ar imirce.
Iarrfaidh éiric ann for-íor
oram do mheas mo mhíghníomh
labhradh san Luan ar a
pháis,
mo-nuar, Is adhbhar uathbháis.
Biaidh lá na breithe buaine
mór an t-adhbhar anbhuaine a chion ar comhair gach fhir
omhain don fhior nach airigh.
Muna fhuilnge Íosa ar m'olc
cara éigin dom fhurtocht
mairg a-tá ag teacht im eolas
a cheart an lá laibheoras.
A-tá 's ní feitheamh fallsa
cara m'anma agam-sa
gach aon dá thoghairm fa
thréan
darab comhainm maor Míchéal.
Bíom 'n-a leith i ló an bhrátha
dom dhíon ar eagla an ursgátha;
an maor do char dom choimhdhe
damh ní taobh re tollairbhe.
Do bhualadh séala mun sídh,
a mhaoir na meidhe, a Mhíchíl,
is tú thaghaim, a chnú chroidhe,
gabhaim thú mar theachtaire. Cia re. | https://celt.ucc.ie//published/G402031.html |
G402032 | Cionnus dhíolfad mo luach leighis? | Aonghus fionn ó dálaigh | — | c.1570–1602 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,095 | Aonghus Fionn Ó Dálaigh cct.
Cionnus dhíolfad mo luach leighis?
an liaigh neamhdha Is é rom fhóir;
rachaidh sinn do dhíon ar ndocra
dá dhíol do rinn molta mhóir.
Tuilleadh ré dá ndáile dhamh-sa
díoghrais molta as mhó iná so
an liaigh neamhdha do-ní ar bhféaghain
is í ar meanma a déanaimh dhó.
Ní d'iarraidh cruidh ná cuach n-órdha.
ní d'iarraidh airgid ná óir,
do-ní ar bhfreagrai-ne i ndáil docra
fáidh eagnaidhe an mholta mhóir.
Annsa leis-sean leathrann molta
ná maith bhréige an bheatha bhuain;
labhra chaoin Is croidhe fialchar
ní maoin oile iarrthar uaidh.
Fóir, a liaigh chabhra na cruinne,
an corp fuar-sa ar a bhfuil sgís;
a shaoi leagha an leighis amhra
leighis cneadha m'anma ar-ís.
A n-imtheacht ní damhna doilghis
an déad daithgheal ná an dearc mhall;
ní díol uaille an chalann
chneasbhán
truaighe an t-anam easlán ann.
Ós é shire mar luach leighis
ní leasg leam-sa cur do chl;
a liaigh mo chridhe as cóir d'adhradh,
glóir nimhe Is talmhan t.
T an Dia gan deireadh gan tosach
t an ceard do chruthuigh gach dil
a rí na n-uile Is na n-aingeal
do ghuidhe Is í as daingean dinn.
I mbroinn na hóighe Is t tháinig
t do cheannaigh cách led chr,
t an taitneamh as sia soilse,
Dia ar nach faightear tuirse t.
T mhínigheas an mhuir anfaidh
is arduigheas an mhuir mhín;
a liaigh do theilg fhuil an ochta
ní fhuil ceird as docra díbh.
Do-ghéabh óm liaigh luach a mholta
mac na hóighe as airde duas
dath a dheilbhe ar na gaoibh goile
eidhre saoir an toighe thuas.
Dá dtáir mei-se aonuair eile
ón éag chinnte tá ar mo thí
bíodh mo bhás Is bíodh mo bheatha
fa ghrás ríogh an bheatha bhí.
Beir, a Mhíchíl, mé ar do bhuidhin
beag do-ním achd beart bun 's cionn
caithfead trá dola ar do dhílse
ó tá fola óm
rígh-se riom. Cionn. | https://celt.ucc.ie//published/G402032.html |
G402033 | Creidim duit, a abhlann uasal | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,170 | Creidim duit, a abhlann uasal,
far snadhmadh ar saoradh,
it fhuil it fheoil id dhiadhacht,
duid fá dheoigh 's dod dhaonnacht.
Creidim mar chreideas an eaglas,
ó nach creideamh cumhang
creideamh mar as cóir do chaitheamh,
cóir creideamh do chumhacht.
Creidim mar Dhia dhuit im intinn,
mo chiall Is duit dhearbhaim,
creidim thú it fhíon Is it abhlainn,
is tú as Críost i gcearchaill.
Creidim thú, a aráin gan ainimh,
a chabháin gach chreidimh,
gabhaim thú mar bhiadh mar bheathaidh,
is tú Dia go deimhin.
Creidim deit i n-ainm an Athar
's i n-ainm an Mheic moltar;
creidim thú, a Sbiorad naomh neartmhar,
do shaor iomad m'fholadh.
Creidim, a urradh gach aoncháis,
gurab tusa an Tríonóid;
creidim duit, a Choimdhe chéillréidh,
it oidhre 'gun fhíoróigh.
Do bhrath go deimhin dia Céadaoin
creidim Is ciall iulcháir ar ndéanamh ghlóir mheabhlaigh
mhaothchruaidh
le póig fhealltaigh Iudáis.
Creidim dia Dar-daoin do ghabháil
ciall gach aoin ní
hainchéim;
bíodh nach dingneam creideamh comhchóir
ní cheileam do chaithréim.
Is ar fríoth gan amhras uaibh-se
do dhochar dia hAoine;
creidim do pheannaid do pháise
dá deacair 's dá daoirse.
Creidim tú, a Choimdhe, do crochad,
gidh tuar toirse a chreideamh;
creidim tú re clár do cheangal
má tá nach tú thuilleas.
Creidim dula san chroic chéasta
duit ar son ar saortha;
creidim tú tar ais it Íosa,
a fhlaith na ndúl ndaonna.
Creidim do chor fa lia lánmhór,
glas ar nach bia béalrún;
gan chead dod lucht fhaire fhraochlán
's do dhul aisde ar éalúdh.
Creidim dot éirghe dia Domhnaigh
ní ciall déanamh dearmaid go bhfríoth leat le buain dod bhiodhbhaidh
creach as cruaidh do cheannchais.
Ar deis t'athar suas go seolta
le cruas ghasda gníomha
creidim breith creiche na Cásga
deit, a eidhre, a Íosa.
Creidim duit ní freagra faille do theacht, a mheic Muire,
a-nuas a-rís do bhreith bhreithe;
ag sein chrích an chluiche.
Caitir-íona liom ag labhairt
ar fheirg Íosa d'fheithimh
lá na breithe 'gun óigh iodhain
dod threise Is cóir creidimh. Creidim. | https://celt.ucc.ie//published/G402033.html |
G402034 | Creidim mar chreideas an eaglais | Unknown | — | c.1475–1500 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,368 | Creidim mar chreideas an eaglais;
a fhir nach leanann lorg Dé,
seol do mheanmain go múr nimhe,
meabhraigh do rún cridhe an chré.
Do bhíodhbhaidh ó bheid 'gud leanmhain
go lá an bháis ní beag an ruaig ar a roimhéad théid i dtarbha
ná léig coimhéad th'anma uaid.
Cré na n-asbal an t-iúl fíre
ar feadh do laoi ná léig thort;
maith an leigheas í ar an ainbhios,
is í cheileas t'aimhleas ort.
Gurab i n-aoinDia a-tá an Tríonóid
tuig, a dhuine, a-deir an chré;
creid uaim gurab í do riaghail,
ná bí ag buain re diamhair nDé.
I nDia Athar Is eadh chreidim;
is cóir adhradh don iúl ghlan
más ál géarachadh an ghrádha
grádh m'éanAthar dála dhamh.
'N-a dhiaidh do chruthuigh an chruinne,
do chum neamh gá neart as mhó?
a ndubhart do dhearbh an leabhar,
sealbh 'n-a chumhacht dleaghar dhó.
Creidim i n-éanmhac an Athar
Íosa Críosd ór ghein gach maith
go mbí re ngach duine dín-ne;
don uile Is rí fíre an flaith.
Gabhais toircheas ón treas phearsain;
a pór na ngrás do ghein sé
gan fhear do bhuain ris an mbanóigh;
ní fuair bean anóir mar é.
Druim ar tosach tug re a chineadh
ar cóir nDé go ndeachaidh brat;
tug a aghaidh res an uile
an adhaigh rug Muire mac.
Fuair fa Phons Pioláid páis croiche,
cáin an chroinn do chúitigh sí;
gur íoc a bhás coir a chloinne
toil na ngrás do-roinne an Rí.
Do luigh san uaigh, do airg Ifreann,
do éirigh aisde an treas tráth;
dlighidh seadh do chur sa chreideamh,
a dhul ar neamh creideadh cách.
A Athair na n-uile chumhacht
ní ceannas nar chúitigh sé an fáidh ag a bhfuil ar dtreise
do shuidh dod láimh dheis-se, a Dhé.
Béaraidh an lá bhias 'n-a bhreitheamh
breath na marbh Is breath na mbeo;
gach neach le ngabhair a ghrása
raghaidh breath an lá-sa leo.
Creidim sa Sbiorad naomh neamhdha
do-ní inneall don iúl chlaon;
a ionad gomadh hé an cridhe
Sbiorad Dé nimhe na naomh.
An eaglas Chatoilgeach chreidim
cia agaibh nachar oil sí?
olc bean fa dalta do dhamnadh;
sreabh glanta na n-anman í.
ceangladh cumann
a gcuing chrábhaidh ná cuir díot;
do-bhéara an flaith duid, a dhuine,
cuid dá maith uile 'n-a íoc.
Dá mbeath an aithrighe iomlán
ar mh'anmain ní fúigfeadh sal;
gabhar síodh ar son an pheacaidh
a chor dhíom ní deacair dhamh.
I bParrthas nó i bpianaibh Ifrinn
d'éis na breithe beid 'n-a ndís;
rachaidh fan anmain uair eile
truaill don talmhain reimhe a-rís.
Ní thuigid mar táid gá mealladh;
mairg do thréigfeadh teach na ngrás
ar sheal ngearr do ghlóir an bheatha;
do b'fhearr dhóibh beatha gan bhás.
Ós éigean dúinn dul i n-umhla,
d'éisteacht an cheoil a-tá thuas
leag do sheol, a fhir an uabhair;
ceol mar sin ní chualaidh cluas.
Do na lochtaibh nochar leigheas
i ló meadhaighthe mhóir Dé
ní céaltar an locht as lugha corp dá ndéantar crumha Is cré. Cre.
Nír chreid riamh go raibhe an saoghal
San Froinnséis ler fuilngeadh broid
acht mar thuile ag teacht re fánaidh;
tearc duine crábhaidh do chroid. Creidim. | https://celt.ucc.ie//published/G402034.html |
G402035 | Cúig cáis as mhó le Moire | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1244 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 980 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Cúig cáis as mhó le Moire
dar fhuiling rí an ríoghthoighe
tiocfa tráth as tuar toirse
gidh fuar cách sna cásaibh-se.
Fios báis a haoinmhic don óigh
mar thair tarngaire Simóin
fiu a dhoilghe do bhí fan mbás;
ní ní gan chuimhne an chéadchás.
An dara cás cruaidh an sdair sé ar seachrán re trí tráthaibh
mar mhnaoi bhuile do bhí sain
Muire agus í dá iarraidh.
An treas cás do imthigh air
a fhios mar fhuair a mháthair
gné do athruigh dá haghaidh gabhthair é le hÍobhalaibh.
Ar bhfaicsin Críost i gcruth bháis,
a ógh, ba adhbhar uathbháis
t'oidhre dod chomhair san chrann
go ngonaibh doimhne dearnann.
An ceathramhadh cás 's é sain
shaorfas mé ar phéin an pheacaidh tre n-a croidhe do-chuaidh sin
Muire san uaigh dá fhaicsin.
Go raibh Muire uair m'éigne
ort, a Chríost, dar gcoimhéid-ne
's na cúig cáis ag labhra leam
's gach páis dá dtarla id thimcheall.
An ga do cuireadh id chíogh
le ceilg, a oidhre an airdríogh,
cuir led ghrásaibh leis an nga
luibh leis na cásaibh céadna. Cúig. | https://celt.ucc.ie//published/G402035.html |
G402037 | Dia do bheatha-sa, a Mhuire (1) | Giolla brighde ó heoghusa | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 724 | Giolla Brighde Ó hEoghusa cct.
Dia do bheatha-sa, a Mhuire,
a thuile lán do ghrásaibh,
a-tá an tighearna it fhochair,
a ghein shochair clann nÁdhaimh.
Beannuighthe tu-sa tharsa
daghmhná na talmhan uile
's Is beannuighthe an ghein ríodha
Íosa toradh do bhruinne.
A naommáthair Dé, a Mhuire,
a bhuime mar an gcéadna,
guidh orainn-ne na peacaigh
'n-ar mbeathaidh 's i n-am éaga. Amen. | https://celt.ucc.ie//published/G402037.html |
G402038 | Dia do bheatha-sa, a Mhuire (2) | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 753 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh
cct.
Dia do bheatha-sa, a Mhuire;
fada tá do tharngaire
tú do thocht dar mbéin a
braid
san bhféil a-nocht im Nodlaig.
Oidhche Nodlag naomhtha an ghein do rugadhtú a rí an
ríchidh,
a rí an bheatha as Dia damh-sa;
dia beatha mo bhráthar-sa.
Dia beatha mic do mháthar
fhóireas cách ón
gcrónbhátadh;
rí an bheatha go mbí ar do thoil
dia a bheatha i gclí dar
gcabhair.
Dia do bheatha ós dá reic ruibh
i ngeall red bhreith do bhábhair
id dhia, id dhuine, a chnú cridhe,
i mbrú Muire Maighdine.
Dia a bheatha i mBeithil dá bhreith
do rug ar n-omhain d'aoinleith,
do-ní díon gach duine dhí;
ar Mhuire bíodh a bhuidhe. Dia. | https://celt.ucc.ie//published/G402038.html |
G402039 | Dia do bheatha, a Mhoire mhór | Aonghus fionn ó dálaigh | — | c.1570–1602 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,245 | Aonghus Fionn Ó Dálaigh cct.
Dia do bheatha, a Mhoire mhór,
a bheatha as ghloine ná an ghrian;
Dia do bheatha, a shlmhall shaor,
a chraobh bheatha, a rbharr fhiar.
Dia do bheatha, a bhuime an ríogh
im sheasamh im shuidhe im shuan;
Dia do bheatha, a fhabhra r,
a rn m'anma, a bheatha bhuan.
Dia do bheatha, a fholt mar ór,
Dia do bheatha, a bhos mar aol,
Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,
Dia beatha a lón gnáth dod ghaol.
Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,
do bhuadh ní measda do mhnáibh;
slighe m'anma Is déanta id dheoigh,
a réalta eoil chabhra cáigh.
Dia do bheatha, a bhéal mar rós,
Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,
Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,
dod ghaol suas beatha gan bhás.
Dia do bheatha, a mhálla mhín,
a ré lán le mbearar buaidh;
Dia do bheatha i n-am an eoil,
a chrann seoil an bheatha bhuain.
Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,
éinbhean ní curtha ós do chionn
ar chombáigh do mhongshl mall
fa bharr thromr fholláin fhionn.
Dia do bheatha, a bhruinneall shaor
ler tuilleadh beatha gan bhiadh,
a ghnis ródbhán chneisgheal chaomh
a dheisbhean shaor ógnár fhial.
Fáilte uaim dod mhalaigh mhín
rer samhail snátha seang sróill,
nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil
far sgaoil buaile d'íornaibh óir.
Fáilte uaim dod mhongshil mhoill,
's dod ghruaidh dhonnir fháiltigh fhinn,
's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,
's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.
Fáilte uaim dod bhrághaid bháin
ránaig buaidh fháilte gach aoin
's dod shil ghlais fhorfháiltigh fhéil
's dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin.
Fáilte uaim dod mhalaigh mhín,
do chruth t'aighthe 's dot ucht shéimh,
dod throighidh slaitleabhair saoir
dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.
Fáilte romhat id mháthair mheic
— fáilte ón dá chás as cóir duit —
sibh it óigh ar meas do mheic;
cóir a reic red chneas mar chuip.
T an fhíorógh gan righe riot,
an Tríonóid ar lighe leat
t ar ndaingean ar ghuin a ghlac;
aingeal ód mhac ruibh do reac.
T urra cobhartha cáigh;
do rodhalta — is curtha i gcéill,
is t an chraobh do fhás dar n-ir —
do ghrás dinn i n-a raon réidh.
Is t glainghrian nimhe a-n,
t an bhainliaigh gan righe ria,
iomdha ní le a gcuire a chl,
t do-ní duine do Dhia. Dia do. | https://celt.ucc.ie//published/G402039.html |
G402040 | Dlighe, a dhuine, déanamh lóin | Fearghal óg mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,905 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Dlighe, a dhuine, déanamh lóin;
éirghe amach go Sliabh Si-óin
ort, a thruaigh — gá deacra dál?
smuain ar t'eachtra gan iompádh.
Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn
leat ní háil a hoirichill;
do b'fhearr an chiall ceangal lóin
's do ghealladh go Sliabh Si-óin.
Dá lón as fhearr dot aithghin
d'fhios an aonaigh anaithnidh
an abhlonn rod chuir i gcéim
's a hannlonn d'fhuil an fhíréin.
Beir mar lón go Mac Muire
déirc Is aoine Is urnuighe,
ó nach fuil aitheachtra ort,
's na haitheanta tre umhlocht.
Beir fós soillse leat mar lón;
eadrod agus Sliabh Si-óin
is iomdha gleann doirche dubh
agus beann fhoirbhthe uathmhar.
Ag toigheacht gus an tulaigh
glóir an tighe thuas-amhain
go mba hí bhar soillse sin;
bí le toirrse dá tuillimh.
Searc Íosa na n-áladh dtinn
go mba hé th'arm 'n-a n-oirchill;
lucht do dhiomdha ar gach rian róibh
is iomdha go Sliabh Si-óin.
Do lucht éinleabtha Is iad soin
na peacaidh go n-a bpréamhaibh;
gér libh iad gus an am-so
ná bir iad don aonach-so.
Go comhdhál na gceasd ndeacair
ná beir leat fiú an éinpheacaidh;
do ghuais ríogh an tighe thuas
bíodh do chridhe led choguas.
Lúisifear an lá do-chuaidh
go teaghdhais Ifirnn adhfhuair
gé fuair go daor a dheacar
smuain nar fhaomh acht éinpheacadh.
Ní mó do aontuigh Éabha
acht éinpheacadh uaithmhéala
laithe a díoghbhóidh druim tar ais
as ar choill príomhghlóir Parrthais.
Ré cúig n-aimsear — dál
deacair —
do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh
lucht na cruinne — gér chreach throm —
fa seach uile go hIofronn.
Mór an ghuais iomad na n-olc;
a-táid uile tre éanlocht
aingle an uabhair — gidh dáil doirbh —
i láimh i n-uamhaidh Iofoirn.
Mé dá dhíol a-niodh go nua
— mar sin bhias m'ua agus m'iarmhua
mairg gaollucht dan séala sain —
aonlocht Éabha agus Ádhaimh.
Do-ním tráth iomarcaidh olc,
níor shmuain m'athair acht aonlocht;
d'fhuil Ádhaimh inn Is gidh eadh
do sháraigh sinn ar sinnsear.
Dá nglanainn go hannamh inn
do bhiadh an t-aithcheo ar m'intinn;
ní ghabhaim fo-ríor robhadh
díom ní fhaghaim mh'urdhobhadh.
Mó th'annsa iná an uile olc,
mó do ghrádh iná ar nguasocht;
acht gé tá cló tred chroidhe
dá mhó trá do thrócaire.
Fóir ar ghuais sinne mar soin;
feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh
iolar slóigh, a chnú chroidhe,
do fhóir tú led thrócoire.
Do-chuadhais feacht ar fásach
i measg fhoithreadh n-uathbhásach
a rathal do bhí id bhallaibh
ar tí t'athar d'agallaimh.
San uaigneas soin iar ndul duid
cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid
dá sgrios ó gach uile olc
dot fhios uile tre umhlocht.
Do-rónais tre dhúthracht ndil
seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh
dod lucht gaoil d'aithle a n-eachtra
dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta.
Do na míltibh trá tre thal
gé thug sibh sásadh briathar
i gceann gach neith níor lór libh
gan lón do bheith fa a mbruinnibh.
Fuarais ag duine san dáil
dá iasg chorcra Is cúig aráin,
an phroinn-se do phlúr shéanta
níor thúr toirrse a taisbéanta.
An tan-sain gá dtámaid ris
i gcóirchuibhreann do chuiris
taobh re taobh uille ar uille
an cuire naomh neamdhuidhe.
Na cúig aráin Is dá iasg
leathnuighid feadh na bhfinnriasg
— i ndeoidh cháigh re chais
teagar —
tre bhais cháidh dá gcoisreagadh.
Le beagán do shásadh shéimh
tugais a ndaoithin dóibh-séin,
a chara ar ar chlaon an bioth,
's ní rabha aon gan fhuighlioch.
Na sácramainte Is sí an phroinn,
an chruinne an t-uaigneas áluinn;
uch, Is rathruagh sinn mar sain,
is inn athshluagh an fhásaigh.
Cúig mhíle do mhuin toile
do shás tú led thrócaire;
beithte ar tí ar sásaidh mar sin
led ghrásaibh, a rí an ríchidh.
An tí thug san fhásach uaidh
an sásadh cumhra an chéaduair
urra ar sásaidh-ne Is sé sin
mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh.
Ní do phroinn talmhuidhe tám;
cuir, a Thríonóid, le teasghrádh
teachta ar mo cheann dá roinn rum
an phroinn bhus fhearr dom anam.
Proinn na n-anmann Is sí soin,
mar deir an chanóin chubhoidh,
a chorp do chaitheamh dá chloinn
maitheamh ar n-olc san abhloinn.
A fhagháil níor bh'fhiú sinne
corp flatha na fírinne
do-ghéabha mé maitheamh m'olc
dá gcaithear é tre annsocht.
Muna raibh an annsa ann
Rí nimhe na sé saorchlann
budh nimh a chorp do chaitheamh;
ag sin an t-olc íocfaithear.
Gé chaithim a chorp míolla
i ndeoidh dhéanta doighníomha,
rí nar chomhuill dá chraidhe
oruinn go dtí a thrócaire!
Ní cás damh-sa cur chuige
má tú ag iarraidh fochraige;
mó a thoradh grás iná a ghoimh
tamhan do fhás gan fhachain.
Ní hé Críosd do dhiúltfadh
dhamh,
mé féin trá tá dom
dhiúltadh;
do mhaith folta a ghlac ngonta
mac ochta na humhlochta.
Grás maithmheach as mhaith
sochair
Sbiorad naomh Is naomhAthair
Mac do ionghuir an uile
slat d'fhiodhbhaidh na hionmhuine.
Flaith tá agus bhias Is do bhaoi,
grian órdha dheiridh dheaghlaoi,
bas do nigh an uile fhear,
duine dil agus Dúileamh.
Do éirigh ón lia luighe
— ní bás acht bás
síordhuidhe;
do bhí dá áis crann 'n-a churp
iar bpáis níor chall a chumhacht.
Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin
— dhó ní dhiongnuinn a urdail
gidh ionann fuil dúinn Is dó —
do luigh san úir Is do iompó.
An rí rom bhean a báthadh
do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar
an crann do-chuaidh 'n-a chroidhe
barr uaidh ar a heolchuire.
Níor throma dhó iná dhi-se
an líog chomhthrom chloichei-se;
do bhí an oil ar muin Mhuire
far loigh tuir na trócaire.
Maith an fiach fuair i n-a crádh;
a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh
a hiomdhadh mar as dual di;
tuar a diomdhadh ní dhlíghe. Dlighe.
Fuair flaitheas síor ar a son
na déara do dhoirt Peadar;
do chomhshnoidh cruaidh a chridhe
tromghoin an uain ainglidhe. Dlighe. | https://celt.ucc.ie//published/G402040.html |
G402041 | Do briseadh cunnradh ar cách | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,594 | Do briseadh cunnradh ar cách,
an cunnradh 'n-a bhriseadh bíoth;
an cor do ceangladh re cách
fáth meanman a dhol do dhíoth.
Ar ndol fa reachd nDiabhail dúinn
ar riaghail tar cheart do-chuaidh;
do rad bean ubhall dá hóidh
ler bhean an chóir Do-rinne ar námha rann rinn
crann na cána nó gur chaill;
an uaisle do-chuaidh ó cloinn;
ar mbuain an chroinn fuair-se ar bhfaill.
A éara ní fhuair
ón mhnaoi
— ar Éabha dá bhuain do bhí
neimheagla as ar mealladh mé —
sé ar ngealladh deigheagna dí.
Don tuigse ar ar tréigeadh
neamh
an céidsheal mar thuig-se toil
— mince as aimhleas dí ná
dhamh —
ainbheas do ghabh sí ar a son.
An ghlóir ó do ghrádhaigh
súd
fan gcánaidh sul do-chóidh siad
do chealg bean uathaibh tre
éad;
tréad gan bhuachail do b'eadh iad.
Bioth 'n-a umhla budh ál leis;
gan a chumhna Is nár a-nois
aingeal Dé gé a-dubhradh ris
do bhris sé an cunnradh re a chois.
A-tá fala ar gach droing díbh;
don chloinn nach rabha dá réir
do-bhir an breitheamh bheith
cóir
ar bhreith dhóibh nó a bhfeitheamh
féin.
Táinig a ghábhadh fa
ghnaoi
Ádhamh mar ráinig an rí
is cara ler hagradh é
fala Dé dá n-admhadh hí.
Abhall na cána gur cheil
's a námha d'fhulang 'n-a fhail
ionnarbadh dá shíol ó shoin
gach coir díobh d'iomardadh air.
Truagh, a Éabha, Is goire ar ngaoil
— séana ar gcoire nír dhual
dúinn —
narbh ionann méin deit Is dáibh
— méin do na mnáibh reic a
rúin.
Ní dhiongnadh díoth budh díoth leis
síoth ar mbiodhbhadh sul do bhris;
oruinn ó do-cháidh 'n-a chrois
toghuim a-nois an fáidh fis.
Do chuir Éabha ór fhás gach teidhm
séala ar bhar gcás — ní cás
soirbh;
is tearc nach tánaig fan ngairm
snaidhm rer námhaid mar eacht oirn.
Tualaing gach neach nighe a chean;
dá mbeath ar mo chridhe ag
cur
sealbh an anma ó Dhia do dhol
an cor snadhma ní bhia ar bun.
Moch as a n-ucht léigthior
leam
— gá dulc — an céidchion im
chionn
— a-tá an baoghal gidh eadh ann —
crann Is bean ler saoradh sionn.
Is í le chéile Is an chroch
is géire do bhí dar mbrath;
liaide duine ag dul 'n-a teach
cor na gcreach ar Muire a-mach.
Grás Dé, gidh radhána a
rádh,
sás gabhála na sé slógh
do hinnleadh le rígh na ríogh;
díol an lín d'innbhear an ógh.
Bean dá ránaig grás Is gnaoi
ní tlás re námhaid do-ní;
ar ionchuibh mná dála Dé
dána don té a-tá ar mo thí.
Le ar dtagra go mbearar buaidh
dleaghar a agra ar an óigh
gur bhuing bean an dúthaigh dhíbh
neamh do budh tír dhúthaigh dhóibh.
Cia eile budh daingean damh
Muire gar cailleadh an
car;
a gealladh ó bhíos n-a bhun
gealladh dol síos ar ar son.
An cunnradh nochar chead daoibh
cungnamh gur chead dá bhar siair
cor le a cairdibh ins an gcóir
cóir don mhaighdin dol 'n-a dhiaidh.
Ar gceangal dá bhféaghthaoi faoi
a-déarthaoi gur mealladh mé;
do tréigeadh san fhosadh hí
crosadh sí más éidear é.
Fuair eidhreacht tre ghníomh a ghaoil
do dhíol ar seinshliocht re ar siair;
gach sochar dá ndingne dhóibh
cóir d'inmhe dochar 'n-a dhiaidh.
An chóir dá mháthair do mharbh
mo bhráthair nó gur fhóir orm;
an uair fa rugadh lé an leanbh
tugadh sealbh Uain Dé 'n-a dorn.
Gar dá chéile ar bhfuil 's ar bhfeoil
ní uil ar gcréi-ne acht dá criaidh;
maith ar gceart ar Moire mhóir
gidh tearc cóir duine 'n-a dhiaidh.
Fuair nós ar a humhla ón fhior
is le humhla ar dtós do threabh;
Moire gin gur thruaill a tol
ní har a gloine fhuair fhear.
Le ar siair chridhe Is dolta dhúnn
slighe na bochta ar a mbíodh;
do ghabh reamhaibh — ní réim chlaon;
leanaidh a chaor féin an fíon.
Monadh olc do budh olc lé;
i dtalamh gidh bocht do bhaoi
tug gach maith fa dheireadh dhí;
deighfhear do-ní maith don mhnaoi.
Do-chóidh an fhala ar a hais;
a ghlóir nocha rabha ris
go rug an leanbh céim san chrois;
réidh a-nois an bhearn do bhris.
Ó fríoth lat créachta an
chló
créachta nach fríoth le mac mná
nír fhás go héag ceo ar do
chlú,
a chnú bheo don tréad dá
dtá. Do briseadh. | https://celt.ucc.ie//published/G402041.html |
G402042 | Do chadail ar bhfear faire | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,306 | Do chadail ar bhfear faire;
ní husaide m'ionghaire
gan mo thoil-se ar tí a feithimh
toirse 'n-a chlí choimhithigh.
Is éigin go dtiocfa as-teach
a bhiodhbha nó Dia dúileach;
mo theagh do b'adhbha fholamh
feadh an abhra d'osgoladh.
A námhaid dá rabh reimhe
móide adhbhar oirbhire,
teacht don toigh i mbí a bhiodhbha
nach hí toil an tighiorna.
An réasún aga raibhe
cumas m'anma d'ionghaire,
do leag uille ar an anmain
nach beag truime a thionnabhraidh.
Bíd a charaid diomdhach dhíom
bíd easgcaraid an airdríogh;
ar n-iompádh ó Dhia dhamh-sa
cia nach iompánn oram-sa.
A imtheacht as a ionadh
m'oibrighthe dá fhoillsioghadh;
croidhe díosg riamh ní roibhe
i mbiadh Críost i gcomhnoidhe.
Tréigean a mhic móide as náir
ná budh urusa a admháil
ar fhear éintighe oile
go dtréigfidhe a theachtaire.
Gur beanadh grása Dé dhe,
an réasún ar bhfear faire,
ar an anmain mar fríoth faill
a chríoch Is amhlaidh fhágbhaim.
Cia an cara dá dhísle dhamh
i n-éagmhais oidhre ar seathar
ar bhfás d'eite lúidh mo locht
as creidthe dhúinn dar ndúsocht.
Do-ghéabham feasda ar bhfaire;
a-tá i n-oirchill m'ionghaire,
m'fhairei-se gídh dál deacrach,
lámh thairise thoirbheartach.
Lámh a carad do chabhair,
lámh as bhorb re biodhbhadhaibh,
lámh nach teagaimh achd re tréan,
lámh nach eagail don fhíréan.
Iomchraidh sí an domhan 'n-a durn,
iomchraidh neamh, iomchraidh Iofarn,
lámh arab iomdha aire,
clár tiomna na trócaire.
Moluid ar-aon a heineach
an cara 's an coimhidheach
lámh do chuir ár an einigh,
lámh i bhfuil ar bhfóiridhin.
Lámh as comhthrom dá cinead,
lámh fhuilngeas ar n-aindligheadh,
coimhdheas a grádh dá gaoltaibh
lámh fhoilngeas ar n-easaontaidh.
Gabhaid na dúile a nduan féin,
gabhaid éanlaith an ai-éir;
molaidh an trágh 's an tuile
lámh thobhaigh na trócuire.
Lámh thréan ara tréan cara,
minic fhóireas m'easbhadha
ag claonadh gé a-tám ó a toil;
lámh nach baoghal dá biodhbhaidh.
Do bhuail buille as bhaoghal damh
re linn díleann do dhortadh;
lámh bhuailte an dara buille
dál a cuairte chuguinn-ne.
Dá cosg ar cionn na breithe
cia hoile re n-éisdfidhe
lámh gan naomhuidhe ar a neart
naomhMuire Is nach ál d'éisdeacht.
Bhar ngaol nach géabhaidh re hais
tiocfa lá, a lucht an díomais;
an uair fa bhféachfaidhear sibh
féachfaidhear cruaidh a chloidhimh.
An lámh do loit an tairnge
go raibh Críost dá comhairle
gur fhás sí air as ar n-ucht;
nochar mhair dhí achd a diadhacht.
Corp Íosa d'éis a leactha
fan óigh re hucht n-imtheachta
fuair ó ghuin báis 'n-a bais-se,
páis ar a bhfuil fiadhnaise.
A chara nochar chronuigh
a buain eisde d'Íobholuibh
an deaslámh do dhol dá halt
ar son na n-easlán d'fhurtocht.
A-tá ar cumas a chóig méar
dá ngabhthar leo mo leithsgéal
iul an róid do dhíorghadh dhamh
tar gníomhradh
Do budh eagail ar n-éara
— d'éis báis ní huair
aithmhéala —
muna bheith tús aice ón éag;
dlús as caithte re ar gcoimhéad.
Ní fhuil i gcomhthrom rem chion
foghnamh m'anma ó aois naoidhion;
beag nar thoguibh an mheadh mhé;
do choduil ar bhfear faire. Do chaduil. | https://celt.ucc.ie//published/G402042.html |
G402043 | Do-ní duine dia dá mhaoin | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,280 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Do-ní duine dia dá mhaoin;
ní fhuil ann acht dia díomhaoin
tar Mhac Dé na n-uile fhear;
ní duine an té nach tuigfeadh.
Dia dá mhaoin Is mairg do-ní;
cealg im Dhia nír bh'fhiu aoinní;
Mac Dé bhí le hóigh gan fhior
do b'é an rí dar cóir creideamh.
Creideadh gach duine dá dhia féin;
creidim-se d'oidhre an Fhíréin,
Mac Dé dar mháthair Muire
bráthair na sé sochuidhe.
Eagail dóibh dá ndeachaidh so
i n-éadóchas ar Íosa
gach neach daidhbhir dá mbí ar bioth
nó gach rí saidhbhir sáitheach.
Guais don dís a-deirim féin
go mbeid Is Íosa aimhréidh,
díol toile don té ghá mbí
's gidh bé nach oighe aoinní.
Ní háil le neach saidhbhir slán
Mac Dé d'fhaicsin ná d'iomrádh;
Rí na n-uile Is na n-ógh ris
is lón do dhuine an daidhbhris.
Muire 's a Mac maille ris
bíd aige i n-íoc a dhaidhbhris;
fearr sin ná saidhbhreas eile
daidhbhreas fhir na haithrighe.
Duine do-gheibh lán a lámh
eagail dó dul ar seachrán;
is í an lámh fhalamh as fhearr
ler bh'ál anadh ó Ifearnn.
Cuid na gcomhursan — cúis trom —
biaidh dá hagra ar an anam;
biaidh an chalann 'n-a crumhaibh
's an t-anam ag osnadhaigh.
A-tá an corp dá chur i gcéill
go bhfuil 's an t-anam aimhréidh;
tarla fíoch éigin orra
síoth nach éidir eatorra.
Ná tréig neamh ar ní nach lat;
ní leat féin a bhfuil agat;
bíodh th'aire ar a n-abair sinn;
caidhe agaibh acht aislinn?
Gearr mhaireas mláth na
hóige,
ná tréig teach na Tríonóide;
grás Muire ní théid i
dtráigh,
ná tréig ar dhuille an domhnáin.
A dhuine chreideas dá chrodh
nó do dhia eile d'adhradh,
ní leat an teagh thall go bráth,
's ní headh an chlann ná an conách.
Ní leat an t-airgead 's an t-ór,
ní leat an ríghtheach romhór,
ní leat do chéile chubhuidh,
's ní leat féine a bhfuarobhair.
Tuigthear libh nach libh na ba,
ní libh an t-ionnmhus iomdha,
ní leat 's ní lat an ghraigh,
ní leat an mac ná a mháthair.
Ní leat an baile 'n-a mbí,
ní leat an fonn i bhfuiltí,
ní leat an brat i mbí an corp,
do-chí nach lat an lubhghort.
A fhir shanntaigh ar a shon,
ar thiomsuigh tú san tsaoghal,
ní mó ná an brá lín as
libh
no má tá brígh sa bhrait-sin.
Dá mbeinn ag seanmóir mar sin
daoibh go deireadh an domhain
ní fiu an corp a léigir leis,
ní héidir a olc d'aithris.
Seachain mé ar gach olc eile
rem ré, a Mheic na maighdeine;
seachain mo ghnúis ar bhaos ban,
ar chraos, ar dhrúis do dhéanamh.
A Mheic Mhuire, seachain sinn
ar theas Is ar fhuacht Ifrinn;
seachain mé ar cheilg óm chridhe,
's rem ré ar fheirg gan aithrighe.
Nír thuill tu-sa — ní tú a-mháin —
grás Dé let óige d'fhagháil;
grás na maighdine sir so
a fhir aingidhe aosdo. Do-ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402043.html |
G402044 | Droichead na bpeacthach páis Dé | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,614 | Droichead na bpeacthach páis Dé
ród coitchionn — is cruaidh
fínné;
dá mbeith Dia ag cuma fa cheart
cia bhus urra re h-imtheacht.
Síol Ádhaimh ní iomdha dhíobh
nach briseann aithne an airdríogh;
bríogh 'n-a aithneadhaibh ní fhuil
ag síol aithreamhail Ádhaimh.
Níor fhiú Ádhamh go n-a chloinn
a bhfuair Dia d'íoc an ubhoill
más é an t-ubhall fo-deara
sé d'fhulang a oigheadha.
Gin gur ísligh a fhearg ruinn
go dtáinig Críosd i gcoluinn
gar a ghaol don uile fhear
don taobh 'n-ar dhuine an Dúileamh.
Ar cuairt ón gcomhairle móir
táinig Críosd ar cionn tionóil;
tug sidhe a hucht an Athar
's a lucht tighe ar dtearcachadh.
Mar tháinig a-nall do nimh
le briathraibh óighe Is aingil
do thogaibh ceo don chruinne
eo tobair na trócuire.
Iomdha riochd 'n-a ndeachaidh Dia
nar chubhaidh re Mac Maria;
sé saor an droichid dar ndín
saobh an oifig ón Airdrígh.
Do chuir ciseal fa gach cheann
don droichead ler airg Ifreann;
bia tráth Is budh damhna déar;
cia fáth cabhra an dá chiseal.
A chlochadh an uair do b'áil
Domhnach Páise an Príomhfháidh
gur cheannaigh sé an uile fhear
ní duine an té nach tuigfeadh.
Na clocha-so mar do chuir
'n-a gcéidchiseal fan gcrannghail
tug síoth Dé fa ghach dhuine
fríoth é mar nach iarrfuidhe.
'N-a chiseal fa cheann eile
do chuir aonchloch d'áiridhe;
do bhí 'n-a luighe fan lia
rí na n-uile 's ar n-aoinDia.
Ceithre croinn do choisrig Dia
sailghe droichid Mic Mairia;
droichead é 's na sailghe sain
daingne hé ná gach obair.
I sgéalaibh na gceithre gcrann
iomdha uirsgéal nach ionann;
d'iomad sgéal n-iongnadh orra
do-ghéan mh'ionnramh eatorra.
Lán do tharthaibh gé tá a-bhus
an crann dar chomhainm Pressus
mó ná soin thall a thoradh
crann gá bhfoil ar bhfuasgoladh.
Ann sin do sáitheadh an chroch
i ndeachaidh Críosd dar gceannach
tortha uaisle i ngach am air
crann as uaisle don fhiodhbhaidh.
Móide mo mhuineachadh as
an crann séanta Si-pressus;
do-chím an-ois é ar m'aghaidh
sé fan gcrois 'n-a cholamhuin.
An crann tarsna a-tá ar an gcrois
do chiseal failme Pharrthais
tugadh ann leigheas ar locht;
ní crann cheileas a chumhocht.
Crann uasal re n-abar pailm,
crann na mbuadh Is é a fhorainm,
crann gléasda na cruinne an crann,
féasda na n-uile anam.
Crann na hola an uair do chuir
le síothcháin go síol
Ádhaimh
do mhaith sé a fhíoch 's a fhalaidh
síoth Dé munar dhiúltabhair.
M'anam ar chomairce an chroinn
do chuir Dia d'íoc an ubhoill;
dul ar a sgáth Is díon damh
madh síoth do chách madh cogadh.
Míorbhuile croinn na croiche
a n-áireamh ní fhéadfuithe;
níor fhéad riamh neach gus a-niogh
a leath nó a dtrian do thuiriomh.
Na croinn far dhoirt Íosa a fhuil
fa chéad Is móide a míorbhuil
— dul 'n-a gcaomhthach Is díon dhamh —
aonchroch dhíobh ar n-a dhéanamh.
Do chruthuigh gach ní fa nimh
d'fhoghnamh do dhís do dhaoinibh;
mó an obair ar fhear dá
fhuil;
do thogaibh neamh ós
néalluibh.
Le fiochadh grás agus gaoil,
don Choimdhidh gin gur chomaoin,
do theilg sé a chlár dá chroidhe
do ghrádh na sé sochuidhe.
Na cóig doirse ór dhoirt
a
fhuil
do cheannach cloinne hÁdhaimh
sleagh 'n-a chígh, cló 'n-a bhonnaibh,
's a dó dhíbh 'n-a dhearnannaibh.
Ar sgoltadh a chóig gcroidhe
do dhúisigh Dia a thrócoire;
do chuir sé an chóir 'n-a colladh
is dóigh mé dá mosgoladh.
Níor thoguibh an chóir a ceann
Mac Dé nó gur airg Ifreann;
cia as tóir ar fhearaibh dá fhuil?
dleaghair cóir i n-a chréachtaibh.
Rí na cruinne ad-chuala mé
gur bh'í a dheoch dh'éis a oibre
domblas aoi d'fhagháil mar dhigh;
níor bh'fharáil caoi dá chloisdin.
Ar sgarthain cáich ré chéile
— mór an t-adhbhar aigmhéile —
a-tá lá cúirte 'n-ar gcionn
is lá nach fúigfe fuighioll.
Éaraic páise Mhic Muire
cia ionnmhus re n-íocfuidhe
muna díol créachta do chuirp
is síodh an éachta
orrdhuirc.
Slighe choitchionn na gcóig sruth
páis Dé droichead na bpeacthach;
droichead hí don uile fhear
go dtí an duine fa dheireadh.
An droichead a-dubhairt sionn
do chách gidh conair choitchionn
aon do chéad gér chomha bheag
ad-féad dola Is an droichead. Droichead. | https://celt.ucc.ie//published/G402044.html |
G402045 | Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,536 | Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
dá chloinn as coinne bhaoghail;
acht gidh gnáth an ghairm sluaghaidh
fáth uamhain an t-ainm aonaigh.
'N-a dháil goirfidh a ghaolta
'n-a bhfoithnibh ar ndáil drúchta
ní hé a shluagh an sluagh séanta
truagh gan chréachta Dé dúnta.
Dlighthir an dóigh mar shaoiltir;
sirfidh cóir i n-a chréachtaibh
guth faobhrach é gé íocfair
íocfaidh aonghuth Dé a ndéantair.
Cóir Dé mar dhlighthir d'iarraidh
sirfidh ar na sé línibh;
dá leath dhíobh ar n-a dhéanaimh
béaraidh breath ríogh dá-ríribh.
Cuid dá chloinn 'n-a gcloinn ísil
ar mboing re cuid dá gcúisibh
ar léig sé leo ar an lá-sain
ceo ar ghrásaibh Dé do dhúisigh.
An lá-so lá na dála
an tráth-so ní tráth séana;
mar do thuil an tráth nóna
ní tráth córa d'fhuil Éabha.
Tug cuireadh do chloinn Ádhaimh
don chloinn as cuireadh uamhain;
gidh bé crioth i n-a gcéimibh
rioth éinfhir hé as a n-uaghaibh.
Ga mbia dá fheirg re a
fhine
ar an leirg bhus lia duine
dar lat nach máthair Moire
bráthair oile mac Muire.
Fearg an athar budh iongnadh
ní fearg athar gan adhbhar;
a mbia do láimh chlé an Choimdheadh
coinnmheadh Dé dháibh a ndamnadh.
Cách ag déachain 'n-a ndeaghaidh
féachain as crádh ó chroidhibh
súil nach bia súil a samhail
súil sgaraidh re Dia as doiligh.
Tiocfa an bráth gidh dál deacair
an tráth nach tráth an fhriotail
a bhfuair mé do sheal shocair
focail Dé ar feadh a bhfriotail.
mar do cuireadh
an ógh mása lé a leanabh
a-muigh ní hé go n-anabh
anadh fuil Dé dá dhearadh.
An neach diúltar don domhan
as diúltadh go teach dteineadh
truagh dom óigh ós lé a leanabh
dearadh Dé dhóibh fa dheireadh.
Ithir na n-uile dtaradh
mithidh Muire do mholadh sgoth an túir nó go dtreabhar
treabhadh troch dhúin an domhan.
Ná leanam don uan aosda,
freagram an cuan 's an cósda;
do-bheir sí ar nguidhe a
grásda
Muire a dtrásda Is í ar n-ósda.
Daghaighne hí agus ughdar
ar gcabhair-ne Is í an airdbhean;
go cách uile ar an ardmhagh
margadh gnáth Muire maighdean.
go raibhe
sé 'n-a Dhia agus 'n-a dhuine
fan leic do b'anba an t-oire;
lamba toighe a meic Muire.
Ní gnáth cairde ar a chrithribh;
a grádh ní ar cairde cuirthir
nach bí cás i n-a carthain;
achraidh sí an grás sul ghuidhthir.
Muire ó nach treabhann tharainn
leanam uile go hinnill
ní feas gá cáil don choluinn gcéin bheas romhuinn tráigh thirim.
An tráth-sa um cheart na colla
a neart ní grásta ganna;
re Dia nach dingneadh cuma
cia an urra acht inghean Anna.
Ar n-iúl gé shéid
a
shíorlot
ná léig, a shiúr, a shaorshlat,
cur am cheann do chrú a ghléaghlac;
tú an fhréamhshlat as fhearr aonmhac.
A Mhoire tar dom thogbháil,
ó chroidhe glan mo ghroidmhéin
a-nois Is am dá eadráin
teagmháil thall red bhois mboigréidh.
Mo bhreith gá náire as neasa? do leith do láimhe deise
mé, a Dhé, is-toigh agus tu-sa;
a Dhé an usa a-moigh mei-se?
Má tagrair rinn dá-ríribh
ná hagair inn sa gcánaidh
muna fhuil t'fhearg re a díoghuil
síodhuigh mar leanb fhuil th'álaidh.
Do pháis gidh óg re a haithbhior ar fód an bháis sul beirthir níor thuig mé ar chríon dom
chrithribh dlighthir dhíom, a Dhé, deithbhir.
Ní hé m'iúl-sa dá
ríribh
gidh bé th'iúl-sa, a Dhé
dhúiligh;
ní hiúl glan acht iúl eolaigh;
seolaidh iúl damh a Dhúilimh.
Piana móra i ndíol dlighthe
síol na córa ó nach cuirthe;
truagh an teagh i n-a dtarthaoi,
feadh athlaoi uadh ní fhuighthe.
Tinfidh an bás re beagán
m'ithir ar ar fhás faidfhéar
duille an bheatha ché ar gcadógh
fadódh ceatha hé um aigéan.
Ógh do-bhir gairm an ghrádha;
mó ná sin a snaidhm síodha
gidh mór braithtir a buadha
Caitir chuanna ógh Fhíona.
Dia do thagh naomh go nuaidhcheol
damh i n-a mhaor mar Mhíchéal;
gion go glan mo sgáth sgáthán
gnáthfhál dhamh sgáth a
sgíthéan. Éan. | https://celt.ucc.ie//published/G402045.html |
G402046 | Éisd rem fhuighlibh, a Athair | Eoghan mac craith | — | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,064 | Eoghan Mac Craith cct.
Éisd rem fhuighlibh, a Athair,
cuir inn tar eol mearachaidh;
suil leanas sé an chalann chuil
go mbé an t-anam ar th'ionchaibh.
A Athair an Mheic mhuirnigh,
iarraim ort an athchuinghidh
mar theagh i n-anáir t'oidhre
neamh d'fhagháil dar n-anaim-ne.
A Athair Críosd cumhdaigh mé,
as do láim ná léig sinne,
's a Mheic do-chuaidh tar ar gceann
do ghleic i n-uaigh 's i nIfearn.
Ná léig sinn tar an slighidh,
libh-se Is éidir m'fhóiridhin;
dá n-agra coir 'n-ar gcoinne
tagra ní fhoil agoinn-ne.
Athair Mac Is Spiorad Naomh
Tríonóid Is trí deighphearsain,
is creideamh dhóibh mar dhleaghair
creideamh dar chóir creideamhain.
Gach pearsa ar leith 'n-a Dhia dhíbh
's 'n-a rígh ard ós gach
éinrígh
triur as lia iul Is aithne
's an triur 'n-a Dhia dhearsgnaighthe.
Is Éindia an t-Athair neamhdha
's an Mac d'fhiodhbhaidh fhíneamhna
mór n-ionad 's an Spiorad neartmhar neamhdha.
Ionann iad d'aois Is d'fhoghluim
triur fhóireas gach aondoghruinn;
ionann iul dóibh a-dearair
an triur dan cóir creideamhain.
Ionnta féin fuaradar sain
bheith ó thús 'n-a dtrí tamhnaibh
triur as lia ó bhfoighbhthe fios
'n-a Dhia fhoirbhthe gan
fhoilchios.
Ní mé do thuill teacht ón tigh
ó dtugsad inn ar éigin,
achd fearta an té do threoruigh
mé ón eachtra aineolaigh.
Créad as tús ná as deireadh
dháibh
ní héidir a fhios d'fhagháil,
gidh iad féin a bhfréamha sain,
a sgéala go léir dá leantair.
Sé féin Is fréamh don Athair
's don Mhac rí gan fhréamhfhachain;
don Spiorad Naomh iad mar-aon,
is iad a-raon 'n-a ríoghnaomh.
Ag so a-mháin maitheas an cheirt
trí pearsain aoinDia oirrdheirc
an tí ó dtoilltear gach teisd
rí ó sloinntear gach saoicheisd.
Agaill, a ógh, t'oidhre féin;
dom breith-se don bhrugh shoiléir
ón mbruidhin i mbí an phéisd
guidhidh an rí agus ro-éisd. Eisd. | https://celt.ucc.ie//published/G402046.html |
G402047 | Éisd rem fhaoisidin, a Íosa | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,713 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Éisd rem fhaoisidin, a Íosa;
re n-áireamh Is áibhseach liom
mo pheacaidh i gcionn a chéile;
deacair fa a gcionn réidhe riom.
Ó aois leinibh ag lot m'anma
níor anas fós — fada an ruaig;
tug dot óidh, a Dhé, mo dhocracht
gion gur cóir mé d'fhortacht uaid.
Féach oram, a Athair ghrádhaigh;
gabh m'fhaoisidin go mór mion;
a mheic Dé, Is deacrach mo leigheas;
peacthach mé cheileas a chion.
Na seacht bpeacaidh go n-a bpréamhaibh
peacthach dhíom go ndearna siad
— thríd nach fuighinn grás dod
ghuidhe —
cuirim i gcás uile iad.
Na hocht gcoire mar an gcéadna,
gé do char sinn saobh an bhreath;
grádh an dá cheathrar im chridhe
do bheanfadh clár nimhe ar neach.
Na deich n-aithneadha Is eadh bhrisim;
briseadh saoire Is sé mo mhian;
gidh bé ní nach ní dom anam
is é do-ní an chalann chriadh.
Deachmhadh mh'eallaigh agus m'arbha
gidh olc dhíolaim, a Dhé bhí,
lugha an deachmhadh cnú don chrobhuing:
do leanfadh tú oruinn í.
Fuil do bhall agus do bhruinne
ní bhíonn lá nach laoidheann sinn;
a fhir do thuit agus théarnó,
do luit sin gach éanló inn.
Bím ag ithiomrádh m'fhir chumuinn,
rem chomhursain ní caoin bhím;
díol id dhiomdha gion go ndearnadh
iomdha gníomh neamhghlan do-ním.
Brisim aoine i n-aimsir throisgthe,
tréigim trátha ar chomhól chornn;
gidh beag mo lón lá na tagra
mór a-tá re a agra orm.
Ar mh'anmuin — is adhbhar tuirse —
a-tá agaibh madh áil libh
moladh bréige, a Dhé, re a
dhíoghuilt,
's ní hé féige ar síoruilc
sin.
Cuid é dom fhaoisidin bheathadh
béal cráibhtheach Is croidhe díosg;
budh aithreach liom lá na coinne
a-tá i gcionn a chloinne ag Críosd.
I ndóigh do thrócuire, a
Thríonóid,
do thocht oram — olc an chiall —
níor sguireas, a Dhé, dom
dhoighníomh,
's níor chuireas é i roibhríogh
riamh.
Níor iarras m'fhaoisidin oraibh
d'éisdeacht uaim d'éis gach uilc,
a ghein shochair na sé líne,
gur mhothuigh mé críne an chuirp.
Ciontuighim dhuit inn, a Íosa,
agus don óigh ór fhás sibh,
im chiontaibh, a chinn an bheatha;
ná ciontaigh sinn seacha sin.
Absolóid, a Athair neamhdha,
is neamh re a cois chuinghim ort;
do lámh ós mo chionn dá gcuire
budh slán sionn ón uile olc.
A-tá agam d'éis mo chionadh
codladh fada, fachain guil
— a-tá a shliocht mon-uar ar mh'anam —
suan ar th'iocht, a chalann chuil.
Tugas an choiscéim-se chugad;
gidh cóir m'obadh ná hob sinn;
cuimhnigh ar ngaol ó fhuil Ádhaimh;
cuir do thaobh an álaidh inn.
Cuimhnigh an comhaltas mbunaidh
's an mbráithreas damh, a Dhé bhí,
ó shin dod réir gion go rabha,
is sibh féin dar gcara i gclí.
Tú féin do chum Is do chruthuigh
's do cheannuigh mé — mairg nach tuig;
ná diult mé gidh créad mo cheana,
a Dhé, 's méad mo dheala dhuid.
T'óglaoch dúthchasa ní dhlighe
do dhiultadh, a rí na ríogh;
re neamh a-dearam ar ndúthaigh
ná bean m'fhearann ndúthaigh dhíom.
Do neamh ar dtús táinig mei-se
i measg bréag an bheatha ché;
dlighim súil re naomhbhrugh nimhe,
ní gaolmhar dhúinn slighe acht sé.
Beir leat sinn sa slighe gcéadna
i gcoinne cáich gidh cuin thís;
dom anmain gomadh léim loighe
céim san adhbhaidh roimhe a-rís.
Anois aithnim an t-iul díreach
— déanamh síth, a Dhé, bhus
dleacht
má rugas chéim tharsna thoruibh —
's nar léir damh-sa an chonair cheart.
Do bhí mé — níor mhaith an
creidheamh,
cuid dom fhaoisidin 's eadh é —
gus a-nocht ag cleith mo cheana;
tocht id leith gur mheala mé.
Máthair Íosa go n-a hóghaibh
dom anacal ar fheirg nDé
fearg re a bráthair ná bíodh
uirre,
máthair ríogh na cruinne cé.
Míchéal aingeal go n-a ainglibh
m'fhaoisidin go n-éisde siad,
mac Dé go gcuire dar gcabhair;
nár chuire mé im aghaidh iad.
Sdeaphán mairtír go n-a mhuinntir
maith do chaithfinn cur re a ndíol,
níor dhligh mé a martra do dhearmad;
dalta Dé go ndearnad díom.
Go raibh liom do leigheas m'anma
impidhe an dá easbal ndéag;
dá dtoighinn Is tráth dá nguidhe
's do-chluinim cách uile ag éag.
Lá na breithe go mbeid liom-sa
Lúcas Marcus Matha 's Eoin;
uaim-se gémadh ór an almsa
is uaisle a lógh dhamh-sa im dheoidh.
Naoimh agus bannaomha an bheatha
— bheith dá muinntir mór bhus
fhiu —
go dteagaid linn i lá bágha
mar tá sinn dá rádha riu.
Córaide dhamh dul id chumann
— a chroch Íosa ainic mé —
nach raibhe liom loise t'fheirge,
a mhionn croise deirge Dé.
Éisdidh re moladh mheic Alpruinn,
éarlamh as oirrdhearca teisd
ní fhéad cách tuireamh a theasda;
ní chuireabh fáth ceasda i gceisd. Éisd. | https://celt.ucc.ie//published/G402047.html |
G402048 | Fada deoraidheachd na ndaoine | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,642 | Fada deoraidheachd na ndaoine;
déanaidh iompódh ar iul chóir,
cidh bé do bhean díbh an dúthaigh
neamh do bu tír dúthaigh dhóibh.
Truagh mar thángadar a Parrthas
peacadh Ádhaimh do b'é a dtós;
is cian ó dhol 'n-a ndúthaigh
an cor do-chiam fúthaibh fós.
Imtheachd uile d'éis bhar
gcuarta,
a chlann Éabha, Is é bhus libh;
d'anamhain ní headh do-chuabhair;
baramhail fhear sluaghaidh sibh.
Ag teagasg dá dtug an Coimdhe,
a chlann Ádhaimh, nír an sibh
do aithin sé dá bhar
síoladh
caithir Dé do líonadh libh.
Táinig fairge ar fud an talmhan
tugadh i n-íoc feirge Dé;
an chuairt thimchil tug a dhíle,
do imthigh, rug líne lé.
Smacht an Choimdheadh do chionn ubhaill
uch, a Mhuire, mairg do bhris;
cionnus lat tré chraoibh na cána
mac an tsaoir do rádha ris.
Féach a thruaigh mar théid an domhan
díoth carad ná cuir i mbrígh;
rachaidh na daoine d'éag uile,
créad fa gcaoine duine dhíbh.
An saoghal — ní slighe ghrádha —
gearr go mbia mar do bhí ar dtós,
deireadh bárdadh Dé ar an domhan;
nír fágbhadh é folamh fós.
Anmhain ort an uair do saoileadh
ag sin a thráth, tig do ré
do leagadh do sheol, a shaoghail;
leagadh i mbeol aonaigh é.
Rachaidh maitheas muighe an tadhaill
mar théid bláth do bharraibh crann;
is eagal dún dál a chonáigh,
lámh ar gcúl nír fholáir
ann.
Go dtiobhruinn roinn do rígh nimhe
dá ní féin ní foláir
uaim;
créad fa dtabhair don té chaitheas
i n-aghaidh Dé an flaitheas fuair.
Téid uadha gan fhios a dhíola
deireadh bréige an bheatha ché;
ní cóir don talamh go dtiobhra
taradh dhóibh tar diomdha Dé.
Mar leaghann an lá fa dheireadh
déanaidh tapadh sul thí an bráth;
tiocfa sgéala ann bhus eagail,
a chlann Éabha, teagair
tráth.
Dá dtí cách i gcoinne an Athar
aithnidh dhamh dearadh a síl;
gearr ar gcuimhnei-ne ar ar gceanaibh
fearr cuimhnighe a ndleaghair dín.
Iomdha agat adhbhar feirge
fada é ó fhochain bhig;
do riar a Dhé muna dhearnam
is é ciall na dteadhmann thig.
Lá éigin re hucht an bhrátha
biaidh fuil ag fearthain 'n-a cioth,
biaidh teine uaibh ar a n-áitibh;
uair eile báidhtir an bioth.
Cló na boise, bior na troigheadh,
trom an agra iad 'n-a ndís;
do chlann ní hionchora ón eire;
iomchora an crann reimhe a-rís.
Mo leigin uait d'éis a ndearnais
a Dhia Athar iongnadh liom;
cia bhaoi san chrois ag ar gcoimhdhe
má taoi a-nois, a Choimdhe, im chionn.
A-tá ar bhreith dhúinn dul i n-Ifreann,
a Uain Dé, nó dul id mhúr;
is sibh ar gcara nó ar námha
— ag sin ragha dála dhún.
Tugais bláth tre bharr an fheadha
d'éis a bhlátha do-bheire chnú
táir Is soillse slighe m'anman
coimse nimhe Is talmhan thú.
Cion na mná do mhill an lubhghort;
leanaim ort — ní hagra réidh:
"cia dara goire gaol Éabha,
a laogh Moire, féagha féin."
Don chomhrádh do chan an t-aingeal
do fhás mac ó Mhuire óigh
do fhéad sé teachda mar tháinig,
fearta Dé gá dtámaid dóibh.
Dá oighidh i n-íoc ar gceana
cionnus linn an lá do-chuaidh;
i n-aghaidh meabhla mná Ádhaimh
a-tá dearna an álaidh uain.
Ionmhuin bas rer bhean an t-áladh
ionmhuin troigh a-tá ar n-a goin;
braon a chroidhe tar mo cheann-sa
laogh oighe ceannsa do chuir.
Cionnus libh, a lucht an bheatha,
beag do shocracht do shir sé;
ní re lighe ar leabthaibh chlúimhe
leantair slighe dhúinn-ne Dé.
A-tá a ndearnais i ndiaidh th'anma
ó aois leinibh — lór a mhéad;
cionnus thiocfa dhíot, a dhuine,
íoc do chionta uile ar n-éag.
Ar do chomairce, a chuirp dhaonna,
dá ndeach mé ní maith an tarm;
a cholann, budh truagh do theasda
oram Luan measda na marbh.
Tar go humhal d'iarraidh grás;
glan 'n-a choinne an croidhe díosg;
gul 'n-a leith ní maith do mholfuinn
ná caith re breith chomhthruim Críosd.
Tig chugam i gcrothaibh fallsa
fear mo mheallta, a mháthair Dé;
tiocfa mo námha ní as ghoire;
sul thí, tárra, a Mhoire, mé.
Dia Athar i n-ucht a bhuime
do bhí ag teitheadh — truagh na cuir:
go n-íoca mé d'eiribh oile
eidhir Dé, a Mhoire, ar do mhuin.
Leantar máthair Mic an Athar;
íoc an leinbh do luigh fa a brat
— ag sin congnamh uaim don uile —
ar chonnradh fuair Muire mac.
A thrí Mhuire, maith do chaithfinn
congnamh liom fam leigin suas;
ná tréigidh mé, a naomha nimhe,
a chré dhaonna an tighe thuas.
Le chéile gur chaitheas m'aimsir
amhlaidh a-táim — truagh an brad —
gan lá do ghuidhe Dé dhamh-sa;
mo ré uile Is fallsa ar fad.
Fada a-táid gan toil a seathar
síol Ádhaimh — ní hoirchios
dáibh,
ni fhuil cúl díona ag
an duine
achd súgh cíogha Muire
a-mháin.
Gá n-iarraidh, an uair nach teagaid,
a-tá Muire — mór an brad;
ní bhí sí tráth ar a
dteitheadh
sí ar cách ag feitheamh i bhfad. Fada. | https://celt.ucc.ie//published/G402048.html |
G402049 | Féach do dheireadh, a dhuine | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 940 | Féach do dheireadh, a dhuine,
ní fada go bhféachfaidhe;
ní fhuil fúd achd fód beantar,
ní fód súd nach so leaghtar.
Féach ar dheireadh an domhain
féach ar tús mar tángabhair;
gearr go dtair am an fheithmhe,
ní fhoil ann achd imeirche.
A dhuine dhiombuain eile,
cáit ar ghabh do ghuaillidhe?
do-ní don té as doilghe dhuid
do-roighne cré dod charaid.
Sineadh t'fhoilt bánadh do bheoil
cuimhnigh orra dot aimhdheoin;
cuir 'n-a leith do chosg do chean
an rosg do bheith ag briseadh.
An déad ag dul i mbáine
's an aghaidh gan iomáille
's na gruaidhe ag dul i nduibhe
ag cur t'uaille i n-eolchuire.
Caithfidh tú a gcur re chéile
an uaigh Is an aisléine;
fuaradh na mball leath ar leath
an t-uabhar ann ba aithreach.
Caithfe imtheacht dá éis sain,
caithfe éirghe dia Domhnaigh,
a thruaigh, dámadh í th'anmhain
smuain ar na trí togharmaibh.
Mairg nach tuigeann mar tá sin,
féach mar támaid 'n-ar dtoirrchim,
féag an cioth i n-ar gcoinne,
rioth ag an éag orainn-ne.
Féachtar libh an lán mara;
nach é am an iomramha?
a-tá dáil an anfaidh ann;
ní faghthair tráigh achd tamall.
Beir ar phort sul thí an tuile
— ní fhóireas gach aonduine;
ná bíod sgáth re n-éigean
ort
an tráth bhus éidear t'fhurtocht.
Tiocfa Críost i n-ar gcoinne
'n-a bhreitheamh cheart chugainn-ne;
ní dhiongna Muire dóigh dhe
guidhe dá chóir ní chuirfe. Féach. | https://celt.ucc.ie//published/G402049.html |
G402051 | Fuaras mian, ón, fuaras mian | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 895 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Fuaras mian, ón, fuaras mian,
rí saidhbhir agus é fial,
file mi-se ag iarraidh grás
mar dhleaghthair gach dámh do riar.
Fuaras neart, ón, fuaras neart,
rí láidir agus é ceart,
rí éisdeas bille na mbocht,
rí nach olc do-rinne a reacht.
Mo rí mór, ón, mo rí
mór,
rí nach cuireann suim i stór;
ag so an rí dhíolas gach neach
don uile idir bheag Is mór.
Mo rí féin, ón, mo rí
féin,
rí nach diultann neach fan ngréin;
ós é as fhearr dhíolfas mo
dhán
molfad tar cách mo rí féin.
Leigeam dóibh, ón, leigeam dóibh
táinte slóigh an bheatha bhuain;
molaim feasda rí na ríogh,
is é Críost as fhearr fa dhuain.
Míchéal maor, ón, Míchéal
maor,
nar leig mé as an raon riamh,
molfaidh mi-se aingeal Dé
ós dó féin fuaras mo mhian. Fuaras. | https://celt.ucc.ie//published/G402051.html |
G402052 | Garbh éirghe iodhan bhrátha | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,872 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Garbh éirghe iodhan bhrátha
ní bu hanfadh aontrátha;
gach síon mar do róigh reimhe
do sgríobh go cóir Cirine.
Cirine Is cách dá shaighidh
fuair a bhfios ag Eabhraighibh;
sgéala laoi an Luain re leanmhain
fuair an saoi sna seinleabhraibh.
Do fhágaibh Cirine ag cách
cúig lá déag rias an
ndianbhráth
plágha troma do thoigheacht
tonna trágha ag teachtaireacht.
A-tá ar an mbráth sonn
slighe
nach fríoth go bhfuair Cirine;
más fhíor Cirine Is ceart soin
tearc ar slighei-ne ag seanchoidh.
Dá fhichid cubat ceart dó
fuair Cirine san chéadló
go mbí an fhairge ós gach eisgir,
is í a hairde innistir.
Tráighfidh muir ar n-a mhárach
go hiongantach ioldánach
go ró gach bánuisge a bhun
san ló thánuisde ar dtrághadh.
An treas lá líonfaidh gach áth
ar dteacht na maidne i mochthráth
go mbí an fhairge 'n-a hionadh
gan airde gan íslioghadh.
Búirfidh gach péisd sa mhuir mhóir
an ceathramhadh lá lánchóir
nach fidir neach an ní a-dir
acht Rí na mBreath, Rí an ríchidh.
An cúigeadh laithe budh lán
d'uisge gach cladh 's gach cabhán;
bádhfaidh glasmhuir ruadh gach rinn
lasfaidh gach cuan mar choinnill.
An seiseadh lá budh lán d'fhuil
gach ní thiocfas tré thalmhuin;
ní bhia craobh ná cora clach
gan bhraon fola gá bhfolach.
An seachtmhadh lá — lór
d'ainimh —
budh hé an lá-sain leagfaidhir
na clocha arda eagair:
anba an fotha foircheadail.
An t-ochtmhadh lá — lór do
dhoirr —
do-níd na clocha comhroinn
do-ní gan chairde agus croid
trí cairrge dá gach charraig.
Troidfidh gach trian rer-oile
mar budh clocha ciallaidhe;
roithe agus budh teo ná te
gleo gach cloiche re chéile.
An naomhadh lá cian ó ad-chlos
géisfidh an talamh tonnghlas,
tiocfa fan mbioth torann tréan
crioth oram ris an uirsgéal.
An deachmhadh lá léighthear de
muirfidhear cnuic na cruinne
gan fhán fan gcruinne gan chéim
gan uille acht 'n-a chlár choimhréidh.
An t-aonmhadh lá déag a-droigh
cách a huamhaibh 's a hallaibh
's a mbéal re lár an lá-soin
le hár Is le uathbhásaibh.
Tuitfid sin uile d'éag de
réaltanna Is reanna nimhe
tuitim dá gabhlaibh don ghréin
go talmhain gcnuicfhinn gcoimhréidh.
Ní urmhais neach ní do rádh
acht bheith ar sraon 's ar seachrán;
ge dheach ar aghaidh gach fhir
ní labhair neach re naoidhin.
Sgarfar gach fear re mhnaoi a-muigh,
sgarfar gach mac re mháthair,
nocha bia dias ar domhan
bhias ó Dhia gan dealoghadh.
Truagh bhar dtoisg ar an dtalmhain,
a chlann Ádhaimh éadtarbhaigh;
a shluagh déarach an domhain,
truagh an féarach fuarobhair.
An treas lá déag — doirbh an
dáil —
marbhthar cách uile d'aonláimh;
nochan ria duine dearmaid
nach bia uile i n-aointreabhlaid.
An ceathramhadh lá déag a-droigh
comhard airde re n-uaghaibh;
ní cheil féar taise nach tig
i mbéal gach claise i gcuirid.
An cúigeadh lá déag don dáil
lasfaidh talamh mar theannáil;
do ria an mráth ar n-a mhárach
ó mbia cách go ciulánach.
Cuirfidh Dia a dheaghMhac dia Luain
do mheasrughadh an mhórshluaigh
Luanchar Dé do mheas na marbh;
budh é an treas uathmhar athgharbh.
Do-bhéara Críosd — cruaidh an
airc —
dúin-ne an t-achmhusán orrdhairc;
Rí na ndúl a-déara riom
a éara dhún tre dhoichioll.
"Cuin do bhí againn t'éara"
cantar uainn tre aithmhéala
"duit do-bhéarmaois bú ar sealbha
dá bhféaghmaois thú, a
Thighearna."
"Mé an bocht do bhí san doras
i n-íotain 's i n-ocaras
gan luagh ar mhír ná ar dhigh dhamh
do bhínn Is sibh go seasgar.
"Mé gach fear do bhí go bocht,
mé an bhansgál do bhí
tárnocht,
mé gach aonbhocht do b'fhíor dáibh
do bhiodh taobhnocht gan tógbháil.
"A lucht rom fheith amhlaidh sain
téighidh i dteaghdhais nDiabhail
is caithidh mar as cubhaidh
an chaithir do cheannchubhair."
Budh hiomdha ann soin gáir guil
ag lucht dealuighthe Diabhail:
truagh, Is diabhail ghá ndeaghail,
nuall an fhiallaigh imneadhaigh.
Mairg cheannchas a chur san mbeirn
i gcathraigh uathmhair Ifeirn;
ní cumhaing lucht an lis-sin
a bhfuluing d'olc d'innisin.
A chur ón gcathair neamhdha
mairg thuaras, a Thighearna;
mairg sgarthair — nár sgarthair sinn —
ris an gcathraigh n-aird n-aoibhinn.
A-déara Críosd chongmhas smacht
"tigidh do bhrígh na mbeannacht,
a dhream-sa nach deachaidh uaim,
leam-sa san mbeathaidh mbiothbhuain.
"Gach aon do fhágaibh a fhleidh
im onóir" ar Rí an ríchidh
"do-ghéabha teagh n-óil bhus fhearr
ar nach róigh feadh nó foircheann."
Oisgeolaid dhóibh na doirrse
aingil gheala ghruadhshoillse;
budh feidhm aithne ar an ngréin ngil
tar néimh aighthe gach aingil.
Lánamhna Is ógha Is feadhbha
suidhid suas fan Tighearna
'n-a dtrí naoimhshreathaibh ar nimh
ar aoinbheathaidh le hainglibh.
Máthair Chríosd 'n-a colainn féin
ar nimh do chách Is coimhléir;
do-chíthir i gclí duine
Rí an ríchidh 'n-a ríoghshuidhe.
Soraidh don lucht bhéaras
bás
ria n-a gciontaibh don chéadfhás;
saoghal don ulc ó nach an
baoghal don lucht dá leagar. Garbh.
Peadar Pápa na Rómha
soighid dronga díomhóra
cách fa seach do sóigh Peadar
mar theach óir gá
oireagar. Garbh. | https://celt.ucc.ie//published/G402052.html |
G402053 | Íocadh Críost cumaoin a mháthar | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,773 | Íocadh Críost cumaoin a mháthar
mór re a dhíol a ndearna sí;
an chíoch asa teann ar dtagra
gearr ó fríoth re hagra hí.
Measfaidh cumaoin cích a mháthar.
measadh sain a n-uair dá ulc;
naoi míosa do bhí 'n-a bruinne
Íosa ní as uille 'n-a hucht.
A beith n-a hóigh d'éis a toircis
fa tualaing saor na sé gclann;
teacht i gclí d'oidhre na hóighe
do bhí coimhdhe a hóighe ann.
Tar éis ar fhear d'fhuil an chridhe
cneadh an taoibh fa tobar díosg;
go rug an bás céim 'n-a choinne
a ghrás féin fa choille ar Críosd.
Ní dhiongna Dia an dícheall céadna
do chloinn Éabha — is adhbhar sgís;
tús an dubhaidh a-tá ag teachta
gan lá turaidh reampa a-rís.
Cia nach daor ó na deich n-aithnibh
uan Muire dá maithe an pháis;
a dtéid liom go lá na deaghla
a-tá im chionn ar bearna an bháis.
An mac do mhéaduigh a huaisle
óighe a mháthar nír mhill
sé;
a glún dá heidhir do b'iomdhadh
gur dhún gheimhil diomdhadh Dé.
Do cheannaigh — fa cunnradh sochair —
síoth a dalta ar a deoir ndeirg
go bhfuair féin croidhe dar gcoimhéad
Moire ag béin fhoighéag dá fheirg.
Mar fuair an lot do Long-ínus
grása Dé re ndul fan lia
ní as tinne ná mo lucht leasa
do-rinne an t-ucht deas-sa ar Dia.
A-tá ag an óigh iúl na sligheadh
dá seachna an Coimdhe cur linn;
grása ar seathar seol an arthraigh
eathar i mbeol anfaidh inn.
Guin an chló do-chuaidh 'n-a throighidh,
trom re híoc i n-aice ar ngníomh;
ní hurra an chlí ris na ceanaibh
is cuma dhí a ndleaghair díom.
A adhbhar d'iomchar na croiche
i gcoinne an bháis do bhí ag drud;
do bhí teas na ngrás 'ga gharadh
bás don treas tamhan go dtug.
Dá mbeinn saor ó na seacht bpeacthaibh
páis an mheic do mhaithfeadh sé;
luach an deilge dhó dá ndearnainn
do b'fheirrde cló i ndearnainn Dé.
Go dtiocfa mar tháinig roimhe
rádh gach eolaigh — ní hiúl
cam;
biaidh dhod sgáth ar na sé sluaghaibh
nach é an tráth as uamhain ann.
Mithidh liom leanmhain a éarca
áladh an chroinn do-chuaidh tríbh;
do chionn a mhaithmhe, a Dhé, dham-sa
ní mhaitfe mé an crann-sa id chígh.
Gé thugais linn do lá bágha
beag an éaraic iarrfa id ghuin;
ní móide díol th'fhala a huaisle
dá bhfagha síodh uaim-se it fhuil.
Do chneadha doimhne, a Dhé Athar,
eidhreacht cáigh do cheannaigh siad;
ceannchaidh crú th'álaidh an uile
's nír shlánuigh tú uile iad.
A-tá 'n-a thosd ar tí ar meallta
móide an baoghal bheith 'n-a fhail;
nochar an tu-sa ar an talamh
an usa dhamh anadh air?
Do mháthair nír mhaol a cumha
an cíoch gonta gur ghabh táth
gur bh' uisge ionnlaidh dhí a deora;
do bhí ar th'iomdhaidh teora thráth.
Do chaoin an ógh d'fhuil a croidhe
cneadh an bhuinn do bhí fan chló;
ní i n-aisgidh do bhí ga bosaibh
t'fhaigsin, a rí, id chosair chró.
Eigean dúinn déanamh 'n-a éagmhais
gidh é an cruinne carthar linn;
a-tám a-moigh feadh na fáilte
goir go teagh na sláinte sinn.
Do ghabh Muire Magh-da-léana
leat, a Dhé — gár dheacra ar
gclódh?
dar leat do budh usa mh'fheacadh
do fheac tu-sa ón pheacadh Phól.
Gér mhó martra meic na hóighe
is ionráidh re hearla nocht;
"bás do bhráthar duid gér dhoiligh
cuid máthar dá oighidh ort."
Ceilt an mheic i measg a námhad
do-ní an ógh fa híseal sdair;
do b'eagail lé teachta thairsibh
fearta Dé nar fhaillsigh air.
Long an anma d'éis a seolta
— seol an arthraigh budh í an
pháis —
is baoghlach mo leabaidh luinge;
eagail saobhshruth buinne an bháis.
Ní mó ná beo do bhí an
ríoghan;
rí an talmhan gér thruime a phian
a ghoin fa martra le Muire;
nír oil dalta roimhe riamh.
Do bhí an diomdha ag fadódh fúithe
fearg an mheic gur maoladh lé;
soghuidhe an rí tres an ríoghain
sí ag forfhaire ar dhíoghail nDé.
Gin go mbeath liom lá na breithe
buime mhúinte mheic an ríogh
a-tá a grás 'ga char 'n-a chrithribh
nach cás damh a ndlighthir díom.
Tig 'n-a luighe ar leic a dalta
i ndiaidh Íosa d'éirghe ón uaigh;
do chreid Moire a theacht ó thalamh;
croidhe ón fheart fhalamh ní uair.
Nír fhulaing ar eagla a ghonta
grása Dé do dhul i ndíosg;
mac na hóighe i gclí gur cuireadh
do bhí a hóighe ag cuireadh
Críosd.
Do chloinn Ádhaimh gidh é as
coimhéad
créachta an bhuinn — ní beag an
tóir —
is í a pháis do chách bhus conair
áth an bháis madh domhain dóibh.
A fhir nach adaimh a cheana,
ceilt an uilc ní headh budh dú
— féach an corp a-tá 'n-a
thaisibh —
th'olc an lá do thaisigh tú.
A hosnaidh re hucht na croiche
cneadh a mheic fa móide a nimh;
fuair do mhartra Is í 'n-a fhochair
dí nar dhalta sochair sin.
Do íoc ar gcuid do chion Eabha
oidhre Dé do dhiúl a cíoch;
nús a bhuime a-tá 'ga thairmeasg
ruinn-ne an lá as aimhleasg a fhíoch. Íoc.
A Mhíchíl, a mhaoir an Dúilimh,
díol mo cheana ná cuir díot;
ó taoi ar mo sgáth id sgiath dhaingean
is tráth m'fhiach, a aingeal, d'íoc. Íoc. | https://celt.ucc.ie//published/G402053.html |
G402054 | Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh | Fearghal óg mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,525 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
cúis a hadhanta fhuair sí;
ní thig lá nach iomdha a hadhbhar
más diomdha tá ar adhnadh í.
Lúisifear nar loc a aimhleas,
an t-aingeal do b'áilne gné,
do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;
níor theilg uadh gan fhachain é.
Le Lúisifear lá na deaghla
an deachmhadh ord ar aoi a gcealg
do cuireadh mon-uar i nIfreann,
bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.
Do chur anma i n-áit gach aingil
dar imdhigh ó oidhre Dé
do smuaintigh sonn deilbh an duine
feidhm ler chom an chruinne ché.
Ní hionann Is aingle an uabhair
Éabha Is Ádhamh — anba an bhuaidh;
do chruthuigh sin iad rer-oile
ní thiad dá thigh oile uaidh.
Go haithghearr tar éis a ndéanta
an dias-sain dar dháil a thail
gér chlann fhíre iad don airdrígh
do-ríne siad fairbrígh air.
I bParrthas na mbileadh dtoirtheach
tiomna Críost níor chomhuill siad;
do-niad cailg abhla na haithne
mairg tamhna dar bh' aithre iad.
Ag sin an dara fáth feirge
fuair tighearna na dtrí sluagh
foghail cnuais na craoibhe corcra
daoine i nguais obtha uadh.
Céadfháth feirge fuair ó thosaigh
tnúth na n-aingeal — anba an call;
an dara fáth coill na cánadh
ar chách do choill Ádhamh ann.
An treas fáth ag feirg an Dúilimh
do dhoirt Cái-in — creidim súd —
fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill
báthadh gráidh an ámhaill úd.
Do thuill Naoi fós feirg an Athar
ón áirc an tan tháinig sé
tug a úidh don fhíon do b'uaisle;
níor dhíol rúin an uair-se é.
D'Forann iar ndol i ndeoidh Maoise
san Muir Ruaidh na róideadh nglas,
níor thuill sé fholaidh gan adhbhar;
roghaimh Dé do hadhnadh as.
Gan luagh ar a leabaidh chéasta,
gan chuimhne ar a chur i n-uaigh,
gan labhra ar dhiomdha na deilge,
iomdha damhna feirge fuair.
Ó shíol Ádhaimh d'adhbhar fheirge
ní háiréamhthair a n-uair sé
áireamh go ndeach ar an duille;
breath na bhfáidheadh uile é.
Fearg an Choimdheadh créad fár thuillseam?
tig uadha le hintinn soirbh
sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin
gach ní dá bhfuair d'easbhaidh oirn.
Muir Is talamh tug dá chomhghaol
's an chúirt naomhdha 's gach ní ad-chiad;
achd gidh fuar bheirid a bhuidhe
do-gheibhid uadh uile iad.
Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann
's dealbh a aighthe — anba an bhuaidh —
's a theas ghráidh 's a shíodh fa
shéala
do dháil do shíol Éabha uaidh.
Ní dar dtoirbheart do thriath oile
do fhuluing Críost — cruaidh an sdair —
a ghuin iar dtabhairt a thoile;
raghuirt do luigh m'oire air.
Ní dar gcur i gcarcair námhad
do nocht an Coimdhe a chneas búidh;
ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla
ní fhoil ní nach dearna dhúinn.
Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl
ó chodhnach na cúirte thall
a dhá láimh gur leath dá ngabháil;
breath báidh ní ba fhaláir ann.
Dá chraoibh eolais d'fhios an ríchidh
róibh, a dheibhléana Dé bhí,
do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh
daoibh nír dhíoghrais fholuigh í.
Lucht an fheadhma i n-am na heagla
ar na hardaibh éirgheas siad;
rí nar choill ar a chloinn ionmhuin
i mbarr croinn do ionghuir iad.
Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne
ba dian a pháis — pudhar thinn;
do fhaomh an umhla do dhlighfeadh
craobh chumhra le sirthear sinn.
Na flaithe eile achd Uan Muire
milse corna chleachtaid so;
ní tug fuath go dearbh dá dháileamh
gidh cuach searbh do dáileadh dhó.
Do íoc na holca do-rónsam
rí na glóire — goirt an sdair;
fuair a ghuin tre uille an uabhair
do luigh truime ar n-ualaigh air.
Guidhim thuas baincheann na mbanógh
fam breith is-teach do thoil Dé
achd gidh iomdha cealg im chroidhe;
biodhbha do leanb Moire mé.
Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim
sruth an chígh ós chionn a bhrúigh
dá dtí tuile i n-áth an ochta
ar sgáth Mhuire Is dolta dhúinn.
Sí 'n-a máthair Is 'n-a maighdin
Muire bhúidh na mbachall bhfionn
faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin
go rabh fan gcíoch roiréidh riom. Iomdha
Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh
gach díomas dá ndearna sionn
eagal fa-ríor go mba raghairt;
bíodh Peadar ag labhairt liom. Iomdha. | https://celt.ucc.ie//published/G402054.html |
G402055 | Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,891 | Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag
a muinntir do mhéaduigh sí;
diallaidh re gach fear dá bhfhaghann;
bean fhiadhaigh na n-anam hí.
D'éis a héaga Is fearr do bhaoghal
an bhean dar cheisd cosg an uilc;
'n-a beathaidh níor bhean re suirghe
bean i ndeachaidh cuimhne a cuirp.
Is é as chiontach ris an gcumann
— comhthrom uainn ní fhaghann
sí —
an fear le ndiultar a dhéineamh;
bean nach diúltadh éinfhear hí.
An lá as chumhain liom mo lochta
ar leas m'anma Is ann do bhiath;
is í ar suirghe re San Mairghréag
cuimhne dhamh ar ainmhéad m'fhiach.
Grádh tairise do thaobh cumainn
créad an fáth nach fuighe sí?
bean nach tug náire dá naomhthacht
rug báire ar gach aonlocht hí.
Ní hiongnadh gomadh í an bhanógh
do bhéaradh d'fhear annsacht lán
bean do ba chuibhdhe mar chéile
don fhear suirghe as ghéire
grádh.
Sealbh na humhlochta ó aois leinibh
go lá an bháis níor beanadh
dhí;
do cheangail síoth re méad meanman
díoth go héag nach dearnadh dhí.
Bean dá ráinig rogha anma
adhbhar don ainm do rádh ria
a mhéad do mhaith do-ní an néamhann
maith gach ní dhá ndéanann Dia.
Dá héis Is iomdha 'n-a beathaidh
— gá beag uirthe d'adhbhar
gráidh —
cloch líoghmhar an anma uasail
míorbhal tharla i gcluasaibh cáigh.
A Dhé, ní dheachaidh it aghaidh
gion gur eol dí dul id ghar;
sul do chreid an ógh it ainm-se
mór do leig thairse dá
tal.
Iúl nochan fhuair ar an gcreideamh
an chéadchuid gur chaith dá ré;
d'éis a baisde do bhaoi a námha
i ngaisde ag mnaoi dhála Dé.
Cosg mo námhad naisgim
uirre
ós í roimhe rug a bhuaidh;
ní théid ar feadh iadhaidh m'fhabhra
fear fiadhaigh an anma uaim.
Is móide chuirim i gcomhrádh
an comhrag rer chaithis
dlús;
buain rem fhurtocht gomadh usa
a dhocracht fuair tu-sa a thús.
Ná leig eadrom Is m'fhear cogaidh;
do chlaoidhis cheana — trom an clú,
iomchuir a-rís oire m'anma —
dís roimhe re dtarla tú.
Don tromdháimh tháinig a hIfearn
dá aingeal do b'í do chuid
do choisg tú ar-aon an dá aingeal
taobh rú gomadh daingean duid.
Feirrde bean gé do bheadh láidir
lámh carad ag congnamh lé;
níor fhéad námha teacht red threise
tar neart lámha deise Dé.
Breith na cloinne Is cean do
mhartra
— móide as deacair déanamh
thort —
nach bí do bhean pháirte i bpianaibh
acht feadh sláinte d'iarraidh ort.
Ón mhaith do thionnsgain ar dtosach
ní troigh ar gcúl do-chuaidh sí
sealbh na ngrás nó gur ghlac
Mairghréag;
slat as nar fhás ainghéag í.
Tráigh ar a dtiomsaightear cnuasach,
crann toraidh nach téid i ndíosg,
bean do luaidheadh fa fhear uile,
bean ler fuaigheadh croidhe Críosd.
Do bhí ag fear dá fearaibh suirghe
searc don óigh — gá huaisle modh?
iomdha líon do hinnleadh uirre
inghean ríogh dar thruime a thol.
An grádh ar dtús thug dom banóigh
brath ar a háille an uair rug
do bhí gá choimhéad 'n-a chroidhe
dí ar roimhéad a thoile
thug.
D'fhior nochar iongnadh a carthain
caol a mala, mín a traigh;
dearna a láimhe acht a lámh oile
clár do b'áilne snoidhe sain.
Ar an mbéal dtana tug féachadh,
an folt cas do-chonnairc uadh;
níor luibhe chabhra dá chridhe
duibhe a habhra Is gile a gruadh.
Annsacht nar urusa a caitheamh
dá cruth ar dtosach tug sé;
tug grádh dochaithmhe dá deighmhéin
lámh chothaighthe deibhléin Dé.
Is moladh ar áilne a haighthe
an inghean nar fhéad do chlódh
a chridhe ar n-a chor ar meisge
ar son dighe eisde d'ól.
Breath gion go mbeirthe le a faicsin
ní foláir go bhfuighe sí
grádh gach éinfhir ar a huaisle;
lán do thréidhibh uaisle hí.
Níor labhair ón lá do mhothaigh
leis an maighdin dar mhó a thoil
acht fuighle do bhíodh dá
mbogadh;
suirghe an ríogh ar hobadh air.
ní raibhe a cion
bean nochar bhean as a riaghail
bean ler shearbh a hiarraidh d'fhior.
Dia dá dtug masla
a mhian ar gcúl do chuir sé
go roibhe lán d'fhuath don
inghin;
grádh Is luath do imdhigh
hé.
An uair do agaill a briathra
do bhí an baoghal ag drud ria
an té ar ar tréigeadh a
námha
gurbh é a céidfhear dála Dia.
An sgiúirse as teo dá
dtug fulang
ní fríoth lé ó lucht a pian
acht gur ghéire a galar eile
garadh péine reimhe riamh.
Fuighleach dar fágbhadh 'n-a
créachtuibh
an cíogh trom an tráth do sguir
nar thuil a béal chréacht a colla
muir théacht a déar orra d'fhuil.
Tugadh pian trom do thaobh fhuachta
an inghean óg nar óg nós
le huisge fhuar dhí fa dheireadh
is í i ngual teineadh ar dtós.
An goradh gur bhean dá
brághaid
an bheatha thall níor thréig sí;
do mhian an bháis do bhaoi ar Mairghréag
nar chlaoi páis dá ainmhéad
í.
mháil fhoghanta an chinn-se
caraid na hóighe Is eadh bhíd;
a maith gur moladh le a námhaid
do thoradh mhaith thánuig tríd.
Cúig mhíle fear fa chuing creidimh
do chuir an ógh — níor fheidhm
díosg;
fuair 'n-a haonar d'ulc an phobail
gur saoradh lucht cogaidh Críosd.
ní dhleisinn
mo dhán molta Is mé 'n-a gioll;
sí re n-éag do chuimhne an chumainn
réad suirghe chumaim dá cionn.
Mo ghuidhe go ngéabha si-se
is í tuigsin i dtú faoi;
budh anáir fa dheireadh dhamh-sa
deighfhear d'fhagháil masla ón mhnaoi.
Do gheall tú a thabhairt dá cairdibh
cur linn fa leigheas ar n-olc;
ní dulta, a rí, tar an riaghail,
gach ní as mholta d'iarraidh ort.
Sgaoiltear
sgéalaibh milse
le méad an ghráidh do-gheibh sí
mian le a fear a n-ól 'n-a n-éindigh;
an ógh ní bean éinfhir í. Iomdha. | https://celt.ucc.ie//published/G402055.html |
G402056 | Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid | Gofraidh mac briain mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 680 | Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird cct.
Lámh indiu im thionnsgnamh, a
Thríonóid;
treoruigh mo leas damh-sa, a Dhé;
cleachtaim ámhuill ar iul ndíomhaoin
sdiur go rághuing míodhaoir mé.
Duit as léir mo leas Is m'aimhleas,
eadráin m'iomruill uaim ar th'iocht,
oibrigh im beartaibh, bí im chridhe,
neartuigh, a rí nimhe, im niort.
Tu-sa do bhris bás an
airdríogh
san inmhe chéadna Is tú tá;
fionnam sgiath do chumhacht gceannsa
cliath rem urocht leam-sa an
lá. Lámh. | https://celt.ucc.ie//published/G402056.html |
G402057 | Mair chungnamh lem chairdibh | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,673 | Mairchungnamh
lem chairdibh
cabhair uaim ní fhaghann siad;
mór dtaobh a ngabhad ga ngaoltaibh
caor charad ar aontail iad.
Urusa a aithne ar m'fhear chogaidh
a gcairdeas nach cabhair ghann;
gidh cia le gcarthair na caraid
sia ná an charthain anaid ann.
Tearc agam i n-am an chunntais
ar chionn an bháis gidh ard mh'uaill,
dam dhíon acht combáidh na gcarad;
gníomh folláin ní fhaghad uaim.
Do thaghas mar chairde croidhe
ar chionn mh'agra — ni hiúl gann —
dá cheathrar nó a trí nach
tréigeabh
neamhchur dá dtí an t-éigean ann.
Dom fhior cogaidh Is cúis faitchis
gidh iomdha im chionn cunntas doirbh
an dá sheisear re hucht n-aighnis
sei-sean 's a lucht aimhlis oirn.
Gidh iomdha romham bearn baoghail
dom breith suas ní slighe ghann
— is é an t-iúl go neamh do
nochtadh —
triúr Is fear Is ochtar ann.
Lucht eadrána fheirge an áirdríogh,
iúl fíre as a bhfuil ar ndóigh,
mogall géag nach cumhang gcabhra,
dá ubhall déag abhla óir.
Do bhraitheas gur mhogal milis,
mian gach neich do-chiú 'n-a chnuas,
da chóigear 's dá chnaoi
san
chrobhuing
is sgaoi óigfhear thoghaim thuas.
Gidh éigean dáibh dul dom chumhdach
cóir cungnamh as lia sa lia;
mór ní dá neamhthail do-ním-se
trí ceathrair as dísle ag Dia.
Do leanadar lorg a n-athar,
d'éis a bháis nír bheag a
ngrádh;
mogal cumhra an dá chnó déag-sa
umhla dhó ná an tréad-sa i
dtám.
Ní féadthar nach fionnfadh mi-se
— minic fhéachthar í dá
boing —
dá chnó dhéag d'iompuibh na humhla;
fionntair an ghéag chumhra i gcoill.
An fad do bhádar 'n-a mbeathaidh
briathra an sgrioptúir do sgag siad
na sé chúpla fa caoin freagra;
braoin drúchda na heagna iad.
Cúitéaghthar i n-am ar n-aighnis
— annamh fhuairsead taom budh theo —
ón éinfhear déag
páirte Is Peadar
ar bpáirt-ne a mhéad leagar leo.
Ar bhfás tríom do thoradh m'ainmhian
iomdha fréamh as a bhfuil géag
a ndul i seilbh mh'anma d'fholcadh
calma an feidhm dhá dhoctar dhéag.
Ar n-imtheacht dá n-oide mhúinte
mogal cumhra an dá chnó dhéag
do líon ceo cumhadh gach
duine,
nar phudhar leo uile a n-éag.
Ar n-anamhain uile i n-éintigh
do bh'í a n-orchra dar ghar glóir
— a dtoirse fa cumha choimhthe —
soillse ar ndula i ndoirche dhóibh.
Dá bhfuasgladh as a n-aitreibh iadhta
d'éis a n-athar — is iúl
fíor —
táinig an Spiorad Naomh neamhdha
ionad saor go ndearna dhíobh.
Táinig gus an teaghdhais ndúnta
an deachmhadh lá dá láibh
bróin
an Spiorad Naomh i dtairm theineadh;
saor an snaidhm fa dheireadh dhóibh.
Do fhoillsigh Dia san dúil teineadh
teangtha an domhain dóibh 'n-a rioth;
fir sin gan doghruing a ndéanmha
fir gan fhoghluim béarla ar bioth.
A n-eachtra nír bh'adhbhar guaise;
grás a n-eagna as lia sa lia;
an deaghsgol nír thréad gan teangtha
dá easbol déag dearbhtha ó Dhia.
Foillsighthear dhóibh dul dá dteagasg
na trí ranna — ní rian gann;
mar bu dú sgaoileadh an sgrioptúir
aoinfhear rú nír bh'iontnúidh ann.
Do cuireadh leo fa chuing creidmhe
na ceathra triair do thogh mé
— gan chairde budh beirthe a bhuidhe —
ceithre hairde an chruinne ché.
Ní tháinig ar dteacht dá dturas
— troma a ndochair ní dáil
ghann —
éinfhear dhíobh gan easgar
d'fhagháil
díol na n-easbal d'anáir ann.
Tiomsaighid timcheall na hóighe
re hucht a báis — ní beart
chlé —
a dá dhalta dhéag i n-aoinfheacht
'n-a dtréad sgagtha ó dhraoidheacht
Dé.
A dteagmháil is-tigh i n-aoinfheacht
d'éis a n-eachtra ó thír do
thír
— ní raibhe snaidhm as sia ar Mhuire —
gairm ó Dhia ar gach nduine dhíbh.
Ag sin iomthúsa na hóighe
inghean Iaichim fa hard nós
dul dí ó ghrás gus na
grásaibh
's í gan bhás ón bhás-sain
bhós.
Ós chionn a cuirp — cóir a
chreideamh —
ní chuala cluas nír chuir súil
a gclos do cheol ógh Is aingeal
— eol as lór do dhaingean dúinn.
Iarraim ar éininghin Iaichim
a hucht a gaoil 'n-a ghaol ghar
i n-anáir an dá fhear déag-sain
seal d'fhagháil dá déagsain damh.
Ar impidhe an dá fhear déag-sa
do dhíon cáich tar ceann a locht
do-ní a muime agus a máthair
ní as uille ná an bráthair bocht.
Seol mo luinge re hucht n-anfhaid
— iomdha slighe don tigh thuas —
ná leagadh sé muna seolfam
Peadar Is é ar seolchrann suas.
Uaidhe nó go bhfaghar fortocht
— fada dhamh i n-easbhaidh eoil —
ní ghéabha mé an cuma comha
gidh é tunna ola Eoin.
Go gcuire Tomás lámh linn-ne
i ló an bháis — budh tachar te —
lámh i dtaobh Dé mar do dheaghcuir
as ar shaor sé a dheacair dhe.
Parr-thalon agus Ta-théus
mo thonn fheirge — ní gníomh
gann —
Aindrias muna chabhra ó chroidhe
tarla an daighdhias oile ann.
Dom shaoradh ar fheirg, a Íosa,
acht Eoin Bruinne as bhráthair dhaoibh
ní mhar tréan as mó go Muire
San Séam nó a dó
ar ghoire
gaoil.
Suibhisgéal Is easbhal orrdhraic
gidh é Matha nar mhaol sdair
tarla dhó glóir an dá ghradam
ag só dá choir agam air. | https://celt.ucc.ie//published/G402057.html |
G402058 | Mairg bheireas díogha dá dheoin | Fearghal óg mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Early Modern | GA | Verse | — | — | 1,123 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Mairg bheireas díogha dá dheoin
mairg thréigeas teagh an ghnáithcheoil
ar threibh ndoibhinn ndiamhair nduibh
go bhfoirinn fhiallaigh uathmhair.
Ar comhaonta deibhléan ndubh
mairg thréigeas teaghlach glórmhar;
an díogha nochan í as fhearr;
ní críonna an tí nach tuigeann.
Tuas a-tá teach na soillse
tíos a-tá — tuar síorthoirrse —
teach eighreadhta an diabhail dhoirbh
seinleabtha fhiallaigh Iofoirn.
Tíos a-tá an triath as mheasa
tuas a-tá — tuar aoibhneasa —
an flaithfhear ós na finibh
nar caitheadh 's nach caithfidhir.
Tíos a-tá an triath Is dorcha
tuas a-tá — tuar neamhorchra —
an Coimdhe do chruthuigh mé
oidhre suthain na soillse.
Flaitheamhnas gan fhoircheann air
thíos a-tá an triath rer dhealuigh;
tuas tarla an triath nar tubhadh
sgiath gach anma d'anaghal.
Rí ar a dtá togha dealbha
tuas a-tá 'n-a thighearna;
tíos tarla an triath go n-ainimh;
liach a adhbha d'ionnsaighidh.
Mairg thréigeas ar thriath na locht
Athair na n-uile gcumhacht
rí gan aonlocht, rí na reann
do bhí taobhnocht im thimcheall.
Mairg ler seachnadh saidhbhreas grás
ar threibh bhoicht i mbí dólás;
ní críonna cor an phobuil
do ghabh díogha dearlagaidh.
Go ndíbrir óm intinn é
an tí as duibhe ná an duibhré;
tre thoirrse go dtí im chroidhe
rí na soillse suthoine.
Bheith bithbheo gidh bé len áil
dá dtréigeadh níor thuar conáigh
grás as líonmhaire ná an luibh
ar bhás shíordhuidhe shuthuin.
Seachna Iosa ar Ifreann fhuar
malairt ghuirt dan gar diombuadh
an oighidh fhíre Is í soin;
ríghe ní bhí ag a bhiodhbhaidh.
Gille as mhó d'inmhe agus d'fhuil
biaidh 'n-a throich ó sin suas-ain
más é as rí ar an talmhain truim
dá dtí go hadhbhaidh Iofruinn.
An té bhíos ó thigh go toigh
má théid don teaghdhais ghlórmhair
bídh fa onóir ó sein suas;
do-gheibh coróin ón choguas.
Sireadh Muire ar a mac dhil
m' fhurtocht i n-aimsir m'éigin;
tar m'olc síor ná séanadh sionn
dom dhíon déanadh a dhíchioll.
Go rabh leam i ló ar ngábhaidh
líog lógmhar shíl sheanÁdhaimh
Muire ghlórmhar géag ós fhiodh
séad na n-ógbhan 's na n-aingeal.
Fios a hóghdhachta ag gach aon
bíodh feasda tar mhéid mo mhíothaom
dom thaighdeadh don tigh thall-ain
maighdean dil do dhearbhamair. Mairg.
Peadar doirseoir dúin nimhe,
leannán na n-ógh n-ainglidhe,
cara na naomh a-nall-ain,
saor an ragha rugamair. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402058.html |
G402059 | Mairg dar compánach an cholann | Athairne mac eoghain | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,039 | Athairne Mac Eoghain cct.
Mairg dar compánach an cholann,
cumann fallsa ní fuath lé;
guais thall a cionta fam chomhair,
tiocfa am bhus omhain é.
Fuath m'anma Is annsacht mo cholla
connradh meallta mairg do-ní;
mé dá toil congbhaidh an cholann
foghlaidh mar soin oram í.
Gach grádh riamh dá radas di-se
níor dhíol uirre ar fhuath na bpian;
do fhill mo ghrádh 'n-a fhuath oram
lán dom fhuath an cholann chriadh.
Ní díol ceana an cholann mheabhlach
gidh mór an toil thugas dí;
minic nach buan críoch a cumainn
ní fríoth achd fuar umainn í.
Lór dom theagasg gé táim aimhghlic
i n-am an bháis — is beart chruaidh —
na huilc i dteine ga dtéaghadh,
na cuirp eile d'fhéaghadh uaim.
Re hucht an bháis — is breath cantar —
an claochlódh truagh thig don ghné;
an corp ar chalbha na huaighe
olc an damhna uaille é.
Do-chím an béal dearg ar ndubhadh
's an déad chailce 'n-a cnáimh ghorm,
mo thoil ní fhuigheam ón uabhar,
ní chuireann soin uamhan orm.
Na súile i n-aimsir an éaga
adhbhar biodhgtha mar bhías siad
— gá beag dúnn ón rígh mar
rabhadh —
do-chím cúl ar aghadh iad.
A ghrádh féin Is aimhleas mh'anma
ós éigean dúinn dul ós aird
fuair an cholann cuid na deise;
romhall do thuig mei-se a mhairg. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402059.html |
G402060 | Mairg mheallas muirn an tsaoghail | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,234 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Mairg mheallas muirn an tsaoghail
gearr bhíos buaidh a mhóraonaigh;
mairg nach rochaomhain é air
re ré an drochshaoghail deacraigh.
Flaitheamhnas mór ar mhuirn mbig,
beatha shíor ar sheal ngairid,
tréigean Dé Is diombuaidh an dáil
ar ré ndiombuain an domhnáin.
Sógh na sochraide neamhdha
a-tá thuas mun dtighearna,
gach sódh fa nimh seacha sain
is beatha fhir i n-uamhaidh.
A dhaoine dá ndáiltear rath
leis nach beag méad a meadhrach
bhar sódh Is uime as lor libh
gan sódh as uille d'fhaicsin.
Dá dhearbhadh sin ag so sgéal
bheanas ris do réir fíréan
— sgéal é ónab iontúir
neamh —
gidh bé sgriobtúir ór sgaoileadh.
Bean torrach ag tuar broide
do bhí i bpríosún peannaide;
bearar do chead Dé na ndúl
lé leanabh beag san bhríosún.
Ar n-a bhreith do bhí an macámh
ag fás mar gach bhfochlacán
dá fhiadhnaibh mar budh eadh dhún
seal do bhliadhnaibh i mbríosún.
An inghean d'fhagháil bhroide
meanma an leinbh níor lughai-de
's í dá réir gé do bhaoi i
mbraid
mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid.
Do shoillse an laoi níor léir
dhóibh
achd a bhfaicdís — fáth
dobróin —
do dhruim iodhan an achaidh
tré ionadh thuill tarathair.
Mun n-orchra níor bh'ionann dál
dá mháthair Is don mhacámh;
do athruigh dealbh dá dreich ghil
is an leanbh ag breith bhisigh.
An leanbh dá oileamhain ann
do b' fheirr-de aige a fhulang;
níor léir don bharrthais óg
úr
narbh fhód Parrthais an príosún.
Sei-sean ag breith ruag reabhraidh
si-se ag dul ar doimheanmain,
mairg thrá nach tiobhradh dá aoidh
ionramh na mná Is a macaoimh.
Ar bhfaicsin déar re dreich ngil
ráidhis an leanbh lá éigin
"ó tharla a fhuigheall ar m'óidh
cluineam damhna do dhobróin."
"Neimhiongnadh gé do-neinn maoith"
ar si-se "a leinibh lánbhaoith
"is rian chumhang nar dhleacht dún
teacht d'fhulang pian i bpríosún."
"An bhfuil" ar sé "sódh eile
as aoibhne ná ar n-inmhei-ne
nó an bhfuil ní as soillse ná so
ó do-ní an toirse throm-so.
"Dar linn" ar an leanabh óg
"gé taoi brónach, a bhean-ód,
is léir dhúin ar ndíol soillse;
ná bíodh ar th'úidh athtoirse."
"A n-abra ní hiongnadh dheit,"
ar an inghean "a óigmhic
dáigh treibhe an teagh do thaghais,
treabh eile ní fhacadhais.
"Dá bhfaictheá a bhfacaidh mei-se
re dteacht don toigh dhoirchei-se
do bhiadh doimheanma ort ann
id phort oileamhna, a anam."
"Ós agad-sa as fhearr a dhearbh,
a inghean" ar an t-óigleanbh
"ná ceil foirn fionnachtain de
do mhoirn d'iomarcaidh oirn-ne."
"Loise an tsaoghail mhóir-se a-muigh
is eadh tháirreas ó thosuigh;
mé i dtigh dhorcha 'n-a dheaghaidh,
a fhir chomtha, Is cinneamhain."
Le cleachtadh deacrachta dhe
's nach fuair se sodh budh aoibhne
níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan
ar an bpríosún bhfuair bhfalamh.
Baramhail do-bhearthar dún:
an dream do bhaoi san bhríosún
lucht an bheatha ché an cúpla
a ré Is beatha bhríosúnta.
Ag féachain meadhrach Mic Dé
flaitheas aga bhfuil buainré,
cúis bhróin beatha gach dúnaidh
slóigh an bheatha Is bríosúnaigh.
A-tá idir neamh na naoi ngrádh
is aoibhneas talmhan thonnbhán a mbí idir uaimh dhorcha dhuibh
agus tolcha i n-uair aonaigh.
Drumchla áluinn gach achaidh
is grian tre tholl tarathair
gach teaghadh gréine do-gheibh
ag féaghadh réime an ríchidh.
Ní bhí an tsoillse-se an tsaoghail
seach múr nimhe nuabhraonaigh
— taobh re a dáil Is doibheas damh —
acht mar shoiléas cláir comhladh.
Fearr í ina loise as lugha
aoibhneas ris nach ionchora
ní buaininmhe an mhoirn-se a-muigh
tuairim-ne an soillse suthain.
Tuarasgbháil teaghlaigh nimhe
's an bhrogha aird ainglidhe,
go dtí an bráth agus bheith ris,
ní reich re cách í d'aithris.
Maith na cruinne ar chumas damh
agus neamh éanuair d'fhéaghadh
do leigfeadh mé an mhaith-sin uaim
gan é d'fhaicsin an
athuair.
An talamh go n-a dtig de
do thréigfinn ar theach nimhe
's gan fhaicsin dúnaidh Dé dhamh
achd mé ar culaibh a comhladh.
Éisdeacht le héanlaith nimhe
is cuid don cheol ainglidhe
na heoin Is díoghadha dhe
fíorragha ceoil na cruinne.
Iomdha oirfideach eoin bhinn
ag mac inghine Iaichim;
nocha léir dá nglar-san guth
nach sásfadh i bpéin peacach.
Iomdha i n-Ifreann 'n-a aghaidh
— ní dá gcur i gcomhraghain —
guil agus ualla arda
'ga bhfuil uadha ar ionnarba.
Ifreann aitreabh na ndeamhan
príosún daor an Dúileamhan
— rochtain ilphian triall don tigh —
imchian ó rian an ríchidh.
Dá bhfeasdais fir an domhain
sgéala Ifrinn orchradhaigh
re a gclaisdin do ba cóir sgeinm
dóibh Is gan fhaicsin Ifeirn.
Do badh neamh leis gach neach ann
bás d'fhagháil Is ní fhaghann;
ní dul ní téarnamh is-tigh
brugh gan éanbhrugh a aithghin.
Beag gach guais achd a ghábhadh
losgadh ann Is iombádhadh
smuail bleachta nach báidhfeadh loch
sneachta nach tráighfeadh teasbhach.
Aghaidh uirre anba an teidhm
piasd a-tá ar tairsigh Ifeirnn
dá bhfaiceadh í eadh radhairc
gach fear ad-chí a chontabhairt.
Brugh Ifreinn nár fhaice mé
i gcéin uadh ná 'n-a fhoigse;
Rí na ndúl cá chuin do-chear
an dún i bhfuil go bhfaicear.
Ní treise ar Dhia an duine tréan
iná an bocht bhíos 'n-a
fhíréan;
ní le teann tiaghair ar neamh;
fearr a hiarraidh go háilghean.
Croidhe uiríseal umhal
tig de duine d'ardughadh;
'n-a luaighidheacht Is lór d'fhear
guaillidheacht ógh Is aingeal.
Beatha gan aois gan orchra
dóibh so ar son a adhartha,
sláinte gan fhoircheann d'fhearaibh
fáilte choitcheann chairdeamhail.
Mairg do thréigfeadh teach nimhe
ar ar mbeathaidh mbréigei-ne;
gá haird nach baoghal a-bhus?
an saoghal Is mairg mheallas. Mairg.
Nár mhealltar mi-se, a Mhuire,
léir dom dhíon do dheaghguidhe;
guidhe óghMhuire Is lór linn,
ógh as ghlórmhuire ghuidhim.
Comhairle Muire móire
do-ní mac na móróighe;
ó treise san tigh neamhdha
ní dhligh mei-se mímheanma.
Ar gcomharg coitcheann do chuing
ag Míchéal aingeal oruinn;
is é crodh iarrfaithir air
dol san ngrianchaithir nglórmhair. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402060.html |
G402061 | Mairg nach diongnadh dán do Dhia | Fearghal óg mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,659 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Mairg nach diongnadh dán do Dhia
is mairg nach diongnadh dán
dó;
ar tí ar gceannuigh ar do chrú
do bhí tú idir cheannuibh cló.
Díol a mholta Rí na ríogh;
mo Rí go molar ó mhian;
a thuilleamh go dtí dom dhán;
go dtuillior grádh an tí as triar.
An t-éasga lán lán do
ghlóir
iar mbás do éirigh ón úir;
do shúil re grádh créachta an
chígh
dán don rígh Is déanta
dhúinn.
Tar éis a ghonta go grian
dá éis do b'fholamh an uagh;
mar so do shéalaigh mo shíodh;
do ba díor déanaimh na nduan.
Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.
Lá bloghtha brogha na bpiasd
— a mholadh níor mholadh
díosg —
do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.
Na haithre umun fios fíor
mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
ionmhuin an lucht thug ón tár
rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.
Do fhágaibh an gcreich nar clódh
an ghein dá dtánaig a dtriall
i bParrthas na mbile n-úr
múr barrghlas fan gile grian.
Flaith fial nach neamhchonáigh nós
go a dheasghabháil Dia na
ngrás
go teach Dé ní dheachaidh suas
's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.
San deasghabháil ma-raon ris
don fheadhanfháir far fhaomh
crois
tug a uille ais re hais;
rug lais an cuire re chois.
D'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi
an chreach-sain far chráidh a chlí
rug iar mbuadh go dúnphort Dé;
lé níor bh'fhuar a dhúthracht
dí.
Urra na creiche Críost mór
níor theine gan ghríos a ghrádh;
go dtí leam a thoil do thuar
'n-a cheann ba dhual dol re dán.
Gréas do naidhm ní neamhchóir
dhúinn
don chreachthóir do airg an uaimh;
lorg na gcló tre choigle cáigh
do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim.
I gcuilt chumhuing Is í fuar
dúinn do fhuluing an tí 's triar;
ar son roghan ríogh na ndúl
díor dún a mholadh ó mhian.
Díoghrais is
déanta dhúinn
'n-a éaraic dom éasga eoil;
tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh
fuair a chorp dochar dá dheoin.
Uch nach dán díchill mo dhán
don rígh-sin tá i n-a thriar
ar son roghan ríogh na ndúl
díor dhún a mholadh ó mhian.
Móide 's dual déinimh na ngréas
don uan do éirigh iar mbás
a-tá i neart ar an treibh thuas;
ní tearc duas ag gein na ngrás.
Urusa duas d'iarraidh air
ní tre fhuath tiaghair dá thigh;
is é mo rí an rí ag a bhfuil
an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh.
An t-éasga dearg as dearg snuadh
is le ceard déanta na ndúl
leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh,
leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.
Leis na haingle ó láimh go láimh,
's na maighe 's an tráigh 's an tír,
leis na luibhe, leis na heoin,
leis na neoil 's gach duine dhínn.
Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi
níor leinn soin do ríomh rem ré;
mar sin Is leis uile í
leis gach ní san chruinne ché.
Tre ghuin chígh Is dearnann dúinn
go ndearnam an rígh do réir;
ar a thol ó tá gach dúil
ní lá dhúinn dom chor ó
chéim.
Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi
iar 'n-a bhás do bheathaigh sé;
glóir ar marthain uile hí
an uile ní ar dhaghthail Dé.
Dar gcaomhna do-cháid fan lia
le a dhaonnacht do dháil a chrú
do bhí a chlí 'n-a cosair chró
rí as mhó do chosain a chlú.
Do bhí ós chách Is é i n-úir,
do bhí sé iar mbás fá
bhuaidh,
fa rí é agus é san óigh
an tí do fhóir na sé sluaigh.
Do dhearg romhuinn an rian ríogh
triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh;
lorg ceise 'n-a chlí do-chiam
rí fial ara treise truagh.
Ní hé ar éanchor obus
róinn,
mo lochta dom éara uaidh;
ní ghabhaim mo chor i gcéim;
dom thol féin anaim uaidh.
Cairt ar gcomhthruim Muire
mhór
ó athair na n-uile ndúl;
níor cailleadh an réalla ríogh;
do-ghéabha síodh daingean dún.
Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill,
an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh
'n-a dál go ndighear iar nóin
sireadh glóir ar mo dhán dúinn.
An chaor bhuaidh ler saoradh sionn
tre dhaonnacht i nduais mo rann,
gidh fiú mo choir cor im cheann,
go rabh leam Is an toigh thall.
Ógh ler slonnadh síodh gach uird
bíodh dom chosnamh ar an
chailg
do dháil go lór t'fhuil gan fheirg;
guin an deilg Is mór an mhairg. M.
A sheachna Is cumann go gceilg
— Peadar umam i ngach aird —
mairg danab sódh seachna a uird;
seachna a luirg Is mór an mhairg. M. | https://celt.ucc.ie//published/G402061.html |
G402062 | Mairg nach doirteann a dhéara | Fearghal óg mac an bhaird | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,625 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Mairg nach doirteann a dhéara
cioth déar do dhruim aithmhéala
do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
do ba diongna é d'aimhríar.
Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
san tigh thuas gur thuill onóir
fuair a thoil ó thriath nimhe;
ag soin fiach a aithrighe.
Treall dá aimsir — anba an choir —
do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
— ní hiúl é ag nach aghair fréamh —
i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.
Beantar dhé lá do na láibh
an éaraic uile anbháil
a amharc mar badh dual dó;
a radharc uadh do éaló.
Pól easbal ag iarraidh grás
fearais cioth déar tre dhólás;
do-ní d'aithrighe ann soin
maithmhighe thall gur thobhoigh.
A shíothcháin a dhéar budh dhéin,
tugadh a amharc ainn-séin
is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
a rúinnimh uadh do iompó.
Peadar an t-easbal eile
fríoth leis luach a aithrighe;
a thriath fa thrí an tann do shéan
do-chí gur bh'am don Fhíréan.
Séana a thíghearna fa thrí
le caoi do chuir ar neimhní;
osna dhomhuin Is dáil déar
do bháidh fholaidh an Fhíréan.
Fuair fós Muire Magh-da-léan
luach a haithrighe on Fhíréan;
do thuill choróin san tigh thall;
do bhir onóir dá hanam.
Le huisge a nuaidhéar do nigh
Muire lá do na laithibh
troigheach naomhdha ríogh na ríogh
do bhíodh aobhdha re a heissíodh.
Na seacht ndeamhain — díochra an tsearc —
do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
do radadh luagh a deor dhí
ar n-a leodh d'Uan na hóighe.
Loingíonus fós feacht oile
dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe
fuair a shíoth do dhruim a dhéar,
gé do thuill fhíoch on Fhíréan.
Gach neach dá dtug triath nimhe
flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe
— a ghuidhe Is díor dá gach dhruing —
a ríomh uile ní fhéadfuinn.
Go ndearnar aithrighe im ulc
mar na deibhléana a-dubhart;
laithe a bháis do hoirneadh inn
páis an Choimdheadh go gcaoininn.
An lucht fuair flaitheas nimhe
le hiomarcaidh aithrighe,
fa dheireadh gomadh díobh sinn;
geimheal far-íor ar mh'inntinn.
An glas cruaidh-se dom chridhe
go mbeana braon aithrighe;
fuaire mo bhéas ag reodh riom
mo dheor do ghréas i ngéibheann.
An cioth do chuir Dar-daoin de
do ghuais péine na páise
— cioth mo shúl do budh lór lais —
gomadh lón dún an díoghrais.
Uisge glas do-ghéabha uam
tighearna na dtrí mórshluagh
fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil
do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil.
Fliuchad aighthe anba an grádh
— nior bhréag é bláth an domhnán —
's an chlí do thiormuigh dar dtal
ar tí ionnluigh gach anman.
Ar ndáil a fhola uile
dia hAoine dar n-ionghuire
ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil;
an taobhghaol thall do thiormuigh.
Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil
do cheinneochadh clann Ádhaimh
's gan chrú a chlí d'fhearthain uile;
do bhí an fhearthain iomuin-ne.
Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa
fuil an Choimdheadh choisreagtha
sileadh phinn do dhortadh dhí
gan sinn dom fholcadh eisde.
Gér lor aonbhraon dhíobh dom dhíon
cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh
ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa;
do sgoilt a thaobh treamhum-sa.
Cuirim m'fhaosam ar a fhuil,
's ar a bhás 's ar a bheathaidh,
's ar chúig croidhibh ríogh na reann;
síodh an troighigh go dtuaiream.
Cuirim ar an gcoróin sbín
mo chomairce ar aoi m'eissídh,
's ar an digh dhomblais ad ibh,
's ar donnbhais dhil an Dúilimh.
Ar an gceann do chlaon re chrois
cuirim mo dhíon tre dhíoghrais
ar ndín-ne ar an troigheach thinn
do ríne an t-oineach inghill.
Tuir chothuighthe na córa
m'fhaosamh re hucht n-iarnóna;
is díon mo mhíothaom go moch
bíodh ar a chlíothaobh chréachtach.
An crann i ndeachaidh dar ndíon
is nochtadh oidhre an Airdríogh
do shaor tre chonnailbhe ar gcoir;
mo chomairghe ar-aon orraibh.
Dá fhaosamh daoine an domhain
do shaor a uaigh fhíordhomhuin
's a eisléine an uile fhear
cneischéile Muire maighdean.
M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh
is ar chreich Ifrinn adhfhuair;
mo choimhdhe ar leic far luigh;
a reic oirn-ne do fhuasguil.
An toil thug Críosd dar gcabhair
ag sin éideadh m'anaghail
grádh buan an Dúilimh dhamh-sa
mar lúirigh uadh umam-sa.
Muire óg earla glúineach
damh-sa gomadh díonlúireach
ó tharla a lán d'éigion ann
a grádh 'n-a éidiodh umum.
Muire corm an chrábhaidh the
ní daorfuidhear sinn seice;
earla glan na ngéigfhiodh bhfionn
budh éideadh dhamh a dícheall.
Do gonadh Is i n-a ghoin
dia hAoine í ar a aghaidh
an choirpsheang tre chailg an gha;
mairg nach doirteann a dhéara. M.
Ainm Beadair na mbriathar nglic
carrag chothuighthe an chreidimh
fuair is-tigh an-uas an ainm
sgaradh ris ro bu romhairg. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402062.html |
G402063 | Mairg théid tar toil a athar | Cormac mhac taidhg bhallaigh ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,532 | Cormac Mhac Taidhg Bhallaigh Ó Dálaigh
Mairg théid tar toil a athar
ar a ghoin gidh bé as bhreitheamh;
eagail a fhearg uan d'fhiochadh,
criothar dhearg fan buan beithear.
Dlighid clann umhla d'aithribh;
an umhla an t-ann nach foighthir
cuimhne gaoil dóibh ní dlighthir;
sirfidh cóir taoibh Is troighthigh.
Ní sgaoilfe síoth dar snadhmadh;
go bhfríoth dar dtaoibh-ne turbhadh
do-ghéabhtha i mbais Dé a dhearbhadh
dá ndearnadh sé ar crois cunnradh.
Gur guais deaghail re díoghain
fuair do chneadhaibh fan gcánaidh;
a searg mar sin ná saoilidh
fearg fhaoilidh fhir an álaidh.
Súil linn aga ar n-a
oighidh;
madh fada sinn ar slighidh
cóir do dhearg cíogh dar gcobhair
ní fhoghain fearg ríogh righin.
A bhiodhbha as ní hogail,
glas ar a dhiomdha druididh;
maith do-cháidh críoch an chogair
síoth cogaidh cáigh do chuidigh.
Leanfaidh chóir na ndealg ndomhan
an leanb ag óigh do hoileadh;
dana ó luing na bhfear bhfaladh
aghadh ar thuinn cneadh
gcroidheadh.
Téid ar each croinn ler chaomhain
an fear do choill an gcánaidh;
rug a ghaol ar ghuin aoinfhir;
saoilidh gur shaor fhuil Ádhaimh.
Faill sa taobh thinn nír thugtha;
a ghaol do fhill dá n-eachtra
sreabh chiuin don fhuil-se an ochta
cuisle bhactha an riuidh reampa.
Dáil san aongha ní fhuighbhe
— caomhna cáigh Is dá cuibhdhe;
bheith dhí gan fhior gan oidhre
ciodh far dhoilghe trí thairnge?
Do dháil a fhuil go humhal,
a ghuin ní tráigh gan toradh;
mairg fhear do-cháidh dhá gcuireadh
fuigheal áir na bhfear bhfaladh.
Bíodh gur dlighidh ar ndaoradh
síodh san slighidh dhar seoladh;
gidh bé thall díon nar díoladh
ríoghan ann re díol deoradh.
Oiltir lé aonmhac óighe
ler saoradh na sé líne
ní ghabh sein díol, a
dhaoine,
aoighe ríogh go gcneidh gcíghe.
Gur bhac a fhíonfhuil d'iarraidh
glas ar a dhíoghail dúinidh,
rug sein an bhfeirg re fánaidh
neimh álaidh dheirg an Dúilimh.
Mór re a íoc teinne an tairnge
síoth rinn-ne gé do-righne;
nír dháil rí duais budh doilghe
guais t'oidhre i gclí dar gcinn-ne.
Tug an cíogh i n-a gceanaibh
a ndíon mar rug do roghain;
trí thráth i n-uaigh dot oidhir
doiligh fhuair các do chabhair.
Fuair tríonn créachta nar chubhaidh;
a n-éarca do dhíol dlighidh;
do dhearg sé teallach
troighigh
d'oidhir Dé ceannach cinidh.
Síoth im chion féin nach fuighinn
a-né as críoch d'fhior a fhulaing
i nguin fir fríoth dar bhfoirinn;
do thoirinn sin fíoch th'ubhaill.
Tug t' oidhir seal dar séana;
ar dteacht do shoighin shíodha,
bíoth gan éacht ríogh do
rádha,
gníomh dána créacht an
chíogha.
Feis chabhra cáigh do cheangail
an fáidh ler snadhma sloinnidh;
tig sin 'n-a suirghe dhaingin
fuighle an aingil ribh roinnidh.
Crú an taoibh — ní beag an
baoghal —
ar ngaoil do bhean a bádhadh;
fada sibh uam it éanar
gér dual féaghadh fhir áladh.
Long cíghe im choinne cuirthear
coinne ar sídhe go snadhmthar;
go buain t'oidhre dhar n-iomchar
tiomchal cuain oirn-ne Is anfadh.
Ar chneadhaibh ní cóir cuimhne
ó ndeachaidh sláin 'n-ar seilbh-ne;
slán ó ghuin an fear foirne;
ná lean oirn-ne fhuil th'eidhre.
Cuirfidh i gcéill far gcabhair
Muire dá mbé ar mo bhuidhin
dalta glún don óigh th'oidhir;
cóir troigidh ar gcúl cuiridh.
Suirghe do-chóidh 'n-a chéile
fuighle as ar dhóigh ar ndín-ne;
cionnus libh liamhain óighe
is t'iarraidh cóire i gcneidh cíghe.
A réalta eoil ar n-ealbha
ná déana chóir far gcomhdha;
leig síneadh id dhigh diomdha,
iomdha id thigh fírfhear foghla.
Fáth as ar dhéanta ar ndearadh
Éabha led ghrás do gabhadh;
iomdha ar neamh tí do tileadh
nár thileadh dhí achd fear faladh.
Fag síodh a fhaladh uadha
an cíogh do tolladh trín-ne;
gach guin eile mar fhóire
t'óighe as luibh cneidhe cíghe.
Páis t'oidhir do thaobh toile
do shaor ón oighidh t'fhine;
do fhear tú t'fhuil don uile
do bhuille sguir crú an chridhe.
Tairg ríghtheach Dé gan dúnadh;
bíthear do réir na ríobhan
triall go hóigh ar gach aoinfhear;
dóigh aoigheadh riamh gach ríoghan.
Ní mó d'fholtaibh trí
thairnge —
gontair an cíogh dar gcoimhdhe;
cóir do-gheabh sé ler seilbh-ne,
fear na seilbhe Is é an t-oidre. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402063.html |
G402064 | Marthain duit, a chroch an Choimdheadh | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,243 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Marthain duit, a chroch an Choimdheadh,
a chroinn diadha an duille bhuig,
ar an bhfád-sa Is dóigh ar ndeaghail,
pácsa Is cóir 'n-a dheaghaidh dhuid.
A chroch Dé, do dhlighis cádhas
ó chloinn Ádhaimh athair cáich;
is mor mac gcionntach ro ceannghadh
lat, a fhiortach bheannghlan bhláith.
Peacaidh na cruinne do cheannchais
a chroch ghrádhach — gasda an ruaig;
tugais cobhair, a chroinn ghrádhaigh,
do chloinn cholaigh Ádhaimh uaid.
Inneosad duit diamhair nimhe,
ní dá sgéalaibh, sgéal go
nós;
do-chluinfe Rí gealchas gréine
ní dá sheanchas féine fós.
Do-rinne cathraigh n-aird n-aoibhinn
Athair na slógh, Saor na gclann,
'n-a léibheann úr ghlan gan ghairbhe
gur ghabh tnúdh na haingle ann.
Do hionnarbadh tre n-a n-uabhar
aingil nimhe — nár an chuairt;
ar gcur as na n-aingeal gcruthach
fa hainneamh glas suthach suairc.
Tar éis ionnarbtha na n-aingeal
nír bh'iongnadh dhóibh dáil a
bhfras
ar gcur a gcúl re clár nimhe,
lán a súl dá ibhe as.
Do dhealbh Dia Éabha agus Ádhamh
d'iarraidh daoine — dáil gan chruas —
dá síoladh agus dá snoighe
do líonadh an toighe thuas.
Do sháruigh Éabha go huaibhreach
Athair na ndúl — doiligh linn —
a síodh do luit as a luighe
gur thuit a síol uile inn.
Do cuireadh Éabha d'fhód Pharrthais
na bport ngéagach — glan a lí;
turas na slat — suairc an t-innreamh —
fa cuairt mac Is inghean í.
Marbhais Cái-in mear mac Ádhaimh
Aibéal déirceach — díocra an
mhóid —
do leacain leabhair chruaidh chámhuill
an sduaigh reabhaigh n-áluinn n-óig.
Beirthear Seath — fa suairc an toircheas —
troigh mar eala, ucht mar bhláth;
ní fríoth gein mar é 'n-a aghaidh
is é sein do chabhair cách.
Gluaisis ainn-séin d'iarraidh Parrthais
— prap an toisg nachar thoisg chlé —
sa bhfearann mhín chraobhach chrosach
i dtír bhraonach dhosach Dhé.
Do-chonnairc uadh aonchrann lomáin
ar lár Parrthais — prap an chuairt;
is luath do ghabh crotbhall críne
an bogcrann glan sídhe suairc.
Ad-chonnairc aonmhacaomh áluinn
ar fhud an chroinn soir Is siar
gur líon do chnuas an crann lomáin
a-nuas fa bharr bhfolláin bhfiar.
Lingis trí gráinne a géig abhla
i n-ucht Seith rer seachnadh móid
beagán cnuasaigh maith re a mhaoidhimh
don fhlaith uasail fhaoilidh óig.
Gluaisis roimhe sa ród chéadna
i gcríoch Parrthais na bport ngrinn
fuair go suairc na gráinne gheala
áille 'n-a chuairt d'Eabha fhinn.
Innisis d'Ádhamh, dá athair,
inneall Pharrthais phuirt na ród;
"do-chonnarc aonchrann san fhiodhbhaidh"
ar an tsaorchlann ionmhuin óg.
"Do-chonnairc mei-se" ar mac Ádhaimh
"aonmhacaomh — is nír thaom
tláith —
go ndearna aontaradh uile
don mhaoltamhan bhuidhe bhláith."
"Sinne féin do chríon an crann-sain"
comhrádh Ádhaimh "'s nír é a
uair;
is é an bioth an crann, a chara,
gan ioth ann 's gan ana uainn.
"Mac Ríogh nimhe an naoidhe áluinn
do fhóir sinn — ní seachmhaidh
dhamh —
gur chrann úr an t-athchrann éadtrom
fa chúl sgathcham ghéagdhonn ghlan."
Tig an t-éag go hÁdhamh ainn-séin
d'aithle a thurais — truagh an chuairt;
do ba bhéad go mbleidhe ndeaghóir,
sgeile a éag, fa seanóir suairc.
Eirghis Seath — fa suairc an giolla,
giolla óg nar adhair ceilg —
agus cloidhis uaigh dá athair
an sduaigh roidheis ndathaigh ndeirg.
A thrí ghráinne gabhais chuige
— cabhair cháigh a-nois do-niad;
i mbéal Ádhaimh seach gach ionadh
do cháraigh go h-iodhan
iad.
Fásais trí géaga as na
gráinnibh
— fa gort buadha ar bheagán síl;
oirrdhearc fós fan gcruinne gcrosaigh
nós gach bhuinne dhosaigh dhíbh.
Tu-sa an treas crann do na crannaibh,
a chroch Dé fa ndlighmid múith;
do bás 'gud thairngire ó thosach
id ghlainbhile dhosach dhlúith.
Beirthear ainn-séin Muire máthair,
máthair Chríosd do chosain bladh,
a folt drongach mar ór n-íorna,
torrach an ógh ghríobhdha ghlan.
Beiris Muire an macaomh oirrdhearc,
Íosa Críosd an chraobh fa bhláth,
Athair na slógh — fa séan buadha;
an sgéal mór do-chuala cách.
Tugadh chugad-sa dá chrochadh
tar ceann daoine Dia dá íoc;
an tí do cinneadh dar gcabhair
do milleadh Rí an domhain díot.
Tugadh chugad, a chroch ionmhuin,
abhra gléadhubh ós ghruaidh mbrioc;
do bhí, a chaomhchros chaomh mo chridhe,
maothbhos shaor dá righe riot.
Do shín riot a righeach n-áluinn
Íosa Críosd — fa caomhthach lonn;
do sgaoil ort, a bheannach bhuadhach,
a fholt gleannach dualach donn.
Ionmhuin cách do crochadh ionad,
ionmhuin anam, ionmhuin corp,
mo Rí, mo chridhe, mo chara
do bhí ag snighe a fhala ort.
Gion gur fhás caor ort nó áirne
nó ubhall cumhra nó cnú,
do shíol, clann deaghbhan an domhain,
dearbhadh as crann toraidh thú.
Tú fuair Maoise — mór an
conác —
tre chionn Ádhaimh — aobhdha an folt —
do bhun thall fa úir na huaighe
do bharr 'n-a chlúimh uaine ort.
Tu-sa fuair Dá-bhíoth san
díothramh
i ndiaidh Maoise — meadhair dheis —
maith a chuairt d'fhaigsin an fhásaigh
aisgidh shuairc an lá-sain leis.
Tu-sa an céadchrann do chuir Solamh
suas 'n-a theampall — toisg nar íoc;
leis do beanadh thall ar dtosach
do bharr leabhar dosach dhíot.
Is tú ar ndídean, Is tú ar
dtearmann,
is tú ar leigheas i ló an bhráith,
is tú an crann far chuir an Coimdhe
fuil a bhall do choimhdhe cáich.
Is tú ar sgiath 's ar gcloidheamh cumhdaigh,
a chroch Dé far dhoirt a chrú;
nocha chluinim fhuaim na habhann
uair nach cuirim tharam thú.
Tú linn táthuighthe na talmhan;
is tú an caisléan ós chionn
díog;
is tú an lomán lán do thoradh;
slán follán an domhan díod.
Fillfead chugad, a chroch ghrádhach,
an glún deas le ndearnas olc;
léigim fúm é agus ní
fhuláir
an glún clé dom fhuráil ort.
Is asad do-chuaidh an Coimdhe
ar chreich Ifrinn — eachtra shoirbh;
is tú thug an gcabhair gcalma
i n-aghaidh na habhla oirn.
Fa lór bláithe do bheann gcumhdaigh
gidh croch dhubh thú a-niodh 's a-né
fa croch chorcra thú dar dtearmann
ó chrú ochta Is dearnann Dé.
Doiligh leam gan an leith eile
d'fagháil chugad, a chroch naomh,
go mbeith sunn comhfhad an Choimdheadh
don chrunn robhog choirrgheal chaomh.
Ní fhaca i bpurt do na portaibh
puball mar do phuball snáith;
ní fhaca teagh mar do theampall
a dhathta geal beannchorr bláith.
Tu-sa Is Muire máthair Íosa
do fhóir inn-ne Is níor bh'olc
fáth;
bhar gcneas caomh níor chin a shamhail
sibh ar-aon do chabhair cách.
Peacach sonn ag sléachtain chugad,
ní cóir m'obadh gidh olc mé;
toirn agus geibh phóig ón pheacthach,
ceil do mhóid, a dheaghcroch Dé.
Seath mac Ádhaimh fuair thú ar tosach
thall i bParrthas na bport naomh;
fa lór t'áille Is eadh do-chuala
id ghráinne gheal chuanna chaomh.
Fada do las ar lár m'anman
inneall t'aighthe as ionmhuin linn;
mar thig eatal do ghual gréine
snuadh do leacan réidhe rinn.
Slánuigh an bioth, a bhean chumainn,
comhaill damh-sa duais mo rann;
mar thugais d'fhearaibh na heatha
rugais d'fheadhaibh beatha barr. Marthain. | https://celt.ucc.ie//published/G402064.html |
G402065 | Meitheal do bhí ag Dia na ndúl | Giolla brighde ó heoghusa | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,082 | Giolla Brighde Ó hEoghusa cct
Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
— cia ar nach breitheamh rí na
ríogh? —
coibhéis ga roinn ón rígh
mhór
nír lór le droing díbh mar
dhíol.
Dream fa phríomh don phobal fhionn
gus an ríogh gan chogar gcam,
lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann
dream san bhfíonghort fa theirt thall.
Toradh abaidh fhuair an rí
ón madain ga bhuain do bhaoi
ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé
tar an té fhuair i leith laoi.
Tig i gceann nóna dream díbh
— nochan ónna earr mo sgeoil;
nocha sia a-nonn iná nóin
do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.
Coibhéis tug díbh dá gach dreim
dá rug gun rígh ar a phroinn;
meitheal Dé gomadh díbh inn
go mbé sinn gun rígh fa roinn.
Ar an chéaddrong ann tré éad
ón géaglom gach crann do-chiad:
"meitheal dar bh'aghaidh sinn súd
grúg linn ar samhail Is siad."
"Créad an tnúth do
bhí ar
dhreim díbh
gé do-neinn" ar an rí "a réir;
cóir congbháil gach chuir go cóir
do-chóidh dhuibh ar bhformháil
féin."
Cia an chéaddrong fhormhála úd
nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?
dream do chinn crábhadh go hóg
nach sgirr fód go háradh iad.
Cia tháinig i leath an laoi
dá nach ráinig neach gan ní?
dream théid tar bloigh dá n-aois é
do thoigh Dé ón mbaois i mbí.
Cia tháinig i dtráth re sgur
dá ráinig mar chách a gcor
a itghe fhíre ghearr ghlan?
dream do sgar críne re col.
Dream ó nóin
díbh, dream go
moch,
nír fhearr a mír dóibh ná a
deoch;
cidh óg cidh sean thí 'n-a theach
is í bhreath neamh dá gach neoch.
Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul
fear gá mbia críon as a chul;
ní fhuighe ar aba ní achd neamh
fear ga mbí aga as a ugh.
bearar an bhuain
a-deir an leabhar go léir
na soisgéala i n-a gcurp chóir
dóigh lucht nach coisgéara a
gcéill.
Mairg nach do mheithil Dé ar ndul,
sé re a mheithil nocha mion
bronnta ó leagar neach ar
neamh;
meadh na mbreath Is eagal d'fhior.
Nocha beir Dia cách ó chiort
i meidh an tráth bhus lia a locht;
mo shoighníomh a Dhé ba dheacht
gomadh seacht gcoimhlíon é Is m'olc.
Olc m'ar agus olc mo thuar,
isam gort nach gabh a shíol;
go mbé a Dhé gráinne dod
ghrádh
ar lár gach áighe, a Dhé,
dhíom.
Fóir a Dhé m'anmain is
air,
is mé an chré 'n-a
talmhain
tigh;
a mbí im thromcholuinn d'fheoil oimh
fuin, a eoin ghormcholuim ghil.
Glan mo chridhe, a Dhé na
ndúl,
ag snighe go mbé do bhraon
im inchinn im churp im chliabh;
iadh fam ucht, timchill mo thaobh.
Mo mheanma — is tobar fuar
fliuch —
ag luadh meabhla ag cogar creach;
mo chaoin ar n-a cur a-mach
dubh mo dhath don taoibh is-teach.
Mé dom breith do-chí gun
gcurp
ní bhí achd gar mbreith ó chiort;
a pholl camra, a chalann bhocht
olc tharla an t-anam ar th'iocht.
fallsa a neimh
fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh;
bréaga doilbhthe muin ar muin
géaga do chuir toirthe im
thoigh.
measgadh a méar
cam mo sheasamh Is mo sheol;
comuil dom dhéad do bhas bhán
lágh blas na mbréag as mo bheol.
is each
nocha cóir Is mo chré fliuch
fearthain i n-eas ruaidh mo rath
clach i dteas go n-uair do fhiuch.
do dhál
nach anfuidhe ó dhún do dhún
a thruaigh, ná toirche gan lón,
smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl.
cat
ach a mbí ar láthair láimh riut;
tiomna th'each do bhó 's do bhrat
dod mhac Is breath do ró riut.
croig
is fíor Dé nochar dhú dhuid
an dtuig tú do ghné dhá goid.
Seang san Aoine Is eadh nach
dú
an naoidhe 's an bhean ga mbia
ní dhleiseadh naoidhe ní dhó
san ló do bhí daoire ar Dhia.
Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith
— ar gcunnradh ní cáir do
chleith —
a thaobh geal do chur fa chloich,
dul i gcroich, Is bean dá bhreith.
Dá ró 'n-ar ndáil-ne Dia
féin
ní bhia bó ná áirghe ar
m'óidh;
adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil
is gráin lá an mheas-roighthe
mhóir.
Ní rí a-dearam gidh eadh é
re fear agus fearann faoi;
re a thabhairt d'aoidh Is é Is rí
an té do-ní craoibh don chnaoi.
Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór
do shnoigh na tíre gan tál;
talamh neamh do-roighne a-raon
doilghe craobh le a bhfear i
bhfál.
Tug gréin thoir sa mbioth dar mbraith
tar gach toigh 'n-a rioth do reich;
tar gach n-uilinn siar do soich
grian 'n-a cloich muilinn ar mleith.
Dá léasboire Dhé na ndúl,
ar n-éasgai-ne a ghné Is grian;
an bioth dá loinnir do líon
dá choinnil ríogh 'n-a rioth riamh.
Ro badh iongnadh le gach fear
gémadh fiodhbhadh tres an ar;
dámadh neamhghnáth éan a hubh
nó sméar dubh a gealbhláth ghlan.
Do shuidhigh Dia re gach
ndúil
i n-a suidhidh Dia ba-dhéin
an talamh chongbhas go cóir
nó an gabhal óir ghabhlas gréin.
An saor do shuidhigh gréin ngil
a réir nocha duiligh dhuibh;
a chumhang gidh cia do-bheir
do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh.
Le Dia Is annsa íorna mná
ná almsa ríoghdha dá ria;
táin ríoghna ná raighne bó
mó an t-íorna ó mhnáib
daidhbhre ag Dia.
Comhairle uaim dá gach fhior
— ní comhairle ar n-uair bhus omh —
gan eallach san chró do char;
ní mhar dó a cheannach
's a
chrodh.
A dtabhair duine do Dhia
maraidh san chuile gan cheo;
mairg nach tabhair bloigh na bó
san chró a
dtaraidh 'n-a boin bheo.
Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh;
brisge nocha bia 'n-a fhiodh;
cisde damh-sa créad a chan?
ní mhar séad achd almsa d'fhior.
Ba le marbh don chill ad-chiu
is a fhadhbh linn mar Is leo
an almsa do budh fhearr dó
ná bó ón marbh-sa 's a beann bheo.
Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht
m'almsa rem éag budh mó mart;
maith an chuire 's a chéad torc
do dhuine ar dtocht d'éag do-n-ort.
Ní beag le laoch ar nimh naomh
an ghaoth i n-a digh gá diul;
ní háil fromhadh ní háil
ól,
lór dáibh a bholadh do bhiudh.
Sruth fíona sruth meadha mall,
sruth meala bhus míolla leam,
tobar trí gcíoch ar mo cheann
lionn nach fríoth cogal 'n-a cheann.
Mór an baoghal m'ord gach laoi
— is faobhar go gcolg mo
chré;
lór a-tám 'n-ar mbeithidh bhí
lágh a rí ar do mheithil mé. Meith.
Brighid Bhreagh as bharr na n-ógh
'n-a teagh tall gurab mór mé;
gnáth rádh a gille 'gar ngairm
ní nár linne mar ainm é. Meith. | https://celt.ucc.ie//published/G402065.html |
G402066 | Ná déana díomas, a dhuine | Aonghus fionn ó dálaigh | — | c.1570–1602 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,165 | Aonghus Fionn Ó Dálaigh cct
Ná déana díomas, a dhuine;
deimhin go bhfríoth fios do locht,
fogus daoibh for-íor an t-uamhan
ná bíodh dá thaoibh uabhar ort.
A dhuine bhoicht ná bí díomsach,
do dheireadh féin féach a-nú;
a-tá sealbh ag an éag oraibh,
is dearbh nach géag thoraidh thú.
Rachthair a-rís san gcriaidh gcéadna
— a criaidh ar dtús tháinig sibh;
an t-uabhar dá thaoibh níor
thréigis;
uamhan daoibh ar léigis libh.
Cairde aithghearr Is eadh fhuarais,
ní fada ón chriaidh a cur ort;
dá mbé go bhfuil do ré romhaibh
ní fhuil sé gan omhain ort.
D'éis an bháis ní bhéara sibh-se
síos fan dtalmhain a-tá fóibh
— uch, a thruaigh, Is truagh an mealladh —
buar ná cuaigh ná earradh óir.
Ní bhia achd aonbhrat Is é cumhang
fad chorp ar gcaitheamh do ré;
tú mar chraoibh ar gcur a duille
ar ndul daoibh don chruinne ché.
Mór an truaighe mar tá sibh-se,
seargfaidh do chlí claonfaidh t'fholt;
mór an béad mar taoi id thoirrchim
's an t-éag gach laoi ag oirchill ort.
Brisfidh do dhearc — ba dáil baoghail —
biaidh do bhéal ar dhath an ghuail;
ná bí gan omhan t'fhir chagaidh;
ag sin robhadh agaibh uaim.
An troightheach — is tráth dá
fhógra —
re hucht an bháis — is beart truagh —
creidthe dhíobh i gcriaidh an
Choimdheadh
biaidh fo-ríor 'n-a oighreadh fhuar.
Rachaidh claochlódh ar chruth t'aighthe,
d'éis t'éaga do b'olc do niamh,
biaidh do bhéal mar an ngual ngabhann,
ba tuar déar, a chalann chriadh.
A dhuine, ná déana fallsacht;
is fíor damh a ndubhairt mé,
a chroinn 's a fhréamh a húir
Éabha,
is sgéal rúin ná déana dhe.
Féach orm, a dhoirseoir Dé atar,
a hucht Críost ler ceannchadh sinn;
ná léig im cheann cíogh an
álaidh
i ngeall re gníomh Ádhaimh inn. Ná. | https://celt.ucc.ie//published/G402066.html |
G402067 | Námha m'anma an chalann chriadh | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1250 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,174 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Námha m'anma an chalann chriadh,
a hantal Is damhna déar;
ag lot mh'anma Is sí 'n-a suan
an chlí Is truagh mar tharla tréan.
Truagh m'anam uaim ar a hiocht
an chalann do-chuaidh tar ceart;
ní thig díom díon ar a holc
do bhríogh a locht tríom ag teacht.
Beag sein dá lochtaibh gach laoi
gan a beith fa bhochtaibh Dé;
ní fa annsa do b'fhearr í
an chlí fhallsa do mheall mé.
Ní díol toile gloin a gníomh;
mairg a toil do-roighne riamh;
leas mh'anaim nach éidir dhúnn
séididh fúnn an chalainn chriadh.
Toil na clí-se as ghirre
gnaoi
mar do-ním-se Is misde mé;
mairg dar bhiodhbha anman í
do-ní adhbhar diomdha Dé.
A ruachtain a ríogh ar
th'iocht
do bhríogh a n-uarais dom
ulc;
i n-iomdhaidh talmhan ar dteacht
seacht mbiodhbhaidh mh'anman rem ucht.
Tréigean meisge ní
hé m'fhonn;
ní mó tréigthear leisge liom;
guais mar dhíolas an teagh thall;
díomas do bharr cean im chionn.
Ar ndamhnadh ar ndéinimh craois
ní héidir nach adhbhar cáis
i ló an mheasda Is cruaidh an chúis;
ní theasda drúis uaim gan áis.
Guais nach rogha leabtha luath,
ar mbearta folaigh ó fríoth,
gan fúin acht comhrag re cách,
dúil ghnáth i bhformad 's i
bhfíoch.
Mun dtí d'Éanmhac Ríogh na
ríogh
tar fíoch go ngéabhadh ar ngaol
séideadh feirge Is fuatha fún
ní feirrde ar súr uatha ar-aon.
Dul 'n-a séana Is docar
dhúnn
ar bharr Éanmhac th'ochta, a
ógh;
ní gan charta troma tám
nár mo lachta i rolla róm.
Ón tí a-tá do bhí agus bhias
go dtí im dhál — dian a luas —
cosg ó chridhe ar bhfeilghníomh
d'fhás
do ghnás deighríogh nimhe a-nuas.
An t-Athair 's an Mac 's an ógh
ní caraid nach glac ar ngaol;
ionad 'n-a ngrianbhragh do-ghéabh
ón Sbiorad thréan niamhghlan naomh.
Cuirim, ós é a dheaghthráth
dhúnn,
sul thí ceartlá na sé slógh,
a adhbha iomchuir an Ríogh,
díon mh'anma ar th'ionchuibh, a ógh.
Coire do-nínn gus a-niogh,
a Rí as rí don uile fhior;
dá dtí leam tadhall fad thal
m'anam gabh tar ceann mo chean.
Doar ndoibheart dún,
don ríghtheagh go roiseam
slán
a ndíoghbhadh leam mar as
lór
an síodhbhun róm teann
i
dtám. Námha. | https://celt.ucc.ie//published/G402067.html |
G402068 | Ní díol grádha gleann na ndeor | Fearghal óg mac an bhaird | Margaret LantryProof corrections by Margaret Lantry | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,050 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Ní díol grádha gleann na ndeor
ná lean a chádhas go cian;
cia an dúil nar ghortuigh go géar?
dúinn Is léan a rochtain riamh.
Ná cluintear fíoch feasda fúibh
a shíol Eabha, a fhuigheal áir;
do-chím-se nach teann bhar dtóir;
gleann an bhróin an tír-se i dtáir.
Gleann na ndéar an talamh trom,
do ghréas nochan antar ann,
dá lár Is soibheirthe sionn,
is crádh liom m'oilithre ann.
Fan lucht toice fhuil san úr
toirrse ní fhuil ar a n-ór;
beag bhar ngaol re gleann na ndéar,
a dhream do fhéagh an raon róm.
Fa chloich ó do-chuaidh do chlí
ní fhoil groigh ná cuaich dod chaoi;
ní libh dod chrodh acht an chré,
a fhir a-né ar ndol fa dhlaoi.
A fhir dar bh'earradh an t-ór,
ní libh d'earradh acht an uagh;
san tír dar ghoire do ghrádh
lámh ag rígh oile mon-uar.
Mac Muire nar an fa fhád
don chruinne ná car acht súd;
níor leat do chríoch áluinn
óg,
ní bhíoth acht fód fábhuill
fúd.
Do-chuaidh d'fhuil Ádhaimh fa úr,
iar 'n-a ghuin tánaig i dtréan;
is fiú a ghaolmhaith drud 'n-a dhál;
tug grádh do naomhfhlaith na néall.
Ní théid ar a dhiadhacht dlaoi;
ná tréig ar an iasacht hé,
flaith as fhearr fan uile ní,
rí ar ar fheall an chruinne ché.
Tiad na toirthe mar théid clú,
ná tréig an Coimdhe ar cheo;
táinig mar chiaigh tre chlí mná;
biaidh mar tá mar do bhí beo.
Tuille grás nach téid i dtrágh
ná tréig do ghnáth Muire
mhór
earla fionn as daingean dún,
mionn súl na n-aingeal 's na n-ógh.
Ar n-eochair, ar n-eite lúidh,
red bheathaidh seice ná sín:
bheith ar a tí tug dot óidh
's í 'n-a hóigh agus rug rígh.
Ná tréig Muire Máthair Dé,
táthaigh a croidhe red chlí;
ná gabh mearbhall tar an mnaoi
saoi glan as neamhghann im ní. Ní.
Peadar easbal do b'úr dlaoi
ag túr na beathadh do bhí;
tug a chaolchorp fa chuing nDé
do thuill sé ar naomhthacht gach ní. Ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402068.html |
G402069 | Ní maith altuighim m'anáir | Fearghal óg mac an bhaird | Margaret LantryProof corrections by Margaret Lantry | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,317 | G402069
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Ní maith altuighim m'anáir
tríd nar bh'oircheas m'iongabháil;
ní altuighim a n-uair mé
ó ghartfhoirinn bhruaigh Bhóinne.
Feadhmannaigh dhó an uile fhear;
mo dhuasa ó mhacaibh Míleadh
triath na dtriath dhamh-sa do dháil;
is liach gan annsa d'admháil.
Fa-ríor níor altuigh sinn-ne
le hanuabhar intinne
ar chreid damhradh Dúine Breagh
dúin-ne agus adhbhar oideadh.
Níor altuigheas — olc an sduaim —
m'ísliughadh innte an athuair
Fódla linnte na learg sean
ná mo cheard innte d'oirneadh.
Ar n-ionnarbadh ó iath Ír
níor altuigheas rem Airdrígh,
mo thriall go Labháin tar linn,
dom anáir thiar ar dtoirling.
Ní hionann inn Is I-óib;
an fortún fuair ón Tríonóid
do altaigh ris an té 's triar;
do sgé antail na n-ainmhian.
Clann oirrdhearc, táinte agus tír
fríoth le hI-óib ón Airdrígh
's groighe Is tréada Is cuirn corcra
cuirm Is séada saoghalta.
Níor chuir toice i n-uabhar é
I-óib dil — díochra an
fínné;
níor ghrádhuigh sé an saoghal
bocht;
do naomhadh é as a umhlocht.
Do shmuain Íosa dá éis soin
fulung a óglaoich d'fhéachoin;
an uile ní badh ní lais
do bhí uile 'n-a éagmhais.
Do ráidh I-óib "ó thoil Dé
Dia thug Dia rug a-ríse";
do-chuala a chloinn láimh do láimh
ad-chuala coill a chonáigh.
An tuile easláinte air
do chuir Airdrí fhear ndomhain;
do fhéag ar n-uair a fhulung
bréag ní fhuair 'n-a urughull.
"Beirim a bhuidhe rem ching"
do ráidh I-óib tre uirrim
"ró cráidh do chara ar mo chorp
ba mana gráidh mo ghuasocht."
Do bhíodh do dhalta an Dúilimh
gur chneasuigh a chréachtchrúinimh
ag súr déirce ó bhrugh do bhrugh
a shéitche ar cúl na comhladh.
Do haltuigheadh re Dia ndil
's ris an óigh mhilis mhuirnigh
tabhairt coda déirce dhí
nó a shéitche d'oba impe.
Níor chaoin I-óib a othra
féin go fagháil cobhartha
's do-níodh caoi i gcróluighe a chneadh
ar aoi clóghuine an Choimdheadh.
Níor chaoin a ghalar goirt gnáth,
's níor chaoin a chlann ná a
chonách
gér chaoi croidhe caoi I-óib
ar aoi thoile don Tríonóid.
Fríoth aisiog na sláinte iar sin,
fríoth tír Is clann ón Choimdhidh,
fríoth a shealbh mar thuile ag tocht,
mar do dhearbh uile a annsocht.
Do ráidh mar do ráidh reimhe
go búidh umhal ainglidhe:
"an tí rug re ré ar ndeacra
is é thug na toirbhearta."
Níor mhóide a bhrón a bharr croidh
's níor mhóide a mheanma a fhagháil
a tháinte Is a threoid troma,
a shláinte, a sheoid shaoghalta.
Ón uair-sin go héag idir
mar éaruic 'n-a fhoighidin
fuair sé an talamh ar a thal
's gidh é toradh na talmhan.
Fós mar éaruic 'n-a fhulung
an ghlóir naomhtha neamhchumhung
fuair ó thriath an tighe thuas;
fa sgiath dá chridhe a choguas.
Ní altuighim mar I-óib
boichte ná toice, a Thríonóid;
uch, nach déinim a ndearna
go dtéighinn rem Thighearna.
Mar I-óib do b'fhoirbhthe cuing
gá fios nach d'fhéachain m'fhuluing
fríoth an saidhbhreas muin ar mhuin
is fríoth daidhbhreas 'n-a dheaghuidh.
Eadamar Is dom fhéagain
do gadadh dom ghaoilghéagaibh
na Conuill badh díonbhun damh;
do díoghladh oruinn m'uabhar.
Eadamar Is dom fhéasgain
mo bhuar mo ghroigh gnímhéasgaidh
rugais a Dhé uile uam
níor bh'é an duille nar dhiombuan.
Eadamar Is dom fhéagain
do beanadh mo bhruittéagair,
mo dhán Is mo dhúthaigh dhíom;
cúthail mo dhál ón
dimbríogh.
Go n-altuighear a rí ribh
bheith gan bhuar bheith gan mhuinntir,
's a brígh do bhreith óm meanma,
's bheith gan tír gan tighearna.
Go n-altuighear, a rí, ribh;
a-tá i gcúirtibh clann Mílidh
fál allmhurach druim ar dhruim
im chlár gcamdharach gCriomhthainn.
Go n-altuighear, a rí, ribh
mé gan fiú an bhaird do bhuidhin
i Labháin fa cheo cumhadh;
ní beo anáir m'ealadhan.
Ionann Is altuighthe dhamh
cách dom dhíol nó dom
dhiúltadh,
nó bheith ós chách ceann i gceann,
nó bheith fa chách go coitcheann.
Ionann Is altuighthe dhamh
bheith fa dhiombuaidh san domhan
nó bheith fa bhuaidh nó bheith
slán
nó bheith ar n-uair go heaslán.
Ionann Is altuighthe dhamh
mo bheith rem beo i mbeirt mhoghadh
nó beirt ríogh do chur fam chneas
badh díon damh ar mo dhímheas.
Ionann Is altuighthe dhúinn
bheith go maidin ar mhaothchlúimh
nó bheith i lionnmhuir gan luing
nó bheith i n-iomdhaidh iaruinn.
Ionann Is altuighthe dhúin
bheith im luighe ar lár m'fhortúin
nó siobhal sneachta ar sliabh lom
nach biadh ag ealta a fhulong.
Ionann Is altuighthe dhúin
luighe idir mo lucht míorúin
nó luighe idir mo lucht gráidh
dom churp croidhe gach chompáin.
Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
clann oirrdhearc, earradh deargóir,
nó bheith gan choim idir chách,
nó bheith gan chloinn gan chonách.
Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
cúirt áluinn iomad comhóil
nó iomad tarta Is teach lom,
nó neach gan acra d'fhearann.
Cré gach colann san chruinne;
breith nó oighidh éanduine
ní fáth faoilte ní fáth
bróin;
ní caointe cách i gcéadóir.
Dá ndídean do dhoirt a fhuil;
níor chaointe do chloinn Ádhaimh
rí n-a dheoidh ná rí reimhe
le a dheoin acht rí an ríthighe.
An rí tá Is bhias Is do bhaoi
is tríd ba dhéanta déarchaoi;
ceo gach triath acht triath na ndúl,
beo mo thriath ar n-a théarnúdh.
Mairg nach caoinfeadh an chruinne;
a bhás ní bás éanduine
do b'é uile an uile fhear;
ní duine an té nach tuigfeadh.
Mairg nach caoinfeadh iad uile
tráigh, tír, coillte claonbhuidhe,
éisg na mara Is neamh na néall,
's an lear uile Is an t-ai-éar.
Do gonadh an ghrian 's an ré
is buidhne an bheatha sheinché
lá fuile an tairnge do theacht
's na haingle uile i n-éinfheacht.
Ann sin do saobhadh síona,
do bhéicsead na bleidhmhíola,
agus an fhairrge re headh
is na cairrge dá chaoineadh.
Do chaoinsead saor a gceangail
na huisge Is na hairdreannaigh,
is eoin lúdhmhara deoidh i ndeoidh,
is neoil úrghlana an ai-eoir.
Níor dhiongna a dhúile féine
do chaoineadh a gcoigcéile;
do-róine gach ní fa nimh
rí na glóire rí an ríchidh.
Ní fhuil thuas ar neamh na néall
dúil acht ar dhealbh an fíréan;
dúil mar soin acht dúil do chum
fúinn nochan fhuil i nIofrunn.
Ó fhlaitheamhnas Dé budh-dhein
síos go híochtar an aigéin
ní fhuil dúil acht dúil do chum
do mhuir ná d'úir ná d'fhochann.
Ón bhreac bheag gus an míol mór
tighearna na dtrí bpríomhshlógh
don duine do dhealbh gach dúil;
ar sealbh uile do b'iontnúidh.
Uaidh fhuaramar neamh na néall,
's an bioth uile Is an t-aigéan,
uaidh fhuaramar an t-anam,
uaidh fhuaramar uraghall.
Rí gach dhúine téid 'n-a theagh;
uaidh fhuaramar an t-aingeal
ar leathláimh gach duine dhíonn;
neamhcháir don duine a dhimbríogh.
Uaidh fhuaramar — foirbhthe an tsearc —
a dhealbh féin — gá fearr toirbheart;
uaidhinn féin
do rala sinn ar saoibhchéill.
Gér ghabh sin caomhchorp dar gcionn
naomhthacht ar nach fuil foircheann
dar sdiúir gus an bhflaith
bhfíre
ré iúil na sé seinlíne.
do thoirling san óigh iodhain
coimhling dan cóir creidiomhain.
Do b'fhiú an toircheas tharla dhí
ar sgaoileadh cáigh ó chéile
gur tháthuigh an uile fhear
Muire an mháthair 's an mhaighdean.
Ógh iodhan dar bh'ainm Muire,
máthair an Mheic shíordhuidhe,
do b'é rí na soillse sin,
do bhí 'n-a broinn-se ó bréithir.
Talamh í as airde ná neamh
bainríoghan máthair maighdean
mionn órdha fhuile hÉabha
Muire óghdha fhíréanna.
Tríd do fhágbhas Inis Bhreagh
m'onóir do dhiúlt maic
Míleadh
flaith d'Íbh Airt agus
Oilill
ní maith ní huilc
altoighim.
Teach na n-ógh Is na n-easbal,
teach daoineach an Dúileamhan,
easbal as tréan an tighe
Peadar fréamh na fírinne. Ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402069.html |
G402070 | Ní rí fíre acht flaith nimhe | Fearghal óg mac an bhaird | Margaret LantryProof corrections by Margaret Lantry | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 760 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Ní rí fíre acht flaith nimhe,
rí fíre flaith na cruinne;
do bhí ar neamh fan lia lighe
fear fine, Dia agus duine.
Ar chléith dhoinnbhear dia hAoine
do coinnmheadh Dia dar ndín-ne;
daor do bhraith an raon róin-ne
laogh na hóighe, an flaith fíre.
Rí fíre an fear nar chronuigh
cneadh na cíche dar gcabhair;
a chóir Is é ar n-a oighidh
oidhir Dé tóir a tabhaigh.
Tar a thal tiad a dhaoine
níor mhiadh le mac na hóighe
dá chíos ní um
chneidh na cíghe
rí fíre, gein na glóire.
Tug malairt do Mhac Moire
slat do agair
ar aoi a dhéire mar dhlighe
caoi cridhe déine, a dhuine.
A Pheadair, déaghaidh dhúin-ne,
déanaidh, a easbail fhíre,
guidhe ar mo chrú le chéile;
tú féine id dhuine dhínn-ne. Ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402070.html |
G402071 | Olc íocthar ar luagh leighis | Fearghal mac domhnuill ruaidh mac an bhaird | — | c.1540–1560 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,728 | Fearghal mac Domhnuill Ruaidh mac an Bhaird cct.
Olc íocthar ar luagh leighis,
a fhíonfhuil sa luan leanais,
guin cáigh don luibh do leighis,
luibh leighis re báidh beanais.
Do shín a fhearg fa oighidh
an rí tar ceann ar gcuiridh;
liaigh nach geabh gráin re a ghonaibh
do chabhair chneadh cáigh choirigh.
Re ghuin chíghe i gcéill cuiris
na sé líne gur leighis
sé slóigh do bhí ar a bhanais;
sanais do-chóidh dhí ar dheighfheis.
Ní bhia a fhearg uann gan fhaobhar
a fhearg go luan dá líomhadh;
nár dá rann dí do dhéanamh
clann le ngéabhadh rí Is ríoghan.
Fiu an ógh do lean ar loirg-ne
an ceart do-chóidh ar cairde;
luaithe iná fás na feirge
meirge grás uaithe i n-airde.
Ó fhleidh gan obadh d'aonar
ná creid m'obadh im éinfhear
a teach óil lé ga líonadh
ríoghan ar cóir nDé ag
déineamh.
Mac Dé gar ndíon 'n-a dheoraidh
re ré a shíol nó gur
shíodhaigh
tarla dhó a dhíol do ghuaillidh;
buailidh i gcló ríogh ríoghain.
Luach a chneadh d'íoc nach eagal
ar ndíon 'n-a leith ná leigeadh;
nír bhean re hóigh é d'obadh
cogar Dé Is cóir do creideadh.
Lór do cheilt doirre an Dúilimh
feis do-roinne re ríoghain;
fada é i gcás fan gcánaidh
gur sháruigh grás Dé an
díoghail.
Ní séanta cách do chabhair
ón séala a-tá sa troighidh;
ná creid fíoch Dé mar dearair,
síoth an dearaidh é d'oighidh.
Cneadh chíche as slán ar
síodha;
bean go síne a snáth
uama
dá fhleidh ní lón do-ghéana;
ná geibh m'éara, a ógh, uadha.
Ní taradh gaoil do-gheibhthir
a branar taoibh nó troighthigh;
ar mbarr ní fhoil gar n-aithribh
a n-aithghin soin ann d'fhoichnibh.
Do-bheir sé d'óigh a n-iarraid
ó chóir Dé mar soin sínid;
grás Dé ina thós a-támuid
ní ránuig sé fós
fínid.
Ní dar ngrádh an glas bíodhbhadh
a bhas re clár do ceangladh;
an síoth an uair do b'urlamh
fríoth cunnradh cuain nar ceannghadh.
Mar ceiltir cóir do chneidhe
re hóigh as bheirthe a bhuidhe;
dlighidh tú a íoc mar t'fhine
crú an chridhe dhíot a
dhuine.
Bean do ghnáthuigh cosg córa
ort a slánuibh ar síodha;
clann ar óigh sin dá séana
déana a ndligh do chóir
cíogha.
Feis fhóirthe cáigh a cinneadh
dáil na hóighe — as dáil
daingean;
do theacht i gclí do cumadh
beart ullamh hí ón aingeal.
Síoth na cána do coilleadh
fa shlánaibh ríogh do-rinneadh;
tug an cíoch cóir sa gceangal;
do gealladh d'óigh t'fhíoch d'fhilleadh.
Neamh ó ar bhfoltaibh nír féagadh
gur fosgladh an feart líggeal;
dar dtaoibh do fhás an t-éigean
éideadh grás daoibh nar dhídean.
Tearc do chách ód fhleidh leagar,
ód fhleidh ní tráth dar dteibeadh;
fleadh grásd do cheil an cagadh;
madan Cásg libh do leigeadh.
Clódh t'fhine ní ceard chubhaidh
's an tslighe dhearg id dheaghaidh;
raon dearg id chíogh ná cronuigh,
conuir ríogh as dearg dleaghair.
Mór an cás far fhear t'fhíonfhuil
seal red bhás ina braonuibh;
cóir do-gheabh fheidhm uamhain
fear th'ualaigh i mbeirn baoghuil.
Seachna gaoil ar cóir gcroidheadh
ag óigh do bhaoi ga bhranar
bean do bhac fás na foladh
lat ag comhar grás gabhar.
Fuair ríghbhean am ar n-eagair,
— an ríghfhleadh ann do b'abaidh,
fleadh grás nar chóir do chogail,
cás cogair re hóigh aguibh.
An rí i gcrothuibh dhar gcinn-ne
nar chronuigh na trí thairnge;
rángas grian fhala th'oidhre
doimhne an mhara Mian maighre.
Má taoi ag meas éarca ar t'fhine
leath na héarca ní fhuighe;
cuimhnigh thú id mhac ag Muire
ní lat uile crú an chroidhe.
Crann gar gcoimhdhe i gcíoch t'oidhir
a fhíoch oirn-ne do fhalaigh,
gar súr nír ghabh ga ghonuibh;
ar domhuin túr an toraidh.
Saor dhiongbhas claon na córa
iongnadh an saor dar séana;
do chuir don chrann-sa an chíogha
fonnsa díona um fhuil Éabha.
Dulta i dtráth beirthe an bháire
ar sgáth cneidhe na cíghe
sgiath i bhfuil díon, a dhaoine,
d'fhuil taoibhe an ríogh do-ríne.
Mór do bhí ar dháil na dighe
do dháil a rí re ró toile;
mairg nach díol fear na fleidhe
fíon dar bhleidhe cneadh croidhe.
Guin taoibhe Dé 'n-ar ndeaghaidh
ní maoidhte a méid a oinigh;
gé tá bás Dé 'n-a dheimhin
ceilidh a ghrás é d'oighidh.
Dá fhuil im dháil do dheithbhrigh
muir gan tráigh ar a toirthibh;
linn grás fam luing do leathnuigh
do fhás d'fhearthain thruim throighthigh.
Iomchrais eire rer fhuirigh
nar hiomchradh eire a shamhuil;
tug sé a throm ar a throighibh
oidhir Dé i gcrann dar gcabhair.
Úir mar a tásg ar thoradh;
úir grás an úir do hoireadh
tuar sídh an tann do treabhadh;
leanabh cígh ann do b'oireamh.
Ceo dhoirche ag cách ó a gceanaibh
nach foighthe leo lá turaidh;
crú an chíghe ón chiaigh do chab-hair
samhail shíne i ndiaigh dubhaidh.
Luibh re chneadhaibh nír cuireadh;
a fhuil d'fhearadh as omhan;
guais damh gan triall sa turadh;
gar dubhadh riamh don raghal.
Cóir linn fa lár do leigeadh;
don Chóir ní tráth dá
teagar;
fuil bhas Is chígh ad chogar
obadh sídh as nach eagal. Olc. | https://celt.ucc.ie//published/G402071.html |
G402072 | Ór na mban baincheann nimhe | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,243 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Ór na mban baincheann nimhe,
géag chubhra an chnuais ainglidhe,
cruth seangghlan go snas chorcra
dar las deallradh diadhachta.
Ór líoghlan ar nar luigh sal,
réalta iuil fhear an talmhan,
ciabh chlaon 's a griandath mar ghréin,
caor do mhianach criadh ceinéil.
Ór glan gealbhán na cruinne,
baincheann na sé sochaidhe,
folt na n-órchlann gcruinnshliom gcas,
lóchrann ó bhfuighbheam eolas.
Grian ghlan ghealmhaidne samhraidh,
eala innbhir chubharghlain,
folt órbhuidhe fhailgheadh dtiogh,
óghMhuire mhaillgheal maighdean.
Guaillidh deasláimhe an Dúilimh
's í ar ar sgáth 'n-a
sgiathlúirigh,
's n-a gnáthfhál dhaingean dar
ndíon,
sgáthán aingeal an airdríogh.
Slat do fhás a húir naomhtha,
ógh ghlan go ngnúis neamhfhraochdha
dar bh'ainm naomhthalamh ós nimh,
pailm go saortharadh saidhbhir.
Neimhdheas gach deilbh dá deise
i ngar do ghné a deilbhei-se;
beag mórbhladh i ngar dá gnaoi
leag lóghmhar mar ghal grianlaoi.
A béal coimhdhearg re snuadh subh,
a rosg comhghlas re criosdal,
nó re hoighreadh ar eas nglan,
a cneas coimhgheal le cubhar.
Combuidhe é 's an t-ómra
bairrfhiar an fhuilt fhorórdha,
a tirmdhéad chombán re cailc
an fhinnghéag fhollán orrdhairc.
Siad coimhgheal le clúimh eala
a troighthe, a taoibh glégheala;
méin chaise 'n-a camchúl fhionn
nach taise fannchlúmh faoileann.
Céim a bonn, buille a habhra
's iad commall 's a ciunlabhra;
rosg glas gan fhormad fa ór
a bas chomhlag re caomhshról.
Niamh a gruadh n-áluinn mar fhuil,
an chuid eile dá haghaidh
mar uan imillearg abhann
sduadh inghindearg abhramhall.
Inghean Iaichim ciabh chladhach
cosmhail caoile a seangmhalach
re sgríb d'fhírrinn chaoilphinn chuirr
ar sgríbhinn maoithshlim meamruim.
Máthair ríogh rátha nimhe,
mian súl na sluagh n-ainglidhe,
gnúis déadla ó n-aghthair an t-eol,
réadla nach athraigh d'aithcheodh. Ór. | https://celt.ucc.ie//published/G402072.html |
G402073 | Ort do sheiseacht, a shaoghail | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1225 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,286 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Ort do sheiseacht, a shaoghail,
a sgian tana thollfhaobhair;
a ghille 's a lúb 'n-a láimh,
ag súd inn-ne dot fhágbháil.
Mithid damh céim seachad sair,
a sheanóir dhoill, a dhomhain;
do budh turchar dhamh, a dhuill,
urchar do chur lem choluinn.
Do budh codladh ar chlúimh thé
gan iompódh riot a-ríse;
uch, a thruagh, más eadh as áil
seal uabh agus gan t'fhágbháil.
Seal 'san slighe dhíomhaoin damh,
seal 'san saoghal dom shalchadh,
seal san lathaigh, loighe an doill,
athaidh oile san abhoinn.
Ruaig agam d'iarraidh nimhe,
ruaig i measg mo mhuinntire —
tuig trá nach deighcridhe dhamh
an dá eitrighe d'adhradh.
Siridh féin aireamh eile,
a shaoghail, d'ar t'eitrighe;
beir, a shaoghail, t'aghaidh uaim,
a shalaigh dhaolaigh dhiombuain.
A sheanóir thuisleadhaigh thruim,
mallacht ort gach fhir chumuinn;
go bhfagha shár it sheise,
a chlár tana taipleise.
Gé taoi ar mo thí, a thruagháin
thruaigh,
duit do chumas do chéadduain;
mór an ceannach deaghóir dhamh
seanóir meangach do mholadh.
Is tú an giolla fionn fallsa,
riot do-chuaidh an cholann-sa;
ní tú, a dhalláin a dhomhain,
an chnú fhalláin fhoghamhair.
Is tú an tsadh mheabhlach mheangach,
is tú an bheithir bhéimeannach,
tú an aithir sheang, a sheise,
is ceann aithigh uirrei-se.
Do chuiris díot a-dearair
cúig dhíne do dhíneadhaibh;
ní fhuil tú acht id chuaille chuir
ar bhrú na huaighe, a ánruidh.
A ánruidh thruaigh, tomhais dúin
gá fuil do-chuaidh fad chéadúir;
sloinn go fíor, a bhréagaigh bhrais,
gá céadfhuil ríogh do fhromhais.
Fuil Aibéil mheic Ádhaimh fhinn
dí do chorcrais do chéidrinn;
a bhrais bhréagaigh, Is sí sain
céadfhuil do bhí ar do bhéalaibh.
Fuil Críosd do-chuaidh fad bhruinne,
móide t'imshníomh oruinn-ne;
ceann fat iris níor dhluigh dhamh
ó do ibhis fhuil t'athar.
Do bhrathais Dái-bhí na ndámh
's do fheallais ar Ab-rahám;
tugadh ceann Eoin dá éis sain
'n-a fheoil ar mhéis dod mhiasaibh.
Do chrochais Is a cheann síos
Peadar apsdal na n-óirchíos;
ar ndíoth Peadair agus Póil
eagail do shioth, a sheanóir.
Ní dhearna cumann riot riamh
ó do fheallais ar Aibial
neach nar chuiris féine i bhfód
acht madh Éile agus Eanóg.
Tárras ort-sa eacht oile
do chealga 's do chorroighe;
ar do mhuin — níor bhúireadh
binn —
do chuir an Dúileamh dílinn.
Bliadhain dí — agus níor dhoib-heart —
ar do mhuin ag marcoigheacht;
ní fhuair díon, ní thárraidh
trácht,
do shíol Ádhaimh acht aonbhárc.
Tiocfa bráth ainmhín oile
dod bháthadh-sa, a bhréagoire;
ní bhia beatha eile ann
acht ceatha Is teine Is torann.
Báidhfidhear tú do thonnaibh
mar bháidhthear ceap críonchonnaidh;
do leagadh a-dir gach dream
ar sin ní fheadar th'inneall.
Ón ló loisgfidhear do lár
agus ghéisfeas do ghormchlár
agus bhearrfas muir do mhong
do sheanchas ní fhuil agam.
Ag súd inne ag imtheacht uaid
i reilig na gcrann gcaolfhuaid;
beag do threiseacht tocht tar muir
ort do sheiseacht, a shaoghail. Ort. | https://celt.ucc.ie//published/G402073.html |
G402074 | Rogha gach beathadh bheith bocht | Tadhg mac dáire mac bruaideadha | — | c.1590–1652 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,070 | Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha cct.
Rogha gach beathadh bheith bocht
neach ag a thogha acht gidh tearc
— uirre gan bhréig ní léir
locht —
san phort nach téid céim tar ceart.
Bheith gan toice ní díoth dhún
mar íoc im olcaibh mar chrádh
nó bheith bocht do réir mo ríogh
díol a locht ní léir dá
lán.
A uan fionn do fhás ón óigh,
uad i ngioll red ghrás a-táim;
asad gan bhréig fa dú dóigh;
is tú an ghlóir nach téid i
dtráigh.
Red thocht i dtionól an Luain
an chroch 's an choróin red thaoibh
tiocfa sé 'n-a shochar dhúinn
dúil don rothal, a Dé, dhaoibh.
Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol
— uch! ní neamh a-tám do thúr;
ar dtréidhe mo-nuar Is nár;
grádh dá chéile badh dual
dún.
Go dtí so gan doilgheas daoibh
— ós ort as oircheas a úidh —
suas don deaghbhragh, a shiur shéimh,
an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin.
Gan luaghall éithigh ós aird,
gan uabhar, gan bhréithir bhuirb,
mar luagh i ndearnain an deilg
dual, a leinb, leanmhain do luirg.
A óigmheic arsaidh dar siair
mo chasbhraid go bhfóire féin
's ná leig m'anam uaibh dá thaoibh
sgaoil uainn mo ralam go réidh.
A Choimdhe do-chí mo riocht,
dar gcoimhdhe do bhí go bocht,
go fóil ná cinn ar an gceart;
fóir led neart inn ó gach olc.
s í ceard chosmhail a clódh
sul thí th'fhearg chum dochair dhún
dá bhar dtol, a rí na ríogh,
go dtí dhíom a cor ar gcúl.
A bhfuaras don chruinne ché
uaibh-se dá gach uile ní
bean dot fhiortaibh dhíom, a Dhé,
más díol é i gciontaibh mo
chlí. | https://celt.ucc.ie//published/G402074.html |
G402075 | Rugadh báire ar an mbochtacht | Unknown | — | c.1440–1460 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,717 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Rugadh báire ar an mbochtacht;
tearc fhuilngeas a hanshocracht;
nír chás duine a-bháin dá
breith,
do-cháid an uile d'éinleith.
I n-aimsir Pheadair Is Phóil
— ag trághadh gé tá a
honóir —
do bhí an bhochtacht 'n-a linn láin
gur shocracht linn í d'fhagháil.
A-tá ag na daoinibh do dhligh
leanamhain an luirg dhírigh
beatha as táire ná bheith bocht
ag breith báire ar an mbochtacht.
Gin gurab air as mhó meas
is buidheach Dia dá dhaidhbhreas
bochtacht gin go mbeath dá thoil
neach leis nach olc a easbhaidh.
'N-a comhthrom ní budh cuirthe
conách gémadh ceaduighthe;
an daidhbhreas gurab é as fhearr
is é a aighneas go haithghearr.
Don chruinne mar chuid ronna
Íosa ar n-oide foghloma
an almsa rug do roghain;
tug annsa dá heasbhadhaibh.
Fada ó a báire do bhreith dhí
Muire ógh d'imtheacht uaithe
bean a carthana ó chroidhe,
banchara na bochtaine.
do beanadh dhí — dia do chor —
gur fágbhadh hí na haonar
rí na n-uile 's a easbhail;
Muire ní hí a héineasbhaidh.
Ní fhuair fa dheoigh — is dó
tám —
do dhíoth carad ná compán
d'éis na n-easbal go héanar
easgar ó nach
éiréaghadh.
Gabhthar i ngaisde an éaga
Froinséis fear a coimhéada
— gár fhearr bráighe — ag
an mbochta,
ceann báidhe na bochtachta.
Fear do ba treise ar a thoil,
fear iomchuir cuinge crábhaidh,
bráthair nachar char a chorp,
damh nar ghnáthaigh a ghreasocht.
Béal tana dá dtugadh fios,
bas gheal nach glacadh díleas,
croidhe ler chuma a dhochar,
urra a oire d'iomachar.
An traigh míon ná an mhala cham
ní thug oilbhéim don anam,
ná an chiabh mhaoth nar mhaoth gcrábhaidh,
far bhaoth ciall a chompánaigh.
Ní as ar bhaoghal a bhréagadh
don tsúil chuirr do choimhéadadh
an t-abhra gan díon ar dheoir
gá dtarla a díol do dhoirrseoir.
Le a chrábhadh ag breith breithe
do bhí a héisdeacht d'áireithe
an chluas do ba caol tuigse;
saor do-chuas ón chéadfaidh-se.
Dá gcur fa umhla an anma
na céadfadha corpardha
gá dtú acht nocha dtabhradh sbéis
i gclú dá bhfaghbhadh Froinséis.
A bhriathar mhilis mhálla
nír fhéad fear a faghála
neamhdhóigh as an ní a-deireadh;
seanmhóir í do oibrigheadh.
I gcontabhairt ná cuiream
go n-éisdfeadh rer n-urfhuigheall:
ní dochuirthe aghadh air
gabhal chothuighthe an chrábhaidh.
An dtibhreá d'éarlamh eile
dá threise d'fhior impidhe,
a rí na n-uile, ar a éis
an ní nach fuighe Froinséis.
Bráthair Mionúr do rádh ris
dá umhla — gá dtám
thairis —
sé dá ainmniughadh as a hucht
daingniughadh hé ar a umhlocht.
Na géaga as airde san fhiodh
ón ghaoith gé ghabhaid briseadh
gach géag dá mbí umhal ann
pudhar dhí nocha déanann.
An chnú thoraidh téid sa sruth
do réir fheasa na n-eolach;
bheith ar talamh Is dú dhí
's an chnú fhalamh i n-airde.
Gach tuar as truime geamhar
le a gort Is gnáth ísleaghadh;
an tslat chumhra gidh hí ann
is í as umhla dá hubhall.
Móide an toradh tháinig dhé
nír bhean bráthair dá ísle
— fán gach achaidh as fhearr gort —
geall dar n-athair ar umhlocht.
Is córaide dá chlannaibh
an t-athair ór fhásamair
na baramhla do-bhearar
a n-aradhna d'ísleaghadh.
Go breith an chluiche ó chianaibh
ní bhíodh aca acht éinriaghail;
reacht an chlann-sa 'n-a dá cuid;
ní do theacht tharsa támuid.
Do filleadh orra dá éis
an chlann do chin ó Fhroinséis
an báire do bhí rompa;
do bhí a n-áille iasochta.
'N-a gcloinn tabhartais a-táid;
ní ghabh leo acht an lá iompáid;
bheith dháibh amhlaidh ar a éis
do tharngair an fáidh Froinséis.
Ní hiomdha dhínn 'n-a dheaghaidh
bráthair bhíos gá hoileamhain
an riaghail gá dámaid dí
fiadhail acht tánaig thairse.
Nach fiú aonmhonadh hé féin
dá ionnmhus Is iúl soiléir;
ní beag do dhímheas é air
do dhíleas dá mbé ag
bráthair.
Is cóir sa chás i bhfuilim
gan fhailleachadh m'urfhuighill
— ar síoth re laogh nDé
dlighe —
ní saor é ó oirbhire.
Deacra dhúinne iná dhuit-se
dul beo ón bheirn ghábhaidh-se;
beag an phian do bhí id bhochtacht,
do mhian do bh'í an anshocracht.
Ar n-éigean muna fhóire
maoidh ar Mhac na banóighe
buirre na glaice gonta
duinne i n-aice th'umhlochta.
Maoidh fós ar oidhre an Athar
tú go héag dá hiomachar
— neimh an bhuinn gár dhocra dhuid? —
cuing na bochta fad bhrághuid.
Is tugtha gan mo theibe
d'eineaclann it fhoighide
Mac Dé dá n-eitghe th'umhlocht
leigthe mé led mheasardhacht.
An ghuin bháis do bhaoi id chridhe
ar Críosd ciodh nach maoidhfidhe?
a dhoigh gár dhocra treabhlaid?
goin th'ochta ní hindearmaid.
Im ionadh Is tú thoghaim
d'aighne agus d'fhior uroghaill;
do bhiadh ar námha réidh rinn
mo námha féin dá bhfuilnginn.
Ní as a ndoirtfinn mo dhéara
bean osgladh as m'aithmhéala,
a dheochain, a chnú cridhe,
ós tú eochair m'aithrighe.
A oide, a athair dála,
a sgiath dídin diongbhála,
mo locht as a thruaill tugadh,
do-chuaidh thort mo theasrugadh. Rugadh. | https://celt.ucc.ie//published/G402075.html |
G402076 | Saoghalta sin, a shaoghail | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1244 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,417 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Saoghalta sin, a shaoghail,
ar gcaitheamh do chéadfhaobhair;
saoghalta sibh iná sain,
a fhir shaoghalta shanntaigh.
Mar taoi fa thoice an domhain
— is rioth eich gan arodhain —
más tuar baoghail an bhochta
truagh, a shaoghail shaoghalta.
A aidhbheirseoir na n-uile,
id chumann, a chealgaire,
do mhuin deaghshóigh nír dhulta;
sguir, a sheanóir shaoghalta.
Ní théid duit-se fa dheireadh
do chisde dar cruinnigheadh,
luach an tsaoghail do rádh ruibh;
baoghail do dhál, a dhomhain.
Gidh bé chaitheas, gnáth a ghoin,
críoch bhur gcumainn, a shaoghail;
a fhir-se Is a ghlac 'n-a ghar,
dar lat Is sibh-se an saoghal.
Más tú, a shaoghail thuirsigh thruim,
an bioth cé do-chuaidh tharainn,
a earr ag breith ar an mbioth
gá fearr a bheith ar biseach?
Feadh an tsaoghail dá rádh ris,
a dhuine a-tá ag teacht thairis,
do chéill san saoghal ná sir
a thaobhadh féin an faid-sin.
Fada gur thuigeas tu-sa
fa chumann na colna-sa;
mairg do rothaobhuigh thú, a thruaigh,
a thrú, a dhrochshaoghail diombuain.
Ar do sgáth, Is tú dá thoil,
taobh red leithsgéal an lá-soin
mairg a-tá, a shaoghail shanntaigh,
go lá an aonaigh iongantaigh.
Ar cathaighthibh na colna
le hainmhianaibh ionmhalla
gérsam dual im fhear fhallsa
truagh ar seal san saoghal-sa.
Críoch an tsaoghail Is sí sain
seacht dtroighthe d'fhagháil d'iomdhaidh:
mar as dual dó agus di-se
ag so an uagh ga innise.
Mar théid an t-umha Is an t-ór
téid an t-aoibhneas 's an t-anshógh;
téid a chruth don chruth fhallsa;
loch le sruth an saoghal-sa.
Bhar mbeith go hoirchilleach air
is córaide, a chlann Ádhaimh,
an bioth go dtairrnge tharaibh;
rioth na hainnle a ionnshamhail.
Nach cuireann an saoghal sibh
do dhéanamh oibre im aighidh
ní thig lá dá uaisle ann,
a thruaill-se a-tá 'n-ar dtiomchall.
Gé taoi neamhnáireach a-nois
budh nár ar chionn an chonntais
do neamhchomhall dá nochta,
a sheancholann shaoghalta.
Mar tá riamh dá chur i gcéill
córaide an cholann d'aimhréir
nach faghann sé acht moirn nach mar
gidh bé dan soirbh an saoghal.
Dámadh leat ó Dhia an domhan
más tú iarras athroghadh
leathlámh Is méad a mholta
créad acht seachrán saoghalta?
An saoghal dá dhearbhadh dheit
dá mbeitheá it athair éinmheic
an mac san láthair nach libh
's nach lat máthair an mheic-sin.
Caidhe an t-ól 's an t-aoibhneas trom?
caidhe a dtáinig riamh romham?
caidhe an saoghal a-né a-nos?
caidhe an té aonar anas?
Ná coiglidh cluiche ná cleas,
ná coiglidh ól ná aoibhneas
má tá, a dhaoine, gan bhar ndul
ná lá saoire ar an saoghal.
Fa dheireadh — truagh an tuirrse —
d'éis do shainnte, a shaoghail-se,
ceadh sibh acht na seacht dtroighthe?
ag sin do cheart críochnuighthe.
Tuigthir nach caithionn do chrodh
méad bhar sainnte ar an saoghal;
lá feasda ní lat dod láibh;
ná bac dá dteasda teasdáil.
Aontroigh dá dtugtha toradh
dá mbeinn aga breathnoghadh,
treabhtha dom ithir ní fhuil;
mithidh do sheachna, a shaoghail.
Ar an dtalamh ó thánag
a-taoi fúm ag fanámhad;
lúbghal darab gar a goimh
an dot shúgradh, a shaoghail.
Gá fios an mairfeá a-márach?
a-tá an saoghal seachránach;
a dhuine, ní lat go lá;
ná glac don chruinne a carta.
Do budh mithidh d'fhior m'aoise
d'éis mo ruathair robhaoise
gan bheith red bhanncaibh baoghail,
a shanntaigh, a sheanshaoghail.
D'éis ar dháilis do dheochaibh
oirn-ne Is ar ar n-aithreachaibh
ní cneasda go ndlighe a dháil
deasga do dhighe, a dhomhnáin.
Fa chabhair Caitir-íona
do mhúchadh mo mhíghníomha
ní beag an daingean damh-sa
m'aingeal Is m'éarlamh-sa. Saoghalta. | https://celt.ucc.ie//published/G402076.html |
G402077 | Sbéacláir na cruinne an chroch naomh | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1250 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,560 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Sbéacláir na cruinne an chroch naomh
crann suaithnidh na sleas ndonnchaomh:
séala an chroinn-se na gcóig gcneadh
róid as soillse re silleadh.
Croch Íosa, mionn cabhra cháigh,
mór ngné as a ngairthear
sbéacláir
don órchuanna thiormghlain thais
d'fhiodhbhaidh phórchuanna Pharrthais.
Sliocht a chneadh an uair fhéaghthair
páis Dé Is aisde airléaghthair;
an rí as cinnte dar gcoimhdhe
innte do-chí ar gcabhair-ne.
Dá taobh táinig an tsoillse
do sgaoil doirche an domhuin-se;
ní sbéacláir ar nach cáir
cion
do bháidh céadcháir an Choimdheadh.
Cóir sbéacláir do rádha ria,
naomhchroch chéasda Mheic Mharia,
crann na slios gcomhchorcra gcáidh
ar sgrios dorchachta an domhnáin.
Mór gcioth do cuireadh impe
d'fhíonfhuil Dé-dáil aidhmhillte;
do chéadthráigh fholta gach fhir
an sbéacláir chorcra chroinn-sin.
Aoine Chásg ria do righeadh
corp Dé — díochra an t-aindligheadh —
croch ghuaisbheithre cabhra cháigh
— damhna a huaislighthe d'fhagháil.
A-tá si-se ó soin i-le
'n-a cairt sídh, 'n-a crois choimhdhe
re slios ghéagcláir chaoimh chobhsaidh
'n-a sbéacláir shaoir sholusghlain.
Iomdha raon guasochta gon,
lorg cneadh agus áit áladh
tre chlár ngeal séanta a sleasa
'n-a sbéacla fhear n-ainbheasa.
Silleadh créacht a chuirp chorcra
cúis truaighe, tuar furtochta,
dáil chabhra athair d'fheithimh
fachain anma d'fhóirithin.
Sompla ar sídh, séala ar ngrádha,
fáth tuirse, tuar lúthghára.
an mionn croinn ghéigleabhair ghlain
do chloinn éidtreabhaigh Ádhaimh.
Cúis lúthghára a dtáinig
tríd;
fáth tuirse an tráth do-chímíd
an slios corpghonta, an cíogh donn,
do bhríogh fhurtochta ar n-anman.
Mairg nach sill sleachta a beoghon,
mairg croidhe nach cuimhneoghadh
iul diadha doinnleabtha a chneadh,
piana coimhdheacra an Choimdheadh.
Cneadha a thaoibh — truagh an sompla —
lorg bear a bhonn mbeoghonta,
an dá chréachtláimh, an chlí
gheal,
sbéacláir don tí do thuigfeadh.
A thuigsin dúinn — dia do
chéill —
an fáth far fhuluing iaid-séin
feadh sléachtana dhíonn do dhligh,
créachtghona ríogh an ríchidh.
Dá dtugtha a hinneall dot aoidh,
a fhir do-chí an gcroich bhfíornaoimh,
sléachtain ní ba díoláimh
dhuit
don íomháigh éachtaigh orrdhruic.
'N-a sompla chabhartha cháigh
tuig ar tús mar tá an
íomháigh
'n-a deilbh chneisiomláin chruaidh thigh,
'n-a heisiomláir thruaigh thuirrsigh.
Tuig fós — is feirrde a hionadh —
mar tá sí ar n-a suidhioghadh;
féach an tarbha a ndeachaibh dhaoibh
i mbeathaidh th'anma, a óglaoigh.
Fáth a cheangail Is an gcrann
oidhir Dé — diadha an fulang —
fáidh gach aoinfhear dar fhoillsigh
sgaoileadh cáigh san cheangail-sin.
Ciall a dhá lámh do leathadh
Uan Dé, dalta ar ndeirbhsheathar,
ró gráidh ar n-a fhaláir air
do ghabháil cáigh san chrann-sain.
Mar fhairrsinge dá aos ghráidh
fuilngis cumhgach — cúis
tochráidh —
idir ghlaisreanna dealg ndonn
an leanb d'fhairrseanga oram.
Fáth fa dtug — truagh an cosgar —
doirse a chneadh re a gcomhfhosgladh
mar shlighe dar dtochta is-teagh
tre chridhe gcorcra an Choimdheadh.
Fáth claonta a chinn san chroich-se
d'umhlacht dúinn — dál
athtuirse —
Rí do bhí i gcumhnga dar gcionn;
do bh'í an umhla gan fhuighioll.
Fáth fa dtug d'fhurtocht oruinn
crann céasda an óig abhramhoill,
dul 'n-a rann go ráinig linn;
re crann tháinig ar dtuitim.
Báidhthear ann d'fhuil a chroidhe
croch Dé, crann ar gcabhrai-ne,
crann corcra slánuighthe ar sean,
folta cánuighthe an Choimdheadh.
Crann do lubhghort phuirt Pharrthais,
mionn croiche clár leabharthais,
crann soillse na sé gcineadh,
ré an chroinn-se ní caithfidhear.
Cros choimhdhe cloinne hÁdhaimh,
luibh chabhra créacht
bhfíorghábhaidh,
crann do thomhais Mac Muire,
slat tomhais na trócuire.
Sbéacláir cháigh, éanchrann
ós fhiodh,
tríthe at-chonnairc Dia ar ndídion;
d'éis ar gcabhartha tar cáir
tabhartha sbéis 'n-ar sbéacláir.
Peadar comharba an Choimdheadh
bíodh leam an seang séaghainngheal
fa chréachtcháir na gcroidhe thall
sbéacláir oile ní iarrfam. Sbéacláir. | https://celt.ucc.ie//published/G402077.html |
G402078 | Seacht n-ingheana gon umhla | Unknown | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,090 | Seacht n-ingheana 'gon umhla
seacht gcomhursain ciallumhla
seacht muine iad a haonbhun
siad 'n-a gcuire chomhghaolmhar.
Rún ní hindéanaimh orra;
sloinnfead a seacht n-anmonna,
na seacht mbinnshreabha bunaidh
tearc ingheana a n-ionnshamhail.
Céidghin cloinne na humhla
go gcreidear dá comhurdha;
an fhoighide Is í a hainm-se
gloineide an chlí i gcleachdainn-se.
An fhírinne óna hard cridhe
ainm an dara hinghine
mór luagh na fírinne d'fhior
Luan na dílinne ón Dúiliomh.
An treas inghean — cruaidh an chéim —
an fhaoiside Is í a hainm-séin;
gan a labhra Is coll creidimh;
long na hanma an fhaoisidin.
An ceathramhadh céim don chloinn
an aoine as crádh don choloinn;
gidh seang ón aoine an chlí chuil
feall taoibhe hí don anmuin.
An cúigeadh hinghean eile
re n-abrar an aithrighe
gach ni as aithshlighe don ulc
is í an aithrighe a fhurtucht.
An trócuire Is sí an seiseadh
— tearc mná mar an móirsheisear
na sé mná umhla aile —
is ullmha a-tá an trócaire.
An déirc bheireas neach ar neamh
is í so an seachtmhadh hinghean;
feidhm diongbhála do Dhia
hí
is ria as ionrádha airdrí.
Do áirmheamair gan easbhaidh
anmanna na n-inghean-sain;
tearc lá nach síolfuidhir sin
seacht mná as fhíorchuibhidh
d'áirimh.
n umhlaoid nar fhaomh ceana
ag sin na seacht n-ingheana;
Dia dá gcomhthail go
coimseach
cia orthaibh as amhoirseach.
Seacht maighdeana óna mó a
shíol,
seacht mná éintighe an airdríogh,
seacht n-eachracha nimhe a-niogh,
seathracha cridhe an Choimdheadh.
Seacht mná lionas lios na bhfeadhbh,
seacht mná fholmhuigheas Ifearn,
seacht n-arthraighe na hanma,
tearc banchuire as bhanamhla.
Seacht dtobair na dtrí Muire,
seacht róid na sé sochuidhe,
seacht srotha ag teacht a talamh,
seacht gclocha gan cumhsgughadh.
Seacht gcathaoireacha céille,
seacht bhfáidhe na fírfhéile,
ceart soillse na seacht nimhe,
seacht ndoirrse nach dúinfidhe.
Seacht sceoil shaortha shíl Ádhaimh,
seacht mbuimidhe an mhórchrábhaidh,
tearc i n-a gcomhairle cion
seacht gcomhairle an Choimdheadh.
Seacht n-eitnidhe cnó gcorcra
ingheana na humhlochta;
an umhlacht 's a clann chaduigh
is lubhghort crann gcomhabaidh.
Ar chomairce na cloinne
's 'n-a humhla dar n-anmain-ne
— mairg nach creideann don chloinn-se —
go gcreideam don chrobhoing-se.
Seacht gcaogada cath fam cheann
tug Pádraig puirt na hÉireann;
go raibh mé thall 'n-a threiseacht
is é ann go n-airceiseacht. Seacht. | https://celt.ucc.ie//published/G402078.html |
G402079 | Sguir dod dhíomas, a dhuine | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1250 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,240 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct.
Sguir dod dhíomas, a dhuine;
gearr go dtiocfa teachtaire
— is iongnadh leam créad do char —
ar do cheann ón éag uathmhar.
Muna choisge tú do thal
dod chraos dot fheirg dot uabhar
gearr go mbia cosg ón éag ort;
féag ar do rosg gan radharc.
Ní hadhbhar díomais duid-se
do mheirbhe Is do mhíothuigse,
's bheith dod chorp ó chéill ag dol
is th'fholt go léir ar liathadh.
Do mheanma mhear achd gér mhór
do-chím í uaibh ar gclaochlódh;
is tearc tuile nach téid as;
tréig, a dhuine, do dhíomas.
Neart do lámh ar aird ní fhuil;
do leath a lúth fad chosaibh;
féach meirg ar do dhreich ar ndol;
eirg ód bheith mar do bhábhar.
Smuain boidhre na gcluas choidhche
's do bheith feoighe fannfhoirbhthe;
smuain ar an uaigh th'ionad ceart
's do sbiorad uaibh ar n-imtheacht.
Ar dtocht téarma do mhire
biaidh tu-sa i n-eirr th'aimsire
sronnán id chom ar n-a chor
mar lomán gcrom ar gcríonadh.
Do-chím ort airdheanna an bháis
— dúinn uile as adhbhar
uathbháis —
d'fhás duibhe id déad ba soillse:
's ní chluine créad chanaim-se.
I n-áit do choilceach gclúmh dte
's é t'iomdhadh an uaigh úire;
's badh iomdha daol donn ag dul
a-nonn tred thaobh da tholladh.
Dréimire beag léigthear libh
ós cionn ceathrair do dhaoinibh;
ó theach go tigh dod chuir-se
ag sin each bhar n-iomchuir-se.
Musgail feasda, sgar red sgim,
fada tá tu-sa i dtoirrchim;
ní sámh do chodladh, a chuirp,
leis nach ál obadh aonuilc.
Mo chion-sa ba mór ag mnáibh
ar mbeith dhamh i n-aois ógáin;
cúis fa dtug i dtár mo chion
mar tám ag drud re deireadh.
Féach ós do chionn, a chlí chuil,
guidh Dia d'fhortacht ar t'anmuin,
's féach faoibh ar bhfuaradh dot fhuil
daoibh ót uabhar do b' ionsguir. Sguir. | https://celt.ucc.ie//published/G402079.html |
G402080 | Táinig ceo tar an gcreidimh | Unknown | — | c.1200–1500 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,736 | Eochaidh Ó hEoghusa cct
Táinig ceo tar an gcreidimh;
móide feidhm 'n-a faoisidin,
teirce a-cách an creideamh cóir,
beigsheadh ag cách san chanóin.
An creideamh ó chloinn Eabha
do-chuaidh dá chion tuigseana
muna chreideadh Muire mhór
an creideamh uile ar n-iompódh.
A-tá mei-se Is ní mé a-mháin
le feadh m'aimsire i n-urláimh;
's an líon tarraing i dtá sinn
go lá a tharraing ní thuigim.
Tualaing gach duine ar domhan
glóir a anma d'ardoghadh;
déana féin, a dhuine, dhuid
nach fuighe péin ná peannaid.
Dom shaoradh ar Dhia na ndúl
do chaithfinn mh'aigneadh d'iompúdh;
a-tám nó go dteagmha dhamh
gan ghrádh gan eagla an Athar.
Ní lugha do loit Éabha
a clann Is cúis aithmhéala;
maith do bhábhar muna bheath;
ar chaith Ádhamh Is aithreach.
Lasfaid na clocha Is na croinn,
lasfaidh an fhairrge iomainn;
dlighid leinibh oirchill air
toirrchim dheiridh an domhain.
An crann chuirthear 'n-a chuaille
is é, a dhuine, as diombuaine;
ní fhuil acht préamha an chroinn chuir
fa chloinn Éabha agus Ádhaimh.
An focal badh nár le neach
is mairg nach téid 'n-a thaithleach;
do-chí Rí nimhe a námhaid
ó 'd-chí fhine an fhanámhaid.
Olc an tslighe go Dia dhamh
bheith ar thoradh mo theangadh;
ní mhaithfeadh sé a n-abraim d'ulc
gion go n-abraim é acht d'ábhacht.
Naomhuidhe ar an éag ní fhuil
idir óg agus arsaidh;
don leanbh Is gabhtha ar a ghuth
ní dearbh go marfa a-márach.
Tiocfa lá bhus aithreach d'fhior
deachmhadh na gcnó do chaithiomh;
ní leat acht ní, a dhuine, dhe;
ná bí uile don eitne.
An breac as lugha san líon
do-bheirthear d'oidhre an Airdríogh;
cnú bhuidhe dá mbia 'sna cnoibh
ní fhuighe Dia san deachmhaidh.
Do rochtain Ríogh na glóire
bronndalta na banóighe
tiocfa lá far dhéanta dhuid
gach lá dá n-éadfa an
éanchuid.
Gach éigean dar fhulaing sibh
gion gur hurusa a n-áirimh
beid a dhaoine do ló an Luain
nar mhó san aoine d'anbhuain.
Do Mhuire ní bhí buidheach
dá bhfreagra an chlí chomhuidheach
an chalann nach uair-se d'ulc
nach uaisle an t-anam d'fhurtocht.
"An lá fá mbearthar an bhreath"
is ionráidh re Dia ndúileach
"ní tú bhus mó cuid don chloinn,
ní ró dhuid acht a ndíoghluim."
Leanfaidh Críosd ar chloinn nEabha
na heacha Is na háirgheadha;
tar ceann a gcaithimh i bhus
is gearr go gcaithir cunndus.
Rachaid mar théid an tuile
gach dúil chriadh dá Cruthuidhe;
do badh oirchilleach dhamh druim
re magh dtoirrchimeach dtadhaill.
Biaidh, a Chríosd, an gcéin mharas
neach gach éanlá i n-amharas;
is rioth, a Dhé, don duine
ar bhioth ché 'n-a chomhnuidhe.
Is tú bhus aigne, a Dhé, dhúinn
re hucht aingil an iomthnúidh;
iomdha fear aimhleasa ann
feadh th'aighneasa 'mun anam.
Éad le dtéid go teagh nimhe
cóir don fheadhain fhúigfidhe;
go bhfaicear cách 'n-a ndá gcuid
ní fhaiceabh fháth an fhormaid.
Sgéarad, a Choimdhe, rem chloinn
mar sgaras cnú re crobhuing;
mé mar dhéis ar ndol a gráin,
mo chrodh tar m'éis dá
fhágbháil.
A n-áireamh ní badh éidir
damh a lán dá leithéidibh;
beanaidh tú call as an gcnaoi
an chnú as a barr mar beantaoi.
Do ním-se mar do-ní Pól
gidh eadh ní fhóbraim iompódh;
rugas geall Phóil ar pheacthaibh
gearr do-chóid im chuideachtain.
'N-a gciontaibh ar chloinn Éabha
ní iarrfadh acht aithmhéala;
braithreas dó ris an duine
mó tháirfeas dá thrócuire.
Dá saoileadh Dia m'fagháil as
do mhaithfeadh dham a ndearnas;
ar ndéanamh na n-uile olc
do-ghéabhadh duine ó dhúthrocht.
Is ionann fuil dá bhfuil sinn
mei-se agus inghean Iaichim;
lór guidhe na n-ógh eile
Muire ógh Is áiridhe.
Breath do bhreith ní dlighthear dhamh
idir íseal Is uasal;
ní bhiú ag meas an té as
táire,
ní feas nach é as iomláine.
I luach a ndearnabhar dhó
gach ní fhuarais ó Íosa
beir a bhuidhe gidh bé thug
gur bh'é, a dhuine, do dhearlag.
Gur ghin Athair na n-uile
gan neamh d'fhagháil d'éanduine;
do bás gan chabhair 'gá chloinn
bás 'n-a aghaidh gur fhuluing.
Do fhéadfadh dámadh áil lais
gan bheith d'Íosa 'n-a éagmhais;
faicsin Dé do badh dána
is é i ngaisdibh gabhála.
Is mairg duine ar nach bí i-bhus
eagla na breithe bhéaras;
ar gcaoine a-tá gan toradh
lá na ndaoine do dhealoghadh.
Eagail leam lá na meidhe
go dtiocfa fam thairngeire
fáth aithmhéile dhamh-sa ar ndul,
bainchéile fhallsa ag dhamh.
Seoid na cruinne Is cleas meallta;
ní fhuil cúis a gcoigealta;
dá bhfaghainn céad dá gach chrodh
méad a n-aghaim Is eagal.
Ionadh an chuirp ó chianaibh
ag curp eile an aithbhliadhain;
ní bhí acht uain an tí nach tig
don uaigh ag an tí tháinig.
Ní tháinig do thigh nimhe
neach d'fheabhas a aithrighe
dá bhfuair bás don uile fhear
nó gur fhás Muire maighdean.
Inghean Anna Is Mac Muire,
lóchrainn na sé sochuidhe,
ní thánaig Is ní thiocfa
cáraid mar an gcuidiochta. Táinig. | https://celt.ucc.ie//published/G402080.html |
G402081 | Teine ar n-a fadágh fearg Dé | Philip bocht ó huiginn | — | 1430–1487 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,781 | Philip Bocht Ó hUiginn cct
Teine ar n-a fadágh fearg Dé;
tearc dínn nach daorfadh fínné;
ní as sia nar fhaduigh i-se
cia nach faduigh fúithei-se.
Smál ar an dteine ní théid;
caidhe lasair a leithéid,
gríos as teo iná gach teine
bhíos beo agus do báidhfide?
Tairgeam síoth ar son ar gcean,
mithidh turnamh na teineadh;
a chlann Éabha, a fhuigheall áir,
cuiream séala ar an síothcháin.
A-tá mar ghrís a gabháil;
ní hurusa a hiongabháil
fearg ag Dia ris gach nduine:
a fhearg cia ren cosmhaile?
Ris budh cosmhail ar gcabhair
m'aonghrádh do na heasbalaibh;
sían té do bhí agus bhias
go dtí dhíom é agus d'Aindrias.
Go gcurthar a-nuas do nimh
le guaillidhe Dé dhúiligh
ní as a dturnfadh an teine
im chlí d'urchar aithrighe.
Muna thurna Dia na ndúl
an teine táthar d'fhadúdh
is é ar nDia eile an t-easbal;
cia an teine nach toirnfeadh-san?
Ag cur m'éagcóra im aighidh,
dom agra an tráth tiocfaidhir,
gá tarbha don bhreitheamh bhias
is feitheamh m'anma ar Aindrias?
A-tá mo bhiodhbha dom brath;
dlighim cobhair óm chomthach;
a samhail roimhe do rad
do chabhair oile an t-easbag.
Easbog do bhí eacht eile
i seilbh Aindrias d'áiridhe;
caraidh é tar gach n-asbal
's é mar raghain rugasdar.
Lá dá bhfacaidh inghin óig
chuige — níor chian ó
urchóid —
do-chí gné an aisdir uirthe;
caisgidh é dá urnuighthe.
Do bhun an ghrádha thruim thug
do-chuaidh — más fhíor — ón
easbug
nó go dtoirneadh a dhearc dí
searc a Coimdheadh gan chuimhne.
"Beag an fáth fa bhfaghthar guth"
a céadfhocal re a comthach
"ná leagar san teach i dtám
neach budh eagal dar n-iomrádh."
"A-tá fear ag nach fuil treoir
san dorus" ar an doirseoir
"do shir mar aisgidh oram
sibh d'fhaigsin gan uraghall."
"Leig an tí tháinig i bhfad
im fhiadhnaise" ar an t-easbag,
"'s é re calaidh ná congaibh;
tabhair é dom agallaimh."
Do ráidh an bhean do bhí as-taigh:
"ní thiocfa an tí taoi d'iarraidh
gan thomhus do thuigse
tar dorus an dúnaidh-se."
Trí ceasda do chuir a-mach
gearr gur fhuasgail an t-eolach;
do b'é bun na dtrí dtomhus
sí do chur ó chomhshonus.
Tug an t-easbog aithne ghrinn,
gabhais a éideadh Aifrinn,
do thoguibh crois Dé na ndúl,
a ghné re a cois ar gclaochlúdh.
Leis an gcléireach do
canadh:
"Créad t'adhbhar dom fhiosrughadh?
a héideadh Dé sul dheachar
budh éigean é d'fhoillseachadh."
Is é comhrádh do chain-se
"Ní anfuinn it fhochair-se
achd i ngné díoghbhála dhuid;
is mé t'fhíornámha, a easbuig.
"Ní fhúigfinn thú — truagh an
bheart"
ar an inghean ag imtheacht
"go beith do neamhthoil Dé dhuid."
ní seachmhaidh an té thánaig.
Teithis an bhean — borb an smacht —
téid an t-easbog i n-umhlacht;
an té do dhealaigh an dias
meabhair gurab é Aindrias.
Ní fhéadaim foghlaidh Dé
dhíom;
fóirfidh Aindrias ar n-imshníomh;
a-tám i n-éigin aibhse
dál an chéidfhir chumainn-se.
Mac mo sheathar dom sheoladh
is amhlaidh do fhoigheonadh,
nó a fhear grádha ag labhra linn
is námha m'anma ar mh'uillinn.
An céadlá do-chonnairc riamh
Mac Muire — mór an rimhiadh —
páirt a-raon do-róine an dias,
laogh na hóighe agus Aindrias.
Cíos ar cathrachaibh iomdha
do thaibhgheadh dá thighearna;
gur leathnuigh a chíosa ar chách
ní seachmhaidh d' osa a óglách.
Aon do laithibh dar leig soin
do síoladh creidimh i gcathraigh
fuair ag cobhair na cathrach
folaidh mar budh fógarthach.
"Don dia dá dtugsam ar dtoil
caithidh umhlacht, a easbail,
re n-oidhche" ar ceann na cathrach
"dá mbeam choidhche connarthach.
"A nabruim Is amhlaidh bhias;
an Dia dá n-adhrann Aindrias
rachaidh 'n-a shéana ó sho a-mach
nó no ní mhéara a-márach."
Innsis gurab olc an bhreath,
dá n-ana ar an iul dhíreach,
creideamh achd don té do thogh;
is nír creideadh é ón easbol.
Re hAindrias dá haithle sin
do b'é a-rís rádha an
chéidfhir:
"Ag sin fad chomhair an chroch,
sir cobhair ar do chodhnach."
"An lá do fhuair a oigheadh
Dia tar ceann na gCríosdoidheadh
is í an phian-sa pian do thogh,
mo mhian-sa í" ar an t-easbol.
Ní thug an t-asbal dá óidh
a bhroid achd bheith ag seanmóir,
a bhiodhbha 's a chorp i gcrann
gér bh'iomdha ag tocht 'n-a thiomchall.
'N-a mharcach ar a muin-se
— do chách creidthe an mhíorbhuil-se —
do bhí sé tráth nó dá
thráth,
is é re cách ag comhráth.
I dtimcheall an chroinn chéasda
— do chách ciodh nach
aithréasda? —
tig doighear gheal mar an ngréin
seal re n-oigheadh an fhíréan.
Tig éanlaith d'ainglibh nimhe
uaidh Is chuige ar chéilidhe,
lasaidh ós a chionn san chroich
lasair fhionn leis an éanlaith.
Do folchadh an chroch ar chách
re bucht an bháis — beart
neamhghnáth —
dar fhás do dhonnloise
dhí
gur chás urmhoise uirre.
Más fhíor dá imtheachtaibh
féin,
do-chuaidh an t-anam ainn-séin
go port Dé leis an dealradh
sé Is an corp ar gceileabhradh.
An fear Is na fearta so
dom fheitheamh an fheirg osa,
cuireadh sé orainn fheithimh;
toghuim é dom fhóirithin. Teine. | https://celt.ucc.ie//published/G402081.html |
G402082 | Toghaim Aibhisdin mar aighne | Unknown | — | c.1475–1500 | Classical Modern Irish | LA, GA | Verse | — | — | 1,735 | Toghaim Aibhisdin mar aighne,
a ghrádh riamh go roibh im
chionn;
fóireadh bláth na heagna m'éigean;
fáth eagla nár léigeadh liom.
Minic thugas do thaoibh gníomha
an ghlóir thall — gá truaighe as
mhó? —
mar chunnradh do chionn an pheacaidh;
cungnamh liom Is deacair dhó.
Aighne géar nach géabha ar
leithsgéal
lá an bháis re breitheamh na sluagh
do fhreagra an aighne nír fhoráil
faighdhe eagna d'fhagháil uadh.
Gá léaghadh re linn an chunntais
cairt mo locht an lá fa mbia
námhaid mh'anman d'fhagháil masla
faghbhadh d'anáir dhamhsa ó Dhia.
Naisgeadh Aibhisdin ar Íosa,
ós éigean damh dul fa a chuing,
a gabháil tar cheann mo cheana
leam i n-anáir beara an bhuinn.
Fear do ba teo teagasg briathar,
béal milis leis nar mhian sgur
a diamhair do bhean don bhochta;
fear fiadhaigh dar dhocra dul.
Munacha fa máthair thorrthach
toirrcheas uasal Is eadh rug;
a cré féin gur ghabh a glanadh
léir dhamh ar an taradh thug.
A ndéanadh do cheilt a crábhaidh
ar a clú do chuireadh brat;
a gnaoi ní bhíodh acht ga báthadh;
do bhaoi a dhíol máthar ga mac.
A héanmhac i n-aghaidh creidimh
re chlódh ón bhás do bhí i
ngioll;
a bheart cháis do b'adhbhar urchra
damhnadh báis cumtha 'n-a chionn.
Sé dá lorg do lean a mháthair
a mac dhí gér dhiúlt a toil;
do char a riaghail chruaidh
chrábhaidh
do-chuaidh d'iarraidh áraigh air.
Nír bh'iongnadh dar dhoirt do dheoraibh
d'éiric braighe do bhuain a glas
— a chur ar céill gér chás deacair —
a grás do bhéin fheacaidh as.
Salm darab tosach Té Deum
dealbhthar an lá-sain leo ar-aon;
do Mhac Dé ar ndéinimh an mholta
do réidhigh sé rompa an raon.
Oidhre Pádraig na bpeann solas
i saidhbhreas cáich nír chuir
sbéis;
a mhéad do las fa leanbh Moire
searbh gach blas oile dá éis.
Mar théid an fuacht tig an
teasbhach;
táinig as gur ard a
nós
— do bhí a bladh gan dlaoi fa
dheireadh —
gnaoi do ghabh teimheal ar dtós.
A fhad gur iompuigh re creidimh
ar an gcrábhadh do chuir bail,
feirrde an bláth do bhaoi ar a naomhdhacht;
"ní gnáth saoi gan aonlocht air."
Diúltadh na ngrás gur ghabh baisde
nochar bhean de dul 'n-a theach;
do-rinne síoth Dé 'n-a dheaghaidh;
an críoch Is lé bearair breath.
Do bhaoi — nochar bheag an toice —
mar thug druim re déanamh locht
gach méin do budh maith 'n-a mháthair
's a mhaith féin san bhráthair bhocht.
A Íosa, gárbh usa a chobhair
an céidfhear rer chuiris dlús;
críoch mo ré ná rabh it aghaidh,
do ghabh mé tharaibh ar dtús.
Do-bheir an deor do dhruim tuirse
toradh fós go bhfagham bás;
san aimsir thall ní tráth deoire;
ní gnáth le crann feoighe fás.
Ná fuilngeadh Aibhisdin m'anam
ar iocht mo námhad ní as sia;
is mairg leanas ón iúl fhire
an triur bheanas dínn-ne Dia.
I n-aimsir ar n-athar naomhtha
gach neach do sgaoil sgéala Dé
ní bhíodh ag sgaoileadh an
sgrioptúir
aoinfhear dhíobh rer bh'ionntnúidh
é.
An t-uabhar Is as do claoidheadh
cuimhne an bháis do bheith 'n-a fhail;
do bhíoth a eagla ar an éarlamh
gan díoth eagna i n-éanmhadh air.
Do dhochar i ndiaigh an anma
do fhágaibh d'fhiachaibh air féin
an léigheann cruaidh do char i mbuige
an uair do ghabh chuige céim.
Dá ordaibh ní hionann riaghail
an fhréamh orrdhraic ór fhás siad
— ní hionann méin gach chroinn
chnuasaigh —
dá choill a fréimh uasail iad.
Sint Aibhisdin san iúl díreach
dual dá bhráithribh breith a luirg,
géag mheasa na mogal gcumhra
tobar feasa Is umhla an uird.
Ní hiongnadh gurab é a-dearainn
nach dlighthear breath do bhreith lais;
an tslighe ghlan ó nach gabhaim
gabh nighe m'anaim ret ais.
Rí an bheatha — nír bheag an
conách,
is cisde nar chóir do dhrud —
tug a reic 'n-a dheaghaidh dhuit-se;
meabhair dheit Is tuigse tug.
A bhfuil ar admháil dot fhiortaibh
d'éis do bháis ní bheid gan
chlú;
do nós ní nós falaigh feasda
maraidh fós gé theasda tú.
Do thionnlaic duit do dhíon t'anma
eagna chaol do chaitheadh ria;
do dhula i dtlás as a thuigse
nír lugha an grás duit-se ó Dhia.
Léighthear insan Léigheann Órdha
uirsgéal fós ó bhfuighthear am
ar méar do láimhe ós dá
labhra
ní háille sgéal amhna ann.
Dá fhichid nar bh'ionann martra
moladh dod thaisibh tug siad;
lámh nach meath a dhóigh ar dhuine
do fhóir fa seach uile iad.
Ní dearnadh lé ó
ló
th'éaga
an uaigh fós i bhfuil do chorp
— ar do ghníomhraidh ní fhuil
áireamh —
míorbhail nar chuir áireamh ort.
Do ibh an fear le bhfríoth sláinte
— Sint Aibhisdin do b'é a liaigh —
uisge glan do iarr a ibhe
nar ghabh mian dighe 'n-a diaidh.
Gur bhac do mhnaoi dar mhúin crábhadh
'n-a codladh do-chonnaic fhís
an bhean ar dtéaghadh a toile
déanamh na gcean roimhe a-rís.
Fad a chaithréime re a cumadh
córaide dhamh dul dá roinn;
ceilfidh mé go fóill na fearta
acht gur fhóir sé dearca an doill.
Nír iompó a shaidhbhreas ná a
shocracht
Sint Aibhisdin ón iúl ghlan
a chorp nó gur fheith don anmain;
bheith bocht i dtalmhain do thogh. Toghaim. | https://celt.ucc.ie//published/G402082.html |
G402083 | Trí glúine geinealach Dé | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1250 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,904 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Trí glúine geinealach Dé
gein bhuadha an bheatha sheinché;
ní feas gidh úr a fhiodhach
acht treas glún don
gheinealach.
Gidh mór nglún geinealach cháich
go hÁdhamh an fhuilt ghéagthláith
seanchas Dé Is deibheadhach
thig;
is é an geinealach gairid.
Córaide a chur do mheabhair
— is sé suim an gheinealaigh —
triúr ríogh nach do fhréimh dhuine
dá ríomh san réim
ríoghraidhe.
Don triur-sain a-tá d'aicme
téid ceannas gach clannmhaicne;
gach maicne fa thrian an trír;
triar Is aicme don Airdrígh.
An aicme thrír a-tá i nDia
treise ná tóir Is roilia;
aicme gan aga ar a neart
an mhaicne ar aba a n-aithcheacht.
An céadghlún as cóir do
ríomh
Mac Dé Athar an Airdríogh;
ar a chúl gidh cia a-dearair
Dia darab glún geinealaigh.
An Sbiorad Naomh, nochtaim de
an céadghlún do chin uime
triar comhshlán as fhearr d'fhearaibh
an gabhlán gearr geinealaigh.
Creidim san chéadghlún ghrádhach,
guidhim an nglún meadhánach,
an glún deidheanach dom dhíon,
geinealach úr an Airdríogh.
Ionann an Tríonóid 's an triur
— gidh bé do bheith 'n-a n-ainiul —
Rí na ndúl 'n-a thrí treanaibh
rí na dtrí nglún ngeinealaigh.
An t-Athair mór Is an Mac,
an Sbiorad Naomh an nuashlat,
go dtí dhíbh ar snaidhm re síodh
na trí rígh i n-ainm
éinríogh.
Trí geine saora sochair
ón mhais áluinn iolchrothaigh,
ar dtrí haithreacha Is í an dream
na trí glainchleatha ghuidheam.
Na trí thighearna thoghaim,
trí cna áille a haonchrobhaing,
is í an choill an chobhair ghar,
trí croinn toraidh an talmhan.
Trí chomhortha na cruinne,
trí daimh iomchuir éanchuinge,
trí rígh maolta gach móide,
aonta trír na Tríonóide.
Triar nach claoidhfidhear choidhche,
triar nar fhás i n-aonoidhche,
triar as lán d'iul Is d'aithne,
triur gan dál a ndealaighthe.
Mh'anam ar iocht na bhfear-sain,
an triar théid i n-éinphearsain,
an fear as triar gach ré dtreall
triall i n-a theagh go dtuaiream.
Ní fhuil achd aige féine
fios adhbhair a fhírfhréimhe;
a fhírfhréamh do ghleodh go glan
ní heol d'fhíréan ná
d'fheallsamh.
Ní as fhaide ná uaidhe féin
ní leantar lorg an fhíréin;
fios seanAthar Dé Is doiligh;
mearachadh é d'fhiafroighidh.
Sgarthain riot, a rí neamhdha,
nár thuairear, a Thighearna;
do shearc go dtara fam thuinn
's ar dteacht go n-ana aguinn.
A Thríonóid, go dtuga i mbrígh
m'agallaimh ris an Airdrígh;
eolas damh, a Dhé athar;
sgar mé ris an mearachadh.
Sé dhíne ar druim an talmhan
tug Rí nimhe neartadhbhal;
re saoghal na sé ndíne
sé aonar i n-airdríghe.
Fearr aoineadha ná ól fleadh
do thúr rochtana ar ríghneamh;
seachna fleadh ó nach féad sinn
an dá neamh créad fa gcuinghim.
Doilghe ná déanamh an uilc
gan an fhaoisidin d'fhóbuirt;
lór do chion cleith na gcionadh
ar mbeith d'fhior go heisiodhan.
M'fhaoisidin d'Airdrígh nimhe
— is damhna déar n-aithrighe
mé Is mo pheacaidh, a Dé, dheit —
do pheacaigh mé go minic.
Admhaim go dtéid mh'aire inn
gach ní ad-chím 's ad-chluinim;
tig dar mianaibh móid mh'anma
rem chóig ciallaibh corpordha.
Comhursain do chealgadh dhamh
admhaim dhuit, a Dé Athar;
do dhligh sinn cor re a chosnamh
mar ba linn crodh comhursan.
Do-ní mé, a Mhac na hóighe,
glór teampaill tráth seanmóire;
mar sguirthear linn don luadh glóir
sinn ag suan leis an seanmóir.
Ocht gcoire im dhiaidh — dia do ghlas,
seacht bpeacaidh marbhtha mharbhas,
cúig préamha dhéag ceann i gceann
as a n-éabha céad cuisleann.
Ciontach mé — mó ná
ciontach —
re Rígh nimhe naoimhfhiortach;
do shoighníomhradh do dtí im thoil
ní as coimhlíonmhar rem chiontaibh.
Gach cion dá ndiongnadh duine
dá mhéad nach mó a
thrócuire?
is eadh badh linn meisneach maith
gidh meirseach inn don Ardfhlaith.
Bean dhaimh d'éis a ndearna
fuair trócuire ón Tighearna;
clann Éabha tre Éabha i n-olc
gur mheala — is
Éabha — t'fhurtocht.
D'éis do ghona do gha an Doill,
a chuirp Dé an deallraidh áluinn,
do chrú ar bhois an Doill a-droigh
re cois an chroinn dá chobhair.
A thaobh Chríost, do cheannuigh tú
cineadh Ádhaimh dot fhionnchrú;
biaidh ód ghuin gach neach ar nimh
muna ndeach t'fhuil i n-aisgidh.
Do chrochadar a chlann féin
éanMhac Dé — dia do
dhíchéill;
caidhe a bhfachain, a Dé, dhó
gion gur bh'é a n-athair Íosa.
Bás tre Chríosd do chruthuigh neamh
fuair lucht comhaoise an Choimdheadh;
gidh beo an mhacradh uadh uile
truagh martradh na macraidhe.
Gábhadh 'n-a cheann ní cuirthe
dia Luain laithe an mheasruighthe;
gráin ar na Luanaibh ón Luan
cáir uamhain ris an aonLuan.
Baoghal fearg flatha nimhe
ar n-uair gidh é as mhaithmhighe;
ní aitheann i gcéadóir cion
's ní mhaitheann éagcóir
d'éinfhior.
Tuarasgbháil deilbhe Dé bhí
ní inneosad achd madh éinní:
faicthear 'n-a dhorus a dheilbh
's badh solus aitreabh Ifeirn.
A ghnúis Dé ar nach díon
teitheamh,
cur riot do leag Lúisifear;
gráinne ná gach neach a-nois
an dreach do b'áille it éagmhais.
A gcur fa rinn dealbha dhó
gidh maith le cách don chéadló
áille i ngnúis fhir Is uamhain;
ag sin cúis an chéaduabhair.
Gá goire dhúinn dul tar tuinn
más í breath bearar oruinn?
go dtrialla mé tar muir soir
's narab é ar ndluigh a
dhéanamh.
Mairg thuigeas 's nach tabhair d'óidh
bréithre Dé — dia do
sheanmóir!
mairg nach tuigeann a dhíol dhi,
go dtuigeam bríogh a bhréithre.
Ar Mhíchéal nár
mealltar
sinn
do na céidneithibh chuinghim;
go dtaghthair inn far n-itghibh
'n-a chathraigh fhinn óireitrigh. Trí. | https://celt.ucc.ie//published/G402083.html |
G402084 | Uaidhe féin do fhás Íosa | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,295 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct
Uaidhe féin do fhás Íosa,
an té dan gnáth na grása,
fuaire cáig fa ainm Íosa
gairm síosa Is cáir fan
gcás-sa.
Dá ghrás cleasradh an Choimdheadh
bláth Is teasbhach an
talmhan;
do ghrás Dé díon a fhoghladh;
síol roghlan é gan adhbhar.
Dá ghrás an sneachta ag snighe
dál Is teachta na tuile;
líonmhar dá reic re-roile
gníomhradh oile Meic Mhuire.
Fás na n-eath 's na n-innbhear
bláth na ndreas Is na ndairgheadh
do ghrás an tí fhuair fhaighreadh
ó ghaibhneadh chruaidh trí dtairngeadh.
Tar led ghrás im chlí im chroidhe,
a Rí dar fhás an uile,
dámadh fiu dheit inn d'fhaire
tairre rinn, a Mheic Mhuire.
Nám-thréig-se don truaill chiontaigh,
a éinmheic fhuair an ochtghuin;
gan mo bhac, a Dhé, i ndeacraib
ná beantair lat é as m'olcaibh.
Nach guais d'óigh agra a fine uair tagra na gcóig gcridhe;
níor bh'é a thráth dheit, a dhuine,
sgáth guidhe a meic ar Mhuire.
Dul do chleith diomdha dúin-ne
ní thiobhradh ar mbreith buaidhe
cúis eagla é dá óighe
freagra cóire é uain-ne.
Go ndéactha Dia ar na bearaibh
ní bhía re déacadh ndlighidh;
daor do-chóidh sé dá soighidh
oidhir Dé i gcóir a chinidh.
An síodh reampa do réidhigh;
níor chiontuigh chíogh an álaidh;
dul tar toil Dé níor dheonuigh
gur threoruigh sé fhoil Ádhaimh.
D'eagla a shaortha níor sheachain
beara na bhfaobhar bhfrithir;
an chlí do fhás far n-Athair
rathail grás gur bh'í th'ithir.
Ar bhfírDhia ór hairgeadh Ifreann
mo ríghthriath cairdeach coimhtheann,
mo ghrian, mo ré, m'ór, m'Aifreann
— glór aithghearr é — gan fhoir-cheann.
Rí ar nar díobhadh cneadh croidhe,
Rí dar theagh míonbhrugh Moire,
gá rí do b'fhearr trí toighe
Rí nimhe Is ceann don chruinne.
Dia iodhan m'athair dála,
mo Sbiorad arsaidh aonda,
iúl 'n-a dheoidh dún do-ghéana
réalla eoil na ndúl ndaonda.
Ríghleanb dar bh'éigin umhla,
fírcheard déinimh gach dealbha,
Rí dar dhaoire i gclí ar gcomhdha,
Rí tromdha naoidhe neamhdha.
Aonmhac ionmhuin na hóighe,
saorshlat don fhiodhbhaidh fhíre,
Rí as uille agus as fhéile,
Rí gréine tuinne Is tíre.
Ríghthriath as dile ndéanmha,
ar bhfírDhia nimhe naomhdha,
Rí ag nach bí acht iris óghdha,
Rí glórdha milis maordha.
Liaigh ar gcneadh athaidh oile,
ar nAthair, ar bhfear fine,
fear ar saortha ón lia luighe,
duine Is Dia naomhtha nimhe.
Leanbh saorghlan na sé
líne
nar traothadh d'éis na
huaighe
go bhfagha síodh Dé dúin-ne
's go dtúire ar ngníomh é uaidhe. Uaidhe. | https://celt.ucc.ie//published/G402084.html |
G402085 | Urra ar leighis Dia na ngrás | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,116 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh
cct.
Urra ar leighis Dia na ngrás,
liaigh maith fhóireas gach uathbhás,
bíom slán 'n-a dhiaidh go deimhin,
liaigh ler bh' ál ar bhfóiridhin.
Is usaide réidhteach leis,
liaigh nach iarrann luach leighis
cóir Dé na ngrás
do
ghuidhe;
is é a bhás ar mbeathai-ne.
Luach aisdir ní iarraidh sain,
liaigh cabhartha clann nÁdhaimh;
liaigh do fhaomh leigheas ar locht
bheireas a ghaol ó ghuasocht.
An deoch shearbh ler fhóir inn-ne
liaigh leighis ar n-intinne
ní thug sé digh dhí dhamh-sa
gur ibh mo Rí romham-sa.
Do léig cuisleanna a chuirp féin,
gidh mór do-ním dá
mhíréir,
Mac Dé do leigheas ar locht;
ní hé so cheileas a chumhocht.
Gidh maith liom leigheas mo chuirp,
a Mheic Dhé as uaisle iodhbuirt,
ní hé uile iarraim ort;
triallaim dod ghuidhe im ghuasocht.
A ghnúis ghrianda shéimh shuilbhir,
sirim ort mar athchuinghidh,
a luibh chabhra cheileas mh'olc,
leigheas mh'anma mar fhurtocht.
Go dtí dod leigheas, a leinb,
d'éis a ndearnadh do dhíbheirg
— mairg nach reich ríghe
nimhe —
breith fhíre na haithrighe.
A liaigh leighis na n-uile,
's a Mhac ochta óghMhuire,
— cuma an chalann créad a dál —
féag an t-anam go heaslán.
A ré lán as sia soillse,
fóir, a Íosa, ar n-athtuirse;
sgaoil, a Dhé, ciaigh mo chroidhe,
a liaigh na sé sochuidhe.
Ós liaigh gach othair más fhíor
a-dearar oidhre an Aird-ríogh,
gér chás díobhaidh fhríoth
rinne,
fíoraidh Mac na maighdine.
Má tá leigheas choidhche im cheann
dhuit, a Mhuire, ní mhaithfeam;
dod dheighfheis Is déanta dán;
leighis mo chreachta, a chompán.
Ag so dhuit, a Dhia neamhdha,
— éisd rem thiomna, a Thighearna —
an chalann 'n-a cánaigh féin;
slánuigh mh'anam, a fhíréin.
Bí mar liaigh, a ghruadh ghealtais,
dom leigheas lá an éigeantais;
's bí mar dheirbhshiair dhúin-ne istigh,
a bhinnliaigh dúine an dúilimh.
Leighis mé, a Mhíchíl, lá an
Luain
mar thiocfaid na trí tromshluaigh
— romhór mo chóir red chuma —
fóir ar n-anshógh eaturra. Urra. | https://celt.ucc.ie//published/G402085.html |
G402086 | A bhráighe tá i dtor London | Eoghan ruadh mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,522 | Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
A bhráighe tá i dtor London,
a ua Chonaill chaomhGhulbon,
do gheimhil-se Is lór do léan
ar shlógh seinInse Saimhéar.
I ndiaidh ar gcarad do chaill
a-nois, a Néill Domhnaill,
is é an bann dar mbreith ar gcúl;
níor am dod bheith i mbríosún.
Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn,
don chur-sa i láimh i Lonnuinn;
sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal.
An feadh nach fuil ar do thol
iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon
i ndaoirsine 'ma-raon ruibh
gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh.
A-táid eidir thuaith Is chill,
eidir fhuil aird Is ísill,
ag roinn bhar rodhochair ruibh
boill comhothair dod chneadhaibh.
Na mná, na boicht, na brughaidh,
na huird Is na hollumhain,
gach mac robhras, gach rinn áigh,
id chomhghlas, a chinn Cruacháin.
Ionann ualach, ionann cneadh,
ionann cóir dhaoibh Is dóibh-sean,
ionann innreamh, ionann ceas,
ionann imneadh Is áineas.
Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
— lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh,
cách uile i láimh as do los —
ní le duine a-bháin bheanas.
Dóchas laochradh Leithe Cuinn
gaisgeadh curadh chlann gConuill,
a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas
a n-ainm, a gcéim, a gceannas.
An glas re fada i bhfuil sibh
ní glas é ar Rígh an ríchidh
do bhreith as dámadh é a dheoin
dá gach ghlas ós sé as seighleoir.
Ós sé seighleoir gach geimhle
Rí nimhe ar gceann coimeirghe
do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh,
a thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh.
Le guidhe Meic Dé na ndúl
mór mbráighe do bhí i mbríosún
romhaibh do saortha mar sain
ar modhaibh naomhtha a-nall-ain.
Do bhí — ní cúis as
ceilte —
neach róibh fa rígh Éighipte
nar tharbha an chóir ar a chúl
go ndamhna bróin i mbríosún.
An chúis do cuireadh 'n-a leith
ar n-a dealbhadh i ndíchleith
— ní chuala an rí an failcheas
fill —
do bhí i n-aincheas a hinnill.
An Patri-arca Ios-éabh
ar ar chum méirdreach mísgéal
dar leathnaigh gnaoi Dé na ndúl
is é do bhaoi san bhríosún.
Le toil Athar na n-uile
táinig dá thaom trócaire
an rí ar gcromadh ar an gcoir
sí ar 'n-a lomadh dá láthair.
An rí Forann mar fhuair fhios
nach dearnadh air acht aimhleas
do saoradh é as a haithle
is é i mbaoghal básaighthe.
Ní hé amháin gur saoradh sin
rí Éighipt trá ar n-a thuigsin
ar feadh a thíre do thogh
'n-a fhear ríghe do riaghladh.
Ar gclos do neamhghair, a Néill,
mar so ar aithris an fhíréin
a-tá ar ndóigh a Dia na ndúl
nach a-mháin nach bia i mbríosún;
Acht go gcuimhneocha an choróin
duit a-rís le ro-onóir
gach a bhfuair sibh ar a son
is gach buaidh libh dar leanadh.
Ar an bhfáth fa bhfuile i nglas
acht go gcroma Cing Séamas
ná meas nach saorfaidhe sibh
's ar leas fraochmhuighe Fuinidh.
Súil Banbha red bheith a-muigh,
a mheic Cuinnmheic an Chalbhaigh,
ag cur beochroidhe i gcloinn Cuinn
's ag buing eolchoire oruinn.
Do thoil aonMheic Dé na ndúl
biaidh trá, a thriath Seandún,
do dhaoirsine rú 'ga roinn
'n-a saoirsine ag crú Chonuill.
Rí nimhe, a Néill Í Domhnaill,
ad-chluin th'osnaidh n-éagcomhlainn,
ad-chí ar gcruth, do-chí bhar snaidhm,
a ghuth go dtí fan dtoghairm.
Dóchas cháich ar chanas rut;
nár léige Dia a dul seachat
an tsúil chabhra ad-chualaidh mé
ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe. A bhráighe.
Mó an príosún fós i n-a bhfuil
inghean ríogh fhréimhe Dálaigh
a bhfuilnge ag crádh a cridhe
doilghe dál a daoirsine.
Dá mbeith nach biadh do dhochar
do chách uile it iarnochadh
acht an brón i n-a mbí soin
do budh mór an ní a-nall-oin.
Ní hionann tuirrse Is tuirrse,
ní grádh grádh 'n-a focair-se,
ní himneadh as doghrainn dí
inghean Í Domhnaill Daoile.
Fa sgaoileadh Néill Is Neachtain
muna bheith sunn saoileachtain
do bhiadh an brón mar nach fuil,
ní bhiadh clódh ar cumhaidh.
Nár tháire — ná táire mé —
Aodh Ó Domhnaill i ndaoirse;
nár chluineam i láimh re a linn
ar bhfuigheall áir dá fhoirinn. | https://celt.ucc.ie//published/G402086.html |
G402087 | A chnuic thoir re taoibh Ealla | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,626 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A chnuic thoir re taoibh Ealla
fa dtáid aicme Oilealla,
giodh 'mud bhruach do hoileadh inn,
fuath dot oirear im inntinn.
Is tú cnoc na ndéar dhúin-ne,
a thulach ard fhéarnúidhe;
is mó théid ar dhéaraibh dhamh
t'fhéaghain iná ar mhéid meanman.
Ní guth oram dimbríogh dhuit,
a Chláraigh Ealla orrdhruic;
a-taoi ar n-am chrádh, a chnuic thoir,
do bhaoi i ndán duit a dhéanaimh.
A Cláraigh, Is tú an tulach
mar thuit an Fionn Forbharach;
mo ghrádh nó gur thuit red thaoibh,
a chnuic a-tám do thathaoir.
Mac Diarmuda — dia do chor —
do tairngireadh go dtiocfadh
dá lot ar bhrú do bhearna;
is tú cnoc na cinneamhna.
An lá tugadh thort a ndeas
an chreach ler ceileadh m'áineas
fríoth basgadh id chuim, a chnuic,
is trasgradh do chloinn Chormuic.
Don turbhaidh thug ar an dtóir
i n-ucht Cláraigh i gcéadóir
marbhthair 'gun ghéig gach nar ghabh
gabhthair an mhéid nar marbhadh.
Díobhraigis duine don tóir
mac ríogh Mis — mairg dar
chusbóir —
gur bháidh inn tar a déis dairt
d'éis an áir thinn do thabhairt.
Éanghoin duaibhseach na dairte
ní feas fear a díobhraicthe;
torchair lé flaithbhile Fáil
achd ré n-aithrighe d'fhagháil.
Aithghin an té thorchair ann
achd an flaith Fathadh Canann
níor thuit tiomchall do ghleanna,
a chnuic fhionnchlann Oilealla.
Ar ngabháil ghiall an domhain
dó go hÉirinn n-éarlamhaigh
'mud chaomhachadh, a chnuic thall,
do thuit caomhFhathadh Canann.
Do thuitsead re taoibh th'imil
Fathadh agus Féidhlimidh;
tugais d'Éirinn, a chnuic, cor
'nar thuit Féilim Is Fathadh.
Féidhlimidh mac mheic Domhnaill
fuair goin 'n-a guin anfhorlainn
ar an bhfánaidh uaid i-le,
a Chláraigh, 's a ruaig roimhe.
Fathadh Canann ceann an tsluaigh
ar an uillinn uaid sor-thuaidh
do thuit ar gcaithimh a chleath,
a chnuic, le maithibh Muimhneach.
Bean Oilill airdríogh Mumhan
— toisg dá dtáinig
mórphudhar —
rug Fathadh — ní feis gan bhrón —
leis ar athadh 's ar éalódh.
Táinig Is an gcnuc ad-chí
i n-a aghaidh an t-airdrí;
do bhaoi brath 'gun fhoirinn air
gur laoi Is Oilill cath Cláraigh.
Caoga mac ríogh na rosg mall
leathtrom é d'Fhathadh Canann
gér chalma neart flatha Fáil
's na seacht gcatha 'n-a chomhdháil.
Gá dú achd fuair Fathadh Canann
bás ann d'éis a mhórtharann;
ní dhó gér dhluigh a chaoine
as mhó fhuil ar n-éagcaoine.
Do bhí i ndán i n-a dhiaidh soin
an dara gleo ar ghurt Cláraigh;
an céadchath níor theo gér the
iná an gleo éachtach eile.
Fear croidhe náraigh neimhmin
mac na flatha Féidhlimidh;
fachain anfaidh d'fhás ar loch
bás Í Charthaigh i gClárach.
Dursan leam a los Fhéilim
na tréidhe tá ar seinÉirinn;
milleadh fás a craobhchall gcuir
bás a saórchlann 'ma sliabhaibh.
Re bás an churadh Con Raoi
ar Sléibh Mis — mana déarchaoi —
bás an fhéil chreachnáraigh dhuinn
ar Sléibh seanChláraigh samhluim.
Ar Sléibh Fuaid fuair a roghuin
Cúmhsgraidh Meann mhac Conchobhair;
do thuit ionnshamhail an fhir
ar fhionnaghaidh chnuic Chláirigh.
Diarmuid ar Beann Ghulban Ghuirt
do thuitim re péisd bpríomhthuirc
cointinn Is géirrinn dá
ghoin
Féilim ar chnoicbheinn Chláraigh.
Muircheartach Mór mhac Earca
is Féidhlimidh finnEachtgha
fríoth a n-árach leath ar leath
im Chlárach Is im Chleiteach.
Rí Éireann dar bh'ainm Dá Thí
marbh ar Sléibh Alpa an t-airdrí
fríoth oilbhéim re samhluigh soin
ar coirrShléibh challghloin Chláraigh.
Trí meic Tuireann — tearc nar chaoin —
tuitsead im Chnuc mac Miodhchaoin;
mó chaoinim do thuitim thoir
ar maoilinn chnuicfhinn Chláraigh.
Créad fa mbeinn ar bruach t'imil,
a chnuic thall, d'éis Fhéidhlimidh?
san chnuc thealghlas nó gur thuit
níor dheaghlas rut, a rochnuic. A chnuic.
Do shíol Bhriain do bhuing Teamhraigh
lucht marbhtha mheic Thoirdhealbhaigh;
tug fhás ar orchradhaibh slóigh
bás Conchobhair i gCaolmhóin.
Go dtorchair tighearna an chnuic
Art Ó Caoimh cneas mar bhánchuip
fríoth an-allan bruit Is ba
it fharradh, a chnuic chéadna.
A Chláraigh, ceileabhradh dhuit;
ag súd mé uait, a ardchnuic,
fear nach seachnann comhlann cleath
go Domhnall gcleathchorr gCairbreach.
Gé taoi, a ThéaGhaimh, a chnuic thiar,
eadrainn Is an fhionn foiltfhiar
go hEoghan dleaghair dola
leomhan Bhealaigh Bhóromha.
A chnuic thiar ga dtá Buadhach,
is tú an dumha deaghdhuanach;
samhail Chrot gCliach ar chaoimhe
an cnoc ós iath Fhormhaoile.
A chnuic ós chionn Locha Léin
gá bhfuil Tadhg na dtreas n-aigmhéil,
gar dhuit Is dóigh mo thochta,
a chnuic mhóir, a Mhangarta.
Sealbh dhíleas Domhnaill Í Chaoimh
tú, a chnuic uaine an fheoir bharrchlaoin;
mo chean duit tre robhaidhbh rath,
a chnuic dan comhainm Clárach.
A Shléibh Luachra don leith thuaidh
i riacht Mór mín an bhanshluaigh,
id ghoire 's dóigh mo dhola
tre Mhóir Mhoighe Mhucromha.
Freagarthar linn líon ar slóigh
do shlóigheadh go Sliabh Si-óin;
Mhíchéal oirn bhus fhear garma
seadh 'n-a mhoirn ní míotharbha. A chnuic. | https://celt.ucc.ie//published/G402087.html |
G402088 | A chros thall ar an dtulaigh | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,673 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A chros thall ar an dtulaigh
as damhna dam dhéarchumhaidh,
tú urlamh gidh bé len báidh,
is é ar dturnamh do thógbháil.
Is tú, a chros an mheic mhuirnigh,
thug mé a-nocht go neamhshuilbhir;
a dhluthchros fa dtú ag tuirrse,
tú mhúchfas mo mheadhair-se.
Tú chuimhnigheas dúin-ne a dhol
dá ndeachadh mh'aire dh'Eoghan;
mo bheith mar tú, a chros-sa, Is cáir
do b'usa thú gan tógbháil.
Truagh bhar gcuimhnioghadh cumhadh
gidh cruthach do chórughadh;
tú ós ar gcinn-ne, a chros Eoghain,
m'inmhe ar a los laighdeobhaidh.
Ag dul seochad san slighidh
déara go lár léigfidhir;
'gat aithne, a chros, badh corcra
aighthe bas an bhantrochta.
Gidh cúis athtuirse anba,
maith an mhaise shaoghalda
do cheathra druimne donna
leathna cuibhdhe codroma.
A mheic dar cumadh an chros
'n-a lóchrann sheasmhach sholas,
fuarais chrois bharrghloin bhláthmhair;
marbhnaidh re cois commámthair. Is cros fhir do b'fhearr daghdhuas
an chros ad-chiu eadarbhuas;
loise na ceirde do cheil
an mheirge croise ad-chíthir.
Ní fiadhnaighthe i bhfogus di
an chros-sa ná i gcéin uaithe;
gidh bláith an mionn í Is urchra
sí ar cionn cáich 'n-a comhartha.
A chros ós chionn na leirge,
tuar leoin dar lucht aoincheirde,
biaidh fros le bonnfhabhraibh dhe
a chros d'ollamhnaibh d'aithne.
Cúis a tógbhála ós talamh
cros adhbhair an ollamhan
an crann-sa dá ghruadh ghairthe
budh tuar almsa Is urnuighthe.
Beannacht ar anmain an fhir
isa chros do-chiu ar mh'aighidh;
fearr iná tuile tuirse
guidhe ar an seang séaghainn-se.
A-tá an chros ler cráidheadh mé
ar deilbh do chroise, a Choimdhe;
ar a los go dtí dod thigh
an tí dan cros an chrois-sin.
Bheith ar chúl chroise Eoghain
dom athtuirse oisgeolaidh;
díon ar shlógh é agus gidh eadh
ar brón, a Dhé, ní dídean.
Tuilleadh cádhais don chill naoimh
cros mhinghréasach an mhacaoimh:
slógh fa chádhas don chrois-se
budh lór d'árus eaglaise.
Adhbhar ollaimh fhear Mumhan
gion go bhfuair ainm ollamhan
gan phearsain mar é d'ollamh,
a Dhé, d'easbhaidh fhuaramar.
Ní dhearna ar ndol a oidhre
fulang mar ar bhfulaing-ne
fear dar chomhainm Cathbhaidh Draoi
ón Mhodhairn lachnaigh lionntaoi.
Ní hiongnadh an fáth 'ma bhfuil
ar gcomhráithne re Cathbhaidh;
truagh bás an druadh a-dirim
truagh an cás 'ma gcuimhnighim.
Gidh bé damhna fo-deara
sinn d'éagcaoine a oigheadha
ní ar son an druadh bu-dhéine
truagh fa a dhol ar ndeirbhéile.
A-tú 'ma a bhreith don bhás rug
ris an bhfilidh ag formad;
truagh mh'éad re hoighidh an fhir
éag fa a oidhir don fhilidh.
Do-chuaidh do chumhaidh a mhaic;
do b'é an mac fa mór éaraic
Geanann Gruadhsholas fhuair eol
nach cualadhas uaidh d'aithcheodh.
Truagh leam-sa loighe Chathbhaidh
ar fheart Gheanainn ghníomharthaigh
dar ghéis ar loighe ar a leic
a chroidhe d'éis a éinmheic.
Téid Cathbhaidh fa ceann forais
tar éis Gheanainn Ghruadhsholais
i dtalmhain tre Gheanann nglan;
ní leanam amhlaidh Eoghan.
Cosmhail, a Dhé, damhna ar gcaoi
mei-se agus Cathbhaidh caomhdhraoi;
gidh eadh ní comhthrom gcumhadh
an conchlann fhear n-ealadhan.
Dámadh comhthrom ar gcumha
'mar saormhacaibh súlchara
— teasda Cathbhaidh — créad do-bhir
Gafraidh gan éag fa a oidhir?
Cathbhaidh mar do-chuaidh reamhainn
d'éag do chumhaidh chaoimhGheanainn,
mó a fhachain gá dás gan dol
an t-athair ór fhás Eoghan?
Truagh gan fhóirithin aga
mar do bhí ag bás Chearmada
ar n-a ghuin do láimh Logha
do mhuin áigh a iomghona.
Comhrag do-chuala idir Lugh
is Cearmaid na gcleas lúthmhar;
Cearmaid milbhéal ba marbh dhe
d'arm rinnghéar mar an rinncne.
Rún an Daghdha i ndiaidh a mheic
sgaradh le hÉirinn n-oirrdhreic;
triall tar muir do labhradh leis
go bhfaghbhadh luibh a leighis.
Téid do thaisdeal an domhain,
fágbhais Éirinn n-iorgholaigh
gur chuir an Daghdha dá dhíon
ar a mhuin damhna an deighríogh.
Cearmaid le athair n-éachtach
táinig sleamhain sláinchréachtach
mar bhláth na slat dá ghruaidh ghil
dar lat ní fhuair a oighidh.
Ciodh na ba déanta dhamh-sa,
gémadh aisdreach oram-sa,
réim an Daghda, a Dhé, ar n-a dhol
dámadh tarbha é d'Eoghan.
Mo mhac-sa ó nach mé an Daghdha
súil le éirghe Is éadtarbha;
ní faghair dar mbuain a broid
an bhuaidh do chabhair Cearmoid.
Muireadhach mhac Eoghain aird,
Cearmaid — gidh cia do theasairg —
do-chuala ar ndol don dís ghloin
a-rís a gcor i gcorpaibh.
Truagh nach tabhair d'fhurtocht oirn
an lus fhuair inghean Loghairn
nó aiceacht an Daghdha dhamh
d'aithteacht a anma i nEoghan.
Mac i n-ionadh an athar
do b'oircheas é d'ordachadh;
a athair 'n-a oidhre dhó,
a Choimdhe, as fhachain iarghnó.
Ní fhuilnginn an uair do mhar
do mhéad ar n-annsa d'Eoghan
choidhche gé do-near a-nois
an fear dá oidhche im éagmhais.
Mar tú dá bhás ní bhiadh
mé
dámadh neach eile a oide;
cúis as ar fhoide, a Dhé, a dhol
is mé do b'oide dh'Eoghan.
An t-Eoghan-sa Is éigin dún
déanamh seach an bhfionn bhfoltúr;
tairnig a sheal gá dám dhó
gidh eadh gá dál as deacra. A chros. | https://celt.ucc.ie//published/G402088.html |
G402089 | A fhir théid i dTír Chonaill | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,050 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A fhir théid i dTír Chonaill
go tír an ríogh romholaim,
clúm mín tres gach maoilinn dí
aoibhinn an tír i dtéighe.
Aoibhne dhuit-se ná dhamh-sa,
ag féachain na bhfearann-sa,
an clár ubhlach groigheach glan
Murbhach Is Oileach d'fhéachadh.
Do-chífe Magh n-úr n-Eine
na learg n-áluinn n-aingleidhe
's an Éirne dá n-éir ealta;
budh céim d'éirghe aigeanta.
Do-chífe Eas Ruaidh rámhach
na sruth mbreacach mbradánach
is Síodh Aodha ós an tráigh the;
caomha na cláir ad-chífe.
Do-fheadar badh aoibhinn lat
na fuinn-se d'fhéachain umat;
do-cím ort dá aithle soin
tocht go faighthe mín Murbhaigh.
Do-chí uait Éirne i-le
's na cnuic corra ós chionn Éirne
buinne síothbhán nach searg guil
's gach learg do mhíonchlár Murbhuigh.
'San bhailei-se do bhunadh
bhíos mo chara Conchobhar,
lucht deigheoil 'n-a chaithir chuirr
do mhaithibh ceineoil Chonuill.
Sochraide óg nar ob cath
rí an tuaisgirt go n-a theaghlach
beir sgéala uaim dá oireacht;
déana thuaidh mo theachtaireacht.
Cleamhnas ar deis duine féin
is altrannas i n-imgcéin,
innis d'fhaghlaidh na n-oirear
gurb amlaidh do horduigheadh.
Do-ním-se an dara ní díbh
do mhac Aodha, don airdrígh,
do chéibh na mbachlannas mbog
altrannas i gcéin cleachtfad.
Mar tá mé dá mhalaigh dhuibh
fa chuing altrannais uasail
bídh mo chroidhe leis an gcuing
do rígh Doire, d'Ú Dhomhnuill.
A chur dhamh tar gach nduine
innis d'airdrígh Toraighe
ó Aoibhill chneisshing Chliach Mháil
do dhleisinn a fhiach d'fhagháil.
Inghean mhiochuir Mheic Uilliam,
folt barrbhuidhe bachaillfhiar,
's glór coimseach bádhach banda,
goillseach nárach neamhGhallda.
Fiarfaigh dhamh-sa dá deirc mhoill
cionnus dhíolfas Ó Domhnaill
a bheith ag craoibh Ché 'n-a chairt
mé i ngach laoidh dá labhairt.
A fhir théid don Mhumhain mhóir
i dtigh Thaidhg as fhearr th'onóir,
ionnsaigh magh na múr sona
gabh go dún Í Dhonnchadha. A fhir. | https://celt.ucc.ie//published/G402089.html |
G402090 | A Ghearóid, déana mo dháil | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,050 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A Ghearóid, déana mo dháil;
dá ndearna déana i gcéadáir;
tug, a óigleanaibh, th'úidh ruinn,
a úir dhóidleabhair dhearccuirr.
Dídin mé, a mheic an Iarla,
ar fheirg flatha finnLiamhna
gidh bé fachain feirge fuair
t'athair a mheirge an mhórshluaigh.
Is ort iarraim gidh óg thú
síodh na bhfréamh asad fionnchrú;
ód thromaicme a-tú fa choill;
dar gcomairce Is tú as tualaing.
Mairg file re bhfuil a móid
aicme Ghearailt, a Ghearóid;
is fachain dá gcar um cheann
dá rabh th'athair dom imdeall.
Níor chleacht sinn siobhal oidhche
ná imirt arm bhfaobhairthe;
ní poinnidhe ar ngníomh le ga;
coillidhe dhíom níor dhéanta.
Fóir mo ghuasacht, a Ghearóid,
tair romhuinn don ríphealóid;
ar th'eineach dhamh diall oirn-ne
gabh, a chiall, mo chomairghe.
Inneosad uirsgéal cumtha
dhuit im dháil mo chobhurtha;
a-déar mar dhleaghar a rádh
sgéal ar leanabh do leanbhán.
Táinig lá ar Leic na dToradh
Fionntan Is é ar n-arsoghadh
dá bhfuair naoidhin n-óig th'aithghin
'n-a aoighigh fhóid anaithnidh.
Iongnadh leis a leithéid sin
re taobh na haille d'fhaicsin;
rug an naoidhin n-óig ón aill,
tug póig don aoighidh áluinn.
Mar thug an príomhóglách
póig
don naoidhin áluinn fhíoróig
téid dealbh a aighthe i n-óige
ón leanbh d'aithle éanphóige.
Beiris leis an leanbh síthe
gus an mnaoi nglic nglóirbhíthe;
ní thug dá mhnaoi a fhios re headh
's do bhaoi 'n-a chrios an céidsheal.
Fionntan ar bhfios a fréimhe
beannuighis dá bhainchéile;
freagrais a bhean go ngné ghil
hé agus gidh eadh níor aithin.
Ar bean Fhionntain dá aithle:
"cia thú tú do mhearaithne,
a ghil bhláith dhódghlacshaoir dhuinn,
a ógmhacaoimh áith éadtruim."
"Gidh cúich mé, a bhean, beanfad daoibh
madh áil leat leannán macaoimh;
ní hamhdháigh sinn cneas re cneas
deas linn t'fhaghbháil i n-uaigneas."
"Sguir, a mhacaoimh óig, t'ábhacht,
cian óm leithéid leannánacht;
nocha gaol ábhachta inn,
a chraobh árrachta fhoiltfhinn."
"Fearr dhuit céile séitreach slán,
a bhean mhaith" ar an macámh
"ó taoi ag seanóir seachain soin;
re beathaidh ndearóil dealuigh."
"Ní aontóch ó nach óg
mé
— níor aontuigheas as mh'óige —
fear gémadh céim deaghshóigh dhamh
acht mo sheanóir féin Fionntan."
"Dod bhréagadh ní bhia sinne
ó fuaras fhios th'intinne;
ó nach éidear é d'fholach
mé do chéidfhear carthannach."
"Ná habair sin" ar si-se
"seanóir críon mo chéilei-se
sé go neimhsheadhmhar a-nocht
ar gceileabhradh dá chalmacht."
"Mei-se seanóir sluaigh Ealga
ar ndol i ndeilbh naoidheanda,
a bhean" ar sé "nám seachain;
is mé t'fhear i n-óigbheathaidh."
"Dá dteaghmhadh gomadh tu-sa
an céidfhear do charas-sa
nocha bia, a Fhionntain, im fhail
go bhfionntair cia rod chruthaigh."
"A ríoghan a Ros Greadha,
gheas airrdheanna
gach fód go naoidhe ón naoidhin;
naoidhe óg rom athnaoidhigh."
Innisis Fionntan mar fuair
an leanbh ar an leic dtaobhfhuair
— cóir a n-innisin uadha —
innisidh a iolbhuadha.
An leanbh óg 'n-a hucht féin
gabhais bean Fhionntain ainn-séin;
re haghaidh an uair do ghabh
fuair cabhair mar fuair Fionntan.
Ní taosga ar n-a thabhairt dí
ráinig a anál impe
ná do sgar sí re seandacht
's do ghabh ní dá naoidheandacht.
Gá dú, achd do bhí siad mar sin
seal buan oile dá n-aimsir
is do bhí 'n-a láimh re linn
gach ní do b'áil le a n-intinn.
Éanmhac airdríogh na Sorcha
fríoth ann aisgidh chobhartha
folt i n-a óiridhibh air
ar dtocht d'fhóiridhin Fhionntain.
Go tráigh nDúna Tolcha Thé
do chur Fhionntain i n-óige
tar an moir sriobmall srothach
a-droigh Iollann Iolchrothach.
Tú, a Ghearóid, a ghein shochair,
leithéid Iollainn Iolchrothaigh;
go bhfionnam, a chnú cridhe,
an tú Iollann th'aimsire.
Anál Iollainn, a ucht glan,
tug fóiridhin ar Fionntan;
cuir mar thúis anáil th'ochta
fam ghnúis d'fhagháil fhurtochta.
Tair ar chuairt sonn, suidh im ucht,
fionnam feabhas do chumhacht,
tabhair póig i n-a dhiaidh dhamh,
cabhair ciaigh mo chóig gcéadfadh.
Ar Mhuiris gCliach 'gar chleachtas
athnuaidhigh ar n-aitheantas;
san chruth i mbínn roimhe a-rís
ag rígh Broine go mbeimís.
Saor mhé ar oirbhire th'athar
go mbeinn agad bheannachadh;
ar gcomairghei-ne Is doirbh dhi
tromoirbhire oirn aige.
Tairre led bhriathraibh binne
d'aithearrach a intinne;
fill tar ais fheirgh an Iarla,
a dheirg chais fhinn fhuiltniamhdha.
Mo theagasg, a Ghearóid, gabh:
"feirrde macámh a mhúnadh";
dá dtugthar éara oirn-ne
déana mar a-déaraim-ne.
Nó go raibh sinn síodhach ris
ná héirgheadh fúd muirn Mhuiris;
rí Áine ná han re a phóig;
gabh ar do gháire, a Ghearóid.
'N-a ucht ar chrodh ná ar chomhaidh
is a fhearg ret ollamhain,
a anam, ná haontaidh dol
go bhfagham aontaidh t'athar.
Ná cealgadh cleas dá áille
thú, a mheic marcaigh fhionnÁine;
braithtear fraoch ar th'aghaidh n-óig;
labhair go gaoth, a Ghearóid.
Dá ndearna tú Is tuar deighshídh
mar deir mé, a mheic Aibhilín;
th'éara dot athair ní háil,
rachaidh séala ar an síothcháin.
Biad agad im fhior ghrádha
budh hé séala ar
síothchána;
rinn th'aoibhe, a Ghearóid, do-ghéabh,
a naoidhe gealfhóid Gaoidheal.
A ubhall abhla cumhra
as uaisle náid órubhla,
a bhláth niamhdha, a chnú cheiníl
do chrú an Iarla Is Aibhilín.
A leinbh a Lunnainn na ríogh,
fóirfidh t'urlabhra mh'imshníomh,
innsgne bhinn do bheoil chorcra
i n-a rinn ceoil codalta.
A Mhuiris, maoluigh do mhóid;
déana mar a-deir Gearóid;
dá ngada dhíom ní dhlighe
síodh ar aba th'oirbhire.
Flaitheas nach gabhaid Gaoidhil
geallmaoid dóibh i nduanlaoidhibh;
a ráthughadh dhúibh níor dhluigh,
gnáthughadh dhúinn a dhéanaimh.
Dá chineadh dá gcumthar dán
i gcrích Éireann na n-uarán
na Gaoidhil-se ag boing re bladh
is Goill bhraoininse Breatan.
I ndán na nGall gealltar linn
Gaoidhil d'ionnarba a hÉirinn;
Goill do shraoineadh tar sál sair
i ndán na nGaoidheal gealltair.
Na Goill Is Gaoidhil Bhanbha
fa seach re hucht th'agallmha;
is tú ceann an dá chineadh,
geall red chlú ní cuirfidhear.
Do sgar mé red mhúr bhfleadhach,
a chinn an dá chinneadhach;
muirn t'ardphuirt-se agus t'fhíon glan
rom líon d'antuigse Is d'uabhar.
Dol ar deabhaidh ód dhreich mhoill
ní thug achd uabhar oruinn;
logh an chuairt-se do-chuamar;
dol uait-se do b'anuabhar.
An t-aingeal do b'áille ar nimh
do ionnarb Dia 'mun gcúis-sin;
nochar bheag d'fhior a fheitheamh
an cion do leag Lúisifear.
Do thonn fheirge gé do fhás
rinn, a Mhuiris mheic Thomás,
díon, a Mhuiris-se, ar do mhóid
bríogh na guidhei-se Gearóid. A Ghear.
Ar measrughadh maidne an Luain,
a Míchíl, Is mór m'anbhuain;
tú ar sgiath, a mheic, ar maidean,
a fhiach dheit go ndearlaigear. A Gh. | https://celt.ucc.ie//published/G402090.html |