Code
stringlengths 7
8
| Title
stringlengths 6
145
| Author
stringclasses 85
values | Editor
stringclasses 90
values | Dates
stringlengths 1
55
| Irish
stringclasses 8
values | Other languages
stringclasses 32
values | Form
stringclasses 3
values | Genre
stringclasses 2
values | Subgenre
stringclasses 3
values | Words
int64 100
161k
| Text
stringlengths 67
830k
| Link
stringlengths 43
44
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
G402091 | An tú ar gcéadaithne, a charrag | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1590–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,744 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
An tú ar gcéadaithne, a charrag,
a ráith éigneach eatharrod;
cách ód chéadaithne do chur
ní fáth méadaighthe meanman.
An tú bhíodh i mbéalaibh sgol,
do measdaoi re múr Cruachan?
a phuirt ghil fan rionnghlan rosg,
más ibh Is iongnadh t-éagcosg!
Do chlaochlóidh do chruth dealbhghlan,
do imthigh bhar n-óirthreabhradh
dod mhúr ghlan thaoibhleabhar the;
ní mhar aoilghreanadh th'aighthe.
Níor deargadh le hingnibh each,
níor loiteadh le lorg nuaichreach,
do leirg dtonnbháin ngairthe ngil,
congháir t'fhaighthe do uaignigh.
Tugais cruth naoidhe ar neamhchruth
amhail do bhiadh baintreabhthach;
a chúirt orrdhraic thirmgheal thiogh,
do chomhloit imneadh th'aigneadh.
Éagcóir do haithneadh oraibh
cúis imnidh dá bhfuarobhair,
a threabh na gcaithreann gcorcra
re seal n-aithghearr n-iasochta.
Dá dtuigthea mar táid re treall
sé ríoghphuirt fhoirbhthe Éireann
i n-éagcruth, a róimh na ríogh,
níor chóir éagnach ar
th'imshníomh.
A-tá Teamhair teaghdhais Chuinn
ó reimheas ríghmheic Cearbhuill
mar gach dtealaigh — níor dhleacht di —
gan mheadhair achd teacht tairse.
Ó ré Mhuircheartaigh mheic Néill
a-tá ráth Oiligh fhóidréidh
— leis do-roighneadh dimbrígh dhi —
gan deighrígh d'oirdneadh innte.
Ní fhuair Caiseal — cúis
diombáigh —
d'éis Chormaic mheic Cuilionáin
rí do fhréimh chéadfadhaigh Chuirc
don ghéagthulaigh fhéil orrdhuirc.
Ó aimsir Fhearghuis Fhogha
do mharbhsad meic Eochadha
níor fhaoi Eamhain fhéirmhín fhionn
le héinrígh d'fhearaibh Éireann.
Ríoghraidh Laighean na leas gcorr
ón tráth fá dtorchair Cearbhall
a-tá Nás na mboilgshreabh mbinn
'n-a fhoirgneadh fhás ón fhoirinn.
A-tá iosdadh Cruachna Cuinn
ó ré Raghallaigh rosgcuirr,
múr aolbhláth do thobhaigh toil,
'n-a mhaolráth fholaimh fhásaigh.
Aithnim nach fuileongtha i bhfad
do bheith san chruth-so, a charrag,
na hardphuirt-se ór clódh a gcruth
mór an antuigse d'éagnach.
Gidh eadh ní hiongantach linn
a bhfuil d'athtuirse ar th'intinn;
gan fháth níor claochládh do
chruth,
a ráth na n-aolchlár n-amhlach.
A-taoi re treimhse bhfada,
a chéadráith chlann nDiarmada
— an ríghe réidh ní
rabha —
ód fhréimh fhíre i n-aontamha.
I n-aimhriocht dot fhoirinn féin
a-taoi re treimhse n-imchéin,
a chúirt ródghlan choillbhleacht chorr,
ó fhoirneart ógbhadh n-eachtrann.
Foirneart eachtrann Is é thug
do chur sa chruth-so, a charrag,
a ráth thoghtha bheannbhláth bhog
far neamhghnáth orchra orad.
Níor ghnáth leat-sa achd re linn Ghall
gur bearnadh séan bhar saorchlann,
a linngheal taobhuaine tiogh,
imneadh aonuaire ar th'aigneadh.
Do chleachtais fleadh Is fiadhach
is graifne greagh n-óirshrianach
ór dhiombuan iarann bhar n-each,
a niamhfhonn lionnfhuar loinnreach.
Ní caithtí lá id longphurt shean
gan reic ndréacht nó nduan bhfileadh
re glór bhar síodhchraobh seanma
fa ól bhfíonchaor bhfíneamhna.
Meinic thigdís teachta síth
d'fhoráil chomhadh ó choigcrích
dod chúirt ghairthe thaobhaird the
's raibhthe i ngach aonaird uaibh-se.
Fa gnáth ar leirg do leasa
lucht sgaoilte craobh gcoibhneasa
ag maoidhimh uaisle gach fhir;
aoighidh uaibh-se agus innibh.
Fiu an céadaoibhneas do chleachtais,
fiu a-rís do ró éigeantais,
a phuirt úir na ngoirmeas nglan,
doilgheas ar t'úidh nach iongnadh.
Achd a-mháin nach maoidhte dhuit
ró buaidhreadh nó barr iomluit,
a shlóighfheithmheach na dtreabh dtais,
fear d'fhóirithneach ó fhuarais.
Tarla do chéile cubhaidh
riot, a sheanráth shéanamhail
d'uaislibh caithchéile chláir Fhreing;
ná báidh d'aithmhéile th'intinn.
Mac Diarmuda díoghbhadh cath
fuarais tar éis do dheacrach,
a bhraontana na mbeann dtais,
aontagha as fhearr dá n-uarais.
Tréig an gcumhaidh do chleachtais,
eirg it earraidh oireachtais,
lí bróin ná haithintear ort,
a róimh chlaichfhinntreabh Chonnacht.
Ní hathtuirse as oircheas duit
ó fhuair tú tar éis th'iomluit,
a fhéirmhín na sídheas sean,
th'éinrígh ndíleas fa dheireadh.
Rod chuirfe a-rís id riocht féin
oidhre Taidhg na dtreas n-aigmhéil,
a linngheal na gclár gcorcra,
slán ret imneadh iasochta.
as gréine Is gar do dhubhadh;
gearr go gcuirfe Conchubhar
do bhláth ionghnáth ar th'aghaidh,
a ráth fhionnbhláth éagsamhail.
Budh iomdha amhladh dh'ór ceard
ós shleasaibh do chlár gcraoibhdhearg
is ceird shaothrach druim ar druim
ós leirg bhar n-aolchlach n-áluinn.
Gártha caismeart agus crot
budh iomdha i n-aoinfheacht iomut,
a thonnnuaigheal na dtreabh bhfionn,
combuaidhreadh fleadh Is fithcheall.
Ní fuighthear ón uair-se a-mach
teimheal ar thaobhaibh th'aolchlach,
a cholggairthe na gcíoch ngeal.
ná díoth ordaighthe ar th'fhoirgnead.
Bhar n-ainm féile re fada
méadóchaidh Mac Diarmada
ag aos ghnáthmholta Ghuirt Néill,
a phuirt bhláthchorcra bheinnréidh.
A charrag na gcuan sreibhshídh
is é oidhre Eibhilín,
a ráth gheal na ngéigleas gcorr,
fear do chéidgheas do chomholl.
Do cleachtadh dhuit, a dhúin shídh,
iocht Is oineach it airdrígh;
geis duid éara re n-aoighidh;
sgéala nach cuid commaoidhimh.
Dod gheasaibh bhós tre bhith síor
th'iadhadh ar ionchaibh th'airdríogh,
fa chliathfhroighibh do chraobh mbreac
ná aon d'fhiafroighidh inneat.
Ní chuala éingheis fholaigh
nach í intinn Chonchobhair
ort, a bhrugh na mbeann gcorcra,
dul i gceann a gcaomhanta. An.
Baincheann bhrogha na cairrge,
inghean ríogh fhóid fhionnChairbre
na geasa céadna congbhoidh,
réalta an leasa leabarghloin.
Rún toirbheartach teagar séad,
an céadchlú cuirfidh Mairghréag
ar an ráith mbreacthana mbinn
beantagha cháich i gcoitchinn.
Gruaidh thibhreach gan toil bhfolaigh,
sgath saorbhan síol gConchobhair,
troigh bhoinnleasg as comhdha cean,
toirmeasg foghla na bhféinneadh. An tú. | https://celt.ucc.ie//published/G402091.html |
G402092 | Ar iasacht fhuaras Aonghus | Donnchadh mór ó dálaigh | — | c.1200–1225 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,616 | Donnchadh Mór Ó Dálaigh
cct.
Ar iasacht fhuaras Aonghus
ó Dhia gin gur dheaghcaomhnas;
an té rug é nochan olc
ó nach tug é achd ar iasocht.
Móide an tuirrse tá ar gach neach
fa bhreith uaim do Dhia dhúileach,
glan an nuabhas, nuaidhe an corp
do fhuaras uaidhe ar iasocht.
An t-iasocht fhuaras do nimh
nocha n-iodhlaicfinn idir;
do b'usa leam a locadh
gémadh fhearr a iodhlocadh.
A Dhúilimh do dhealbh a chorp,
nó go n-iodhlaicfinn m'iasocht
nachar bh'é ceart badh fhearr ann
gan teacht ar a cheann chugam?
Ní hiasocht áruis nimhe
a-tá ar Aonghus d'áiridhe;
gearr gach sosadh achd mar sain
do-san níor bh'fhearr ga athair.
An tsealbh bhunaidh bhíos a-nois
níor leam achd iasocht Aonghuis;
ní fríoth uaidh achd athaidh dhe;
do-chuaidh le a athair oile.
Iasocht bunaidh do bhuain air
ní iarrfainn ar an athair
— níor léig sei-sean an leanbh
linn —
a shealbh leis-sean do léigfinn.
Do Mhac Dhé bhí Is beannacht lais
deonuighim anam Aonghuis;
ní fhuighinn neart budh fhearr air
reacht fa a cheann nocha cosmhail.
Croidhe Dhé d'fhurtocht orm-sa
truagh nach táinig chugam-sa
ar mhnaoi roimhe ráinig teagh
mar tháinig croidhe an Choimdheadh.
Lá dá ndeachaidh Mac Muire
go teagh Martha míonghloine
an bhean dar chinn an rí rath
re a linn do bhí go brónach.
Do fhiarfaigh Mac Dé dhi-se
créad an chúis fa raibhei-se
ar bhfaicsin déar le a gruaidh ngil
an léan fhuair gé do fhidir.
"An mac óg do b'aithnidh dhuit"
ar si-se "a Athair orrdhruic,
teasda an ghéag bhassolus bhinn;
Lasarus créad nach caoinfinn?"
"Gluais leam" ar Dia do dhealbh neamh
"tuigim mar tá do chreideamh
go léiginn uaim do mhac maith
lat ón uaigh" ar an t-Ardfhlaith.
Gluaisis leis — níor leasg an
chéim —
d'fhios an adhlaicthe ainn-séin;
sona an flaith ó bhfuair proigeacht,
maith do-chuaidh an chomhoideacht.
Do ráidh Dia ag dul ós a chionn
ris an mac — mairg nach tuigeann:
"cuirim ort, a chalann chriadh,
tocht 's an t-anam ar éinrian."
An sgáth bréige do bhí ann
as ar imdhigh an t-anam
ní dhearna an Rí achd a rádh sin
's do bhí slán Is an slighidh.
An cleas-sain, dá mbeinn buidheach,
do-rinne an mac míorbhuileach
a Dhé nach déanann a-nos
is nach fhéaghann é ar Aonghus!
Gion go bhfaghaim mar fuair sin
do chionn guidhe Dhé dhúiligh
d'éis a mhíorbhuile ar Mhartha
dá fhíorghuidhe Is adhartha.
Gion go bhféagh Rí nimhe a-nois
orm-sa um fhóirithin Aonghuis
dámadh fiu mé a dhéanamh dhamh
do-ghéanadh é Is do fhéadfadh.
Ó nach fiu a dhéanamh dhamh-sa
Mac Dé d'fhurtocht oram-sa
mairg más eadh do fhuirigh inn
ris an mbuilidh ngeal nglóirghrinn.
Níor shaoil mé gur mhaith an bhreath
gan mhac re a athair d'fhuireach;
ní hamhlaidh do an rem dhul
achd anmhain damh re a dhol-san.
Taosga thug mei-se ná an mac,
Dia tug orainn an t-iomlat;
gidh taosga rug sei-sean sain
ní hei-sean thug ó thosaigh.
Tosach uaim-se fhuair sei-sean;
truagh dhamh gan dul reimhei-sean;
d'óige ar meic-ne dar mhó ar gcean
do badh leigthe dhó deireadh.
Ní deireadh don tuirrse thruim
d'éis an laoigh d'fholach oruinn;
fa romhoch cré tar a chneas,
sé d'fholach nochar bh'oircheas.
Ní béas eilte d'éis a laoigh
agam d'éis an ghil ghlacshaoir;
ní thabhar laogh oile air
go saor mo chroidhe ón chumhaid.
Sódh na heilte ní holc dhi
a laogh féin ó théid thairse;
do laogh oile do-gheibh grádh
a croidhe féin ag síothládh.
Buan mo chumha um cheann mo mheic,
ní hionann Is an eilit;
d'éis an laoigh re a dtabhrainn taobh
ní thabhraim m'aoidh ar aonlaogh.
Laogh mo chroidhe an mac muirneach,
mo chara, mo chomhairleach,
níor bhean tuirrse roimhe rinn
mo chuisle croidhe caoinim.
Mo chruit chiuil as caoine nglóir,
mo ghlór caoin as cosg dobróin,
éinfhear cumainn mo chridhe,
mh'urraim agus mh'áisighe.
Mo chraobh chnuais, (mo bhile bláith),
mo ghéag fíneamhna
fhíorbhláith,
mo mhac ochta agus anma,
mo shlat chorcra chraobhabhla.
Mo chiall, mo chuimhne, mo chonn,
mo mhac, mo dhalta drólann,
mo mhochmhacámh, mo mhionn súl,
mo fhochlacán fionn foltúr.
Do oileas d'Airdrígh nimhe
Aonghus ar gcuid cridhe-ne;
fuaras doimheanma uadh as
do luagh mh'oileamhna ar Aonghus.
I ndoilgheas re Dia athar
— do b'éagcóir an t-ordachadh —
do-chuadhas — is do b'é m'olc —
fan té fhuaras ar iasocht. Ar.
Fuair Fionnghuala fód bunaidh
d'éag Aodha, d'éag Fearadhaigh;
do-chuaidh siad Is siad gan locht
ní fhuair iad acd ar iasocht. Ar iasocht. | https://celt.ucc.ie//published/G402092.html |
G402093 | A-tám i gcás eidir dhá chomhairle | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1590–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,532 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;
gá cás as rodhailghe ná an dál a-direim-ne?
guais teacht ó chríochbhun an dá
chomhairle
dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar
slighidh-ne.
Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar
ndoimheanma
toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna
ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna
'gar máthair gheineamhna is
m'antoil anamhna.
Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh
ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh
shíothMhumhan,
go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh
is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn
críochnughadh.
Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne
go géis ngrianDaire ros faillsigh gach
fáidhfhile
is mé go haoinchéim ar ndul sa
dréimire
nar chéillidhe sgur re baoithréim ar
mbáirei-ne.
Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne
sunna i neimhinmhe — gá cruaidhe comhairle?
mása thruagh leo — gidh eadh dá n-anaim-ne
ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.
Ó chrích chaillghil na gcaladh
síodhamhail
dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh
mhíondoirigh
gá dulc dhún ar sealadh go
sírrighin?
dleaghar do ríghfhilidh súr gach
síodhoirir;
an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain
ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh
ríoghOiligh.
Gér linn ón droing do ghnáth a
nguailnidheacht
do luaighidheacht tar cách Is roinn a
ríoghadhart,
is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht
ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a
síorradharc.
Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile
na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;
gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,
neamhthal ar leannáin-ne fa dál
diombaidhe.
Uchán ar gcéim-ne ón talmhain
thuaidheamhain,
's ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain
bhraondoirigh,
is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais
ríoghUidhir,
's ó shíodhuidhibh glanshluaigh
shúlghlais shaorOiligh
'sh óm Aodh féine mo ghrádh tar
Ghaoidhealaibh,
as céile d'aoigheadhaibh 's as fhál
d'aoghairibh.
Is í ar ndáigh nach ba cian ar
gcéilidhe,
ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá
mhóirfhine,
ó Mág Uidhir dá roiseam 'n-a
ríobhaile,
síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar
mBóinneine.
Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa
mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha-sa,
is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa
radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.
Budh mór saorchlann dom fhios do
b'inríoghtha
is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na
sean-bhóchna;
budh iomdha béinne úr airmniamhtha
is glainbhriathra cléire san dún
dealbhórtha.
Budh iomdha le moltaibh fáidh fan
bhfionnorlár,
's gáir bionnorghán le hochtaibh
imeilmhéar,
's ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr
ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n-ingeinghéar.
Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil
éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh
ghéagsdaraigh;
badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh
go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n-éagsamhail.
Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,
is lúdh ag sróillearraibh corcra ós
chaoilrean-naibh,
gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh
fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin
laoidheangaigh.
Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain
an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;
do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain
dealbhlasair buadhchlach bleidheadh na bruighneisin.
Do-ghéabh Aodh romham 'n-a ríoghshuidhe,
síodhuidhe saor nach bloghann a
bhéalluighe,
's a ógbhadh thréan ar ar thinne
caomhfhile
's ar bhfréamh chraobhei-ne ime go
héanduine.
Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha
budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;
do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna
is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,
lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,
dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.
Fuath na dreime ó raonchlár
ríoBhóinne,
baothghrádh fíoróighe seinge
síodhshaoire,
fa nochtaid fialmhná a meanma
mímhéine,
grianlá rífhéine meardha
míonDaoile.
Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,
ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh
mbéinneimhear,
seabhac d'ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,
saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.
Mo chéile rúin, caomhthach gach
chomhuidhigh,
ón saothrach ar sgoluidhibh múir
Muireadhaigh,
fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain
tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair
fhuineadhaigh.
Mo chean fionnbharr na bhfeadh ndruidfheactha
dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,
's an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta
mo chearchuill chodalta, ionnladh mh'aigeanta. A-tám. | https://celt.ucc.ie//published/G402093.html |
G402094 | A-tá sunn seanchas Muáin | Giolla brighde mac con midhe | — | c.1240–1260 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,293 | Giolla Brighde Mac Con Midhe cct.
A-tá sunn seanchas Mu-áin
ó chath cairrge seanChu-áin
ríogha Banbha go mbearair
gníomha Is gabhla geinealaigh.
Niall Naoighiallach an neirt truim
seanathair Mu-áin mhéarchuirr
go Muir nIocht ní fhuil achadh
nach fuil sliocht a seanathar.
Mac Eoghain mhic Néill náraigh
athair Mu-áin mhórdhálaigh
glas na bhfuineadhach bhfuileach
Muireadhach cas céadghuineach.
Earc inghean ríogh Alban aird
máthair Mu-áin mhir mhórghairg;
Móirbhinn a seanmháthair sin;
dearbháchaidh sinn go suaithnidh.
Inghean ríogh Sagsan sleaghaigh
Móirbhinn máthair Muireadhaigh
súile gorma agus glac bhán
mac mar mhac Morna Mu-án.
Muircheartach mhac Earca fhinn
do ghabh Albain Is Éirinn
— éinbhean fa deaghmháthair
dháib —
dearbhráthair méirgheal Mu-áin.
Téid lá a Teamhraigh — toisg reab-hach —
athair Mu-áin Muireadhach
dá dtarla ar an seachrán soir
a gealchlár Banbha i mBreatnoibh.
Dá dtarla rí Gabhráin ghuirm
ar Eirc inghin ríogh Loghuirnn
go ros líon grádh Chuinn chais
ó shál a bhuinn go bathais.
Téid adhbhar airdríogh Bhanbha
i n-Albain 'n-a hathardha
mac Eoghain Teamhra dá thairm
do shealbha an leoghain Loghairnn.
Seacht mbliadhna dhéag sa tír thoir
do Mhuireadhach mhac Eoghain
gur imdhigh tar gleannmhuir nguirm
le hinghin leannmhair Loghuirnn.
Ráinig go bun na Bóinne
mac ríogh Fódla fleadhmhóire;
codlaidh san phurt — níor pheall te —
is a cheann i n-ucht Eirce.
Mucaidh Eoghain a athar
láimh re Bóinn na mbreaclachan
do-chí i mbun innbhir fhóid Bhreagh
inghin n-óig agus aoinfhear.
Gabhais éad 'gá fhaicsin sain
mucaidh ainbhfeargach Eoghain;
táinig bás an damhna dhe;
don Bhanbha níor chás coisge.
Sleagh i Muireadhach gur mharbh
sáithis an t-aitheach athgharbh;
leannán sluagh Gaoidheal do ghuin;
truagh a mhaoidheamh do mhucaidh.
Gluaisis Earc go hEoghan n-ard
innisis dó a mhac mórgharg;
cuirthear teaghlach úr le hEirc
go múr Teamhrach dá thoirbheirt.
Bearthar i dTeamhraigh is-teach
an rí i n-aireagal uaigneach;
i mbarr an bhrogha acht an bhean
ní robha ann dá fheitheamh.
Tig eas tar airdrígh bhfear bhFáil
a froighidh ghil an ghrianáin;
buailis go garbh Earc an eis
go ros marbh tre theacht thairis.
Eas oile i gcéadóir do chuir
luibh 'n-a béal go ros beathaigh;
ar dteacht a hanma san eis
tarla Earc ar a haithris.
Do láidh barr an luis leabhair
an bhean i mbéal Muireadhaigh;
don Bhanbha do budh beart sídh
teacht a anma san airdrígh.
A Fhir do dhealbh an domhan
is duit as dual altoghadh
mar thearna slat Teamhra ón tán,
go ndearna mac mar Mhu-án.
Síol Mu-áin mhóir mheic Earca
saoire ná síol cruithneachta
laoich goirminnse finne Fáil,
gille coirmmilse Cruacháin.
Níor chanta, a choinnle Teamhra,
taoiseach re bhar dtighearna
nó go mbeath oireacht mar ibh
ag toigheacht go teach taoisigh.
Tarraidh tighearna an tíre
eochracha na hairdríghe
treabha ban nach bí ag fearaibh
rí go ngabh Ó Gairmleadhaidh.
Niall Ó Gairmleadhaidh Geirge
garbh móide 's mín Gaoidheilge
ní budh mór ar cách a chrodh
a shlógh an tráth a-tá-san. Ata. | https://celt.ucc.ie//published/G402094.html |
G402095 | A theachtaire thig ón Róimh | Giolla brighde mac con midhe | — | c.1240–1260 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,574 | Giolla Brighde Mac Con Midhe cct.
A theachtaire thig ón Róimh
le n-a síoltar gach seanmóir
déana mar a-deir an peann,
ní gheibh séala achd an
sgríbheann.
Tabhair mar tugadh a-noir
crois ó chomharba Pheadair;
duille doirche gan drud ris
má do-ug toirche thairis.
Mar do ráidheadh ins an Róimh
leasuighthear — lór do sheanmóir;
níor bh'éidir glór oile ann
do bud lór d'oire a fhulang.
Níor hiomráidheadh san Róimh ribh
díochur na gcliar, a chléirigh;
fríoth ó neamhRóimh éigin
uaibh
seanmóir éididh re héanuair.
Caidhe an sgríbheann 'n-ar sgríobhadh
an ealadha d'aithríoghadh?
déana mar do fhógair inn,
tógaibh séala do sgríbhinn.
Focal nach fríoth i leabhraibh
gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
is léigheann gránna Gallda
dámha Éireann d'ionnarba.
"Donum Dei" an dán binn
i gceartlár cuirp an léighinn;
gaibh é Is casgair a chéill;
"asgaid Dé" sain go soiléir.
Gan a luach ar na laoidhibh
má a-dearar le deaghdhaoinibh
do ráidh gan aoradh gach fhir
do shaoradh cháigh, a chléirigh.
Más do mhian méaduighthe an lóin
beantar d'éigsibh a n-anóir
nach lór, a chléirigh, re chais
lón gach éinfhir 'n-a éagmhais?
Ciodh um nar dhíochuir an dán
ar dtoigheacht a tír Romhán
Pádraig an iris do b'fhearr
a hinis fhádbhuig Éireann?
Créad thug ar Colum Cille
nach fionnfadh achd fírinne
gach Dar-daoin ag dul ar neamh,
crodh ar laoidh mar do léigeadh.
Do hionnarbadh eacht oile
cliara Fódla féaraighe;
a gcomhall do na cliaraibh
ó Cholam an chéidbhliadhain.
Tug gér oirrdhearc an t-eineach
Mo Bhí cráibhtheach Cláireineach
a shaoghal féin — fial an
gníomh —
don chléir do iarr gér
bh'fhairbhríogh.
Tugadh lé ar an laoidh n-uallaigh,
gér athchuinghidh anuabhair,
an bhróg do chuir an dealbh dhi;
go dearbhí fhuil impe.
Duais nach tiubhradh damh duine
do-bhéara mac mórMhuire;
do-gheabh ar duain dom dheaghdhán
neamh mar fhuair Ó hIfearnán.
Moladh daoine Is dó as mholadh
an neach do-ní a gcruthoghadh;
ní bhí ar domhan ag duine
ní achd moladh a mhíorbhuile.
Rinn gach roinn, rinn gach meadhra,
ag teacht tar an Tighearna;
foghar gach tuile re tír
moladh uile don Airdrígh.
Gémadh bréag do bhiadh san duain
is bréag bhuan ar bhréig dhiombuain:
bréag uile gidh créad an cradh,
bréag an duine dá ndéantar.
Ní ba liai-de ór ná each
ag duine dámadh doichleach;
gan sbéis i nduain ar domhan
dá mbuaibh ní ba buanoghadh.
Dá mbáidhtí an dán, a
dhaoine,
gan seanchas gan seanlaoidhe
go bráth achd athair gach fhir
rachaidh cách gan a chluinsin.
Dá dtráigheadh an tobar fis
ni béarthaoi muna mbeimis
go deighfhearaibh saora a sean
craobha geinealaigh Gaoidheal.
Do bhiadh i n-iarmairt fhada do mhíleadhaibh mórbhaga
folach a sgéal — ní sgrios beag —
gan fhios na bhfréamh ó bhfuilead.
Folach cliathach agus cath
fear n-Éireann do budh easbhach
dá n-éis gémadh maith a méin
gan sbéis i bhflaith ná i
bhfírfhréimh.
Gé tá marbh mairidh Guaire
's Cú Chulainn na Craobhruaidhe;
ón ló tá a nós thiar is
thoir
a-tá fós Brian 'n-a bheathaidh.
Beo ó mhaireas a moladh
Conall agus Conchobhar;
a nós 'n-a bheathaidh i-bhus
nocha deachaidh fós Fearghus.
Lugh do marbhadh le mac Cuill
ní mhaireann cnáimh 'n-a choluinn;
a nós ar ndul don domhan
fós do Lugh Is leasoghadh.
Muna leasaighdís laoidhe
a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
i bhfad a-nonn do bhiadh brat
ar Niall, ar Chonn, ar Chormac.
Rioghradh Chruachna Is Chaisil Chuirc
na filidh fréamha a lubhghuirt
slata teaghlach na dtrí mbrogh,
Dá Thí Teamhrach Is Tuathal.
Ní bhiadh muna mbeith an dán
ag cruit téidbhinn ná ag tiompán
fios deighfhir ar n-a dhala
ná a einigh ná a eangnamha.
Fios a seanchais ná a saoire
ní fhuighbhidís arddaoine;
léigid so i ndán do dhéanaimh
nó no slán dá
seinsgéalaibh.
Dá mbáidhtí seanchas chlann gCuinn
agus bhar nduana, a Dhomhnuill,
clann bhar gconmhaor 's bhar gclann saor
ann do badh comhdhaor comhshaor.
Fir Éireann más é a rothal
ionnarba na healathan
gach Gaoidheal badh gann a bhreath
gach saoirfhear ann badh aitheach. A Theachtaire. | https://celt.ucc.ie//published/G402095.html |
G402096 | Bean dá chumhadh críoch Ealla | Fear feasa ón cháinte | — | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,911 | Fear Feasa Ón Cháinte
Bean dá chumhadh críoch Ealla;
a-tá — ní taom soineanda — -neoil éachta impe re headh,
linnte téachta 'n-a timcheal.
Síona corracha ceatha,
saighnéin lonna loisgeacha,
tuile chumhadh ós a ceann
nach duibhe dubhadh díleann.
A-tá re hathaidh d'aimsir
'n-a tír dhorcha dhoghailsigh
nar bhean a déarchuladh dhi;
ní bean éanchumhadh i-se.
I gcrích Ealla na n-eas nglan
iomdha comhartha cumhadh
táraidh dá tochrádh re treall
gur sháraigh ochlán Éireann.
A haibhne i dteirce torchar;
ní trom féar a fanntolchadh;
iúl fraochmhar a slighthe sain;
sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh.
A-tá — ní cumha chuimse —
dá adhbhar 'gá hathtuirse;
gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi
do líon sé d'imshníomh i-se.
I nEallaibh d'éis a leonta
aimrid gach craobh cheineolta,
luath ar an gcioth mheasdar mall,
ní easgar ioth 'n-a ionam.
Do cailleadh le crích Ealla
— tug dorcha a dreach shoineanda —
tuir iorghuile achaidh Fhinn,
nathair ionghuire a himill.
Do cailleadh fós — fada a ghomh —
a mionn adhartha, a hollamh,
caitheamh aimsire a sluagh sain;
truagh an ainnsile d'Eallaibh.
Domhnall Caoimh creach brughadh,
Dálaigh díoth ollamhan,
a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh
dá chreich an fháid Eallai-sin.
Dá leonadh a fhlaith ngoile,
dá bhuaidhreadh a mbanchoire,
dá chúis daghra leasChláir Luirc
dá dhamhna an easráin d'adhuint.
Mór as easbhaidh d'iath Ealla,
mór as díoth d'fhuil Oilealla,
dá phudhair luighe gach lis
don Mhumhain uile Is éisleis.
Díoth dá marcraidh mac Chaoimh;
díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh
— ní léir sreath adhmholaidh
as —
creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.
A-táid mar a-tá an Mhumha
fa ndíth-sin ag déardhubha
beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,
sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.
Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil
a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,
níor lugha ag deaghail don droing
a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.
Ní bhíodh sgolaidhe don sgail
dá mbíodh i mbaile Í
Dhálaigh
gan chomaoin éigin ón fhior
d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh.
Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,
do bhídís aige ag imtheacht
go hionbhuidh sgaoilte don sgail,
faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.
Oide sgagtha na sgoile
's a gcompánach comhnoidhe
re linn sídh nó i gcailg chagaidh
mairg an tír re a dtéarnadair.
Díoth don mholadh, olc don aoir,
bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;
saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn
an baisgeadh díochra Domhnall.
Mac Í Chaoimh ceardcha goile
díobhadh uaisle a fhaonloighe,
áladh doiligh dá gach dháimh,
bádhadh oinigh Is easráin.
Níor mhian leis an lá do mhair
gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair;
an fáidh ó bhfuair gach oideacht
cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht.
Domhnall mhac Airt 's a ollamh
dóibh Is aoibhne — adamar —
béine nar an ar-oile;
gar dá chéile a gcomhnoidhe.
A-táthar leo — leor do shníomh —
ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh;
tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe
i ríoghmhúr Cille Créidhe.
Sáith Í Dhálaigh do dhamhna
i nDomhnall dreach nathardha;
sáith an donnaghaidh shing shéimh
dar linn d'ollamhain ainn-séin.
Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh
gan marthain d'fhulang fairbríogh
i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;
liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.
Ionnshamhail Domhnall dreach bhras
ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;
fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh
aithghin Aonghais ní fhuigheadh.
Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh
bheith Is ollamh d'éantaoibh
meisde é dul d'Ú Dhálaigh
sé ag cur ar a chompánaibh.
Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh
díoth céile agus compánaigh
bás an fhialruire shéimh shing
tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.
Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh
díoth dréacht agus duanlaoidheadh
fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais
do Dhomhnall oighidh Aonghais.
Mór gcompánach croidhe Dhé
do-chuaidh ag iarraidh éigse
— ró doghruinne nar líoth
lais —
do dhíoth fhoghluime Aonghais.
Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt
dámadh beo an t-oide orrdhairc
do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan
gréas badh sgoithghile sgiamhadh.
Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain
toibhéim oide ná adhbhair;
níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi
gomadh breitheamh é uirre.
Do bhí — níor bheag do thuigse,
níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh-se —
geall gach oide 'ga ucht shlim
a hucht a oige n-inghill.
Do nós Í Dhálaigh sa dán
do bhí Domhnall díon forrán
re súr feadh, re feitheamh cruidh,
'n-a bhreitheamh cean Is coguidh.
'N-a láimh leadartha biodhbhadh,
'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,
'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan,
'n-a dhoighir bheo gan bháthadh.
Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,
troigh luaimneach lá doineannda,
bas dána dhíobhraigthe sleagh,
brágha míonmhaicne Míleadh.
Ursa troda, túr deabhtha,
fuigheall iarainn aithleaghtha,
lámh éachtach áladh docrach
bádhadh céadchath gcumhacthach.
Mac Eilionóir, abhra slim,
ní hé a inmhe acht a inntinn
thug ainm d'iomarcaidh gach fhir
don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.
Rogha foghluma fríoth lais,
cur feadhma, foghal ionnmhais,
cosg díbheirge cháigh dá
chrích,
rímheirge áigh Is eissíth.
Geall gach oide taoibh re taoibh
mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh
geall gach ríodhamhna rug sin
ar fud fhíonadhbha Éibhir.
Ó Dálaigh an dréachta ghloin,
mac ochta chloinne Carthaigh,
dalta an chróchshlóigh mhálla
mhir,
órthóir an dána dhírigh.
Bádhadh tnútha, tobar fis,
cosg dubha, dúsgadh áinis,
léaghadh meall nglanrolla ngeal,
ceann foghloma na bhfileadh.
Ursa breithnighthe gréas ngill,
sgolaidhe d'ollamh inghill,
altra cháigh i n-ar gceird-ne,
fáidh glanta na Gaoidheilge.
Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn
mh'oide, mo chéile cumuinn;
san gcruth i rabhadar rum
uch nar anadar agam!
Géarsam uaibhreach orra sain
mo lucht comtha, mo chomthaigh,
teidhm as tinne do threaghd mé
a bhfearg rinne ní raibhe. Bean. | https://celt.ucc.ie//published/G402096.html |
G402097 | Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,510 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill
réidhigheas gach rodhoghruing;
is ceisd oruinn eol Banbha;
seol romhuinn, a ríodhamhna.
Ná beir siar, ná seol bu dheas
an slógh trom-sa an tráth ghluaisfeas,
a eomhaighre Easa Ruaidh;
neasa ar seolaidh-ne sor-thuaidh.
Seol inn ar ar n-aghaidh soir,
a Dhomhnaill mheic Mhéig Carthaigh,
go faighthe dúin chorrbhláith Cuirc
gus an ngormráith n-úir n-orrdhuirc.
A mheic Cormuic an chnis ghil,
beir eol d'Eoghanacht Caisil
is an tír nach fuil fúthaibh;
sín soir Is an seandúthaigh.
Tighe Gall Is gríosadh dhuid
ar láthair phobuil Phádraig;
ionnsaigh sluaigh biodhbhadh 'mun mbrugh
do tiomnadh uain don éarlamh.
Is tú oidhre Cuirc Chaisil
ler tógbhadh an teaghdhais-sin;
a eidhre do thocht is-teagh
níor dheimhne Corc i gCaiseal.
Créad nach leanfaithea lorg Cuirc?
leasg ón dúthchas do dhíobuirt;
do roghabh Corc an ceannphort,
port ór canadh CaisealChorc.
Agaibh fa dheoidh, a Dhomhnaill,
bhias Caiseal cleath anfhorlainn;
do bhréagnaghadh ní huair d'fhior;
uaibh do chéadghabhadh Caiseal.
A-tá i dtarngaire na naomh,
a Dhomhnaill na ndearc mongshaor,
gomadh thoir bhós bhar mbunadh;
a-noir ar tós thángobhar.
Fuair sinn i Saltair Chaisil
go dtiocfa-sa an turais-sin
d'fhéachain fionnphuirt shuairc do shean
ionChuirc do chuairt go Caiseal.
Caiseal Cuirc mhóir mheic Luighdheach
tángabhair — toisg mhearchuimhneach —
ón ráith ghil bhiliodhain bhuig
dar ibhiobhair digh ndearmaid.
Do thréig t'oireacht orra sin
tuatha tá i dtimcheall Caisil;
grádh d'fhiaidhghleanntaibh níor dhíor
dháibh
fíon ar iairleanntaibh d'fhágbháil.
A Dhomhnaill Óig, a ucht bog,
dá chúis athroighthe agad:
fearr suth na talmhan tréigthir
's Is guth adhradh d'fhuairshléibhtibh.
Fuinn chaomha Caisil na ríogh
ní críocha dan cóir
dimbríogh;
na seacht dtuatha déag do dhol
ar séad uatha do b'iongnadh.
Seol Is an slighidh chéadna
sinn, a bharrchais bhaisghéagdha,
mór an brad a seachna sain,
lór fad ar ndeabhtha ór ndúthaigh.
Aigillte dhuit, a Dhomhnaill,
d'fhóirithin ar n-anfhorlainn
an chúis-sin go gcuire i mbrígh
do thúisigh uile Is t'uirrígh.
Do chóirighthibh taoiseach dtrom
is é líon leanfas Domhnall
a seacht déag do dhíon Mhumhan
go líon gcéad gach córughadh.
Taosga Is réidhighthe reampa
ná as gluaisde, a ghnúis naoidheannta,
mearghroigh nó buar bhar mbrughadh
a gleannmhoigh fhuar IarMhumhan.
Ní fhuil as so go Sliabh gCrot
— Dia (dá) réidhioghadh rom-hat! —
achd muir ar n-éirghe anfaidh,
a thuir Éirne, d'Allmhurchaibh.
Imirce Mhaoise tar muir
gá tabhairt 'n-a tír dhúthaigh
dar thráigh an Mhoir Ruadh rompa
re shluagh soin ba samhalta.
Oireacht Mhaoise mheic Amhra
i n-éagmhais a n-athardha
ba cian, a shlat Bhanbha, i mbroid
mac Amhra nó gur fhuasluig.
Clann Israhél re headh gcian
i gcrích Éighipte ar ainrian;
go ceann a mbróin 's a mbroide
níor ghearr dhóibh a ndochruide.
Dar cabhradh le Maoise mór
do chumhachtaibh Dé an deaghshlógh;
rath as mhó ní fhuair oireacht
a mbuain dó dá ndeoraidheacht.
Meic Israhél d'fhurtocht dó
Maoise thríd i dtigh Íosa;
tre bhuain a ndaoirsine dhíbh
saoirsine fhuair ón Airdrígh.
Sluagh na hÉighipte 'mun am
rí orra darbh ainm Forann;
rí nar lean don chreideamh chóir
ní leigeadh seadh i seanmóir.
Forann mór — meisde a sgéala —
níor léig go Dia a dheibhléana;
urramhas nachar dhluigh dhó
do chuir d'urradhas orra.
Maoise do bhrígh na beirte
tug d'fhágbháil na hÉighipte
ar an raMhuir ríoghdha Ruaidh
aghaidh a dhíorma dheaghshluaigh.
D'fhóirithin phobuil Dé dhi
slat bhuadha do bhí ag Maoise;
maith an bhuaidh do bhí ar an tslait;
na sluaigh Is í do anaic.
An mhuir shriobhuaine shrothach
do thráigh mar mhuigh míonsgothach
mar fhuair ó ghlaic bhairrghil béim
do shlait aingligh an fhíréin.
D'fhosdódh muinntire Maoise
do-chuadar — céim robhaoise! —
a shlógh Is Forann féine;
fa torann mór míchéille.
'dchonncadar an ród réidh
tre iomdhomhain an aigéin
gabhaid rian Maoise san mhuir;
do budh triall baoise Is baoghail.
Do thráigh an Mhuir Ruadh roimhear
don chuideachta Críosdoidheadh;
don lucht nar thuill níor thráigh soin,
do bháidh an druing 'n-a deaghaidh.
Mar do bhuail Maoise an Muir Ruaidh
don tslait le rug gach robhuaidh
sdiuir, a Dhomhnaill, na sluaigh soir
buail do ghoirmloinn ar Ghallaibh.
Neart Gall, a mheic Mhéig Carthaigh,
ní hinléigthe ar Eoghanchaibh;
rug Maoise a mhaicne tar muir,
a-taoi-se ag aicme Eoghain.
Clann Eoghain
cineadh mar chloinn Is-raihéil
do ghaois-se a broid ag a mboing
mar Mhaoise dhoid, a Dhomhnaill.
Ná fuilngidh (feasda) reamhaibh
ní as fhaide ná d'fhuilngeabhair
Mumha ag dreim nachar dhúla
's bhar gcura i n-eirr iargcúla.
Madh sibh-se a-nois do-ní an roinn
cuimhnighthe dhaoibh, a Dhomhnoill,
an Mhumha gan a roinn ruibh
Goill dá bhar gcura i gcumhaidh.
d ghleo, a Dhomhnaill, Is Danair
ní bhia d'eagla Allmharaigh
neach, a rí finnEithne,
fúibh
ar tí imeirche i n-iargcúil.
Cuirfe re caladh nDairbhre
's re cuan mBéirre mbeannghairbhe
's re Corca Duibhne do dhruim
's re porta Uidhne áluinn.
Tréigfe ar Chaiseal na gcorrphort
íochtar Cua do chéadlongphort,
cuan arab neamhfhaghlach neach
'n-a mbual leabharLoch Luighdheach.
Gid 'gun loch-sain na learg nglan
rugadh thú agus do tógbhadh,
fada ó bhruach Lacha Luighdheach
racha Is ní d'fhuath IarMhuimhneach.
Do ghabháil Mumhan móire
sochraide throm thionóile;
tig dod thairm, a thuir Luimnigh,
na bu th'ainm duibh DeasMhuimhnigh.
DeasMhumha 'gá dúthaigh féin
léigthe, a Dhomhnaill Óig
airmghéir;
's Is tréigthe ar iathaibh as fhearr
sléibhte iathair na hÉireann.
Dream danab dual do bhunadh
dá Eoghanacht IarMhumhan
léig dóibh seandúthaigh a sean;
neamhmúchaidh ghlóir na nGaoidheal.
Magh gCoinchinn, Corca Dhuibhne,
'ga ndúthaigh féin fágbhaim-ne;
mó as drumchla a sáimhríghe sin
tulcha cláirmhíne Caisil.
Léig d'iarthar innse Banbha
dá gach fhior a athardha;
sín go corrmhaoilinn gCaisil
ngormaoibhinn mín mallghlaisigh.
Beir, a Dhomhnaill Dúin Innbhir,
t'oireacht go n-a n-imirghibh
san iodhainleirg bhfleadhaigh bhfinn
n-ealaigh n-iobhairdheirg n-aoibhinn.
Bhar gcuirn bhláithe Is bhar mbrannaimh
cuimhnighthior do chéadarraibh;
ní ba socht dáibh i ndún Chuirc
sa mhur mar tháir a dtabhairt.
Tar Carrthaigh, tar cuan mBeithbhe
cuir aghaidh na himeirche,
tar cuan Leamhna, tar Loch Léin,
a sgoth Eamhna, bhar n-eichréidh.
Seach Ciarraidhe don taoibh theas
tre Mhagh gCoinchinn na gcraoibhleas,
tar seanLuachair síl Deadhaidh
mín ngealbhruachaigh ngoirmshreabhaigh.
I gceann Ó gConaill Gabhra
dod chóirighthibh cathardha
tar Claonghlais daoibh 'n-a dheaghaidh
tar Daoil mbraonghlais mbáinealaigh.
Do Dhún ard Eochair Máighe,
d'imlinn Mumhan míonáille,
ruag shiobhail nar cháir do cheilt
tre Mháigh an Iobhair oirrdheirc.
Do Loch Goir gar do chabhair,
do Shídh áluinn Eoghabhail,
d'Áine an mhúir thirmleasaigh thais
dúinn gan imreasain eolais.
Lámh dheas re hImleach n-Iobhair,
lámh chlé re Cliaigh
bhfóidiodhain,
do sheanChruit Cliach nocha cam
agus d'iath ghealchnuic Ghrafann.
Seoch Machaire bhfionn bhFeimhin
don laochraidh nach lingfidhir
i gceann beoil brogha Caisil;
rogha an eoil an t-eolais-sin.
Ráith Caisil, a chraobh Ealla,
budh í ceann bhar gcoimhleanga;
budh lucht meanman airde ibh
i ngealbhrugh chairrge Caisil.
Ag carraig Caisil na ríogh
cuirfe tar ais a n-imshníomh,
na seacht dtuatha déag-sain di
uatha ag déagsain a ndúithche.
Cuir gach taoiseach 'n-a thuaith féin
do thuathaibh Caisil chlaidhréidh;
ar áitibh treabh a sean sin
sáithtir teagh gacha thaoisigh.
Suidh féin dá choimhdhe ar cheanaibh
i ndúin Caisil choirrshleaghaigh;
dún ris nar dheala dhún druim
gur mheala an dún, a Dhomhnaill.
Duit as cuibhdhe cró do shean,
uime nach anta ó Chaisiol;
tú as cródha i dtroid 's i dtealaigh;
doid Is córa creideamhain.
Is í tuigse tuigthear dhamh,
a mheic Mhóire ó mhúr Chruachan,
gan t'aithghin do dhúil duine
don úir thairthigh thalmhuidhe.
Mar chubhar dtuinne do thaobh,
nó mar bhláth n-abaidh n-órchraobh,
mar shmual dá gcuirthear crithre
do ghruadh chruithgheal chrithirthe.
A-tá cathair chaolaigh dhuinn
ós do ghruaidh dheirg, a Dhomhnuill,
rosg ar dhath gloine guirme,
a sgath Moighe Modhuirne.
Tearc do chommór, a chinn Bhreagh,
ar sgaoileadh each nó áirgheadh;
is ceart choingeobha an dá chuing,
tearc do choimbeodha i gcoluinn.
Ar n-a coinnmheadh ar do churp
a-tá, a Domhnuill, an daonnacht;
gan daonnacht ann nochan fhuil
aonalt ná ball dod bhallaibh.
A mheic na ríoghna ó Ráith Chuinn,
a Dhomhnaill mheic mheic Dhomhnuill,
teannaidh as an tír i-le
ná bídh i mbeannaibh Béirre. Beir.
Beiridh th'inneach iul do dháimh,
a inghean shúlghorm Sheaáin,
a bhláth clúimhfheadha cheiníl
a úireala, a Aibhilín.
A Aibhilín nar éar sgoil
mar do chosnais clú an tsaoghail
a bhreath don bhocht do-bhire
go nach beath ort oirbhire.
Beir dhúinn, a Dhomhnuill oile,
eol fa Inis Laoghaire,
a Mhéig Carthaigh Cláir Ghaillmhe,
cáir carthain do chonnailbhe.
Beir eol dúinn go dún Caisil
ar taisibh na tolchai-sin;
líon a táith, a Bhuadhaigh, bir
gus an ráith sluaghaigh saidhbhir.
Féadthar, a Thaidhg, gan teacht soir;
thiar a-tá do thír dhúthaigh;
ní teachta dheit linn i-le
ar eachtra, a mheic sheing Shaidhbhe.
A-tá ag éigsibh Innse Cuinn
eolus do dhúin, a Dhomhnuill;
t'ór, a Í Chaoimh, ní cheile,
's Is mór dhot aoibh t'oirbhire.
Beir eolus díreach damh-sa,
a naoimhMíchíl neamhfhallsa
don chathraigh óghaigh aingligh
shlóghaigh rathmhair ríoghshaidhbhir. Beir. | https://celt.ucc.ie//published/G402097.html |
G402098 | Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1590–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,920 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh —
díochoisg meanma na macaomh;
eagal go bhfuighthear ar faill
dreagan cruithgheal Ó gConaill.
Éagcóir do léigfidhe libh,
a shlógh iomthnúthach Oiligh,
dé do ghabháil 'n-a ghoire;
níor bh'fhaláir é d'ionghoire.
A Ultaigh féin féachtar libh
nar bh'fholáir d'Aodh Mhág Uidhir
fear amhairc fionnMhuighe Fáil
malairt ionghuire d'fhagháil.
Do-ní-sean Ultaigh d'fhaire;
comaoin dóibh é d'ionghuire;
ógbhaidh chathardha Chláir Breagh
ratharbha dháibh a dhídean.
Ó Éirne go Binn mBoirche
caomhnaidh Aodh re haonoidhche,
's ó Bhóinn úir bhionnfhoclaigh
bhrais
go fionnochtaibh brúigh Bhearnais.
Coimhéadaidh Aodh amhlaidh sain
Dún Sobhairche, slios Murbhaigh,
goirmthealach fa ngealann grian
fearann oirthearach Oirghiall.
Ní fhuil leaba mhíl mhuighe
i ndroibhéal dá dhiamhruighe
fan taobh thuaidh ó Aodh Uladh
ná taobh cuain gan chuartughadh.
Ní choideoladh ciabh na sreath
bíodh go luighfeadh Ó Luighdheach
d'eagla faghla fear nUladh
feadh an fhabhra d'osguladh.
Ní bhí aonlá 's ní hé a-mháin
gan imshníomh éigin d'fhagháil
bos fhionnchorr nach dáigh Danair
i dtiomchall chláir Chonchabhair.
A lucht eolais fhuinn Uladh,
a chliar, a aos ealadhan,
tabhraidh mór n-impidhe air
fa shlógh bhfinntighe bhFiachaidh.
Ná léigidh d'Aodh Mhág Uidhir,
neamhghrádh fleadh, fuath fíonchuiridh
ar ól sreabh bhfíorthobar bhfionn
re síorchogadh fhear nÉireann.
Súr deabhtha, diúltadh cána,
grádh foghla, fuath síothchána,
ursa sluaigh bhoinnleasgaigh Bhreagh,
toirmeasgaidh uaidh an t-aigneadh.
Beag leis iomdha 'n-a aghaidh
nó bheith d'fhéin ar aonaraidh
d'éis a dtug d'anachain air
ar fhud gcladhachaidh Chobhthaigh.
Gan riar sgol, gan duais do dháil,
gun ghleo, gun troid, gun teagmháil
a-tá sluagh Éireann uile,
(a) sduadh mhéirsheang Mhucruimhe.
Do léigsead díobh déanamh cean;
tairseach cogaidh chlann Míleadh
do sguir críoch Éibhir d'oineach;
bíoth go céillidh comhnuidheach.
Ní hinbheithte dá ghruaidh ghloin
'n-a aon i n-aghaidh phobuil
laoch na ngreagh síodhbhuainmhear seang
ag síorbhuaidhreadh fhear nÉireann.
Do rinneadh do rádh gach fhir
d'Éirinn Is d'Aodh Mhág Uidhir
slat gan ainimh acht óige,
"glac i n-aighidh ordóige."
Do-ghéanaid amadán d'Aodh
mar nach beid Is é ar aonraon
críoch eighreadhta na sreabh seang
re neimhghlioca fhear nÉireann.
Dá gcluineadh onchú Uladh
toisg an tríochad Feallsamhan
fear dar chóir fionnmhagh na bhFionn
dóigh nach diongnadh a ndéineann.
Tríocha feallsamh fada ó shoin
thall-ód i dtosaigh dhomhain
do shir diamhair néal nimhe
ar séan d'iarraidh fáisdine.
Do-chíthear dhóibh dá dhruim soin
éinchioth uaithmhéalta d'fhearthain
— ceadh acht tuile gan tarbha? —
feadh na cruinne ceathardha.
Tarfás dóibh — diamhair an fios —
a mbeith gan chéill gan chuibhdhios
re hucht an cheatha do chur
lucht an bheatha dá mbeanfadh.
Tiaghaid an tríocha feallsamh
i ndóigh cáigh dá gcreideamh-san
re sgéalaibh dá chur i gcéill
ar sgur d'fhéaghain an ai-éir.
Do hinniseadh leo an lá-sain
a mhéad d'ulc Is d'uathbhásaibh
— damhna caoi don uile fhear —
do bhaoi don chruinne i gcinneadh.
A-dubhairt an drong chéadna
"fearfaidhear frais uaithmhéalda
fan mbioth do choimhfhliochadh cháigh
do chioth foirleathan anbháil.
"Bíodh agaibh-se" ar na hughdair
"tuir dhíoghuinne dheaghcumhdaigh
'n-a srothaibh corra ar n-a gcar
do chlochaibh troma an talmhan."
Do ráidhsead d'aitheasg éinfhir:
"ní bhia acht óinmhid
éigcéillidh
i nduine ar bioth dá mbeanfa
an cioth buile buaidheartha.
"A shluagh an domhain, déanaidh
uamha doimhne i ndroibhéalaibh"
ar lucht eagna an bheatha bhí
"ar eagla an cheatha ad-chluintí."
Ní chreideadh duine ar domhan
fáisdine na bhfeallsamhan;
dream dhreachbhoiggeal dar chóir cion
neamhchroideamh dhóibh níor dligheadh.
Mar nar chreid cách a gcomhrádh
rug an bhuidhean bhriatharnár
céim luath dá bhfírdhídean
féin
fa bhruach ndínlíggeal ndroibhéil.
Níor bh'fhada dhóibh 'n-a dheaghaidh
an cioth gáibhtheach gráineamhail;
ní mór do-chóidh seacha sin
slóigh an bheatha do bhuaidhir.
Tar éis an cheatha do chur
táinig an tríocha feallsamh
a huaimh dhorcha na gclach gcuir
a-mach ar dhromchla an domhain.
Do bh'é iomthús fear ndomhain
fuaradar na feallsamhain
níor thuig duine iad idir
's iad uile n-a óinmhidibh.
Gidh eadh do chuir cách i gcéill
don bhuidhin ughdar ainn-séin
dream dhreichmhíolla na ngníomh nglan
neimhchríonna dhíobh go ndearnadh.
Do b'é riu rádh gach éinfhir
a mbeith óinmhideach éigcéillidh;
níor fhéad ceannsughadh na gcath
an tréad feallsamhan bhfáthach.
"Déanaim-ne aimhghlic amhail
sinn féin" ar na feallsamhain
"beag díol na cruinne dar gcéill;
ná bíom 's an uile acht
d'éinmhéin."
Dá ndéanamh féin mar gach bhfear
do b'é a gcríoch dul fa dheireadh,
tuigse an bheatha mar do bhuaidh,
fa uisge an cheatha i gcéaduair.
Éirgheadh fa uisge an cheatha
leomhan Locha seinBheatha;
bíodh re gcéimeannaibh a chor,
bíodh Is Éireannaigh d'éantol.
Go bhfagha aoinneach éigin
chuirfeas leis dá leithéidibh
bláth na ríogh ó ráth Doire
bíodh mar chách 'n-a chomhnuidhe.
Bheith mar chách ní hiongnadh d'Aodh;
féachadh uime ar gach aontaobh;
fa chríoch dtaoibhghil gcnuaistigh gCuinn
ní gluaistir aoinshleigh d'ealchuing.
Gan fiú na sleagh i láimh laoich,
gan cheinnbheirt um cheann óglaoich
— ní ham fhoghla fa iath mBreagh —
gan sgiath re formna bhféinneadh.
Failligheadh an lámh fan loinn,
ná bíodh an t-each san orsoinn,
ná feilm óir na gcraobh gcorcra
um Aodh ar chóir gcodalta.
Caitheadh fhleadh gan lucht feithmhe
— ní tráth dhó bheith buaid-heirthe
fa chlár bhfoirbhthe mbogglan mBreagh —
codladh oidhche gan éideadh.
Gan choirm, gan leabaidh, gan fhleidh
ná bíodh Aodh Mág Uidhir,
slat bhoisleabhar ón mBóinn mir,
dá thoirseaghadh d'fhóir Oiligh.
Ní bhiú dhó, gé deirim sin,
dá bhféadadh d'áis nó
d'éigin
naithir na gcéimeann gconfaidh
maithimh Éireann d'Allmhurchaibh.
Rinn bhaoghlach go mbriocht neimhe,
dreagan uathmhar aingidhe,
gríobh dhroibhéil d'fheithimh Uladh,
beithir oiléin d'fhásughadh.
Leomhan coimhéadach cogthach,
onchú doiligh díoghaltach,
draig lonn gach áite d'fhaghail,
tonn bháidhte dá bhiodhbhadhaibh.
Caomhna Mumhan na múr ngeal,
sgiath chumhdaigh cóigidh Laighean,
— cia an duine (do) diongbhuidhe dhe? —
ionghuire mhuighe Meidhbhe. Bíodh. | https://celt.ucc.ie//published/G402098.html |
G402099 | Cia do-ghéabhainn go Gráinne | Tadhg óg ó huiginn | — | c.1400–1425 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,336 | Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
Cia do-ghéabhainn go Gráinne
do bhacfadh dhí a dearbháile?
ar mo chomhairle an mbia an bhean?
mh'fhorfhuighle cia ó gcreidfeadh?
Más fhíor Gráinne i nglas chumhadh
nach urusa d'fhuasguladh
a-tá oram 'n-a eire
gobhang na mná Mainighe.
Biaidh mar shaoilim ó sho a-mach
ag ríoghain rátha Teamhrach
mo chéadfhuighle achd go gcluine
éagcuimhne ar a heolchuire.
Bás a meic gidh mór an crádh
do ríoghain Rosa Chomán
a fhearg do ba doilghe dhí
an ceard do-roighne Ruaidhrí.
Dámadh hé a hadbhar sgíse
sgaradh ria don Ruaidhrí-se
ní hadhbhar sgís an sgaradh;
faghbhadh dís gan dealaghadh.
Tuigeadh féin nach fáth tuirse
duilleabhar an domhain-se
— gabhadh sé do Ghráinne greim —
is sgáile é nó Is aisling.
Mar thorchuirthe tugadh dhí
nuachar na ríghe Ruaidhrí;
an té rug é as a haithle
is é thug an torchairthe.
Do bhí ag mnaoi do mhnáibh Connacht
— is cubhaidh a gconghlonnacht —
mac mar sin do uair oighidh;
bir lat uaim dá hionnsoighidh.
Do chuir mar chuirim ba dheas
Mac Coise ceann na n-éigeas
go hinghin Taidhg uair oile
san aird thuaidh (a) theachtaire.
Teasda céadrogha an chuaine
rug do rígh na Craobhruaidhe;
an bhearn do-cháidh san chloinn-se
Dearbh-áil nochar fhuluing-se.
Nír bh'iongnadh éagcaoine a meic
d'inghin Taidhg an Eich oirrdhreic;
Rí Oiligh do b'é a athair
sé 'n-a oidhir d'Ultachaibh.
Aodh mhac Domhnaill Dhúin Monaidh
ráith Oiligh 'n-a urchomhair;
dá mbeath d'ádh ar Oileach Néid
fa soidheach lán a leithéid.
"Ná bíodh uirre aithnim dí
cumha a meic" ar Mac Coise
"abair damh-sa re Dearbh-áil
gur sealbh fhallsa dá fhagháil.
"Ní tharla ar neach gus a-niogh
ní badh aoibhinn le haigneadh
nach cúis toirse i n-am oile;
sloinn-se thall, a theachtoire.
"Mac ar iasacht má uair sin
ón Dúileamh aithidh éigin
abair re Dearbh-áil as m'ucht
nach sealbh do b'áil don iasucht."
Searbh ar tús lé gá labhra
teagasg an fhir ealadhna;
gidh eadh do thráigh a tuirse
Dear-bháil leis na briathraibh-se.
Tug do Dhia nach dingneadh sain
inghean ríogh Cruachan cumhaidh;
mairg nach dingneadh a ndearna
inghean Taidhg dá tighearna.
Déanadh a ndearna Dearbh-áil
do Dhia athair mar anáir;
ua an Chrobhdhuinn gá doilghe dhi
ná oidhre Domhnaill di-se.
Sgar dhamh a cheo red chridhe,
— ar Ghráinne Is é m'impidhe —
d'éis do mheic, a fhleasg Leamhna,
gidh leasg dheit gan doimheanma.
Dias aile áiréamhas mé
thug dá honóir don éigse;
dá mbeath rún mh'éara agaibh
déana tnúdh le a dtugadair.
Bíodh ar th'úidh a aithris soin
a bhfuair Aithirne ó Eochaidh;
eochair dod chosg do chumhaidh
rosg Eochaidh don ollamhain.
Feadh bliadhna buan a loise
— sgéal ar a bhfuil fiadhnoise —
Maol Sheachluinn do-bhir Banbha
dom leathchuing fhir ealadhna.
Súil Eochaidh 'n-a honóir sain
ceannas Banbha re bliadhain
d'fhagháil as an gceas chumhadh
treas anáir na healadhan.
Fiarfoighidh do-ním a-nos
an fulang leat ar labhras?
munab cead ar chan t'ollamh
gá beag damh a ndubhromar.
Gabh chugad a gcanaim ruibh,
a ríoghan do fhréimh Cheallaigh,
— gá dás grádh ag duine
dhí —
tuile agus trágh gach toice. Cia. | https://celt.ucc.ie//published/G402099.html |
G402100 | Dá bhrághaid uaim i nInis | Tadhg óg ó huiginn | — | c.1440–1460 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,478 | Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
Dá bhrághaid uaim i nInis
triall cugtha Is cuaird neimhmilis;
adhbhar sgís a sgaradh rinn
anadh ón dís ní dhlighfinn.
Dá bhrághaid — buan an phudhar —
nach fuighthear re bhfuasguladh
— do bhá uair Is do b'ionmhuin —
a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.
Dias brághad — ní beithte ris —
do-chuadar uaim go hInis;
mé gan sheise ó shain a-nall
do sgair mei-se dá marann.
Is é ar leas gan í d'fhaicsin
Inis d'éis na mbrághaid-sin;
mar shaltraim ar úr Innse
achmhaing mo shúl shilim-se.
Truagh mo chomhrádh ós a gceann
ag ceileabhradh don chuibhreann;
do-bhir mo chridhei-se i gceas
sibh san Inis-se i n-uaigneas.
A-tá i nInis — uch do bhroid! —
Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
a-tá Gráinne — doilghe dhamh —
bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
Gé a-tú beo ní fhuilim ann
Ua Mathghamhna ó nach marann;
mo sheise mná ó nach mair
a-tá mei-se gan mharthain.
A-tá gach éigeas oile
ar fhud Innse Laoghaire
mar tám i ndiaidh na deise;
lán do chiaigh an cridhei-se.
Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
ní hurusa a hoileamhain;
sul do bhí acht éantoirrse ann
ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
A-tá doigh éigneach oile
im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
doigh ag iomghoin ar mh'árainn
im iomdhaidh nach iompághainn.
Ríoghan do fhréimh na gColladh
is í ar tús do thoghamar;
truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
mh'annsa d'Ú Bhriain Bhóromha.
Ní liom nach cian bhus cumhain;
tángadar a TuadhMhumhain
sgéala do-chuaidh fam chridhe;
déara uaim 'n-a n-ainnsile.
Gion go ndeachadh — dia do chor —
inghean ríogh Rátha Cruachon
Ó Briain do budh bráighe ghill
gáire 'n-a dhiaidh ní dhlighfinn.
An chríoch-sa Mhumhan Mheic Con
méad a hanshóigh ní hiongnadh
's a mbuain dí i ndiaidh a chéile
rí Ó mBriain 's a bhainchéile.
Bheith dod lot ar do lár féin
idir fhiodhbhaidh Is eichréidh,
a Mhumha-sa, ó nach maraid
urusa dot eascaraid.
Ní raibhe i ndán dá deirc mhoill
inghean mhiochair Mhaoil Sheachloinn
teacht tar ais — is crádh cridhe —
ó Dhál Chais dá céilidhe.
Is amhlaidh budh áil linne
ó chaladh Chuain Duibhlinne
sí nó a taise do thoigheacht
gér mhaise dhí a deoroidheacht.
Ní guth d'ealaidh Átha Truim
gan a hadhlacadh aguinn;
mac Sláine 's sé nar cheaduigh
gan Ghráinne 's é i n-éinleabaidh.
Mh'uabhar a hucht na deise
chuireas inn i n-éidtreise;
as mo threise thángas riom
rángas mei-se ó nach maireann.
Gé do thréigeas iad uile
ar choinnil Chláir Mhaonmhuighe
níor thoill an chlann-sa Cholla
gan roinn mh'annsa eatorra.
Ag síol Cheallaigh 'gar chleacht mé
ní anabh ar éis Ghráinne;
mo chuid ronna dhíobh ar ndol
ó shíol Cholla do-chuamar.
Ionmhuin teagh a-tá folamh
rer dheacair mo dhealoghadh;
neach don dís nochan fhoil ann
don toigh a-rís ní racham.
Ag ól buabhall Is bleidhe,
ag ceannach ar gceirdei-ne
do bhádar lá san tigh thall
fir agus mná nach marann.
Béim budh iomnár dá n-aighthibh
ní fríoth 'gun aos anaithnidh
mo lucht comtha an gcéin do mhair
gan bhéim ortha 'ga n-eolchaibh.
An dias fa dtá mo thoirse
— is í breath do-bhéaroinn-se —
rem ré ní fhaca a aithghin,
gidh bé aca fhiarfaighthir.
Ar éis Thaidhg mar thángas ruinn
crodh ná ionnmhus ní iarruim;
crodh do-bheirim ar ndol dí;
crodh do-gheibhinn ó Ghráinne.
Gotha ísle 's éigean dóibh
a mbíodh aice fa onóir;
a charaid ó theasda Tadhg
ní lamhaid feasda acht fodhard.
Ar n-éag inghine hÍ Cheallaigh
is Taidhg fa dtáid Éireannaigh
— ní háil bas do bhuain umha —
do-chuaidh as an ealudha. Dá. | https://celt.ucc.ie//published/G402100.html |
G402101 | Dairt sonn dá seoladh go Tadhg | Gofraidh mac briain mac an bhaird | — | c.1580–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,332 | Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird cct.
Dairt sonn dá seoladh go Tadhg
crithir bhruithneach breacht neamhgharg;
a sblannc dí ag deaghail re a sreing
ní dleaghair gan í d'fhaichill.
Réim ag fágbháil a fiodhbhaic
leis an óinsigh n-eisionnraic
mionn soighde le bhfromhthar fuil
do thollfadh oirdne iobhair.
Tar Tadhg n-Óg ní dul di-se
's ní dol do Thadhg thairis-se
's í dá hinneal re headh air
gidh eadh ní cinneadh cogaidh.
Gidh soighneach siansa (ó) a haoibhill
i ndáil meic Í mhórBhaoighill
ní hí dairt as doilghe neimh
ar tí oidhre Airt Aoinfhir.
Soighead go sighnibh toile
is í d'arm na hionmhuine
dá chongbháil dá chor fa ghreim
damh dá fhaghbháil lem intinn.
Cúipid aobhdha an amais ghrib
dí tárraidh sinn an soighid;
soighdeoir na hannsa Is í an bhean
an t-arm-sa Is dí do
dírgheadh.
Dá saordhacht snoighe an chailbh-se
dá craobhraidh an chorthair-se
ar eitibh caomha an chuilbh ghlain
nach duirn daonda do dheasaigh.
Dá fiodh cagais don cholbh féin;
dá feidhm ceardcha an ceann soiléir;
a snuadh ar coinnlibh an chinn
go bhfoighrimh druadh ón dílinn.
Cóir roinn a glaice grádha
baindia an bhreachta shíothchána
Cúip-hioda fa déadla doirr
re dioda céadna Ó gConoill.
A gá féin foithne ar seise;
maith seanchas na soighdei-se
sí i ngnás na glaice dá bhfuil
cás a caithte ní cheasnaigh.
Dorlach do dhairtibh seada
maoidhtear ar chrios Cúipioda
le hamas gach aoin dar bh'áil
mar rannas le craoibh Cruacháin.
Trí soighde go séan lámhaigh
ghabhas greim ar leannánaibh
— cia díobh ar nach dlighthear brath? —
ríomh a-dirthear fan dorlach.
An chéaddairt ag cur beadhgaidh
doighir nach dál foirdheargaidh;
an dara dairt 'n-a deoidh soin
feoil Is ailt ar a hionchuibh.
Gidh treas soighead na seirce
iomthús éarma a hingheilte
dul don chrithir go croidhe
i n-ithir na hionmhuine.
Céadshoighead chuirthe an bheadhgtha
sonna go seol drithleannta
— 's ní ba chailg 's í 'n-a
héanar —
ar tí Taidhg do thaigéaradh.
Cusbóir re gcaithfe mei-se
dá dheirbhshiair na dairtei-se
an chuid oile don ghlaic ghráidh
croidhe ren hait a n-easráin.
Céile ar a gcuinghidh leaba,
sgoláir do sgoil Cúipeada,
gnúis dealbhdha dá ndeachaidh cion,
eochair meanma na maighdean.
Meanma ó bhfuigheam guin fa ghuin
fa lár nach léigfe ar ndeabhaidh,
rún nach daor slighthe seirce,
drithle chaoin dar gcoigilt-ne.
Deighfhear re ndlighim
robháidh,
Ua Baoighill meic Buadhaghám,
tamhan a criaidh Dálaigh dhil
fa liaigh álaidh dar n-aithribh.
Mac Máire, mac Taidhg mheic Taidhg,
ua Coinn Doire as díol anmhairg plannda cuir ó bhraonghort Breagh
far fhuin saordhacht mac Míleadh.
Ua Cuinn meic Úna ó Áth Truim,
sbraic ionChuinn re hucht bhforluinn
rún crobhluit ar cóir troda,
súgh póir Cormaic churadhda. D. S.
Mág Aonghusa as úr maicne
cusbóir é dar n-annsaicht-ne,
seangshlat as saor mar phuba
ar aon Is deaghMhac Diarmuda. D. S.
Mairghréag inghean Méig Fhlannchaidh,
géis d'ealtain Cuinn chobharthaigh,
is aire ar a laighead linn
saighead toile fa a tuairim.
Banua Ruairc go roich ar mbáidh
slios do ghéig Ithe ón Easbáin
tréad far mhín mórchuing Banbha
géag d'órchoill Ír Ollarbha.
Déas gan ioth úire
Gallda
foichne go bhfás shaorchlannda
d'fhochan Gaoidhil fa gheal sdair
bean len faoilidh ar bhfioghair. Dairt. | https://celt.ucc.ie//published/G402101.html |
G402102 | Dealg athálaidh othras Taidhg | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1600–1617 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,505 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
Dealg athálaidh othras Taidhg;
dar n-antráthaibh tochta an tuilg;
créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg
loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb.
Ar n-eagla tar éis gach chráidh
an té ro budh teasgadh dhúin;
is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh
i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin.
Rugadh uain-ne — anba an choill —
na huaisle fa hannsa linn;
fuighleach áir chathshlóigh Ó
gCuinn
do bháidh i dtuinn athbhróin inn.
An Aodhchlann rer dheacar dréim
do heasgradh go haonchrann siuil;
damhraidh as daithe do-chuaidh
saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin.
Gan iarsma leanfas a lorg
ar ealbha na ngliadhchath ngarg
ní tearc m'aithghin trá ro threaghd
dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.
Táinig d'othras eidhre Briain
gan dochar eile ar ar n-úidh
— ar dtreabhlaid fa súgradh
sáimh —
dúbladh cráidh gur dhearlaig
dhúinn.
Níor theinn go heasgar an fhir;
níor theidhm achd teasgadh mar sein,
beag más tinne an tí ar a bhfuil;
níor doigh linn-ne ní achd a neimh.
Ní rángas deacar go a dháil,
go a theasgadh ní tángas fúinn;
do b'í an chreach-sain críoch ar leoin;
easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth
dhúinn.
Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis,
ar ngéagcraobh go n-aibche fháis,
snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais,
ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis.
Ar meadhar, ar macámh búidh,
ar mbradán beathadh, ar mbrígh,
ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir,
dile ar ngráidh, ar siansa sídh.
Iomdha cruth i n-éagcruth uadh
is céadfadh dá cur ar gcúl,
títhe greanta ar mhíonbhun méar,
dearca fréamh gcíordhubh dá
gcrúdh.
Ní tearc triathfhlaith gan chur gcrú
is fiallach nach glac a ngó
'n-a los-sain 'n-a loighe a-tá
's croidhe mná 'n-a chosair chró.
Ní cleachtar corma ná ceol,
leantar don orchra mon-uar
folcadh feadh gciabhchorach gclaon
niamhthonach taobh ngeal na ngruadh.
Iomdha ó leathbhruach Léime an Chon
go hÉirne na ngealchuan ngeal
beochroidhe ar n-a ghoin ón ghal
goil ban Is eolchuire fhear.
Le dubhadh eagla mon-uar
don chur-so ní leagar lámh;
níor fheac sinn le sealadh fúnn
ní bearar glún linn do lár.
Ní dó uile Is eagal linn
a thuisle achd go dteasgfa sinn,
buille ar mbuana, béim ar gcroinn;
fa coill gan fhréimh uadha inn.
Ní hé caointear achd cách
féin;
dá gach aoinneach do b'fháth bróin;
do sheich sna croidhibh ro chráidh
gráin gach neith badh doiligh dhóibh.
Ní hiongnadh go gcaoinfeadh cách
fraoichneimh na bhfionghal 's na bhfuath,
fearg na síon, catha na gcríoch,
fíoch na ríogh, tacha na dtuath.
Gár mheisde don mhac-sain Briain
a sgarad re a mbeirtibh bróin
mar shompla cobhartha cháigh;
nochttha dháibh comhartha cóir.
Is iad caointear ceann i gceann
gion go saoiltear gan iad ann,
súgh talmhan, tromthoirthe coll,
torchairthe tonn marbhghlan mall.
'N-a othraisbheirt faghthar faill,
ná hadmhadh othairchneidh dtruim;
sgiamh aithmhéile ní háil linn
ar rinn áigh caithfhréimhe Ó
gCuinn.
Éirgheadh sunna ar chomhair cháigh
i gcosmhaile a chrotha
féin;
sgaradh sé a dhíchealtair ndúir
re a ghné mbúidh síthshearcaigh
séimh.
Ní hoircheas a bheith — ní bhia —
mar sein san troimcheas i dtá;
cuirthe do ghríbh ghroighigh Chua
brígh nua sna croidhibh do chná.
Gan dulann re dathadh colg,
fulang gan amharc na n-ard,
gan fhaghla, gan iomramh sealg —
iongnadh an cheard tharla ar Thadhg.
Ní sgíos comhnuidhe do chleacht,
ní sníomh tromthuirse, ní tocht,
oigheadh cnámhtha cruaidhe cniocht
— gé thárta riocht nuaidhe a-nocht.
Meince a aghadh ar fhál reann
go dtrásd iná i dtathamh throm
bas daithgheal le ndeargthair lann
bann tre cheardchaibh caithshleagh gcorr.
A chos chuinge catha Ó mBriuin,
do luighe Is tacha dar dtreoir,
a chisde na gcianbhann lúidh
nach brisde fúibh fiarbharr feoir.
Táirtheabhar — gá truaighe
treas —
táithcheangal go nuaidhe a-nos;
cúis tuirse mar táithe i nglas
fa gnáithe i n-as cuisne an chos.
Mac Máire ar n-annsacht — liach linn —
Tadhgmhac Briain, ar mbráighe ghill,
ar gclár tilte, ar dtuir gan bhuing,
ar nguin buinn, ar dticne tinn.
Ar ndá Aoidh-ne an Eanaigh bhí
a n-imtheacht do mhearaigh mé;
deacar meas m'inshníomha ar aoi
rom chnaoi i gceas dimbhríogha a Dhé. Dealg. | https://celt.ucc.ie//published/G402102.html |
G402103 | Dlighidh ollamh urraim ríogh | Seaán buidhe mac bruaideadha | — | c.1340–1360 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,908 | Seaán Buidhe Mac Bruaideadha cct.
Dlighidh ollamh urraim ríogh;
dlighidh rí cách do choimhdhíon;
gidh sluagh do chromadh fa a chuing
dual dá ollamh a urruim.
Rí go hurramach umhal
re hucht fheirge a ollamhan
— gealaidh snuadh dubhlachta dháibh —
is tuar umhlachta d'fhagháil.
Cúis eatha d'fhás tre thalmhain
urraim airdríogh d'ollamhnaibh;
an tsíon ón fhoighide as fhearr,
gloinide síodh Is soineann.
Tig don bhreith bláth tre dhairghibh,
is móiriasg i mionaibhnibh,
na croinn dí ag donnadh a bhfolt,
rí dá ollamh ag umhlacht.
Biaidh ó so a-mach sa Mhumhain
ót umhlacht dot ollamhain
suan, a Mhathghamhain, 'gun mhuir,
tuar daghtharaidh, tuar turuidh.
Mh'urraim uait fat fhíon chomhóil
's ar fhuilngis uaim d'easonóir,
a Í Bhriain, a bhronnadh greagh,
d'ollamh im dhiaidh budh dídean.
Do las mh'uaill ót fhíon nuadhonn
's ót uaisle d'fhior aonghualann,
a bhas sheang ghéigmhíolla gheal;
fa teann éigcríonna mh'aigneadh.
Bríogh uaibhreach an fhíona fhinn
tug mar do arduigh mh'inntinn;
neart an dá fhíon it ollamh
gníomh nar chleacht ar chéadlongadh.
Niam ciontach red chéibh ndrolaigh
fa a ndubhairt mé, a Mháthghamhain,
dámadh gníomh mh'fhearg-sa — is ní
headh —
acht t'fhíon dearg-sa Is do dháileamh.
Gach easurraim dar fhéad sinn
duit, a Í Bhriain ó Bhoirinn,
tug mé acht gan mé dod bhualadh;
fa drud é re hanuabhar.
Níor choigleas, a chiabh na ndrong,
tu-sa — níor theangmháil chomhthrom;
tú rom choigil-se, a ghruadh glan,
a sduadh bhoiginnse Breatan.
Buinne luath lasrach mire
ná néal gréine goirtighe;
loisgnighe m'fhearg — do bh'fhearg mhear —
gur shearg t'fhoisdine mh'aigneadh.
Mei-se go crithreach corrach,
tu-sa áiseach urramach,
ar dteagmháil, a shlat Shligigh,
lat gá headráin d'fhoighidin.
Mar so Is dual, a dhreach chochlach;
file faobhrach freagorthach
agus rí maithmheach málla
do-ní taithleach teagmhála.
Dá mbeitheá mar do bhí sinn
is lasair fheirge it inntinn
ó ar dteagmháil agus tu-sa
ar n-eadráin níor bh'urusa.
Ná bíodh aithmhéala, a fholt tais,
ort-sa fan urraim thugais;
rug th'uirrim ós aird t'áirimh,
a bhuinnsheing aird fhorbhfáilidh.
Iongnadh dhuit-se dá ndeachadh
d'éis do chlú do chéidleathadh
ar aithreachas dod ghnúis ghil
an chúis aithleathas th'áirimh.
Ó adhnadh t'fheirge im aghaidh
do b'fhearr mhei-se, a Mhathghamhain,
le a bhfríoth d'urraim ód ghruadh gheal
dámadh fuar umainn th'aigneadh.
A Í Bhriain bhalbhas tonna,
budh feirrde th'ádh urruma
th'abhra glan dromannach dubh
damh go hurramach umhal.
Urraim cháich, ceilt dá ndeacraibh
agad, a mheic Muircheartaigh,
an bhreath chumainn as cubhaidh,
is t'urraim dot ollumhain.
Urraim ót fhilidh d'fhagháil
do budh ei-séin t'easonáir;
t'anóir, a bhile Bhanbha,
t'fhile d'fhagháil th'urrama.
A-déar riot, a rí Bhanba;
"do-fheadar iocht Mathghamhna;
ní fhúigfeadh mé a ghualainn ngil,
dá mbualainn é mun aim-sin."
Usaide dá fholt drongach
bheith dá ollamh urramach
d'uirrim ní iarrthair acht sin
ar choinnill iarthair Uisnigh.
Sgéal beag agam dá fholt fhionn
ar uabhar ollamh n-Éireann
dias dar ghiall gaisgeadh 's gal
ar Bhrian Mhaisdean 's ar Mhurchadh.
Lá do riacht Murchadh meadhrach
go Ceann Coradh gceithearnach,
an bile úr geaslach geal
ag súr easlach Is innbhear.
Bean oirfidigh Mheic Liag loinn
tarla dhó ar ndul san urlainn;
laogh ar shlabhradh ghlas 'n-a ghlaic
ar hadhnadh as do b' orrdhraic.
Tug grádh ar láthair don laogh,
guidhis an inghean fholtchaomh
Murchadh fa mhac na heilte
slat na n-urchar n-innilte.
"Fa chomhair Bhriain muna bheath
fada go bhfuighthea eiteach
uaim, a chraobh bhíthe bhanda,
fan laogh síthe saorchlannda."
"Gér bh'fhearr uait linn" ar an bhean
"soidhfidh dhamh-sa fa dheireadh,
a chaomhchraobh do chlannaibh Luirc,
an baothlaogh allaidh orrdhuirc.
"An séad ríogh do
ró go
Brian"
do ráidh an inghean fhoiltfhiar
"ciodh nach biadh gidh bronnadh teann
ó Bhrian ag ollamh Éireann?
"Don oirfideach ón ollamh
dáilfidhear an deaghbhronnadh;
an laogh bu liom-sa fa dheoidh,
a chraobh fhionn-sa dot aimhdheoin."
Re briathraibh millse na mná
mac ríogh Éireann do iompá;
tug an laogh don inghin óig
— taom as ar imdhigh urchóid.
Gabhais éad dá fhaicsin sin
oirfideach Meic Liag Luimnigh
dar gheall Inis fhádbháin Fháil
d'fhágbháil gér bh'iris
éagcáir.
"Ní bhiú-sa i nÉirinn idir"
ar Mac Liag "d'éis mh'oirfidigh."
"ní bhiú" ar Brian na ngéirreann
nglan
"i bhfiadh Éireann gan mh'ollamh."
"Tríom-sa ní thiocfa" ar Murchadh
"Mac Liag dá lean sobharthan"
ar an tslat fhial ágnáir fhionn
"ná Brian d'fhágbháil na
hÉireann."
"Ós mei-se as éasgaidh n-asdair
leig liom mo lucht tuarasdail"
ar a mhac re Brian mBanbha
slat fa rian gach ríoghdhamhna.
"Dá léiginn-se leat tar muir
lucht do mhórbhronnta, a Mhurchaidh,"
do ráidh Brian nar óbair fheall
"ba dá dtrian d'ógaibh Éireann."
Ag mnaoi an oirfidigh ann soin
tarla tuarasdal Mhurchaidh;
do ráidh sí nach biadh a-bhus
is triall don tí dá dtárras.
Inntinn re haitheasg na mná
don oirfideach do iompá
dar fosdadh Brian na mbrat nglan
gan triall Is a mhac Murchadh.
Le hardollamh Innse Fáil
geallais Brian Éire d'fhágbháil;
na táinte bó an bronnadh each
mó dá ollamh an t-eineach.
Muirn Meic Liag 'n-a lasair thruim
'n-a tuinn ionnarbthaigh ionuinn,
rinn ar macnais-ne go mear
ón linn atmhair-se im aigneadh.
Clann Táil do thileadh Banbha
saoilim le séan Mhathghamhna
Banbha fa bhreith a chinidh
ar gcleith fhaghla Is aindlighidh. Dlighidh. | https://celt.ucc.ie//published/G402103.html |
G402104 | Do bháidh teine Tír Chonuill | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,717 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Do bháidh teine Tír Chonuill;
táinig díoth don déathoruinn;
gríos beo do bháidh ar dtreise
do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.
Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
lasair innighthe anbháil?
do loisg thall seanróimh ar sean;
ar neamhghlóir ann do hoirneadh.
Árus diadha Dhúin na nGall
lá a dheargtha — doirbh an fulang —
táinig thoruinn tuile bróin
do robhuing uile ar n-onóir.
Doire Choluim Chille cian ó shoin
do loisg teine é amhlaidh;
do bháidh grísneimh dá uair inn;
suail nar ísligh ar n-uirrim.
Rí Éireann — anba an t-eineach —
do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.
Re mac Ainmhireach ann soin
rug buidheachas a bhronnaidh
Colum cráibhtheach craobh shéanta
naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.
An lá-sain féin — fíor an
dáil —
do éirigh — anba an diombáigh —
lasair bhras teinntrighe te
dar las deirgtheine Doire.
Tre losgadh longphuirt Choluim
do ghabh brón síol saorChonuill;
brón a ionnshamhla re headh
ar shlógh lionnadhbha Lighean.
Doire d'éirghe an dara huair
táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
d'árus séimh na sreabh leisggeal
badh-éin Is eadh innisdear.
Córaide a uaim amhlaidh sin;
an rath céadna ar chath leithbhir
fo ríor ní raibhe dá n-éis
a mbíodh i mbaile Bhroinséis.
Róimh chrábhaidh catha Éirne
cóir do Dhia í d'aithéirghe;
nír bh'é tol a mbráthar mbocht
báthadh do dhol san diadhacht.
Dá ndíoghbháil táinig
thoruinn
uile i n-ar síol saorChonuill
tonn bháidhte — is béad lem
chridhe —
tréad na háite hainglidhe.
Móide as díoth a ndul seacha,
fa crábhadh a gcéidbheatha
— dóibh do b'aithbheatha a n-umhla —
aithreacha na healadhna.
Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn
nó go gcruinnighid chuguinn
tre annsa i gceann a chéile
dream ler bh'annsa an aithmhéile.
Gér bhocht nír bhocht a gcridhe
ord na háite hainglidhe;
ní bhíodh a lógh orra ar-ís
gidh mór dtonna do thráighdís.
Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh
do cheannchaidis fíon fuairmhear
's ní do ghrádh comhóil cheana
acht d'onóir an fhoirghneamha.
Teach aoigheadh coitcheann do chách,
moladh Íosa i ngach éantráth,
fa gnáth aca ucht re hucht,
slata dar bhláth an bhochtacht.
Tréad báidh dar bheatha an bhochta
fuair do dhruim a dhaonnachta
glóir shaoghalta mar nar shir
i róimh chaomhanta an chreidimh.
San eaglais bhoicht nar bhocht céim
go bhfaiceam ar-ís iaid-séin
ar éinshlighidh sonn fa seach
an drong chéimrighin chráibhtheach.
Smuain mar tá Éire dá n-éis
cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,
ar Impire na n-aingeal
impidhe nach éadaingean.
An coimhthionól nar chleacht sgís
togbháil an bhaile i mbídís
sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl
danab goire a fhearg d'iompúdh.
A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,
guidh fa leith thuas an Tríonóid;
sul thuga sí éara ort
fa thrí déana do dhúthrocht.
Fa fhurtocht ar th'árus féin
nocht ar a aghaidh iaid-séin
a chóig chomhartha ar do churp
róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.
Ar deis Dé go ndeachaidh sibh
dot ísliughadh dar-íribh
do shíor do chráidhis do chorp;
ní gníomh áinis an umhlocht.
Do thréig tu-sa do thír ghnáth
agus innile Is órshnáth
is leabtha suain ar bheith bocht
go breith buaidh ar an mbochtacht.
Do thréigis fós — foirbhthe an
ghlóir —
beirt órdha ar éadach ndeargóir,
is fíon ar an uisge fhuar;
a bhríogh dhuid-se ní diombuan.
Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe
th'oba ar aoi na connailbhe;
do-rala Rí an bheatha bocht
's do bh'í do bheatha an bhochtacht.
Ná léig feasd ní as sia ná
so
ó tá th'impidhe ar Íosa
san Bhanbha fa ealta éan
leabtha falmha na bhfíréan.
Córaide a chur 'n-a chruth féin
dá snadhmthar ar-ís ei-séin
teach suidhe na mbráthar mbocht;
báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.
Go gcluine sinne sonna
san mhainisdir mhíorbhalda
faoidh bróin mar do bhí reimhe;
fa róimh hí don aithrighe;
Ag moladh Dé leath ar leath
go gcluineam ceol a haithreach,
is ceol abaigh a héan mbinn;
ní cagail déar do dhlighfinn.
Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís
fa bhláth mbuan mar do bhídís
's a habhla feactha fanna;
balbha a n-ealta eatorra.
Do b'iongnadh Ultaigh dá héis
treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;
gnáth éagnach ar ar gan fhál;
do ghabh ar gcéadrath claochládh.
Samhail dúinn iar n-a dol síos
ceardcha gabhann gan ghuailghríos;
beich gan mhil, teach gan tughaidh,
nó each gan idh n-urchumhail.
Guidh ar a son san tigh thuas,
a Phroinséis fa cruaidh coguas,
na guaisbheithre ó Ghurt Eine
lucht uaislighthe th'aitreibhe.
Conallaigh dá ngarmthaoi Glais
fiallach uaislighthe th'árais,
guidh go síordhuidhe ar a son,
cuir th'fhíorghuidhe let fhocal.
Guidh le laochraidh Fhóid Eine,
guidh leam i n-am d'áiridhe,
a chraobh dhíona an duille ghloin,
a Mhuire mhíolla mhiochuir.
A úir as airde ná neamh,
a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,
a ghlór nachar ghnáthuigh coir,
a mháthair, a ógh ionmhuin.
A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,
lá na breithe ar Sléibh Si-óin
ag toigheacht dún i gcionn cáigh
nach liom do rún tre robháidh.
A Easbal dan hainm Peadar,
a dhoirseoir an Dúileamhan,
uch gan sinn-ne id ghar do
ghnáth;
rinn-ne go rabh do robhádh. Do bháidh. | https://celt.ucc.ie//published/G402104.html |
G402105 | Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian | Maol sheachluinn na nuirsgéal ó huiginn | — | c.1400–1425 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,845 | Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn
Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian;
ní gabhtha dhó mar dhímhiadh
gidh bearna do brisde leam
ar chisde fheadhma Éireann.
Gé bhrisim air im aonar
beirn le beagán iolfhaobhar
brisidh caithbhearna ar chéad fear
géag as aithreamhla aigneadh.
Ní hionann agus é féin
meinic bhriseas beirn n-aigmhéil,
ar tuir mBearbha níor bhlaghas
bearna as a bhfuil foltanas.
Urchar beirne do bhriseadh
dom iomarcaidh aigei-sean
is béimeanna ar a mbí neimh
is trí géirreanna gaisgidh.
Dá mhanaois bhrisde bearna
aige agus lann loinneardha;
an tsoighead gémadh í ann
nocha bí a hoiread agam.
An t-arm ler bhriseas bearnaidh
ar chuingidh clann dToirdhealbhaigh
ní fhuil ag an dearccorr dhonn
leathtrom nach cuir i gcomhthrom.
Do-ríneas beirn do bhlaghadh
air a hucht na healadhan
cóir labhra dá char i gcéill
mar tharla dhamh Is doi-séin.
Seacht leithbhliadhna do léigeadh
gan chánaigh gan choimhéigean
Magh Inghine an Sgáil far sgoil
ó fhinnbhile Chláir Chobhthoigh.
D'ionadh a n-áirgheadh nó a n-each
ní coigillte ar chionn Chairbreach
fear uaim i n-oirchill a gcruidh
ná cluain oirchinn dá n-eachaibh.
Mac Raghnailte an rúin chéillidh
gabhais fearg an bhflaithfhéinnidh
mar nar seachnadh uaim don fhior cluain a eachradh nó a áirgheadh.
Ní nar bh'iongnadh dhó dá dhruim
mh' fhearg mhór-sa re mac Domhnuill;
lasaim go fear ar bhfeithmhe gur bhean asainn imirche.
Brisdear agam 'n-a aghaidh
bearna ar Bhrian Ó Conchobhair;
a bhaile ránag a-rís
tánag a bhaile i mbímis.
Níor briseadh — beag dá uaisle —
bearn air acht an aonuair-se
ó aois leinbh gus an lá a-niogh
gé tá re beirn do bhriseadh.
Mar sin nach aithrisdir uaidh go ndearna an Cú ón Chraobhruaidh
bas ghéigshlim far ghrádhach mná
lámhach éigrinn acht aonlá.
Lá dá raibhe i nDún Dealga
Cú Chuluinn cruth naoidheanda
óidh na gcuradh ar an gCoin
slóigh Uladh i n-a fhochair.
D'éis an óil ar n-éirghe a-mach
dá bhfacaidh an fhian Ultach
crann go nduille fheactha fhaon
ealta ag luighe dá leathtaobh.
Líonaid dá n-annsacht uile
mná Cúigidh chlann Rudhruidhe;
gá cur do budh deacra dháibh
cur ris an ealta d'fhagháil?
Do dhóigh a lámhach an laoich
iarraid ar athair Chonlaoich;
teilgthear uadh na heoin áille;
fa tuar leoin Is lúthgháire.
Marbhthar le Coin an chleasraidh
ar itghibh na n-inghean-sain
na heoin don dírim dheaghbhan;
fírrinn ceoil a gceileabhradh.
Ar roinn na healta don fhior
níor dhearmaid umpa acht Eimhear;
do bhí ar Eimhir reacht fan roinn;
deimhin nar chleacht an chomhroinn.
Gealltar uaidh 'n-a éiric sin
na céideoin eile d'Eimhir
do thornfadh ar thaoibh an chnuic
ó chraoibh na n-orchar n-orrdhruic.
I gcionn trill teagaid go cách
dá éan go n-éagcosg
neamhghnáth
— cia nach tabhradh óidh orra? —
go slabhradh óir eatorra.
Tug bainchéile Chon Culuinn
grádh dearmháireach dofhuluing
don cháraid iongantaigh éan
thánaig d'fhionnochtaibh oiléan.
Agrais Eimhear an fhuilt truim
a chunnradh ar Coin gCuluinn
fan dá éan gér dhainimh dhó
gan sgéal 'n-a haighidh umpa.
Dá uair nó a thrí teilgthear lais
na heoin áille Is níor amais;
do bhí ar confaidh mar do chuir
trí horchair tar na héanaibh.
Feadh bliadhna ní dheachaidh dhe
athtuirse na n-éan síthe;
ní hiad imtheachta na n-éan
as inleanta acht an t-uirsgéal.
Gan éinéan riamh roimhe sain
do dhul do dhaltán Chathbhaidh
gan bheirn ar Bhrian do bhlaghadh
riamh acht d'fheidhm na healadhan.
Ní gabhthar géill na teangadh;
bearn ar Bhrian do bhriseamar;
níor thadhaill bheirn nachar bhris
dá lamhainn a fheidhm d'aithris.
Líon timchill gacha tíre
i n-oirchill na hairdrighe
rí Sligigh Is sé sheolas;
ní mé idir fhoillseoghas.
Do-fheadar budh éigean damh
cúl re cineadh a mháthar
ar Bhrian muna bhear dá cheilt
ar bhean a Trian an Tuaisgcirt.
Fogus d'fhéin Mhurbhuigh mi-se,
ní fhéadaim a innise
mar do bhlagh a gclacha chuir
's a chatha fa mhagh Murbhaigh.
Ar Mhagh Luirg na learg solas
dá n-áirmhinn a urradhas
a ndearna Brian d'fhoghail ann
do bhiadh 'n-a fholaidh oram.
Na táinte bó do bhean díbh
dá n-áirmhinn ar an airdrígh
Fir Mhonach ní budh réidh rinn;
i bhfolach go léir léigim.
Síol Muireadhaigh Is Manaigh
do chuirfeadh im cheartaghaidh
bheith ag tuirimh na dtreas thug
bheas gidh duiligh a ndearmud.
Goill Connacht do chur dom dhruim
nó a n-iarmhoireacht ní fhéadaim
a bhreatha troma ar a dtigh
ná a chreacha orra d'áirimh.
Ní fhuil éintír aca so
nach bí cuid éigin aca
ag gabháil le a chneas mar chailc
d'fhagháil treas nó dá dtabhairt.
Ní bhí anbhuain i nUltaibh
ná coimhéirghe i gConnachtaibh
nach é triath an Tobair Ghil
as cliath chogaidh dá chairdibh.
Cara ná deargnámha dhíbh
ní fhuil d'urradh ná d'airdrígh
d'fhine Chuinn dá gcuir leis-sean
gan tuinn dá fhuil uimei-sean.
Le foluibh uaisle iomdha
is le tréidhibh tighearna
do chosain Brian clanna Cuinn
ó Bhanna siar go Sionuinn.
Ní mionuighthear a Mumhain
bearna ar Bhrian Ó Choncubhair;
ní thig fian Eamhna dá fhios,
bearna ar Bhrian gé do bhriseas. Do bhri.
Bás inghine Í Bhriain do bhlagh
mo chroidhe — créad nac
blagh-fadh?
do ghnáth ní lugha do lá
mo chumha an tráth fa dteasdá.
Móide do bhriseas bearnaidh
m'onóir a hucht Toirdhealbhaigh
gan chur ris i dtráth tugha
ar chách do bhris bearnadha.
Na trátha le mbrisinn beirn
a chroch Dé, ar dheamhnaibh Ifeirn
uaim ar dhearmad ag dola
ní neamhlag uaidh m'arodha. Do bhri. | https://celt.ucc.ie//published/G402105.html |
G402107 | Dorn idir dhán is dásacht | Seaán ó clumháin | Margaret Lantry | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,926 | Seaán Ó Clumháin cct.
Dorn idir dhán Is dásacht;
gairid bhíos ar buanfhásolc
fulang na ndámh — dia do rath;
cia leis an ndán nach díomsach.
Mo dhán agus mo dhorn deas
dias impidheach ar mh'aimhleas;
is ollamh mho dhorn deas-sa
ag sonnadh orm mh'aimhleasa.
An díomas fo-deara dhamh
do bhualadh-sa, a bhadhbh Chruachan;
a-deir a lán as a los
"do-bheir an dán an díomas."
Mór an dásacht do dhuine
dorn thort, a thuir Maonmhuighe;
a fhlaith cró, 's gan a char tart
do budh mó dhamh a dhásacht.
"Níor chubhuidh riom, a rosg mall"
a-déar ruibh, a rí Cualann,
"bualadh neith dod ghualainn ghil
gion go mbualainn cleith gCaisil."
Tugas, a Aodh an fhuilt tais,
dorn duit agus níor dhíoghlais;
dá mbeanta orm, a chleath Chuilt,
do theach ní dorn gan díoghuilt.
Dámadh i Leith Mogha a-muigh
do-bhéaruinn é nó i nUltaibh
arm do deargfaidhe san dorn,
a bhadhbh sheabhcaidhe shúlghorm.
Mun ndorn do thógbhas id thaigh
ná hionnarb mhé, a mheic Eoghain;
bean an dorn díom mar dhlighe
is ná bíodh orm th'oirbhire.
Leat a buain díom Is an dorn
an lámh dheas, a dhearc mhallghorm,
a luach do dhán díom dhlighe
nó an lámh, a ghríobh
Gháiridhe.
Ní ba, ní heich, ní hór
ceard
do-bhéar dhuit, a dhreach mhíndearg;
nocha lámh cheana ná cos
do-gheabha acht dán 'n-a ndearnas.
Cuirfidh gach ar léigis linn
barr anuabhair im intinn;
smacht ar mh'uabhar do b'fhearr dhamh
do bhualadh gidh leam leagar.
Ní dhearna ollamh Uladh
a chomhmór ar Chonchubhar;
ní bualadh ríogh do-rhoighne
's do líon uabhar Athairne.
Ní bhuailfeadh Torna an taoibh ghil
Niall Teamhra ná Corc Caisil
Niall Is Corc dó 'n-a ndaltaibh;
mó do-niam ort d'iomarcaidh.
Brian mac Ceinnéidigh Codhail
dá mbeinn aige im ollamhain
tearc do chreidfeadh, a chinn Mis,
go leigfeadh linn ar léigis.
Léig a bhéalchorcra bharrghlain
anuabhar let ollamhnaibh;
maithfidh rí, a dhonnabhraigh dheis,
ní d'ollamhnaibh ar th'aithreis.
A Í Chonchobhair nar chleacht
gan dán fhear nÉireann d'éisdeacht
budh é luagh ar léigis linn
duan gach éigis i nÉirinn.
Ná bíom ní as fhaide, a fholt
fionn,
gan luighe ar aon ar éinphioll;
's ná bíom, a bhile Suca,
gan fhíon d'ibhe a haonchupa.
Fa liom do leathghuala dheas
go ndearnas uirre mh'aimhleas;
ná bean díom gion do
ghualann ná miodh ná fhíon t'órbhuabhall.
Mé t'fhear grádha, a ghéag
Eachtgha,
fa mé riamh t'fhear éinleabtha,
mé fear do ghualann gile,
a nuabharr geal Gáiridhe.
Tú do-bheir ní dá gach neach
tú an treas uaithne don oineach;
ní fhuil, a bhonn mar aol,
ann
acht Aodh Is Donn Is Domhnall.
Duine id cheann ní cuirthe dhamh,
a Í Chonchubhair Chruachan;
ní fhuil t'aonmhac samhla sonn
sa Bhanbha, a chraobhshlat Chualonn.
Do lingis an lucht ro theilg
riot um chró Cathail Chroibhdheirg;
cró Cathail do dhísligh dhuibh
t'athair mun dtír-sin torchuir.
I mbroinn do fhágaibh t'athair
tú, a Aodh Í Chuinn Chéadchathaigh,
gach aon dá rádh; a rí Cuilt,
d'Aodh do bhí i ndán a dhíoghuilt.
Ní mairg athair fhágbhas mac
i mbroinn, a bharr na bhfionnshlat;
sgéal leam dá dheimhneaghadh dhuibh
nach fearr seinleabhar seanchuidh.
Rí do ghabh Banbha mbladhaigh
dar bh'ainm Fiacha Fionnolaidh
dó fa báingheala na ba
áirgheadha bó na Banbha.
Aitheach-Thuatha fuair a bhfioll
ro mharbhsad Fiacha foiltfhionn
gur hionnarbadh ann uile
clann fhionnardghlan Úghoine.
Foirbre mac Fine 'mun bhfeall,
Sanbh mac Ceit, Eochaidh Aincheann,
agus Éilim nar an dhe
nó gur ghabh Éirinn uile.
Gan ioth sa Bhanbha, gan bhliocht
ó Éilim tres an ainiocht,
gan toradh tar éis an fhill,
gan déis nar fholamh d'Éilim.
Gan mhac aige 'n-a aghaidh
iar mbás Fhiachaidh Fhionnfhalaidh
do bhí acht an mac do bhaoi i mbroinn
an tslat gan chnaoi gan chrobhoing.
Fágbhais Éirinn — fá é a
leas —
bean ríogh Teamhra le a toirrcheas
go riacht i nAlbain Eithne
gan argain fa a himeirche.
Rug inghean airdríogh Alban
mac ris nar chóir comhardadh;
rug an tslat ghoirmdhearcach ghlan
an mac toirbheartach Tuathal.
Fiche bliadhan dó a-dearair
i nAlbain dá oileamhain;
tug ruathar neartmhar a-noir
Tuathal Teachtmhar go Teamhroigh.
Leis do cuireadh an céad cath
leis do marbhadh mac Connrach; Éilim do thuit le Tuathal
dar loit Éirinn d'éanruathar.
Dar mharbh rígh Mumhan a-muigh,
dar mharbh rígh Almhan Eochaidh,
dar mharbh Tuathal ó dtaoi-se
Sanbh Cruachan id chomhaois-se.
Do dhíthcheann sé ar son an fhill
rígh gach aonchóigidh d'Éirinn;
íoc as fhearr fhuair sa mheabhail
buain a gceann dá gcóigeadhaibh.
Do theasg Tuathal an taoibh ghil
méidhe chinn gacha cúigidh
dar lean Midhe don mhuigh-sin
ó bhile gheal ghormUisnigh.
Níor baisdeadh riamh roimhe sin
Midhe do mhuigh ard Uisnigh;
do lean Midhe do Mhuigh Sainbh
ó thuir Line gér leasainm.
Cosmhail tú ag teacht dar gcobhair
is mac Fiachaidh Fionnolaidh;
do bhí baois, a bharr foltchas,
it aois ann Is arrachtas.
Aithbhir mar aithbhreas Tuathal
t'athair, a Aodh fionnChruachan;
a bhile Seaghsa Is mar sain
dar leam-sa dhlighe a dhíoghail.
Do loit Éirinn 'n-a athair
seanathair Chuinn Chéadchathaigh
cosmhail, a rí Sléachta, sain
's mar do-ní éachta it athair.
Cosmhail cuma, cosmhail lagh
dhuit Is do Thuathal Teachtmhar;
geal do thaobh, a Aodh Uisnigh,
's do b'eadh taobh an Tuathail-sin.
Punann cúil bhuidhe bhachluigh
ort, a mhéirghil mhalachdhuibh;
cruithneacht na mbarr an bairr-sin,
cam buincheart an bhunainn-sin.
A rí Teamhrach, a-tá fód
troigh dheas dá gcumthar caolbhróg,
's a-tá glantroigh óg oile
fód, a mharcaigh Mhaonmhoighe.
Dearc uaine ós t'aghaidh mar fhuil
mailghe donna ós na dearcaibh,
barr maothcham ós do mhalaigh,
a shaorchrann chlann gConchabhair.
A Aodh Í Chonchubhair Chliach,
deargfa im cheann nÉireann th'óirsgiath,
deargfa i n-ágh, a abhra gorm,
gallgha dan lán do leathdorn. Dorn.
Tuilleadh dod chéibh chuirr chladhaigh
uaim, a Aodh Í Chonchabhair,
leat rann gach duaine san dorn,
a bharr Muaidhe agus Modharn.
Minic mhaithidh mo dhorn damh,
a Thaidhg Í Cheallaigh Choradh;
go dtabhair t'fhile dheit dorn
do ghleic ní mire an Mhodhorn. D. | https://celt.ucc.ie//published/G402107.html |
G402108 | Do tógbhadh meirge Murchaidh | Gofraidh fionn ó dálaigh | Margaret Lantry | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,070 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Do tógbhadh meirge Murchaidh;
is tráth aighthe ar Allmhurchaibh;
díorma i ndeaghaidh na meirge
d'fhearaibh díoghla díbheirge.
Do tógbhadh leo ar leirg fhódbháin;
budh séan creach dá
céadtógbháil
ós laoch braoinleirge an bhragha
saoirmheirge mhaoth Mhurchadha.
Budh séan greama do ghabháil
do Mhurchadh Ú Mhadadháin
meirge thláith as neamhthláith neart
ón ráith eachbhláith ag imtheacht.
Suairg an ríoghcoinneall roimhe
d'ionnsoighidh na hiorghoile,
sróll fann re caoilfhiodhbhaidh gcruinn
crann mór d'aoinfhiodhraidh áluinn.
Is áluinn an earr mheirge
do-chiu i gceann na mínleirge;
éanamhail a heiteall sin
breicearr shéanamhail shuaithnidh.
Cia an monghar mór-sa san mhagh?
cia an sluagh-sa ag mílidh Mumhan?
nó an doire corr slatach sleagh?
nó an bhratach dhonn ar deireadh?
Bratach mheic éachtaigh Eoghain
minic bhíos 'n-a baindeoraidh;
iadhaid Anmchadhaigh impe
na harmchuraidh innilte.
Ar dtiomsughadh a thionóil
im sheabhac shíl Éireamhóin
earr thana mhíonshróill san mhagh
budh mana díoghbhóidh Danar.
Leanaid cách é i n-ionad the,
leanfaidh Murchadh an meirge
nuaibhile Eilge 'má fhóir,
guaillidhe meirge maothshroill.
An gcéin mhaireas an mheirge
ós laoch fholtchas fhinnleirge
méaraidh gaisgeadh na nGaoidheal;
ní claisdear a gcommaoidheamh.
Tug Brian i gcath Chluana Tarbh
teisd mar sin ag sníomh oram
ar fhear chomhanma chinn Doir
rodhamhna gill dá ghníomhraidh.
Dál gCais fa Mhurchadh mhac Bhriain
rángadar gus an roighliaidh;
Éire ar láimh Bhriain ó do
bhí
san ghliaidh níor bh'áil an t-airdrí.
Tig láimh le laochraidh Sionna
rí Éireann Is aoinghiolla
ar mhaoilinn ghléanuaidhe ghloin
aoibhinn fhéaruaine fhásaigh.
Cóirighthear peall Is puball
ann sain don fhial abhradhdonn;
teagar mionn saltrach saoire
go marcach bhfionn bhFormhaoile.
An lá nar léigeadh san gcath
le Dáil gCais na gcolg bhfaobhrach
an rí do radháil a arm
do bhí ag gabháil a ghnáthshalm.
Ar ndul i gceann a chéile
don dá fhoirinn aigmhéile
léigid Gaoidhil gáir rothrom
ag maoidhimh áir FhionnLochlann.
"Créad an gháir-se 'n-ar ngoire,
a ghiolla" ar Brian Bóroimhe;
"Gáir Gaoidheal" ar an giolla
"ag maoidheamh a móirghriolla."
"Innis, a fhir an fheithmhe,
ó taoi i n-áit a n-infheithmhe
mar cuirthear an cath cródha"
ar sgath cruithgheal Crannmhóna.
"Ní hurusa, a Bhriain Bhanbha,
le dlús na gcath gcathardha
aithne ar fhear seach ar-aile
feadh graifne na gasraidhe."
"Fionnam uaibh" ar airdrí an tslóigh
"créad rian a mheirge maothshróill
ler chosain Murchadh mór dteann
ag clódh urchradh na hÉireann."
"Do-chiu i lár lochta an éididh
do mhac-sa, a mheic Chinnéidigh;
do-chiú a chomhardha catha
ós rodhamhna an ríoghfhlatha.
"Do thanuigheadh tiogh an tsluaigh
fa mhac ríogh Éireann armruaidh;
san treaschath gé theilge a fhuil
is seasmhach meirge Murchaidh."
"A dhuine dhéachas an cath,
ná creid an gcéin bhus seasmhach
meirge na flatha ó Bhóinn Bhreagh
go racha do ghlóir Gaoidheal.
"Féach a-rís raon an chatha,
innis dúinn a dheacracha"
ar craobh Eilge nar éar sgoil
"féagh ar chlaoin meirge Mhurchaidh."
"Is é iomthús an chatha"
ar óglách an ardfhlatha
"ar sníomh a airm d'fheirg Murchaidh
maidhm san leirg ar Lochlannchaibh.
"Ar dtuitim saorchlann síl Bloid
timcheall Murchaidh san mhórthroid
feidhm na leirge a aonar air
do claonadh meirge Mhurchaidh."
"Do chlaon oireachas Éireann
de sin" ar Brian baismhéirsheang
"d'éis claonta meirge Murchaidh
aonta fheirge ag Allmhurchaibh."
"Saoth leam" ar Brian an bhairr ghloin
"mar bhias Éire d'éis Murchaidh;
bás Murchadha ceann i gceann
leam Is urchradha Éireann."
Táinig do thuitim Murchaidh
bás an ghaisgidh ghníomharthaigh;
flaithfhéinidh Ghlaoi mar do ghin do aithéirigh gnaoi an ghaisgidh.
Mac Eoghain Cliach cleith urchradh
cosmhail Is an céadMhurchadh;
gnáth tromthóir dhoirbh 'n-a dheaghaidh
comhchóir moirn dá meirgeadhaibh.
Mac Eoghain Is eidhre Briain, dá shlait fhíneamhna a
héinchriaidh,
géill Gall i gaisdibh na bhfear,
dá bharr gaisgidh na nGaoidheal.
Murchadh mhac Briain an bhairr thais,
Murchadh mac Eoghain armghlais,
dá churaidh comhlann gcalma
conghlann cubhaidh comhanma.
Gan d' urraim ag oidhre Bhriain
ó mhac Eoghain fhuair mhóirghliaidh achd Brian re chéile dá chur
nochar ghiall Éire
d'Eoghan.
An flaitheas fhuair a athair
mar tá fa thuir Chonachaidh do badh é a chéile cleath Dor
achd go mbeath Éire ag Eoghan.
Fine Luirc na lann dtana timcheall mheic Bhriain Bhóramha
samhail síl Anmchadha an áigh
im ghríbh n-armthana n-Iomdháin.
Líonmhar do lucht a thighe an adhaigh as uaignighe comhdhál mar do bheath 'n-a bhrugh a theach lomlán do laochraidh.
Lán ón orsain go ar-oile an teach d'uaithnibh iorghoile;
lán na coirn donnghasda dhóibh
do choirm shomlasda sho-óil.
Lán do lúireachaibh gorma
is do cheinnbheartaibh cathardha
— as tréidhe treasa goile —
sleasa réidhe an ríoghthoighe.
Lán do ghiallaibh na geimhil
i dtigh flatha finnFheimhin,
is aidhleanna na n-arm nglan
airmreanna badhbh do bhiathadh.
Lán do mhnáibh fiala fionna
na fuinneoga fairsionga
ag cur corrthair óir eangbhláith
san longthoigh mhóir mhuirearghnáith.
Ar sleasaibh bláithe an bhragha
suidhfidhear síol n-Anmchadha;
bídh 'n-a ríoghshuidhe reampa
síodhuidhe a sídh saoirNeannta.
Líne do leith a aighthe
do chathaoiribh cumhdaighthe
— rachaoin a gcridhe re gceird —
file i ngach chathaoir chróidheirg.
Gach fear ag freagra a fheadhma
san bhruidhin aird oireaghdha;
druim re fraighidh slatshaoir sonn
macaoimh fa bhrainibh buabhall.
Gan fhear dearmaid ná diomdha
díobh Is siad sluagh ro-iomdha
gan luadh cionadh re headh n-óil
gan fhear i n-ionadh éagcóir.
Tar éis a suidhighthe so
do-ní aoibhnioghadh orra
cliar téad do fhocuil oineach
i nglotuin géag ngallshaileach.
Gabhthar ainn-séin ga n-aos cheoil
dán re cuisleannaibh ceineoil
faoidhe téad dá chéibh chlannaigh
ag béin shéad do shaorchlannaibh.
Ní thuigim má tá easbhaidh
ar an ndúnadh ndaoineach-sain
achd an dúnadh gan doirseoir
do dhúnadh a dhoroisbheoil.
Mac mheic Mhurchaidh móradh ceall
diomdha ar Dhia nocha dligheann;
lór do sduaidh Eamhna a fhagháil
ar shmuain meanma Í Mhadadháin.
Agartha aicme Míleadh
le chéile 'gá gcoimhshíneadh;
tiad do bhruidhin mhóir Murchaidh
slóigh fhuinidh dá n-agarthair.
Ní chuala ar lámhach Logha
leithéid lámhaigh Murchadha;
Murchadh Is ar mhaith le a dhroing
má do chaith urchar n-iomruill.
Dá chúis far dholta fa dhíon:
is tuar orchradh a eissíodh,
is díon ar urchraibh d'fhagháil
síodh Murchaidh Í Mhadadháin.
Ó Madadháin as mhín cruth
madh cor ris im ráith Teamhrach
tríd slógh Teamhrach badh tana
ó theaghlach mhór Murchadha. Do tógbhadh. | https://celt.ucc.ie//published/G402108.html |
G402109 | Do thuit meirge catha Cuinn | Unknown | Margaret Lantry | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,777 | Do thuit meirge catha Cuinn
a-rís — ní rádh gan
fhochuinn —
gé fuair soin a rádh roimhe
san ágh ar Mhoigh Mucroimhe.
Cóir a-rís a fhriotal sin
a ndubhairt draoi Airt Éinfhir
comhrádh truagh a haithle Airt
ar Chairthe an Druadh a-dubhairt.
A-dubhairt mar a-deir sinn
"meirge ó gCuinn do-chiú ar dtuitim"
an dá sgéal do sgailt croidhe
léan Airt Is ar n-orchrai-ne.
Art gémadh adhbhar toirse
fa ríor ní hé m'fhochoinn-se;
ní chuir sinn i gcás chumhaidh
go bás chinn Ó gConchubhair.
Tug ar n-anbhuain 's ar n-olc féin
a ndubhairt — dia do mhíchéill —
go bhfoil im chridhe a chumha
an file ar Mhóigh Mucrumha.
Dá thurnamh tháinig an n-olc
meirge marcraidhe Connocht;
ó a thuitim ní bhíd ar bun;
dá dtuitinn Is tríd thiocfadh.
Re hucht a thrialla i dTeamhraigh móide um mharbhadh Thoirdhealbhaigh
far gcaraid-ne mo chumha
anaibghe na heasbudha.
Do b'aidhbhseach adhbhar ar neirt
go bhfuair an t-easgar oirrdheirc
clann Luirc 's a dteachta dá thaigh
ar dteachta a chuirp san chomhraidh.
I gcaladh Bearbha do bhiadh
i gcoinne re cath Gailian;
dá maradh ar n-a mhárach
do budh caladh conghárach.
Do toirmisgeadh — truagh an cion —
le síol Néill ar n-a-noirthear
a choinne fa Chaol nUisge;
do-roinne taom tubuisde.
Mac Aodha, nar éar dámha
suil fríoth fios a theasdála,
i ndiaidh a thóroimhe tig
Ó Briain Bóroimhe i mbráighid.
Mac meic Toirdhealbhaigh — truagh linn —
do bhí — níor bheag an inntinn —
gion go raibhe i ndán da-san
ar Thrágh mBaile a bhárda-san.
Dá ghaol féin — ní fiadhach
gar —
nach truagh an treabhadh meanman?
dá lár do lingeadh an Traoi
dá milleadh d'ágh i n-aonlaoi.
Is leo torchair — truagh an béad —
an dream dar chóir a choimhéad;
ní cóir gan chuimhne ar Chadaigh
duilghe dhóibh a ndearnadair.
A fhine ann gan fhuireach
mar budh cineadh comhuidheach
téid ar bhfaicsin na faille
go géig n-aisdrigh nEochaille.
Do ráidhsead ar gcur chuige
tre bheith beagán sochruide
'n-a aonar go raibh a-rís
baoghal air nochan fhuighdís.
Téid neach dá náimhdibh bunaidh
aca i gcoinne Í Chonchubhair;
gonais an tuir ó Chluain Caoin — ní guin do-chuaidh gan chomaoin.
Fa goire bás dá bhiodhbhaidh
gér luaithe lot Toirdhealbhaigh;
do bhí sé 'n-a chosair chró
's ní hé an rí ar tosaigh
theasdó.
Guin ó gach aoinfhear do fhuair
dá dtigeadh — trom an anbhuain;
do rad an rí goin fa ghoin
an fad do bhí 'n-a bheathoidh.
Ar dtuitim dá thaobh mar chailc
gion gur bh'é a dhíol do dhíoghailt
do bhí a bhiodhbha bonn ar bhonn
is rí Cliodhna san chomhlonn.
Níor fhulaing laoch Locha an Sgáil
aithris marbhtha meic Damháin;
ní fhuair an dream é i n-asgaidh
ceann a ré gé rángasdair.
A loit Is lór do phudhair
tír cháigh ar n-Ó
gConchub-hair;
dá chlannmhaicne Is é do fhuair
ré a adhlaicthe go n-anbhuain.
Fear do mharbhtha, a mheic Aodha,
tar éis maoidhte an mhíothaoma
níor fhéad as do dhearnoinn deis
an seanloinn ndéad far dhúinis.
Mac Subhaltaigh Is mar sin
a bhas fa cheann a chloidhimh
gan dol fa a dhéis do dhuine
d'éis na Con 'n-a chróluighe.
Níor beanadh a bais na Con
le marcraidh Meidhbhe Cruachan
sealbh a dhornchla re trí thráth;
do bhí ortha 'n-a ursgáth.
Gur cumadh — is cúis truaighe —
cealg ar Choin na Craobhruaidhe
mar budh beo corp an churadh
gan tocht leo dá lámhughadh.
"Éan" ar cách — ní cleasradh
beag
— is í cealg ar ar chinnsead —
"níor ghabh riamh ós cionn na Con
nach biadh i ngioll dá ghábhodh."
Clann Cailitín — cleas neimhe —
ós cionn chéile Eimhire
dá fhéaghain an beo do bhí
na n-éanaibh leo do leigthí. Ingheana an druadh i ndeilbh éan
do dhul idir é Is ai-éar
Cú Chulainn, gidh bé do bhraith,
do fhulaing é don éanlaith.
As do haithneadh a éag soin
aonmhac inghine Cathbhoidh
mar nar ghoill cleas an chleitín
san treas ar chloinn Chailitín.
Meadhbh mar do maoidheadh an bás
dírim laoch — fa lór
d'uathbhás —
do Leath Mogha do mheall sin
dá gcora ar ceann an chloidhimh.
Do b'é iomthús a ndála tríocha laoch gan leathlámha
do-chuaidh don laochroidh ón loinn
gan bhuain re caoimhChoin gCuloinn.
Fágbhaid mar sin — samhail
cháir —
do loinn mbuadha id bhais ghéagbháin
lucht doirtthe t'fhala i n-iorghail
— mana a dtoitme, a Thoirdhiolbhaigh.
Faobhar do loinne id láimh dheis
dóigh go ndiongnadh a aithris
— meisde a ngeall dá seachna sin —
dá ndeachtha ar cheann an chloidhimh.
D'iomarchaidh an fhir roimhe do lann, a laoich Bóroimhe, gá dtú acht do leigeadh id láimh
gé do creideadh thú ar dteasdáil.
Ag cosnamh an chuilg neimhe
dhuit i ndeireadh aimsire
gan neart iomromha id ghlaic ghil
sbraic na hiomghona it aighidh.
Ar ndul d'éag ní dheachaidh dhe
an ghráin do gabhadh roimhe;
do-chuaidh le laoch Locha an Sguir
a fhraoch catha san chomhroidh.
Ioth an talmhan ar ar thuit
do-chuaidh uain-ne 'n-a éaruic
ó do shúigh fuil na flatha
an úir fhuil mar fhiadhracha.
Don chumhaidh Is cneasda sin
a beith mar bhias a dainimh;
a-tá toil cháigh le a chaoinimh le a bhfoil dháibh do
dhomhaoinibh.
Ar mo thoirse ní théid faill,
mar sin fuaras a fochainn;
meabhaidh ar mo ghuth ón ghol
— uch ní le meadhaibh múchtor!
Meisde bhím tre bhile Ó gCuinn
ar mh'osnaidh an uair ghabhuim
gidh mé as toirsighe dá thocht;
ar dtoirsei-ne Is é mh'annsocht.
Beag do shíol Chuinn dá chumhaidh
oidhre chloinne Conchubhair
nar thruaill fíoch agus falta;
dá dhíoth do-chuaidh Connachda. Do thuit. | https://celt.ucc.ie//published/G402109.html |
G402110 | Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth | Domhnall mac taidhg ó dálaigh | Margaret Lantry | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,256 | Domhnall Mac Taidhg Ó Dálaigh
cct
Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth; mór fhuair d'ulc is
d'fhíorláindíoth
budh toirrseach le triath oile
fa iath gcoimseach gConaire. Mór n-adhbhar ler chuir i gcéill
mac Séamuis nar thuill toibhéim,
pór glainshlisnigh, an mear mín,
ar bhfear daighmhisnigh Dáibhídh.
Do dhoirt Dáibhídh as mhaith modh
a dhóchas i nDia Athar;
do ghlac fírmhisneach nach fann slat do shídhshlisneach Sagsan.
Do thuig i dtós a aoise
triath Barrach — beart roghaoise —
rosg mear as creachthóir ar chrodh
gur neamhchóir seadh sa saoghal.
Níor ghlac sé ó soin i-le
ró sgíse im sgéal dá
dhoilghe
dá mbeath go mothuigh sé sin
acht rothuil Dé do dhéinimh.
An lá do-chluin cúis toirrse
far dhéanta dhó doghoillse ní feas doimheanma ann air
an mall soidhealbha sochruidh.
Ní faicthear a bhrón go bráth,
ní théid caitheamh 'n-a chonách
marcach gruaidhmhear as ghlan cruth
níor ghabh buaidhreadh an Barrach.
Meinic fhuair-sean fheidhm docrach
troid leathtrom gleo guasachtach,
gidh eadh níor theith, níor thuill guth
go breith gach bhoill don Bharrach.
Iomdha troid 'n-ar toillead lais
clú le misneach mheic Séamais
fir cholgshnasda nach uar ail
do shluagh bhorbghasda an
Bharraigh.
Fuair iar n-éag a athar dhil
go lór imshníomha Is aisdir
fonn cathardha na síodh sean
ag díon athardha a aithreadh.
Tugsad aighthe i n-aoinfheacht air
Goill Is Gaoidhil Ghuirt Fhionntain
fear séimh nach sochlaointe brígh
an réidh dochlaoidhte Dái-bhídh.
Do chuirsead Goill — is é a
fhíor —
le neart dá neimhdheoin
Dái-bhíodh
sduaidh chneasaolta go ngné ghloin
i n-easaonta é orthaibh.
Nó gur bh'éigean dó fa dheoidh
dul 'n-a n-aghaidh dá aindeoin
a bheith umhal do b'é a rún
go ré an churadh do chlaochlúdh.
Rug air — is ní hé do thuill —
d'fhoirneart Is d'iomad leathtruim
aigneadh sídhe múinte mear
cúirte a thíre gur thréig-sean.
An ló nar ghabhsadar Goill
úmhlacht mo chéile chumoinn
téid ar dhíon an déadbhláith
dil;
ní gníomh éadtláith do
fhoillsigh.
Ní toirrse, ní trom lighe,
ní meathtacht, ní meirtnighe
do ghlac an ghéag fheardha fhir,
acht méad meanma Is misnigh.
Gairid dó 'n-a dheaghaidh sin
go bhfuair sé ar son a mhisnigh
fógra síothchána sluaigh Gall
gruaidh fhíochdhána nach anbhfann.
Aoincheann Barrach na mbreath séimh
beirthear leis — lán do
dheighchéill —
cuairt aithghearr le bhfuair a thoil
go baincheann sluaigh na Sacsan.
Fríoth leis aiseag a fhola;
fuair Dái-bhídh dreach neamhdhona
gnúis fheardha ar nar braitheadh béim
maitheadh a ndearna doi-séin.
Ní fhuil aonfhód tiar ná toir
ná cíos i gcairt an Bharraigh
nar fríoth le grásaibh Dé
dhó
rer chásaigh é fan am-sa.
Do budh mó sa chách a chion
ar ndol Dái-bhídh fa dheireadh
ruire suairc nach saoibhthim gus
ar cuairt go saoirching Séamus.
Neimhiongnadh — dia do rath —
roimhisneach Bhíocont Barrach
's nach fuil díobh obar nar fhéag
síodh nó cogadh do choimhéad.
Mar an gcéadna a chéile dil
Oiléan óg aigneadh suilbhir
gruaidh soidheargtha as séimh breath
doimheallta a méin 's a misneach. Níor chuir-se i gcéill
do neach
go mbíodh cás trom ná tuirrseach
ná anbhuain ar a gnúis ghloin
fá chúis amhluaidh dá bhfaghaibh.
Inghean Dái-bhídh — Dia dá
díon —
maith chongbhas aithne an Airdríogh;
ní thuillfe ar neamh diúltadh dhi
bean leis nach diúltar duine. Duine. | https://celt.ucc.ie//published/G402110.html |
G402111 | Each gan aradhain an fhearg | Maol sheachluinn na n-uirsgéal ó huiginn | Margaret Lantry | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,618 | Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó
hUiginn
cct.
Each gan aradhain an fhearg
do-ní — ghá deacra
díbhearg —
ag breith chéime ar a conair
déine eich gan arodhain.
Each gan aradhain uirre
déine ná rioth réalluinne;
deirge ná drithle gan smál
crithre na feirge ar bhfadádh.
Ionann a n-airdheanna sin
— ní horam-sa nar imthigh —
neach nach gabhann ar a ghuth
each ga mbloghann a béalbhach.
Fearg ar bhfagháil a sboraidh
mar bhíos each gan arodhain
tarla rinn 'n-a tonnghoil te
sinn ag comhghoil re chéile.
A mheic Raghnailte, a rún ban,
tu-sa a-deirim dá déanamh
gan fheacadh ó aonghuth dhí
an eatal fhaobhrach fheirge.
Gidh meise féin ní fríoth ann
locadh aonfhocail agam;
níor loc mé mian mo theangadh;
a srian lé do léigeamar.
Níor thógbhais do shúil ó
shin
riom, a Bhriain Í Bhriain Luighnigh;
ní cara an tí dá dtabhar
fala agus í ar n-arsaghadh.
Do thréigis an béas bunaidh
riom-sa, a rí Ó gConchubhair,
an fhearg ní luaithe leat-sa
ná ag searg uaithe t'aigneadh-sa.
Cosmhail re Coin na hEamhna,
a Bhriain, a bhláth fhíneamhna,
do thonn fheirge i ngoire ghliadh
's do cheirde oile ar aoinrian.
Mar nach faghadh Cú an chleasraigh
díol a fheirge d'imreasnaibh
níor bh'iontaoibh cách ris an gCoin
i dtráth iompaoidh ó éachtaibh.
Laithe do-chuaidh do chur threas nach fuair a fhóirithin d'áitheas
dá dtug mire chatha an Chon
cridhe na flatha ar bhfiuchadh.
Don fheirg do-chuaidh 'n-a chridhe
Cú Chulainn cúis deibhthire;
do hadhnadh a fhuil 's a fheoil
go bhfuil 'n-a adhbhar uirsgeoil.
An lá-soin ar lasadh dhi
do-rinneadh inntleacht uirre
as ar chosmhail a searg soin
fearg na Con-sain an chleasraigh.
Trí dabhcha — dia do thuigse —
do líonadh ann d'fhíoruisge
dá chur i ngach dabhaigh dhíbh
do chabhair Chon an chleitin.
An chéaddabhach uisge fhuair
i ndeachaidh — díochra an anbhuain —
do bhí an soidheach thall go te
's do choimhfhioch ann an t-uisge.
An dara dabhach dhíobh soin
mar do fhothraig Cú an chleasroigh
a chneas ar fud an uisge
do-ug an teas tánaisde.
An treas dabhach — dia do rath —
mar do toirneadh a theasbhach
d'aithle na dtrí gcuairt do chur
do bhí gan fhuacht gan fhiuchadh.
Cú Chuluinn an chrotha ghloin
táinig as na trí dabhchaibh
d'éis a fheirge do dhul de
mar sgur leirge dá luisne.
Ar lorg an chleasa chéadna,
a Bhriain na mbreath bhfíréanda,
do-ní sinn suaimhneach i-se
do linn uaibhreach fheirgei-se.
Na trí dabhcha a-dubhairt mé
do cumadh do chosg fheirge
— cóir teann as a soighníomh
sin —
a gcoimhlíon leam do laoidhibh.
Do thoradh mo thrí laoidheadh
do chionn t-each Is t'iolmhaoineadh
gidh bé a-dearam red ghruaidh ngil,
fuair mé t'fhearann i n-aisgidh.
Dá mbeinn dod chur i gciontaibh,
a Bhriainmheic mheic Muircheartaigh,
cionntaighe sinn iná sibh;
ar gciontai-ne linn léigidh.
Gach aonuair, a ucht mar thuinn,
dar fhás imreasan eadruinn
gér neimhneach inn it aghaidh
neimhdhrioch rinn do rónabhair. As an gcloich, a chroidhe the,
re síorbhualadh tig teine;
rer gceird-ne do samhladh sin
ag adhnadh t'fheirge ar éigin.
Gá dám acht ní dheachaidh as
gur éirigh, a ucht solas,
fearg nua ret fhilidh oraibh,
a ua cinidh Chonchobhair.
Tig don fheirg-sin leath ar leath
is do chomhairleach Chairbreach
gur cuireadh as ar n-áit inn
cáit a suidheabh dá suidhinn.
Téaghadh na háite uaire
deacair d'fhior na haonuaire
'n-a dtuilleamh buidhe bídh sinn
gach duine Is tír a dtéighim.
Do luach nar léigeabhar dhamh
mo bheith mar bhíos gach deoradh,
a Mhuire nar fhéagh th'oireacht
nach tréan duine ar deoraidheacht.
I n-éagmhais m'fhearainn chairte
nach truagh mé, a mheic Raghnailte,
is do mheic óglách uaibh ann,
a ghruaidh mar ógbhláth n-abhall.
Beir mé im dhúthaigh, a dhreach gheal
— an ní a-déaruinn fa dheireadh;
na tolcha ar ar hoileadh inn
go loigheadh ortha mh'intinn.
Magh Eine na n-inbhear gciúin,
Magh Ceitne na gcuan dtaidhiúir,
cnuic áille ar ar hoileadh mé
oirear mo bháire baoise.
Bun Loinne agus Loch Gile,
Calraighe Is Cuan Sligighe,
is iad amhairc budh fhearr linn
mar cheann adhairt fam intinn.
Dá bhfaghainn uaid, a ucht geal,
mo bhreith d'fhéachain na n-oirear
ní bhréagfadh lán súla sinn
do chlár Úna agus Fhéidhlim.
Usa dham gé deirim soin
beith ar do chionn i gCruachain
ó tá ar Chruachain Aoi th'aire,
a bhuachail Chraoi Chonaire.
Bhar n-oireacht ag éirghe amach
go Magh Inghine Eachach
ní rach síos ó Chruachain Chuinn
's nach thíos uathaibh do anfuinn. Carn Fraoich ag feitheamh oraibh
'n-a ríoghthar clann Choncobhair;
a rí Leamhna, luathaigh ort
's do mheanma i gCruachain Chonnocht.
Críoch Chonnacht ó Choirrshliabh suas,
a mheic Domhnaill na ndeaghdhuas,
biaidh sin i n-a chéide creach
muna thréige sibh Sligeach. Each. | https://celt.ucc.ie//published/G402111.html |
G402112 | Éireannaigh féin fionnLochlannaigh | Fear flatha ó gnímh | Margaret Lantry | c.1620–1640 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,281 | Fear Flatha Ó Gnímh cct.
Éireannaigh féin fionnLochlannaigh
dá bhfréimh ó na finnghealChollaibh,
an fheadhain shaor shuilbhearchonnail
nar thaobh Eamhain innbhearthonnaigh.
Aicme ad-roigh re robhuanaimsir
tar moir ngoilthe ngoibhéilinnsigh,
lucht sealbha na seinÉireann-soin
ó Ghurt Eamhna oiléininnsigh.
Triallaid tar cuan gcormbogabaigh
sluagh dá bhfianaibh formaideagair
do ládh druim gér dhearmadobair
le clár Cuinn far chomhraigeadair.
Dronga go gcéill chomhairleimhir
do fhréimh Cholla chridhiorghalaigh
ó shoin um fhád n-oirearMhonaidh
a-tád thoir 'n-a dtighearnadhaibh.
Ré cian fa chuing fhéinnidheachta
ó fhiadh Fhloinn don leomhainealta
deighsheal raith an ríoghoireachta;
maith deireadh na deoraidheachta.
Tír dúthaigh chláir
chríchfhionnMhonaidh
dháibh níor dhúthaigh
mhátharbhunaidh;
fan tír fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh
díbh níor ghoirthe achd
gnáthAllmhuraigh.
Fillid díobh táin tromthuinighthe
go Tír bhFáil na fearchoinshirthe
do léim tar fhál n-anfadhaithbhe
i gClár Néill Is neamhchoimhighthe.
Gasraidh do dhruim dúthrachttogha
tar tuinn anfaidh áithneartmhara
fád Dá Thí ar tí a
luathrochtana
's a-tád ar tí a tháirtheachtana.
Banbha Chuinn badh críochcoganta
do dhruim fhaghla 's éachtaigeanta
sirthe ón bannbhras bárccuideachta
adhnas crithre a gcéadchaigealta.
Críoch réidh maicne mearRudhraidhe
fan aicme ós fhéin bhfionnAlmhaine
don eing cheathraigh cheallainglidhe
beanfaidh greim na giollanraidhe.
Mo chean báighfhir beoighleacacha,
fir go bhfáinnibh órshlatacha,
drong gan sháir gan shaoibhfhreiteacha do sháidh sonn a sróllbhratacha.
Caor shlóigh don fhréimh
ríoDhomhnallaigh
nach dóigh dréim re a
ndírimdhreamaibh
do shín i-le i léibheannlongaibh
gus an dtír dte dtírimghleannaigh.
Ceann brughadh Is breitheamhmaicne,
ceann na gcuradh gcaithinnilte,
ceann riaghla agus rochomairce,
fearr ón Iarla an aithimirce.
Éan d'ealta na heoMhodhairne
do fhéagh reampa a
róimhfhleidhinmhe
mac Máire mac saorShomhairle
slat fháinne dar n-óiridhibh-ne.
Cú do-chóidh ós chuainfhear-chonaibh,
ar gcnú óir ar n-aonaithmheadhair,
Raghnall griangha an Ghaoidhilchinidh
Iarla garmann ngaolaithreamhail.
Bláth cnó ar dteachta ó
thréanCholladhaibh
ní dhearca a chló ar chaorthandoraigh;
do-chuas ler gcéir lóchrannamhail
céim suas tar na saorchlannadhaibh.
Sruth mion ní meadh d'iomuislinnidh;
d'fhior Bhreagh ní bhean tomhaschomaidh;
ré do só tar soluisreannaibh
is é a chló ós chomhursannaibh. Do sgaoil d'fhádh snaidhm seantarngaireadh;
lán dá ainm an Fhionntanmhaighean;
gidh bé ad-cheadh a chointinnmheadhair
fear Is é ná hionntamhlaigheadh.
Tugar pár mín meamramrulla
ón rígh do rádh tingheallranna
lá garma i gceann coimhdhioghluma
Gleann Arma agus innbhearBhanna.
Dún libhse na leathanghormmagh
múr nach brisfe brathairminnleadh
gan gheis ann dá athoirbhearnadh
a-nall leis Is Lathairninnbhear.
Beantar smuais faoi 's fearainnfhiadhuil,
gach sgaoi cnuais do chrobhuingéirigh,
tug burba ar bhóid neamhaindeonuigh,
róid chumhga do chonuirréidhigh.
Lán arbha i ngach iothlannchuilidh
fa chlár n-Arma n-eathbhairrshleamhain;
tug tír d'or ar eachradhghroighibh
sgor síl ar na seanchaibhdheanaibh.
Sgotha cnuais 'n-a gcoillfhiarghobhlaibh
srotha um Bhuais do bheangáingheimhligh;
bric chorcra ar taoi a dtiománghoibhngidh
gach laoi ar dtochta a dteannáilgheimhridh.
Dreach úr shéimh mar shomplaichrithre
don fhréimh gan rún gconntarchaithmhe;
tonn do líon do lonntorchairthe
síol na gConn gcomparchairthe.
Múr seang aige 's aontachosmhail
le Dún na reann réaltachobhsaidh;
mar tá sonn mí Mártaitheasbhaigh
do bhí fan gConn gCéadchathach-sain.
Glóir na gcuach níor chaomhchoraighe
ó Bhóinn go bruach saorthoraighe,
níor ghairde an mhaith mhórthoghaidhe
i bhflaith Chairbre 's caomhChonaire.
Gach ceall i bhfuair áladhdoirse
uaidh as fhearr a haoileagair-se;
searc gach baothmhná brághadshoillse
ní chlaochlá neart naoimheagailse.
Sine cóir síl seinFhéidhlimidh
ar an mBóinn mín mainéirreannaigh;
aoighe thall í i n-oiléineangaib an chlann do bhí ag bainÉireannaigh. Éireannaig. | https://celt.ucc.ie//published/G402112.html |
G402114 | Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh | Gofraidh fionn ó dálaigh | Margaret Lantry | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,355 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh
na bpreabsgor mear taobh re taobh;
fa dheaghsdair na ndeaghmhac ríogh
measdair gníomh na seangshlat saor.
Ní breath as cáir uile d'fhior
ar dhuine fa dháil a shean;
ní fa fhréimh budh dleasda dol;
measda fa mhodh féin gach fear.
Fearr d'fhior a chlú 'n-a chlú mhaith
iná a chrú ós chrú gach
neich;
is fearr modha flatha i bhflaith
gidh maith rogha datha ar dhreich.
Feirrde fear dá bhfaghbhadh hí,
gidh eadh nocha n-adhbhar gnaoi
gach ríoghradh ór chin a chré
muna bhé gníomhradh fir faoi.
Fear do-ghéanadh gníomhraidh ghloin
do-ghéanadh míonmhuir don mhuir;
d'fhiodh gan chnú Is cnuaisleigheas sin;
clú fir uaisligheas a fhuil.
Fear saor Is a bhladh dá bhrath
dá char gion gur caomh a dhreach;
ar ghnúis bhláith do-bhearthar guth;
ní ar chruth cáich bearthar breath.
Áille Is feidhm calma re cois
i ndeilbh dhamhna ro budh deis;
a rádh gomadh saor crú a chnis
ní taobh ris as dú ach lámh leis.
Ag a mheas do-ghéabha ghnaoi
gion gur feas na fréamha ó mbí
gníomh arnaidh madh eadh ro-né
fear gidh bé ar talmhain ó dtí.
Damhna ríoghradh nocha roich
a ngníomhradh chalma do chleith;
d'éis gach ríogh méaraidh a mhaith,
a ghníomh do fhlaith béaraidh breith.
Mac ríogh ó nach rach i bhfad
dá bhrath ar ghníomh a ghlac mbog
tar ceann a dtibhre 's a dtug
rug geall inmhe munar ob.
Mac saoirríogh dá seoltar dán
d'aoinshíol agus Eoghan Mór
ní thig re ré an raimheic ríogh
gníomh ar nar ainic sé an slógh.
Diarmuid Mág Carthaigh Chuain Dor
na sluaigh 'n-a dhaghthaigh ag dul
maith gach triath ann Is gidh eadh
gan fhear tar barr gCliach do chur.
Téid a fheidhm do dhearbh gach drong
tar a dheilbh — gá dealbh as fhearr?
uaisleacht a bhfoil d'fhíonfhuil Ghall
ní thall soin dá ghníomhaibh geall.
Báidh leam bhar dteisd ar thuir Chua;
ar chuir dá ceann ní ceisd dó
tar méid mílidh gé théid
tú;
sínidh 'gad chlú méid as
mhó.
Do rígh gion go rabhtha id mhac
do sgarfá re sín an sioc;
dá measda i n-ágh gníomh do ghlac
cneasda mac ríogh do rádh riot.
Bhar dtuigse ann Is bhar n-aoibh,
a chlann Chuirc-se 's a chlann Táil
méin mhaith uaibh-se gé do fhuair
uaidh féin as uaisle flaith Fáil.
Oilill Is Corc agus Conn
is don fhoirinn a fholt fann,
Dá Thí Theamhra agus Bé Bhionn;
cré na dTrí bhFionn Eamhna ann.
Athair a chomhanma chaoin
fachain roBhanbha do réir
Cormac mhac Muireadhaigh mhóir
slat don fhóir fhuineadhaigh fhéil.
Cormac Mór athair an fhir
i gcathaibh níor clódh a sdair;
do dhoirt dream armach a fhuil
i Muigh thamhnach do fheall air.
Giall dá dhaghmhac ro ba dú;
Cormac ó nar chian a lá
ríoghaid fuineadhaigh fear Cua Ua Muireadhaigh do mhear mná.
Ag coimhdhíoghail Cormaic Mhóir
dá roghlaic shoighníomhaigh shaoir
do thuit foirionn úr le fhéin
ó Fhéil go Dún gcoidhfhionn gCaoin.
Ua fialBhloid gér chabhair cách
Diarmuid aghaidh ar gach iath
níor sguir fa athair a fhíoch
gur chuir díoth ar chathaibh Chliach.
Tug go huathadh iolar sluagh, a shiobhal fa ruathar ríogh,
do dhíthigh náimhde i ngort ghliadh
gur iadh im Phort Láirge a líon.
Ar síol mBriain do ba beart doirbh
ar dteacht i ngliaidh níor ghníomh meirbh
do chuir im Ghleann Maidhir maidhm
i sbairn fa cheann blaighidh beirn.
Mac Cormaic Mhóir do ghabh greim
ris nar ghabh tóir 'n-a tóir thim;
a rian budh cartha dá chloinn;
riar Goill ní lamhtha re linn.
Mór gclach do claonadh re chois,
mór gcath budh bhaoghal do bhris,
d'aithle thugha gach Ghoill ghlais
budh lais Mumha gan roinn ris.
Ag sin Diarmaid más lór libh
is an Diarmaid Mór nach mair;
rí Breagh trá fa tairm an fhir,
fear ór chin a-tá a ainm air.
Ionann dáibh arm, ionann gníomh,
ionann tarm áigh, ionann séan,
ionann ainm a n-aithreach saor,
acht gairm na gcraobh dtairtheach dtréan.
Fear é as inDiarmada Mhóir
ar ghné, ar bhinnfhialbhuga, ar bháigh;
a ghníomh san Diarmuid fa dheoidh
agus treoir ríogh fhialbhuig Fháil.
na feadhna ar a bhfoil sliocht
léir soin i n-earla na n-alt,
feidhm na mBrian, laomhdhacht na Lorc,
rian na gCorc, aobhdhacht na nArt.
Gidh uaisle an glan faltúr fial
ó Artúr dána gar a ghaol méin Éireannach ní holc
dhún
fa fholt úr chéimeannach chlaon.
Trí Domhnaill theas im ua dTáil
— i dtreas budh doghraing a ndréim —
trí Toirdhealbhaigh don taoibh thuaidh
mun sduaidh saoir roighreadhnaigh réil.
Dá Chonchobhar, dá Thadhg thall
dá dtard tromthoradh an
tonn,
trí Cormaic theas ceann i gceann
im an seang n-orrdhraic ndeas ndonn.
Dá cheinnbhile nar chríon dos,
dá dheirbhfhine an ríogh ó Rus,
sódh na leomhan bhfial ro feas
Eoghan Mór theas, Brian i-bhus.
Airde a chrú Is comhardha dhúin
ar chlú na rodhamhna ón fhréimh;
ní bhí ar mearughadh é uaim;
fuair sé a mheadhughadh dá mhéin.
Méin an chomhanma ór chin sé
sa rodhamhna a Tigh Dá
Thí
— fa gein bhuadha oile é —
is é as ghloine ad-chuala i
gclí.
A thréidhe i nDiarmaid as dluigh
— fa réidhe thiaghmaid 'n-a thoigh,
réidh an céidDiarmuid ór
chin —
fan gcéibh dtigh ngéigfhiarbhuig ngloin.
Mac mheic Domhnaill athlaimh Óig
ris nach gabhthair radhruim róid
's a chaomhchrú do chin mun ngéig
fa aonchlú acht méid an fhir óig.
Casnaidh báidhe gidh bé dhíbh; áille ná gach cré an dá
chraoibh;
geall fhir dá chéile níor
cháir
do dhá chéile cláir ghil ghaoil.
An té aca as aithnid dhamh
nocha bhfaca a aithghin d'fhior;
ós ag luadh saorchlann a sean
sduadh Bhreagh an t-aonchrann ós fhiodh.
Ó do-chóidh comhainm an laoich
— níor chomhainm ris nach cóir
tnúith —
gan fhear gcoimhghníomha an fhéil
áith
fa chéibh dtláith ndoinnmhíolla
ndlúith.
Rí ó theaghlach ar a mbia bladh
lia Teamhrach Dá Thí a theagh;
uathadh a ghlóir a fhiú d'fhior;
"is liú sriobh iná Bóinn Bhreagh."
Ní hionann rí Is Diarmaid díbh,
ní ó Dhiarmaid dá gach
dháimh;
"ní meadh mínleach agus móin"
fírbhreath as cóir ar fear bhFáil.
Is é tarbhdhamh thuairfeas ghnaoi;
adhnadh a nuaichleas do-ní;
ní samhalta re cruth a chré;
is é an sruth rabharta an rí.
Is é an bile ós chronn chuir;
fonn a chridhe nachar cheil;
is é an fíon dearg ós gach dhigh;
ceard gach fhir do dhíol a-deir.
Is é géag dhean as doirbh ngleac;
ar theagh séad ní soirbh a lot;
is é ar mbunadh bói-ne 's brat,
mac Móire agus curadh Crot.
Fríoth Solamh dá char i gclí;
an damh i n-a rodhamh Ré;
giolla a hoirear bhraonghlan Bhaoi
mar laoghdhamh naoi n-oigheadh é.
Gan síoth meabhla 'gun fhial ard
do dhíoth feadhna dá mbiadh borb;
an sruth as mhó Is moille fearg
ní dearg i ló coinne a cholg.
Ar fhios mheic mheic Domhnaill dún
do badh doghraing gleic re ghníomh
feilm chathardha 'n-a dá clár
ó fheidhm lámh rachalma an ríogh.
A lámh dheas re díoth gach laoich,
lámh nar fríoth i dtreas go
tláith,
lámh chlé re congmháil a
sgéith
is é i gcléith re corrgháibh
cháich.
Cóir do chách a chíos dá
chionn;
is gnáth bhíos idir bhróin reann
a ghlac roigheal chaomh fa chrann
barr saor a throigheadh re teann.
Mac Cormaic béilgheabhaidh beirn
le a chorrshlait ngéirleabhair nguirm;
téid tar feartais mara ag maidhm
re baidhbh ndearcglais Bragha Boidhbh.
Fear dá thoigh ag tarraing deoch
a gallaing Is a groigh each;
mar leagar bréid longa ar loch
tonna ar dhá roth théid 'n-a theach.
Deoch le bhfalchair gile a ghruadh
d'Ú Charthaigh 's a hibhe a hór;
badh dearg gruaidhlearg gnúise
an
ríogh
re a crúi-se ó fhíon fhuairdhearg
d'ól.
Ríoghdhámhna ar nach céaltar
clú
féaghtar tre mhíonabhra mhná;
ní cian uadh an t-ainm as mhó
a ghairm dhó Is dá thuar a-tá.
Diarmuid Cliach, cara na ndámh,
ar dtriath Is ar ragha ríogh,
ní d'fhaghbháil teasda gan tuar
measda sduadh Ghabhráin fa ghníomh. Fá ngíomhraidh. | https://celt.ucc.ie//published/G402114.html |
G402115 | Fód codarsna críoch Bhanbha | Eochaidh ó heoghusa | Margaret Lantry | c.1590–1617 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,845 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
Fód codarsna críoch Bhanbha;
mór d'uaislibh na hathardha
taoth ar sgáth oiléin na n-olc
fan gnáth doimhéin do dhúsocht.
Iomdha leacht Ghoill Is Ghaoidhil,
iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh,
iomdha oil úir san eing-se
re goimh thnúidh 'n-a timchill-se.
Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,
gnáth leo lot na hathardha
re gomh croidhe dá chéile;
blogh oile dá haimhréidhe.
Meinic a-niodh 's a-nallain
miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh
do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais
fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais.
Meanma chroidheamhail chogthach,
aigneadh doiligh díoghaltach
dóibh sin ag saorchath Banbha
fir na n-aolchlach nAllmhardha.
Lucht inghreama Innse Fáil
's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin
casmhail a rún dá-roile
fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine.
Eagla cniochtGhall re a gceanaibh
eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh
's gan ghlas fa éineing orra
ní has d'Éirinn eatorra.
Gidh eadh ní hionann gach olc
is anbhuain fhairche Chonnocht,
achadh cuaingheal na gcall sean,
ó bhuaidhreadh Ghall Is Ghaoidheal.
Sluagh Danar ar dhruim a cean
ar olc re huaislibh Ghaoidheal tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,
Gaoidhil san chruth chéadna-sain.
Tnúthach bhfoghla re fada
Goill Is mac Meic Diarmada
— mór d'éintír ionnramh a n-olc —
fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht.
Ní choisgid aonlá d'fhoghail
Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair;
bídh amhlaidh ar fhuath na nGall
faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall.
Ní lugha as mhillteach mac Taidhg
ar iath Cruachna an chláir mhínaird
tír bhreaclongach na mbruach slim
d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn.
Mór longphort do leagadh lais
feadh cogaidh an duinn dearcglais
's níor tógbhadh dún ná
diongna
san mhúr fhódghlan oireaghdha.
Gidh eadh Is easbhaidh air féin
gach cion gnáth, gach greas aigmhéil,
gach díbhearg dá ndéanann sain,
fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh.
Budh aithreach leis uair éigin
iath Cruachna an chláir
mhínghéiggil
muighe slaitgheala síon dte
gan aitreabha ríogh roimhe.
Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha
bheith ag ól fleadh bhfíneamhna
— náir don tairngeartach ros togh —
fa ghairbhleachtach cláir Chruachan.
Gach brugh dar bhris go talamh,
gach lios dar loisg Conchabhar
budh saothrach ar a ghruaidh ngil
ag uaim aolchloch 'n-a n-áitibh.
Adamar tar éigceart nGall
budh fuar do dhruim a ndéanann
ráth shéadChruachan na sreabh dte
fa éadnuachar ngeal nGaillmhe.
Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan,
go mbia cuimhne a chreachruathar
saoilim — gion go saoiltir lais —
'gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais.
Tuigthe dhamh gé deirim sain
do nós bhan nach bí Cruachain
iosdadh úr oileamhna Chuinn;
roidhiomdha dhún mar dearaim.
Luighfidh air d'éis a ndearna;
ní bhia cuimhne a céidmheanma
glac as créachtdomhain ó chath
ag séantolaigh mhac Mághach.
Ráth Meadhbha na múr líggeal
fiú a bhfuair d'ulc dá himdhídean
do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn
cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann.
Meinic riamh do rinneadh sain
ag díon Chonnacht d'Ú Eoghain
gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma
fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha.
Meinic lingeas leirg dtroda
re cathaibh chlann nDiarmuda
tre bhróin ngéirreann síothghlan
sean
ar léibheann bhfíochmhar
bhféinneadh.
Meinic dhoirtear i ndeabhaidh
d'fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh
ceatha braon ndorus ndomhain
fan dtaobh solus síodhamhail.
Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn
a bhfuil d'airrdhíbh Chon Culuinn
san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh
mhir
dá neamhchaomhna ar uair éigin.
Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níor bh'uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
Fir Éireann d'aonrún cogaidh
d'éis na Tána tángadair
d'fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.
Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.
Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d'aontaoibh.
Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh catha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir seinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.
Cuiris láimh — lór do phudhar —
d'eis a chuirp do chréachtnughadh
slat do b'orsa d'fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
"An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ná cur cloch" ar cur fearchuaine Ultach.
"Gé a-tá a-niogh 'n-a chosair chró
ní shaoil mé — móide
mh'iarghnó —
narbh iarann cruaidh mo chridhe"
ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe.
"Bheith dom chroidhe d'fheoil nó d'fhuil
dá saoilinn" ar Cú an chleasraigh
"fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn."
Mar sin narab séad samhail
bheith i gcath, a Chonchabhair,
gan ghuais fhuileachaidh d'arm ort,
a bhadhbh fhuireachair éadtrocht.
Saoiltear leat le linn deabhtha
croidhe iarainn aithleaghtha
's gan sgáth a chréachtghoine id chorp,
a bhláth céachtMhoighe Connocht.
Dar leat bídh lúireach Logha
i gcath fad chneas míontana
red dhimbríogh i ndíon do chuirp,
a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc.
Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim,
go mbí airm Uair mheic Tuirinn
id bhais tslim ghéiggealtais ghloin
i rinn éigeantais agaibh.
Munab eadh, Is iongnadh linn
mar thig tu-sa toisg innill
saor i gcéidrinn gach chatha,
a chraobh ghéigshlim ghormMacha.
A aigneadh fosaidh feithmheach,
a ghus reachtmhar ríbheithreach,
a dhreach shlim níamhsholuis náir,
a ghrianfhorais fhinn Fhuaráin.
A éigne ón Charraig chladhaigh,
a phosd catha, a Chonchobhair,
a ghnúis ghairthe re dtéigh tol,
a réim aithbhe dá hanfadh.
A leac thairsigh na troda,
a choiléin chlann nDiarmoda,
a bholg fichigh fionnshroth dtréan,
a chrithir shiobhlach shoighnéan.
A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh
rann do ghnáth d'Aodh Mhág Uidhir,
géag armghonta ón mhínFhinn mhuill
d'fhírrinn adhmholta oruinn.
Fiacha oram-sa amhlaidh sin
inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh,
dlighidh sin míonrais molta
dá síodhbhais dhil dhonnchorcra.
Díoghrais mholta dá dreich dhuinn
ní fuláir d'inghin Domhnaill;
clú a saorathar Is dual dí
sduadh ó chaomhachadh Chairbre. Fód. | https://celt.ucc.ie//published/G402115.html |
G402116 | Fogus furtacht don tír thuaidh | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,271 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Fogus furtacht don tír thuaidh,
fogus furtacht dí dom dhóigh,
tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim;
don taobh thuaidh Is goire an ghlóir.
Broid an chóigidh saorfaidh súd;
fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag
an t-Iarla oirbheartach óg
griangha ó fhód ghoirmealtach
Ghréag.
Dá dhaghfhádh fa díleas rún
Fítheal Is Dallán na ndámh
i gcuimhne ríomhthair a-raon
fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh.
Muaidh Is Doire Is Dún na nGall
agus múr Oiligh 's an Fhionn
's ní sa mhó — ní
míobháidh leam —
dó do gheall an fíorfháidh Fionn.
Na Conaill fhíre as fhearr buaidh
dar gheall Coluim ríghe róinn
ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;
bíodh súil gach Gaoidhil re glóir.
Ar labhair Cormac Ó Cuinn
ní samhail d'orchar re haill;
d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn
Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill.
Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,
triallfaidh le chabhlach tar cuan,
líonfaidh beannBhanbha na mBrian,
fíorfaidh thiar seanlabhra suadh.
Géisfidh an Ana re n-Aodh,
na slata géisfid dá ghrádh,
géisfidh gach ní do-ní nuall,
géisfidh an cuan dá dtí i
dtrágh.
An Loch Léin-se léigfidh gháir
an Éirne géisfidh re a ghlóir;
cuirfidh meanma ar gach dúil díbh
Súir mhín agus Bearbha Is Bóinn. Mar bhóchna bhailbh briathar mall
an griangha dá ghairm a-nonn
ar tí a gharma ceann i gceann
budh teann labhra na dTrí dTonn.
Na feadha ag claonadh dá gcloinn,
na gaotha ag gealladh Í Chuinn,
tug a dháil go domhan Finn
foghar binn re tráigh ag tuinn.
Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán
gach ní do gealladh dá ghaol;
an cuire do imthigh uainn
fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh.
Clann Dálaigh fan teo gach toil
do-chádair mar cheo do mhuigh;
do sóigh an chrobhuing ór chein
glóir i dtreibh Chonuill do chuir.
Go bhfagha tuir Tholcha Floinn
do chomhdha a chuirp ar gach chaill
an ré do bhean Dia don druing
nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill.
Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh
pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,
an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;
nár thoirne uainn m'fhuigheal áir.
Creach eile ní fhuighe an tnúth;
meinic budh cuirthe do chách,
fa ruire tilidh na dtuath
sighin luath Is guidhe ghnáth.
Lór don fhormad teacht rer dtréan,
's ar gcomhlot do theacht dá thaobh,
rogha ar gcuaine aga i n-úr;
nár ghada an tnúdh uainne Aodh.
Do bhí sochar bánfhuinn Briain
ó Chonga go Máluinn mín
síos re fánaidh ar feadh fúinn
gur bhean tnúidh Í Dhálaigh
dhínn.
Dá fhoichne a haonchrobhuing iad
naomhCholuim roimhe i ngach ród
Críosd cáidh le griangha na nGréag;
ní dáigh d'éad an t-Iarla
óg.
Flaith dan cóire Teach Dá Thí
ná meas ar a óige é;
gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;
leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé.
Dá mhórrath budh fogus fás
is dá mhórdhacht dola i ndlús;
teas caol do-ghabhar re ngríos;
caol bhíos gach tamhan ar tús.
Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,
ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,
biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;
teacht caol ag deathaigh Is dual.
Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír;
gidh óg budh harsaidh a threoir;
ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir
glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh.
Do chleacht go dlúith doghraing reann
ceap Ó Domhnaill Dhúin na nGall;
ag uaim róidlearg na dTrí dTonn
do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann.
Conn Céadchathach ceann gach slóigh
fa teann ar éachtAchadh n-Ír
rí Breagh do hanadh re a uaim;
'n-a thamhan fuair Teagh an Trír.
Posd cothuighthe na gcóig sgol
Conaire Mór fa mór seadh
fuair glóir dá thaghadh ó thal
do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh.
Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am
go hág ar an uair do b'fhearr
Iath Breagh do chosain dá chionn
do gheabh Fionn ó thosaigh teann.
Ar an nós-sain — ní nós
nár —
acht gidh óg órfaidh a ghaol;
cia an fádh nar tharngair a thréan
séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh?
An dream fhuair go hóg tre aoibh
gach fód um Bhuais Is um Bhúill
is Cliodhna Is Bóinn Is Teach Táil
mar do-chóidh dháibh go ndeach
dhúinn.
Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;
fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon;
leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,
beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn. Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh
orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;
bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh
culadh bróin fa Bhanbha Bhriain.
Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé
le dorchacht ní dhealaigh sí;
meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;
do mhnaoi bhróin Is aithghin í.
I mbrón na Traoi tarla ciall
an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;
múradh a clach damhna déar
tarla léan do rath a ríogh.
Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi
dá hanáir nochar fhéach sí;
dá port úr do b'eagar clé,
do leagadh lé go húr í.
Bile réidh dá fiodhbhaidh féin
is é do b'ionchuir dá huaim;
an obair do bhí gan bhrígh
do thogaibh Prímh hí ar n-uair.
Toigéabhaidh toimhse na múr,
toigéabhaidh toighe na naomh,
tulach sgaithmhín Dá thí thiar
dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh.
Cosmhail re cóirgheadh na Traoi
mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;
tír 'n-a loighe tír Dá thí,
dí goma Prímh oile é.
Bóinn bhordbhláith na seintreabh
séimh
do thogbháil a teinnteach mbúidh
le grádh tar grinneal an chuain
filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn.
A-táid na toirthe a-tá an úr
mar tá gach foichne 's gach fádh
's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;
triall tar sruithlinn dún i ndán.
Cuireadh le mbréagfa i mbrugh
Floinn
tug an Téamhagh go n-a thuinn
is na neoil fhlatha re a linn
's na heoin do rinn catha ó gCuinn.
Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan
's don Bhaoill i nglas acht a ghlár;
rg bhailbh ad-bhath a bríogh;
clach na ríogh dá ghairm tre
ghrádh.
Aodh Lighean dá ngabhar greim
dá ndlighthear ragha agus roinn
— bíodh a chiall ag cathair Chuinn —
rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn.
Iar ndul tar lear béaraidh buadh,
géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,
cuirfidh na talmha fa thréan;
luighfidh séan a anma ar Aodh.
A-tá lais go Fiadh na bhFionn
cairt ó Niall Is cairt ó Chonn;
ní bhia taobh re cúirttreibh crann;
fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn.
Fillfid a bhrughaidh le báidh
fillfid a urraidh tre aoibh
go fleisg Éadair san taoibh thuaidh
's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil.
Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,
biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin,
biaidh ana ar adhbha gach naoimh,
gabhla im chraoibh dá chara i gcéill.
A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,
suidhfidh le cáir idir chách;
le reacht bhinn báithfidh an fuath;
cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth.
Caor bhuadha ler tuilleadh toil
ní chluinim, ní chuala, a sdair,
fíor flatha nach fuair a fhuil;
ní fhuil buaidh gan fhatha air.
Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,
do ríoghadh re gcuingidh Cé
don tréad darbh iomchubhaidh í
céad acht rí ós thiormThulaigh
Té.
Gach annáil dá laoidheadh linn
branáin Gaoidheal druim ar dhruim
a-táid fa Mhál Fine Floinn
's na Goill as sine i gclár Chuinn.
Mac Brighde fa mbloghthar dair
budh hinmhe an bronnadh do-bheir;
treabh seanAirt ó mhuir go muir
do gheabh fuil Gearailt ór ghein.
Gnáth méin gach con i n-a cuan;
a-tá ag dréim re dol tar sál;
do Rudhroidhe do oir Aodh
craobh chumhraidhe re bhfoil fádh. Fogus. | https://celt.ucc.ie//published/G402116.html |
G402117 | Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire | Tadhg óg ó huiginn | — | c.1400–1500 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,021 | Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire,
maoidheamh asad Is é ar lón;
bíodh mo chás-sa ort 'n-a oire
nocht do ghrása, a Mhoire mhór.
Tuig féin go bhfuilim i n-éigin,
is oircheas duid déachain faoi;
éisd rem fhuigheall gidh olc mei-se;
cluineam ort a threise a-taoi.
Cuimhne an bhráithris bhím do mhaoidheamh,
a mháthair Íosa an fhuilt chlaoin,
ó nach cubhaidh re mac Mhoire
an cumhain lat goire ar ngaoil?
Mall mo fhreagra ó Rígh na n-uile:
'gum urnaidhe gá fhad bhia?
mar a-taoi liom meisde ar meanma
leisge riom dá ndearna Dia.
Rí na ndúl dá ndearna ar n-eiteach
iarraim ort, gidh ard an chéim,
sinn ar-aon do dhul fa dhiomdhaidh,
a shubh craobh dar bhfiodhbhaidh féin.
Gidh bé itche iarrfas mei-se,
a mhathair Dhé — dia do bhail —
gomadh neamh ar thós a taradh,
gidh eadh fós ní anabh air.
Ní haisgidh cruidh gidh créad eile
iarrthar uaim ar th'earrla nocht;
ní beithte, a mháthair Dhé, i ndiam-hair
gidh bé a-táthair d'iarraidh ort.
Dá nguidhe Críosd tar ceann mh'anma
lem aigneadh ní headh budh lór
ar son Néill Gairbh muna ghuidhe
im ainm féin, a Mhuire mhór.
Riot do-bheirim — bíodh ar th'eineach —
a inghean Anna as ard clú,
taobh re hÓ Conaill do chobhair,
toghaim mar mhaor dtobhaigh thú.
Cabhair do rígh rátha Murbhaigh,
a Mhuire, a bhuime na mbocht,
mar do bheinn féine i n-idh iarainn
déine ná sin iarraim ort.
Ní bheidís Gaoidhil Ghuirt Banbha
muna bheadh cosg a gcinn sluaigh
ní as sia gan chreideamh dá chéile
dá leigeadh Dia Éire dh'uaim.
Gion go bhfríoth ceannas Chláir
Fhódla
i n-éinfheacht 'ga earrla bhug
do Bhanbha Dá Thí ní tualaing
rí ná damhna an tuaraim thug.
Gidh mór mbliadhain do bhí i n-éigin
Inis Banbha, bean Dá Thí,
a-déaradh féin nach fuair doghruing
go buain Néill Í Domhnaill dí.
Má rugadh breath 'n-a breith leathtruim
ag laochraidh Gall im Ghort
bhFloinn
rugadh do bhreith ar fhiadh n-Éireann
Niall do bheith i ngéibheann Goill.
Ceadh nach tráighfidh a dtonn meanma
mac Toirdhealbhaigh ó tá i láimh?
roimhe soin gér mhór a meadhair
do loigh brón ar fearaibh Fáil. Faillsigh. | https://celt.ucc.ie//published/G402117.html |
G402118 | Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn | Tadhg mac dáire mac bruaideadha | — | c.1500–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,310 | Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha cct.
Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn,
ní haimhleisge gan fhochuinn;
an leisge labharthar linn
leisge ón hanathlamh mh'intinn.
Tugabhair adhbhar aoire
dúinn — is damhna éagcaoine;
leasg linn gan deighfhéagsain duibh
neimhéasgaidh inn fa aoruibh.
Do creachadh gion gur chead ribh
sinn re dreim dá bhar ndaoinibh;
glacadh mo chruidh munar chead
bacadh ní fhuil ar mh'aiseag.
Leasg liom uaisle Gaoidheal nglan
d'imdheargadh uaim nó d'aoradh;
's Is leasg maitheamh mo mhasla
nó go n-aithear m'adhbhar-sa.
Do-bhéar an chairde as dual damh;
do-rinne mé bhar moladh;
ag so an breacadh san bhagar
bhar bhfeacadh má fuaradar.
Troisgfead oruibh as a haithle
mar tá ag éigsibh ordaighthe;
do-ghéan trá romhoille ruibh
mar tá oruinn-ne d'fhiachaibh.
Tar ceann mo leisge, a Leath Chuinn,
fa dheoidh dá ndeachadh thoruinn
gid bé neamhfhaomhadh do-near
bhar ndeaghaoradh a dheireadh.
Dá sgaoiltí aonrann don aoir
fa chách — ní cluiche
díomhaoin —
ní bhiadh neart anacail air;
radhacair teacht óm theangaidh.
An gcéin mhéaras Gaoidhealg ghlic
mar ghlóir i n-Éirinn orrdhreic
biaidh a gcanfuim-ne ar chuimhne;
ní hanchuimhne m'fhorfhuighle.
Mar sgaoilid crithre a ceardcha
dh'iarann d'éis a dheighdheargtha
sgeinnfid drithle uaim dom aoir
nach sirthe uaidh bhar n-athmhaoin.
Ní bháidhfeadh Búill mhear ná
Muaidh
ná Éirne an oirir ionfhuair
neimh ar saighnéin as sia goimh
go ria daighfhréimh nDálaigh.
Ní chuirfe fuarshruth Finne
ná linnte im Loch nAilinne
ar ndrithleanna druim tar ais,
ná flichbheanna fhuinn Iorrais.
Deargfaid gruaidhe gille mbras
im Shliabh Badhna Is im Bhearnas
re a n-aigmhéile mun mBaoill mbuig
im thaobh Braidshléibhe, im Bhuanaid.
Sgeinnfid uaim aoibhle nimhe
don tsoighnéan trom theintrighe
le ndreachlas gruadh gach ghille
do shluagh neamhchas Neimhthinne.
Béad gruaidhe nach teo teine,
béad óm briathraibh frithire,
drúchtbhraoin ris gach ndreich d'Íbh Cuinn
is don Bhúrccraoibh fan gcreich chanaim.
Biaidh ó gach dhruing thoir Is thiar
do shíol Chuinn, do chloinn Uilliam
óm cháir dá gcongbhaighthear
mé
tromaithbhear cháigh dá chéile.
Biaidh "mairg do-chonnairc a chrodh"
dá rádh — ní rádh gan
adhbhar;
i ndiaidh a gcaithréime ar chách
biaidh a n-aithmhéile i n-antráth.
Biaidh mallughad mór a nimh
ag cloinn Aoidh ar a n-aithribh
tre choimhtheas ngruadh ngnéadhonn
thoillfeas uam a n-aibéaram.
Más d'iarraidh clú do chuirsead
an chuairt nach cuairt turuisbheag
is 'n-a mhionchlú mharfas sin
ar fhionnchrú ghlanchas Ghaoidhil.
Ní fás ríghe ná ratha
ná buadh trod ná tréanchatha
bhias don tí ar a n-iméar m'aoir;
a ndingéan dí ní díomhaoin.
Biaidh an chóir ag congnamh leam;
biaidh congnamh ardnaomh Éireann
ar shluagh bhonnghlan chaomh Ó gCuinn
mar aon Is congnamh Coluim.
Aigeoraidh tre bhar n-ainiocht
Colam i n-a choraighiocht
na sluaigh-se ar a dteagmhuinn teann
eadruinn Is uaisle Éireann.
Ní heagla nach géabhadh greim
— biaidh 'n-a eisiomláir
d'Éirinn —
tre m'aoir a fholaidheacht sin
coraigheacht an naoimh neimhnigh.
Sul thí an dál-so mar deirim
daoibh, a Leath Chuinn, cuimhnighim;
bean far dtoirmisg-ne far dtoil;
dar dtroimleisge féin féachaidh.
Cuiridh fos dá bhfagham cead
do chor airde ar ar n-aiseag
orm a dtuaidh, a chaoimhLeath Chuinn;
ní daoirbhreath uaim a n-abruim.
An t-oireacht rer chead mo chrodh aca agus ibh-se d'aoradh
faghthar ón oireacht díol damh;
fíor nach doibheart a dhéanamh.
Mo chúis im cheann mo leisge
— anois tráth ar dtoirmeisg-ne —
ní cneasda nach cuimhnidh sibh;
fuilngidh feasda nó fóiridh. Fóirid. | https://celt.ucc.ie//published/G402118.html |
G402119 | Foraire Uladh ar Aodh | Maol sheachluinn na n-uirsgéal ó huiginn | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,645 | Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó
hUiginn
cct.
Foraire Uladh ar Aodh;
ní hadhbhar eagla d'aontaobh
bheith d'Aodh ag comhfhaire a gcroidh taobh re a fhoraire ag Ultaibh. Do leigsead Ultaigh uile
taobh re hAodh an fhoraire;
fuath suain 'ga dheaghoireacht de
sealoidheacht ní fhuair impe.
Doras oslaigthe Uladh
tarla ar sliocht na seanchuradh
fian Toraighe i dteannta Gall;
bearnta foraire a bhfearann.
Baoghlaighe iná a bhearnadh
dhí
dá bhfuil aisde agus innte
críoch Chonaire Is Chuirc Chaisil
puirt fhoraire an Aodhai-sin.
Innbhear Bóinne agus Banna
is gach fonn dá bhfuil eatorra
feithidh — gá foraire as fhearr —
beithir romhaighe Raoileann.
Dún Dá Leathghlas na learg nglan
Dún Sobhairce Dún Dealgan
do-ní ag comhfhaire na gcath
foraire na dtrí dtulach. Dírim do mhuinntir mheic Airt
go Baile an Iobhair orrdhairc
go Rinn Sibhne dhóibh ar ndul
's nó go róigh imle Uladh.
Leathaidh ar phobal Phuirt Rois
's ar chaladh gCairrge Fearghois;
's ar Thráigh mbinncheolaigh mBaile
imtheoghaidh an fhoraire.
Ó Chúl Raithín na ród nglan
ní fhuil soir go hAird nUladh
port dá roimhéad ná caol cuain
gan choimhéad d'Aodh re haonuair.
Ó Aird Uladh an fheoir mhaoith
go Beinn nÉadair mheic Éadghaoith
gan fhoraire ó Aodh ní fhoil
raon maraidhe ná marcoigh.
Ar Mhág Aonghusa uile
tairgfidh ó tá an fhorfhaire
drud i ngoire ghlanshluaigh Ghall
's a bhfoighe d'anbhuain d'fhulang.
Ar sgáth chóigidh chlann Rosa
fuilngidh Aodh Mág Aonghusa
cian uadha a ghníomha goile
síona fuara ag foroire.
Siobhal oidhche 'n-a éanar
is é as fhearr do fhuiléangadh
's a lámh um chaolgha nó um cholg
dá chaomhna lámh le leathbhord.
Síodhuidhe Beinne Boirche
fuilngidh ar feadh geamhoidhche
gan cheann fa theach do thabhairt
fa cheann gcreach i gcontabhairt.
Fuilngidh madh fada an adhaigh
gan bhais do bhuain d'aradhain;
fuilngidh le hanbhuain an fhuinn
i dtuighnigh adhfhuair iaruinn.
Mórán baoghail beagán suain
iomchraidh Aodh an airm rionnfhuair;
béas na gcuradh riamh roimhe
do mhian Uladh d'fhoroire.
Cóir do chuireadar Ulaidh
eatorra agus Allmhuraigh;
tugsad geall ar dheighthreoir dhó
an feithmheoir do b'fhearr aco.
Mág Aonghusa na n-arm ndéad
ar tí an chóigidh do choimhéad
méidhe an ghaothmhara do ghabh
aonchara fhéinne Uladh.
Íbh Eachach na n-abhall bhfiar
idir fhiodhbhaidh Is oirshliabh
idir fhairrge mhín Is mhagh;
gá tír as ghairde ó
ghábhadh.
Guaissealbhach Ghleanna Righe
gabhais ar a gáibhthighe
greim do chaoimheirr an chóigidh
'n-a heing aoibhinn urchóidigh.
Ar sgáth shíl Eoghain do an
Mág Aonghusa i n-eirr Uladh;
aibche sa chách a chosnamh
ar sgáth mhaicne a mháthar-san.
Cóigeadh mheic náraigh Neasa
dídnidh do dhruim bhráithreasa;
an gort 'ga leithchineadh leis
feithfidhear gan tocht thairis.
'N-a bhráthair aca uile
a-tá rí Ó Rudhruidhe
tuar conganta le cloinn Néill
's 'n-a bhronndalta ag droing díbh-séin.
Cú Chuluinn na gcleas ngoile
mar sin do fhréimh Rudhruidhe;
díon an tsluaigh-se ar-aon orra;
dá ghaol uaisle eatorra.
Cineadh mheic Fhachtna Fháthaigh
ba díbh-séin a dheaghmháthair;
na slata do fhuaigh Eamhain
aca fhuair a oileamhain.
Mac Deichtine dearc uaine
dar bh'ainm Cú na Craobhruaidhe
'n-a thiomchall-san do thuill bladh
ag iomchosnamh fhuinn Uladh.
Coimhdheas do thír Is do thuinn
do feithtí le Coin gCuilinn
do ghrádh chombráithreach na Con
do chlár fhonngháibhtheach Uladh.
Do cuimhnigheadh uair oile
comhaltas chlann Rudhroidhe;
níor léig faghail na feadhna
i n-aghaidh a n-oileamhna.
Níor luigh ar leith a mháthar,
do-ní seacha soláthar;
níor shanntuigh an frosmhagh fionn
ag cosnamh alltair Éirionn.
Do chloinn Eoghain amhlaidh sin
do-ní cosnamh an chóigidh
Aodh go hionChon na hEamhna
an chaor iothmhar fhíneamhna.
Mág Aonghusa an earla thruim
ní lamhthar lucht a leathtruim folt na ndual snáthfhailgheach saor
'n-a mháthairleath uadh d'éantaobh.
An uair nach aithrighid soin
a ghaol Í Chonaill Chearnaigh
gaol na ríogh do fhréimh Chonaill
do shíol Néill ní neamhchomhaill.
An uair chuirid i n-a chionn
ceithre hollchóigidh Éireann
folt claon ar chur na n-idheadh
Aodh 'n-a Lugh dá leithchineadh.
Lugh nó Cianmhac an Cháinte,
nó Naoise a fhear éanpháirte
slat dá ndleaghair corrDhruim Caoin
d'fhearaibh comhluinn Mhac Miodhchaoimh.
Tairrngeartach Teamhrach Midhe,
leannán lochta ar gceirdei-ne,
taisdealach Trágha Dá Bhan,
gaisgeadhach ágha Uladh.
Abhartach aonaigh Tailltean,
síodhuidhe nach seachaintear,
caisgidh fhaghla dá fhine,
taisgidh anma Eimhire.
Coiléan caomh Caithreach Fhíona,
croidhe gan fhuath n-eissíodha,
rún faobhrach ag faicsin chean,
aonroth gaisgidh na nGaoidheal.
Coimhéadaidh cloinne Rosa,
Aodh mac Airt Mhéig Aonghusa,
sleagh glaisbheann i n-a ghoire
fear fairseang foroire. Foraire. | https://celt.ucc.ie//published/G402119.html |
G402120 | Fuirigh go fóill, a Éire | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,830 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
cct.
Fuirigh go fóill, a Éire,
gearr go bhfuighe fírchéile;
do chéile ní fear foirbhthe,
a Éire, a threabh théagairthe.
A fhionnráith Teamhra Dá Thí,
aithnim an fear dá bhfuiltí;
triath d'óigleanabh do b'áil libh, a chláir fhóidleabhair Uisnigh.
Fada nach fuarais, a bhean,
aoinfhear d'aicme na naoidhean;
fad do chairde Is dubhach dhuit,
a Thulach Chairbre Is Chormuic.
A-tá fear i n-aois leinibh
— gearr go bhfuighe fóiridhin —
i ráith na ngéigbheangán ngeal
a chéidleannán mac Míleadh.
Tánaig an té taoi d'iarraidh,
a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,
dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;
aontamha go fóill fuiling.
Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,
gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;
feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,
go bhfaghbha th'fhear ionnuachair.
D'éis dealuighthe go réidh ruibh
d'fhuil Chuinn Is d'fhíorfhuil Eoghain,
a bhean naoidhe an Chláir choimhthe
an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?
Meinic riamh seinbhean mar sin,
a leannáin Airt Éinfhir,
do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,
a threabh dhiamhair na ndeargród.
Líthear ort-sa re hathaidh,
a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,
caor do mhianaigh Mogha Néid;
sona an liamhain dod leithéid. Duit do thairngir an fáidh Fionn
feacht riot i ráithe aoibhioll
do dhearbh go mbiadh 'gun bhanfháidh
leanbh a-niar dá nuaghabháil.
Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;
leanbh óg don chloinn Charthaigh-se do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh
do tharngair an fáidh Fítheal.
Dá labhradh éinfhear eile
leat go teacht don tairngeire,
a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,
oiréadmhar liom an labhairt.
Do-níd fáidhe Fuinn Ealga
do-níd síona soineannda
ar Thealaigh na dTrí gCuradh rí leanaibh do lámhnughadh.
Ar a leithéid do leanabh
sgéala dhuit dá fhoillseaghadh,
aoighe sgeoil uaignigh annaimh
d'uaidnibh an eoil fhuaramair.
Lá thoir i gcath Chluana Tarbh
d'airdrígh Éireann na n-órarm
tig an uair-se d'fhagháil gliadh
's a bhranáin uaisle ar aoinrian.
Le cloinn Bhriain na síodhbhrugh seang
an bhanfháidh darbh ainm Aoibheall;
gus an mnaoi d'iarraidh fheasa
tiaghair ar chaoi chairdeasa.
A-dubhairt Donnchadh mhac Briain:
"cia dhínn thuitfeas san troimghliaidh
d'uaislibh griandathta chlann gCais,
a shann iarrata an eolais?"
"Airdrí Fhódla na sreabh seang
tuitfidh Brian ann" ar Aoibheall
"tuitfidh Murchadh — gá mó
sgéal —
ní foghthar 'n-a chló a
choimhthréan.
"Tuitfidh Toirdhealbhach óg ann,
mhac Murchaidh bhus cruaidh comhlann
re cois roghan fhréimhe Cais; folamh Éire 'n-a n-éagmhais."
"Cia ghéabhas Éire dá n-éis"
ar Donnchadh ghnúis mar gheilghéis
"sloinn dúin, a bhanfháidh mBriain,
súil ní faláir re finnChliaigh." "Biaidh an tír-sin na dTrí bhFionn
do réir m'fháisdine" ar Aoibheall
"i ndiaidh na n-ardshlat oile ag Tadhgmhac Briain Bóroimhe."
Gá dám dó, cuirid an cath
Lochlannaigh Is laoich Teamhrach;
má tá nar shlán clann Chobhthaigh
ár ann ar na hAllmhurchaibh.
Marbhthar le Donnchadh 'n-a dhiaidh
urra codhnach síol saoirBhriain; reacht na Fódla mairg do mhill
le fógra Thaidhg do thuitim.
Go hAoibhill d'éis an chatha tig Donnchadh gnúis ghealdatha
go fáidh na ríogh ó Ráith
Luirc
do ráith narbh fhíor a n-éabhairt.
"An tí dar thairngir sinne Ráith Teamhra Is Dún Duibhlinne — a chionta dhíom ní dhlighe —
dá shíol tiocfa an tairngire.
"I gceannas Críche Teamhrach
rachaidh mac Taidhg Toirdhealbhach
ua na ríogh bhus rí
eile
do-ní fíor dar bhfáisdine.
"Beag dtarbha dhuit, a Dhonnchaidh,
caill do chirt led ghníomharthaibh;
uait féine i ndiaidh do dhoibheart
biaidh Éire gan aoghaireacht.
"Ní laibhéar go laithe an bhráith d'éis shíol mBriain" ar an
bhanfháith
"gidh doiligh linn gan leanmhain
don bhuidhin fhinn ildealbhaigh." Do b'fhíor d'Aoibhill a ndubhairt fuighle ar nach fuil contabhairt; ráinig ríghe Is reacht Teamhrach neart na tíre ag Toirdhealbhach.
Do thairngir fáidh fada ó shoin
go mbiaidh neart Oirir Fhionntoin
ag Domhnall do chloinn Charthaigh
roinn ghormlann ar ghníomharthaibh.
Muna thí an tairngire is-teach
don Domhnall-so fa dheireadh
— biaidh lá bhus ard a eire —
do Thadhg a-tá an tairngire.
Fáisdine athar más fhíor
tiocfa is-teagh d'oidhre an airdríogh
más fhíor labhradh gach fhir eoil;
ag sin adhbhar m'uirsgeoil.
Tréig, a Thaidhg, do trealamh leinbh,
ná luaidh feasda feidhm roimheirbh
— súil Mumhan ribh dái-ríribh —
sir do chuladh gcaithmhílidh.
Gabh umad th'úirbheart iarainn,
a rosg glas mar ghoirmniamhainn,
caomhthruaill do ghlanlúirigh ghil
gharbhghlúinigh dhaolchruaidh dheilgnigh,
Gabh do loinn gcorrghlais gcumhdaigh,
a mheic na mná ó ríogh
Lundain,
samhail smuail do dhrithlinn deirg
dá fhichlinn chruaidh led
chéidfheirg.
Gabh mar so le séan uaire
dá shleigh Con na Craobhruaidhe;
fa baoghlach brath na bhfoghadh
i gcath fhaobhrach Fhionnchoradh.
Minic ród fhuair a fhéaghain
mionn litreach lán d'óiréanaibh,
sgiath fa cruaidh i gcath Ghabhra
's do-chuaid ón chath chathardha.
Ná beir leat i gceann chatha
achd airm adhbhair ardfhlatha;
t'fhailm fhionn dhathómra
ós do
chionn
do mhionn clachórdha cloichfhionn.
Tairg do thobhach do chóra;
go meala, a mheic Onóra,
th'airm curadh go gceo nimhe
ler chumhan gleo Gáirighe.
Ní mholaim dheit, a leinibh,
— cóir dhuit Éire
d'fhóiridhin —
bheith éigcríonna id leanbh go
léir
dearbh do chéidghníomha, a
choiléin.
Mór gcath chuirfeas do dheoin Dé
mhac Domhnaill, gnúis mar ghlainré;
cóir súil re sealgaire an luin dhúin gidh leanbaidhe a luaghail.
Cuirfidh cath Mhullaigh Maisdean
gleo re bhféachfaidh fíorghaisgeadh;
brisfidh calg fa mhagh Midhe;
gar do thadhg an tairngire.
Cath díbheirgeach Dúin na Sgiath
cuirfidh oidhre fhóid fhinnChliach;
re a ré muidhfidh gach mearchath
is cuirfidh sé an Saingealchath.
Dá ró Tadhg i dtréan Bhanbha
biaidh ar-ís 'n-a n-athardha
gach aoinneach san riocht reimhe
do shliocht daoineach Deirgtheine.
Dlighidh ollamh uirrim ríogh,
reic a áithis 's a fhéilghníomh:
gabh ar tós m'fhorfhuighle, a fhir,
rem chomhairle fós fuirigh. Fuirigh. | https://celt.ucc.ie//published/G402120.html |
G402121 | Gach éan mar a adhbha | Tadhg mór ó huiginn | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,702 | Tadhg Mór Ó hUiginn cct.
"Gach éan mar a adhbha"
oirrdhearc so Is 's sé
leantar;
gach ealta mar oiltear;
ní chleachtfa achd a cleachtadh.
Lachain i laoibh sneachta
ag snámh eighridh uaine,
ní fearr leo lá gréine
as teo ná an chlá as cruaidhe.
Eoin íochtair na fairrge
dá nach foghnann faidfhéar
bíd choidhche gan chadódh
gach n-oidhche fan aigéan.
Éadána eoin mara
ar muigh nach múr trágha;
eoin moighe ná móna
ar doire ní dána.
Eoin coilleadh ní cleachtaid
cuaird ar muigh ná ar maighshléib;
nochan fhaghbhaid dh'anbhuain
nach adhraid don aimhréidh.
Beathadhaigh an bheatha
mar bhíd eoin na n-ealtadh,
gion gob dh'aonchrúdh oiltear,
gan claochlúdh do chleachtadh.
Cách fa a gcleachtadh bhunaidh,
bláth dearcan tre dharaigh,
fir fa cháil a gcionaidh
is dáibh sin a samhail.
Gach macaomh mar mhúintear;
Maghnus maith do múnadh,
slat Breagh, Brian na nGaoidheal,
mac mar Niall geal Glúndub.
Maith do múineadh Maghnus
mac Conchobhair Carna;
gidh tréan nocha toghdha;
gach éan mar a adhbha.
Maghnus mar do múineadh
cá Gall glas ó ngéabadh?
sé ag dul tar gach ndúnadh
Lugh é Is ní hé a éanar.
Lugh é Is Cú na Cearda
— gach cleas 'gá chúl chraob-hach —
ainm dó im gach mbuaidh Buadhach
i ngach uair bhus aonach.
Gach buaidh as bhuaidh aonaigh
fhuair 's ní fhuair gan iarraidh;
sleagh re sdargha sduadhaigh,
fear Falgha, fear fiadhaigh.
Fear feithmhe gach fhásaigh,
fear catha agus comhluinn,
badhbh gheal go ngroigh sheangdhuinn,
fear 'ga bhfuil gach foghluim.
Oide múinte Maghnuis
maith ar chách a chomaoin;
tug druim re gach ndobhuaidh
Ó Chuinn gion go gcommaoidh.
Do mhúin féin dó dochar,
do dhruid é i ngach ionadh;
níor mhúin ón ló as leanabh
dó achd a shúil re shiobhal.
Do mhúin trá dá throighidh
théid i n-ágh re n-ógaibh
ag breith cruidh gach chóigidh
fuil do bheith 'n-a bhrógaibh.
Do mhúin dá ghlún ghealchorr
ghabhas beirn re biodhbhaidh
a fhilleadh go harnaidh
re himeall i n-iomghuin.
Do mhúin múnadh éagcóir
dá ucht réidh go riarthair
bheith i gcomhdháil chaomhthaigh
re corrgháibh i gcliathchaibh.
Do mhúin béas dá bhrághaid
— béas aice as ord cagaidh —
gan ní uimpe idir
achd muince go madain.
Níor mhúin at achd iarainn,
nó at cotún craobhach
ón cam gach craobh líneach
'n-a bharr as caomh caolach.
Do mhúin bheith ag bogadh
fan gcleith nó fan gcloidheamh
bas choirrgheal an churadh
re toirneamh na dtroigheadh.
Do mhúin meadhón oidhche
onchú an earla ghlúinigh
loighe i ndoire dhiamhair
's gan loighe achd 'n-a lúirigh.
Olc d'fhulang ga fhoghluim Is eadh dhligheas deighfhear;
fear céadmhaoidhte curadh
ní héagcaointe a eidhear;
tig 'n-a thuile a thoradh
do dhuine fa dheireadh.
Ní tearc toradh iongnadh
aige d'éis a fhorbhaidh
do shról dhearg, do dhoinnmhil,
don ór ceard i gcornaibh.
D'fheoil, do lionn, do luachair,
do thuathaibh fa threabhaibh,
do dhíon bó, do
bhroghaibh
d'fhíon Is an ló leabhair.
D'éadach agus dh'eochaibh,
is dh'éideadh mar fhaghlus,
dh'arm go n-ór, Is dh'ionnmhus,
dhiongbhus Mór do Mhaghnus.
Maghnus mhullaigh Tailltean
troid ris Is réim anáigh; gar don rígh ó roBhóinn tír nar ghabh do ghabháil;
maith dá bhfuair ní furáil
do fhlaith ar n-uair d'fhagháil.
Rí gaisgidheach nGaoidheal
gorm a chloidheamh crosghlan;
rí na n-each a each-san
do-ní an chreach do chosnamh.
Ní héagcosmhail aigneadh
dá eoch 's d'fhior a druimne;
lán Éire dá n-inmhe;
re chéile isad cuibhdhe.
Each geal, gruagach doinnfhionn,
dias a-tá ar tí fuadaigh;
creach fhear Is each n-éididh
re n-each ngeal an ghruagaigh.
Gruagach go méad míleadh
do-éid ar gach n-aoinfhear;
each gráineamhail gléigheal
re ngáidhfhearaibh Gaoidheal.
Manannán an mharcshluaigh, Maghnus Muighe Muaidhe fear eich sheinggil shídhe agus eirridh uaine. Níor chumhga neart námhad
ní do-san ná di-se;
Dia deisiol na deise
ei-sion agus i-se. Is í an Liath Mhór Macha,
mór n-anbhuain ro fhuluing;
tug sei-sean bú a Boirinn
is ei-sean Cú Culuinn.
Is i-se an t-eac oirrdhearc,
Each geal Taidhg ghloin ghraifnigh;
ó a cholg thei-sean teithtir;
Tadhg ei-sean nó a aithghin.
Is i-se an Liath luirgneach lingeas cách i gcathaibh; sei-sion mhac Maoil Mhithigh
as phrap re taoibh tachair.
Si-se re sluagh nGaoidheal
Gob na Sgéal sgeamh sholamh;
sei-sean Murchadh Mumhan
nach tomhthar do thomhadh.
Sei-sean Síoda Odhar
dar bh'aithnidh gach aonach;
si-se leath re Lámhach
a each achd nach aondath.
An Blár Aodháin i-se
agus Aodhán ei-sean;
léigthe an magh dhí Is do-san
dá rabh sí agus sei-sean.
Sei-sean Lugh lá an tachair
ler thuit fine Fomhra;
triall teithidh ní tarbha
ris an mbeithir mbodhbhdha
fa fhonn Mhuighe Meadhbha
ar Dhonn groidhe Garmhna.
Conall Cúigidh Chonnacht
chosnas Magh n-Aoi n-armghlas;
is cathaighe coimhdheas
fan machaire Maghnus.
Maghnus mhullaigh Cruachan
croidhe brodla bághach;
doirbh fa mhúr Sainbh srianach
sbairn re lúdh 's re lámhach;
re ghleic ní ghabh lúireach
fa Mhagh mhac meic Mághach. Gach. | https://celt.ucc.ie//published/G402121.html |
G402122 | Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,910 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill
ainnre 'mun mbinnghil mbarrdhuinn,
inghean shaor dhealbhdha Dhomhnaill
craobh ghormfhuinn Leamhna labhraim.
Geall gaoise Is oinigh Ailbhe
'gun mhnaoi-se oirir Uidhne;
ní dá méin tre mhéin Shaidhbhe;
Ailbhe í ar chéill 's ar chuimhne.
Sadhbh inghean Domhnaill Daoile,
finnbhean a horlainn Áine,
ceannchadh neamh — gá ní as bhuaine? —
bean Muaidhe 's do-ní náire.
An bhean 'n-a mnaoi as fhearr inmhe
do bhean geall do ghnaoi Ailbhe;
gan ghrádh neith ar chraoibh Choinnle
coimhdhe do dhreich shaoir Shaidhbhe.
Inghean Domhnaill Óig aghar
tar gach móid ag a moladh
díoladh a duain d'éis fhileadh
re cineadh géis Cuain Choradh.
Éisdid sluaigh innbhir Uidhne
rer nduain d'inghin a n-oidhre;
éisdid sluaigh iarthair Aidhne
duain Saidhbhe ó iarrthair oirne.
Céim anshógha ní hionráidh
tar fréimh Anóra d'fhaghbháil;
bacadh uilc díorma daghshluaigh
anbhuain ríoghna Guirt Gabhráin.
Inghean Mhéig Carthaigh Cliodhna
carthair fa mhéid a meanma
do sia don toigh bean Banbha
nó targha a-noir teagh Teamhra.
Dáil a cruidh cian ó thalluinn,
dáil a sguir sgiamh don choinnill,
a ndáil uman gceird chumaim
cáir urraim don deirg dhoinnfhinn.
Gnúis niamhdha ranua roigheal
ag banua Iarla Uladh;
do Shaidhbh Is cáir a gcuireadh
cuireadh gairm ar mhnáibh Mumhan.
Rug ó gach mhnaoi buaidh bronnta
fuair ghnaoi — ní gnaoi as nar theannta;
do-ní sgol do réir rompa
bronnta ag féin Dor go ndearnta.
Re taoibh a dtabhair d'airribh
's a bhfaghair d'aoibh ón ainnir
sgíos ó chuaird ar gach choinnimh
bhíos ar choinnil shuairg Shaingil.
Táin do ghnáth i nglas chongna
do láidh bas mar bhláth
n-abhla;
do thuill san eing an ealbha
ar chuirr sheaghla sheing Shadhbha.
Do ráidheadh re a dreich ndeighgil
"do sheich t'áireamh i n-Albain;
gé fríoth riamh olc ó a n-airgnibh
gan mhian Cairbrigh ort d'argain."
Mac Dé ní dóigh dod
thréigean;
is é as ghlóir do ghlac ndíggeal;
is dóigh dá mbé ort éigean
éideadh bocht Dé dod dhídean.
Fial an bhroineach réidh ríobhan
nach léir tar th'oineach éanar;
dá ndearnta ag dáimh ibh d'aoradh
baoghal libh dháibh a dhéanamh.
Re linn mhná bhrogha Bhóinne
ní thora lá achd lá gréine,
maidean reoidh fa mhagh Máighe
eoin áille ag car le chéile.
Sa mhoigh mhín aibhnigh ealaigh
'n-a tír ghloin aingligh iodhain
sreabh chaol 's a cuan 'n-a choraidh
ó bhonnaibh craobh n-uar n-iobhair.
Sruth go mín, eas ag turnamh,
teas i sín, suth i bhfoghmhar,
crodh fan mbragh, iasg i n-innbhear,
damh ag inghear riasg roghlan.
Mionn súl áille gach ubhaill
ó Dhún Máighe go Manainn;
a-nuas do sóigh le soininn
cnuas mar fhoirinn óir d'abhaill.
Druim re fiodh foghnaidh dhúinn-ne
miodh chuill i gcornaibh uaine;
caithtear an lá geal gréine
re chéile Is fleadh mná Muaidhe.
Tír bhar sluaigh-se i seilbh Sadhbha
fuair-se deilbh 'n-a deilbh dhiongna,
lucht ar leith fa bhuaidh dealbha,
meanma an tsluaigh ar chleith Cliodhna.
Eala Cuain lochbhuig Luimnigh
do thuair fhochruig dá hanmain;
fuath dhí ní bhia achd ga biodhbhaidh,
ionmhuin le Dia í amhlaidh.
Mo chean don mhoill úir iodhain
nar thúir doirr achd doirr Deamhain;
a crodh gé do-chí ag buidhin
guidhidh sí a ndol gan deabhaidh.
Ráidhte dhúinn d'fhuighlibh aobhdha
ris an suilbhir n-úir n-óghdha:
"ní fhuilc achd adhbhar ríoghna
t'íorna fhannghlan fhuilt órdha.
Uathadh bean i mbia t'úire,
ní lia fear mar fhear n-Áine;
mór bhur n-éad re clú a
chéile
tú Is do chéile, a ghéag
Gáille.
Súil Banbha fa bean d'Éibhear
ret fhear, a fhabhra míondubh;
an teach i mbí Is barr Gaoidheal
dá maoidheamh ann rí Is ríoghan.
Fuair an ríoghain-se robhladh
do fhíoraidhbhsigh uaill ndeaghbhan;
sí céad nó dá chéad
fionnbhan
ní hiongnadh dhí méad meanman.
Gaoth dhaith ar ndruim na foirne,
flaith i gcuirr gacha cairbhe,
lucht loingse ó Lios na Beirbhe
d'fhios deilbhe soillse Saidhbhe.
'Ma súil gcuirr-se do cumadh
a coimse do chlúimh mhalldubh;
im rosg mhall Sadhbha ag silleadh
filleadh mong n-abhra as andubh.
Gnúis réidh gheal i n-a goire
dá nar bhean béim ná bine
abhra mná Moighe Ruidhe
duibhe tá i ngoire gile.
Buaile clúimh as lór liobhra
súil mhór uaine fan abhra
dlúthmhong cheart 'n-a dá colbha
comhla dearc súlchorr Sadhbha.
Gan locht cuma ar craoibh n-Aise
truma a taoibh, truma as deise,
crios mar soin budh díor dhi-se
'n-a cris-se fhoil díol deise.
Treabha as lór daingne Is dlúithe
far Saidhbh-ne ag slógh na críche;
gach treabh dá treabhaibh bláithe
snáithe geal feadhaigh fíthe.
Gasradh ghlan ógbhan uimpe
tres an magh bhfódghlan bhfinnte;
ag dul don romhaigh reimpe
eillte ag cur omhain innte.
Inghean Méig Carthaigh choirnghil
tar nach barrthair ar bhiodhbhaidh mar do bheath le géis nGabhraigh
cabhraidh neach d'éis a hionnlaigh.
Dlighidh sí anáir óighe
d'fhagháil óir Is í as
cáidhe;
is lia náid na laoi saoire
aoine re Dia ag mnaoi Mháighe.
I dteach nDé do ria an ríoghan
Dia lé i leath ris an saoghal; do-ní Is gan chleith nGlaoi i
ngábhadh
crábhadh neich do bhaoi i
mbaoghal.
Inghean Domhnaill Dúin Luimnigh ag foghluim 'gan úir fhinnghil;
cian ó bhaois airrdhe amhlaidh
cabhraidh gaois Ailbhe an inghin. Gaois.
Gaois Domhnaill Óig a athar
i n-Eoghan an airm cheannghlais; bláth Is mil re a ré Is raitheas — níor bh'é sin flaitheas
Fearrghais.
Gaois Dunlaing ag díon Buadhaigh
cách do shíol Domhnaill
daoraidh
taoiseach cuaine úir Éibhir
féinnidh Uaine an chúil chraobhaigh.
Art Ó Caoimh do char bandál
a aoibh dhamh 's a dhaonaigh
fíon le túr 'n-a theagh
mhiodhfhuar
diombuan greagh i n-úr aonaigh.
Cóir Ó Donnchadha a-déarmais
do chomhthogha im Bhóinn mbraonghlais
Tadhg Sionna ós gach mugh maoidhim
giolla a Brugh aoibhinn Aonghais. Ar feirg nDé díneadh mei-se Míchéal aingeal dá n-éada;
sinn don aingeal 'gar n-aithne
daingean linn d'aithle éaga. Gaois. | https://celt.ucc.ie//published/G402122.html |
G402123 | Iomdha uaisle ar iath Laighean | Eoghan mac craith, an t-órthóir | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,470 | Eoghan Mac Craith, an t-Órthóir
cct.
Iomdha uaisle ar iath Laighean;
a n-áireamh ní fhéadfaidhear,
ní headh nach éidir gidh eadh
seal éigin ar a n-áireamh.
Leo an chuid as uaisle d'Éirinn
clann Chathaoir mheic mhóirFhéilim
críoch as ar mhínigh Magh Fáil
as ghar d'fhíndigh Is d'éadáil.
An cúigeadh cuid do Chlár Breagh
is comha cheathra gcóigeadh
tugadh do chloinn Nuadhan Neacht
leis nach loinn uabhar d'éisdeacht.
Na tolcha as teirce sreabha,
na linnte as lia éigneadha,
's an úir as saidhbhre sealga
fúibh, a Laighne láimhdhearga.
Aoibhneas iarthair an bheatha
i nbhar láimh, a Laighneacha,
an ghoirmthealach fhóidshean fhionn
's cóigeadh oirthearach Éireann.
An múr ós Dhuibhlinn Is dí,
's an ráth i raibhe Ó Baoisgne,
ráith Teamhrach fa ngealann grian,
is seanfhann greadhnach Gailian.
Cúigeadh Laighean na learg dtais
muna chuirthí cré Pharrthais
níor shill súil, níor thiomchuil
traigh
úir budh ionchuir 'n-a haghaidh.
An rann coimmeasa do-chiam
ag breith ghill do ghurt Ghailian
as gheineas Bóinn Is Bearbha
leigheas dóibh ar dhoimheanma.
Gach buaidh nuadh, gach sochar sean
dá gcluinim ar chrích Laighean
ní hé do uaisligh í acht Art
ag a mbí ar uaislibh umhlacht.
Géag phailme Pharrthais Ádhaimh
mac áirmheach Airt Chaomhánaigh
mac Sadhbha no saoi do nimh
slat naoi mheic Amhra a aithghin.
Ní hionann béas — is báidh
leam —
d'Art agus d'uaislibh Éireann fiú leis gach neach teacht 'n-a theagh
's Is tearc teach i n-a dtéid-sean.
Umhluighthear dhó i mbonnaibh beann
's i gclochaibh aolta Éireann;
do-ní a mbí san fhionnmhuir d'Art
's a mbí san fhiodhbhuidh umhlacht.
Laighnigh na laoidheang dtana
Art fhóireas a n-easbhadha
gan bhreith ngill an ní fa nimh
nach bí re a linn i Laighnibh.
Do mhéaduigh neimheadh gach naoimh
sochar do chlannaibh Chathaoir;
glór laoidheadh agus leabhar,
glór aoigheadh dá n-uaisleaghadh.
sa díobh as dú a leanmhain
ainm suaithnidh i seinleabhraibh
ainm cóir do Laighnibh do lean
Laighnigh an óir a n-ainm-sean. Ór uatha i ndíol gach dána,
is ór chuca a
gcíoschána;
laoich ó tholaigh mhóir Mhogha
monaidh óir a n-almsodha.
Ór corcra ar chlár a mbrannaimh,
ór ceard ar a gcathbharraibh,
ór tar sréin nglannuaidhe a ngreagh
le féin lannuaine Laighean.
Ní leasainm Laighnigh ar óir
d'fhéin Laighean um cheann gcomhóil;
féinnidh um an ól ní ibh
éindigh nach a hór ibhthir.
Do chumhdach a gcolg leabhar
iomdha ór dá aithleaghadh;
's Is iomdha bruithean óir
ann
do bruitheadh do bhróin
buabhall.
Ní dleaghar ionnmhas eile
mar éiric 'n-a n-oirbhire
einioclann d'ór ó gach fhior
do shlógh geimhiolthrom Ghaoidheal.
Clann chéadfadhach Chathaoir Mhóir
darab cíos comhtha deargóir,
a n-anáir do-chiú ar an gcloinn
gan a fiú d'fhagháil d'urroim.
A-tá rí orrdhruic orra
ar a bhfuil ádh urroma;
éigne ó Bhóinn bháineithrigh
Bhreagh
áirimhthir ós ghlóir Ghaoidheal.
Clann Chathaoir, ceardcha an chogaidh,
fa Art Óg ní fhuaradair
lá nach mó sa mhó a meanma
ón ló a-tá 'n-a thighearna.
Ní faghthar, ní fríoth,
árach
orra fa Art Chaomhánach;
doras gáidh ann níor hosgladh
i n-am áigh nar iadhosdar.
Sleagh bhaoghlach 'n-a bhais tana
fraoch catha ar Mhac Murchadha;
go n-athraigh Art gné an ghallgha
gan é i n-alt a agallmha.
Rí cúigidh láimhdheirg Laighean
gidh bé fáth far feargaigheadh
ar a leas nó i n-aghaidh Airt
i dtreas ní lamhair labhairt.
Do bhíodh ag leonadh lann nglas
mar do ghabhadh fearg Fearghas;
re mac rionnamhail Rosa
ionnamhail an eagla-sa.
Agra leis ní lamhadh neach
tagra ris níor fheidhm áiseach
taoiseach cuaine fhear nUladh
feadh a uaille d'ardughadh.
Fearg mheic Róigh i Ráith Mhacha
's a bhéimeanna baoghlacha
do adhain fearg mar í ar Art
rí danab ceard an chródhacht.
Fearg an tochair ní théid de
an rí go cluinsin gceirde;
nó go searg le snáth umha
a fhearg ní háth iondula.
Gion go ngoirthí roimhe riamh
roileag Éireann d'iath Ghailian
rí danab cáir cairt Bhanbha
i láimh Airt Is iongharma. Iomdha. | https://celt.ucc.ie//published/G402123.html |
G402124 | Iongaibh thú orm, a Iarla | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,180 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Iongaibh thú orm, a Iarla,
mór mh'fhearg ret fholt ngéigniamhdha;
ná tabhair fheirg ar th'fhilidh;
teilg i n-aghaidh th'aindlighidh.
Sul thuileas mo thonn fheirge
do ghríosadh do ghruaidhleirge
do-bhéar robhadh romham féin
gidh foghal oram ei-séin.
Na foghla as a bhfás pudhar
orm, a Iarla DeasMhumhan,
tú do-ní iad ó fhuilnge,
a rí Liag dá leanfuim-ne.
Ní racha sinn seachad féin
dot éagnach, a ucht mínréidh;
red ghnúis mbuig Is dú a dhéanamh,
dhuid a-tú dá thaisbéanadh.
Is ort as cóir a chumhal
d'agra, a Iarla DheasMhumhan,
lucht faghla nach rosgar ruibh
do losgadh mh'arbha ar th'ionchuibh.
Gé tharmairt a thoidheacht de
goradh do ghnúise háille
ar son ghairthe gráin leargan
ní cáir aighthe d'imdheargadh.
Óglách dhuit do-rinne riom
adhbhar móide nach maithfiom;
gníomh té dá dtíosadh don
mhóid
mé dod ghríosadh, a Ghearóid.
Dá ndearnainn, a dhreach mar bhláth,
gríosadh th'aighthe tret óglách
mó a chionta don tí dá dtig
gach ní dá dtiocfa treimhid.
Ar ulc riot-sa agus rum-sa
tángas d'fhoghail oram-sa,
a ghéag shúlchar Shíotha Truim,
do rúnchar fhíocha eadruinn. Feall orm do chaibhdhin charraigh
ní leanabh é ar easurraidh;
'ma íoc ná déanaidh-se doirr;
m'éaraic-se Is díot do dhleasoinn.
Ar mbiodhbha d'eadráin oruinn
tar éis meabhla 's míochomhuill,
a leomhan dearccorr fionn Fáil,
leattrom Is gan ionn d'eadráin.
Uirre sin gidh saor thu-sa,
éagcóir d'éis na meabhla-sa
lucht a déanmha i dtreise id thoigh
— gé théarna mei-se ón mheab-hail.
Gion gur thuiteas leo Is leanta
dhaoibh-se drong an aineachta
mar do dáilte crú mo chuirp;
im shláinte Is dú mo dhíoghuilt.
Feall orm, Is gan é ar séana,
cuin dhíolfa nó dhíghéala?
dlighidh tú a dhíol nó a
dhíoghail
síodh mása dhú i
ndoighníomhaibh.
Suidheochaidh mé do mhuin cheirt,
clú th'fhéicheamhnais gidh oirrdheirc,
an gníomh doluigh nach dearnais
oruibh do bhríogh breitheamhnais.
Créad fhuil agaibh 'n-a aghaidh
gan a íoc ret ollamhain?
lucht cogair fhaghla mh'fhine
agaibh tarla i dtuinidhe.
Cuma gá conair raghas
an fear re bhfuil mh'fhaltanas
ní bhiú ag cleith dola ar a dhruim,
a fhala Is id leith leanaim.
An uair badh chóir dhuit druim ris
nó a mhilleadh, a mheic Mhuiris,
is gníomh dod dhreich mar dheargfhuil
bheith ag díon do dhíbheargaigh.
Mar nach fuigheadh fear dom chloinn
bheith tar th'oirbhire againn
bheith agaibh ciodh 'ma badh cáir
dom fhior chagaidh gá chongbháil.
A Ghearóid, gidh doirbh dhamh-sa
druim do chur red chumann-sa
ceadh 'ma badh ionpháirte inn
is fear mh'iomcháinte ar th'uillinn.
Gé táim ort ag iarraidh ceirt,
gidh ullamh thú dá thoirbheirt,
leasg gan t'agra, a fhleasg Leamhna,
leasg tagra re tighearna.
Tú d'agra gan t'aithghin linn
mo dháil Is mó do mhaithfinn;
gidh ionam linn dod leanmhain
ní hionann inn d'fhéicheamhnaibh.
Gidh mé as dírghe cuid don cháir
dá n-agrar thú, a thuir Iomdháin,
budh beag dtaraidh an tulchóir
it aghaidh don agarthóir.
It aghaidh, a fhabhra mall,
gé tá an fhírinne agam
ní íocfa, a ghéag Thoighe
Tháil,
acht oile dhéag do dhíoghbháil.
Déantar síodh nó bearar breath
eadrainn, a earla fáinneach;
lór dhúinn a ndobhramair air,
a ghormlannaigh úir éachtaigh.
Nó bíoth cairde leath ar leath
'n-ar ndáil gidh fada an fuireach
nó go dteagmha, a dhaithghil duinn,
dod fhreagra th'aithghin aguinn.
Tuigim Is mar thuar faladh,
gidh iongnadh an t-ordaghadh,
móid agad dhreich raghloin ruinn
ar mbeith a hadhbhair aguinn.
Rum do rinneadh an bine
fa bhfuil oram th'oirbhire;
do-ghéan uime mh'oirbheirt féin;
an buille oirrdheirc ei-séin?
Baramhail do-bhéarar dhi
urchor i n-aghaidh ruaige
dá dtógbha fhalaidh eile
i n-aghaidh ar n-oirbhire.
Má do chiontuigheas rut riamh
i gcúis fa madh cóir mh'aimhriar,
a fholt na bhfinnearladh bhfann,
nocht an t-indearbhadh oram.
Achmhusán nach eagail damh,
gé tú ar thoradh mo theangadh,
gríosadh neich fa a ní féine
ná bheith ar tí toibhéime.
Aimhleas ar Ghaoidheal ná ar Ghall
do mhuin diomdha ní dhearnsam;
is díleas inn dá gach fhior;
sinn fa dhímheas níor dligheadh.
Do-ní mé — ní dá mhaoid-heamh —
i n-aghaidh bhar n-iolmhaoineadh
dot fhéin dhaoinigh druim ar druim
réir gach aoinfhir fam acmhuinn.
Aithreach a fhad do leanas
díbh gidh maith bhar muintearas
más é as tuar dímhiadha dhamh,
a sduadh mhínfhiadha Mhumhan.
Trem dhiomdha ar do dhreic rachaoin
ní fhuighbhe uainn éantathaoir;
nochan fhuighbhe uaim itghe;
is cuibhdhe uaibh imirce.
Imirce nach áil linne
do-ghéan d'aimhdheoin mh'intinne
tre fheirg ret aighidh nuaidhe,
a dheirg raighil rosguaine.
Ceileabhradh dhuit — dia do mhóid;
mei-se ag gluasacht, a Ghearóid;
do sheachna ar neach níor dhú dhamh
muna bheath tú dom thréagadh.
Fear aithne na n-uile cheard
dom thréagadh truagh an díbhearg;
gá dú acht ní aithnighe inn
gidh tú as aithnighe i nÉirinn.
Feabhas th'aithne, a fhir Theamhra,
córaide dhamh doimheanma
th'anáir faoi ó nach fuighinn;
fagháil gnaoi do ghnáthuighinn.
Dar leat nocha rabha riamh
id bhrugh, a bharr na bhfinnchiabh,
is ná faca sibh sinne,
a fhir dhathta Dhuibhlinne.
Dá dteagmhainn duid ar druim róid
seocham do ghéabhtha, a Ghearóid,
gan mé ná thú rinn do rádh
agus rinn chlú ar mo chomhrádh.
Beag má do-bheirim aithne
ort gidh adhbhar machtnuighthe
mar do-chuaidh th'aigneadh tar ais
uainn ar gcaidreamh bhar gcádhais.
Ní chongbha th'aghaidh mhóir mhoill
feadh a haithinte oruinn;
deacair dhamh aithne uirre
gan char aighthe oruinn-ne.
Dar leat ní tu-sa a-tá ann
gér dhlúith dá chéile ar
gcumann,
nó no ní mei-se mé féin
gidh bé dan treise a thoibhéim.
Baramhail aithne agam
a-tá, a chraobh fhial fhabhradhdonn,
ar do ghlár 's ar ghné th'aighthe
gidh lán mé dod mhearaithne.
Gé aithnim th'aghaidh gcorcra
is th'ucht solus somholta
t'aigneadh ní aithnim a bheag
aithghreim dod chaidreamh caithfead.
Ní hé a ghuth as ghabhtha orm
mo bhiodhbha, a bharr na bhfiarchorn;
do mhealladh, a bhionnshlat Bhreagh,
d'iomlat teangadh ná tigeadh.
Is faoi leis an bhfear do chum
dhuit sgéal aimhleasa oram
gion go ndéine inn d'ionnlach
sinn dá chéile coimhdhiomdhach.
Ní hé ná badh éidir lat
a chosg, a chiabh na bhfionnshlat;
a mbí im cheann gion go gcoisge
do-sní dream as
díochoisge.
Gion go gcoisge an gcaibhdhin mbig
do-ní orm cion nach ceilid,
cogadh na gcuradh coisge,
pobal Mumhan míonfhoisde.
Do choisgis cogadh chlann Luirc,
do cheartuighis chloinn shaorChuirc;
ceadh fa gcoisge na ríogha
's nach coisge mh'fhear eissíodha?
Eadram agus mh'fhear cionadh
libh gion go reich réidhioghadh
réidh uaibh UrMhumha Is Éile,
sluaigh urlamha aigmhéile.
Laighnigh i leith do dhroma
fraoch mar éirgheas eatorra
tú don chéadghuth ga gcosg soin
do bhrosd ar n-éagnach oruibh.
Do réidhigh do neart a-niar
snaidhm cogaidh Chloinne Uilliam;
truagh ar réidhigh do rosg glan
's gan chosg ar n-éinfhir fhaladh.
Mar sin dámadh loinn libh-se
do choisgfidhe an gcaibhdhin-se;
tig dhíbh Í Chairbre do chosg
is airge an tír le a dteagosg.
Ní chluinim cogadh dá mhéad,
a Iarla Inse finnGhréag,
nach coisge ó nach ceile
gion go gcoisge ar gcoillidhe. Iong.
Saor, a Eilionór, ar mh'fheirg
th'aghaidh leathain mhóir mhíndeirg;
gé tá míndeirge id ghnúis
ghloin
ní i gcúis díbheirge deargthair.
A Chondaois Cóigidh Mumhan
nar luigh ar lucht ealadhan
gidh tuar mo dhoirre a-dire
ní thoille uam oirbhire. Iongaibh. | https://celt.ucc.ie//published/G402124.html |
G402125 | Leannáin fileadh síol Suibhne | Eoghan mac an bhaird | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,918 | Eoghan Mac an Bhaird cct.
Leannáin fileadh síol Suibhne
treoin nach tráigh le cianchuimhne
caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,
róimh an oinigh d'oileamhain.
Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,
sliocht an Athlamháin áluinn,
an táin ó Thulaigh na n-Art,
curaidh gan ghráin re nguasocht.
Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh
's iad don éigse as fhóiridhin
ioldánaigh gan oil 'n-a gceann
le goimh iombádhaidh Éireann.
Is riú bheanas a bhríogh sin
"gnáth rath re cois an chaithimh";
tréad Suibhneach na saoirfhear mbras
fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas.
Laoich as cisde do chliaraibh,
leomhain síl Néill Naoighiallaigh,
slata cumhraidhe Crú Airt,
as urlaimhe clú ó ar
gcosaint.
Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha
téid tar cách a gcomhardha,
fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,
síol ó ngeintear an gaisgeadh.
Eangnamh Is oineeach Gaoidheal,
tréidhe as cóir do chommaoidheamh,
slata nach claon re comhaidh
aca ar-aon ar arodhain.
Mairidh aca go nua a-niodh
flaith leanas lorg na sinnsear
ar chuing réidhe a nduas do dhíol
ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh.
Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha
d'éifeacht Is d'ainm onórdha
is oidhre don chuaine ór chin
ar choimhdhe uaille an oinigh.
Méin oinigh aicme Suibhne
fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;
is sgath uaisleachta Chláir Chuinn
fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing.
Arsaidh cródha an chroidhe bhí
dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,
aoibhealltuir dar ghiall an gal,
saoileachtain cliar Is curadh.
Airrdheanna flatha fíre
's fós rath a fhréimhdhíne
aobhghlac dá n-aghthar gach ní
i saormhac rathmhar Ruaidhrí.
Réim tairrngeartaidh tarla faoi
ó aois leinbh an duinn dreachnaoi;
toil úr 'n-a mhéin mar mheasdair;
céim ar gcúl níor chuireasdair.
Aitheantar 'n-a fhéile sin
bheith dó ag diall re a aithribh
'n-a dhearbhghoil lúidh Is lámhaigh
's 'n-a mheanmain úir ioldánaigh.
Síol Suibhne na dtachar dte
mar bhíos 'n-a bheartaibh féile
dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr
i seinleabhraibh eoil Éireann.
Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin
fhríoth ar féile na bhfear-soin;
ní sgéal é ar nach cleachtar cion
's ar fheartaibh Dé dá ndídion.
Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire
lá éigin ar amhsoine
do-chí cléir 'n-a aghaidh air;
fa dainimh céim 'n-a gcomhair.
Iar dteacht leo dá láthair sin
ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh
nach géabhdais gan fhíon 's gan ór
's gach díol 'n-a éagmhais
d'urmhór.
"Tigidh don treibh i bhfuil m'ionnmhus
liom" ar an t-óg aisdearbhras
"ní cuibhidh ibh d'éara dhamh
's do-ghéabha sibh bhar sásadh."
Diúltaid uile deoidh i ndeoidh
dul leis ar áis ná ar aindeoin
muna aomhadh gidh bé a mbreath
acht é d'aoradh gan fhuireach.
"Fíon ná ór, ionnmhus ná
crodh,
ní fhuil agam ar iomchar
ní do dhíoladh dhámh budh
dhéin"
ar an ríodhamh sámh soiléir.
"Do chím-se" ar duine don dáimh
"fáinne óir fad mhéir
mheadháin;
ód ghruadh ghléadhonn go ngné
bháin
ní ghéabham gan é
d'fhagháil."
Cloch uasal go n-iomad buadh
do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar
is fa séad ríogh an chlach chorr
dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn.
"Badh libh" ar sé "choidhche, a chliar,
mo chloch Is m'fháinne ar aoinrian
's gan mh'aoradh dá aithle dhuibh
do shaoradh m'aighthe oruibh.
Ann sin do rad Maol Muire
a láimh 'mun idh órdhuidhe
's níor fhéad cor do chur dhi
ar gcur a chrobh 'n-a chéile.
"A bhuain díot dá ndeachadh dhuit"
ar duine don dáimh orrdhruic
"is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal,
nach tiobhairthe uaibh ei-sean."
Imdeargthar im Mhaol Mhuire
re comhrádh an chliaruidhe
nach biadh sgéal 'mun
fháinne
air
méar a láimhe gur leadair.
Tug a mhéar 's a fháinne óir
re cois a chéile i gcéadóir
do réir a oinigh fhortuil
don chléir dhoiligh dhíogholtaigh.
"Do-chímid i gcomhghar dhuibh
cuideachta, a mheic mheic Murchaidh,
ag so ar gcomairce far gcoir
ón ollaicme" ar na hollaimh.
"Bíodh libh comairce agus ceall"
ar sé ag silleadh 'n-a thimcheall
"a dhreichfheadhna go ngné ghil,
gidh bé ceithearna ad-chíthir."
Sillis ar an gcléir gcéadna
's ní fhuair an geal gnúisdéadla
ar ndéicsin fa seach mar sain
neach dá éigsibh 'n-a fhochair.
Mar do fhéach ar a ghlaic ngil
iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh
fuair méar a láimhe ar a láimh
's a fháinne — fa séan
sodháin.
Geall oinigh tar gach aicme
fhuair ei-sean 's a thiodhlaigthe
— níor thais a ndéagsain don
dáimh —
's an séad-sain ar ais d'fhagháil.
Clann Shuibhne na dtachar dte
ag leanmhain luirg a chéile
laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath
ón húr gach n-uaire an t-oineach.
Aithbheodhadh guail a ghrís-se
a-nois do-ní an Ruaidhrí-se
ón beo a-nú a hanam uaidhe
dá marann clú an chéadchuaine.
Ar tí óigfhir Aird na nGlas
ní tearc le n-iarrthar ionnmhas
ag so cailg na fine ó bhfuil
file gach aird dá fhéachain.
Lorg a shean — ghá niamhdha ní —
leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí
cruth fial ón faide meabhail
dial aige re a n-airrdheanaibh.
Mian leis-sean ar chóir gconfaidh
dáil a airm ar eachtronnaibh;
's í áil an diombrais donnghloin
dáil a ionnmhais d'ollamhnaibh.
Ní theasda ó bheithir Bhanbha bheith lán d'eagna ughdardha
— ceadh acht túr teasda dá
rath —
's ní theasda lúdh ná
lámhach.
Ní theasda oineach iomlán
ón óg fhaoilidh aighiodhnár
gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh
is láinte a ghruamdhacht gaisgidh.
Lámh thréan as tréithe le fann,
múr cloiche le hucht n-eachtrann, troigh sheangbhán as tromdha i dtreas
comhla Is dearbhfhál re ndoilgheas.
Bás cró ar a gceiltear fala,
mionn curadh Chláir ríoghLogha,
gus draige óna deacar dul
gan fheacadh aige acht d'ollamh.
Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath,
fuil Briain Mhóir mheic Eachach
id ghruadh mhíonghlan eang ar eing
— gá ríoghradh do b'fhearr
d'Éirinn.
A mheic Máire nach muidh mionn,
rogha Gaoidheal tá id thimchioll
coill gan chuimhne crann dtoraidh
clann Shuibhne Is clann Chonchobhair.
A sbraic ó n-anann t'fhoghlaidh,
a thráigh toraidh d'ollamhnaibh.
dan deoin gan éinfhear d'oba,
a threoir fhéineadh n-ánroda.
A mhealltóir seirce seangbhan,
a dhraig as cian cheileabhradh,
a chongbháil na gcleas ngoile,
a sheas urláir iorghoile.
Cairt 'ga féile ar fagháil gill
Mairghréag óg inghean Féilim,
doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt
coinneall an oinigh d'adhaint.
Cur a clú rug do roghain
pailm chubhra chlann gConchobhair
ciabh chloidheach dan cóir moladh
soidheach óir na n-ollamhan. Leannáin. | https://celt.ucc.ie//published/G402125.html |
G402126 | Le héanmhnaoi cuirthear clú ban | Aodh mac diarmuda mac an bhaird | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,582 | Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird cct.
Le héanmhnaoi cuirthear clú ban
a clú ó choimmeas ga cur;
ní ríomh do-chóidh ar a crodh;
i ndíol sgol Is dóigh a dhul.
Sí ag comhroinn cruidh mar as dual
mar do fhoghluim ón fhuil ríogh
bean do fhréimh Uidhir fa an-iar
ag réir chliar dar dhoiligh díol.
Siad gan teachta i n-éantoigh óil freasdal nochar féadadh dháibh
rug dá toigh chaithmhe don chléir
nar léir faighthe a-moigh ó mnáibh.
Le a bhfaicsin 'sa bhfaighthe ón mhnaoi
dá haighidh do aithrigh gné;
le sgoil fhuair do hadhnadh í
ní fhuair sí le hadhbhar é.
Díol dáibh do réidhigh a-rís
ris an dáimh gan déinimh nóis
cóir déine go doire cnuais;
guais na cléire roimhe ar Róis.
Do dhlúthaigh ar dháil a fleadh,
ar dháimh níor chumhdaigh a cradh
teagh óil ó chéile ga chor
tóir sgol ar an mbéinne mban.
Féachtar a dúthracht dá
mnáibh
dá dúthchas gan déanamh lóin
thug deibheadh ar chuirm do chléir
na cuirn féin fa dheireadh dhóibh.
'N-a thiomchal do-chuadar cor
— iongnadh 's gan ghuasacht 'n-a ghar —
sreabh nar dhomhuin dhóibh go dul
ag cur omhuin ar bhróin ban.
Bean d'fhuil Uidhir as díon dó,
ní fhríoth le sgoil righe ria,
fríoth orra le a car i gclú,
crú Colla gan bhladh ní bhia.
Mar sgaoiltear ar fhleidh a luagh
do-gheibh gach aoinneach ler bh'ál
— ní chuir sí áireamh ar
fhíon —
dáileamh 'ga dhíol go dtí a
thrágh.
Sí dá chionn gan chradh ó
chléir
a bladh ós a gcionn do-chuaidh;
tug 'n-a héanar díol do dháimh
ar mhnáibh ríogh do-bhéaradh
buaidh.
Inghean Con Connacht fa a-niar
an sgol gidh docar do dhíol
do chuir sí glas ar a glór
nach mór go gclas í fa fhíon.
I ngach chéim 'n-a moltair mná
is obair nar éirigh leo
barr tar an mbladh thuilleas tú;
clú ban ód choimmeas fa cheo.
Do ghuais cléire naoidhe a-niogh
do mhaoine ó chéile 'ga gcor,
crodh le dáimh ón bhéinne bhan
gal t'fhéile do-cháidh fan gcrodh.
Don fhuil Raghallaigh ní ró
daghurraidh le cor do chlú;
cia as cneasda le a cor id chló
do thogh do ró teasda tú.
Dod thol i gcrothaibh do-chuaidh
— ní cosmhail gur codladh sáimh
tig dot fhaicsin re seal suain —
fear ag buain id ghaisdibh gráidh.
Cliar naoidhe do-cháidh tar ceart
do mhaoine ód mhnáibh ar a n-iocht
sgol do-chóidh gan adhbhar ort
socht ar bhróin mallbhan ós mhiocht.
Tearc, a Róis, ar mhodhaibh mná
bean as cóir do chora id chló;
crodh do thabhairt tar ceann chlú
do mheall tú an mhalairt as mhó.
Mar théid i gcoill crann ós fhiodh
barr dot fhéile ní bhoing bean;
súgh cuain ó ollamh do fhan
cradh far donnadh do ghruaidh gheal.
Beiridh oraibh d'uamhain sgol
gur thogaibh id ghruadhaibh gal
folchar róibh ar camháir crodh
sgor dá ngabháil dod bhróin bhan.
Gnáth le Róis donnadh 'n-a dhiaidh
's nach dóigh ar a bronnadh béim
do cuireadh siar duais le dáimh
far ghuais dáibh i n-a bhfiadh féin.
Budh fada lón aoigheadh uadh
dá maoinibh ní mór do fhéagh
bean ag díol aoigheadh fa ól;
lór an fíon do sgaoileadh sgéal.
Do cheird ríoghna a cur i gcéill
an gníomh-san do ghabh do láimh
coinne ríogh far bhaoghlach buain;
a síodh d'uaim d'aonghuth do b'áil.
Bean don fhuil Uidhir-se ag cuan
i n-uireasbhaidh cruidh 'ga clódh
gémadh aithghearr í fa fhíon
ní bhí díol Aifreann gan ól.
Níor bh'iongnadh bladh d'fhagháil uadh
a crodh do rodháil 'ga riar
sgol i n-ucht ar-oile ag ól
gur mhór an lucht toighe a dtrian.
Díol cruidh níor chosmhail dá
éis
sa mhodh-sain acht do mhuin nóis;
fiú a bhfuil dá díoghbháil re
duais
guin cruais i ríoghmhnáibh ó
Róis.
Tánaig soin do chumhga cáigh
nochar urmhais dul 'n-a deoidh;
le a dtéid 'n-a teagh i n-am óil
ní hóidh le a fear a chrann ceoil.
A thoil dóibh dá éis níor
aomh
mar do léig le Róis a rún;
i n-a eachtra ní fhuair bríogh teachta ríogh do-chuaidh ar gcúl.
D'éis a dhol don dáimh a-rís
dá crodh 'n-a láimh ní léig
Róis;
tarla ag an gcléir ón chronn chnuais
a duais trom go réidh ó Róis.
mhnáibh ar bhladh béaraidh sí
a béal ar réaltain ag ré
dá rabh i n-a goire ar ghnaoi
is bladh do mhnaoi oile é. Le.
Fiú ar dháil Mág Mathghamhna
dhóibh
dámh as rodhocra do réir;
riar sgol Is doiligh 'n-a dhiaidh
oidhir Briain gan chrodh ón gcléir.
Ar chur treasa beirid buadh
deighfhir as deacra do chládh
go rug doinnghrian ar gurt gliadh
fian Oirghiall fa Art san ágh.
Tarrsa nó go dtéid ar ghnaoi
ar gach chéim do chosain sé
d'fhóir Uladh 'n-a bhéim do bhí;
do chléir fa ní Is umhal é. Le. | https://celt.ucc.ie//published/G402126.html |
G402127 | Mairg chaitheas dlús re dhalta | Maolmhuire mac craith | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,370 | Maolmhuire Mac Craith cct.
Mairg chaitheas dlús re dhalta
más fhíor d'éis a dheaghsgagtha;
bheith dar ndaltai-ne ag dréim rinn
céim fa lagfaidhe ar luaighill.
Ceard Ghofradha as ghlan cridhe
ag cumhdach ar gceirdei-ne;
maith bláth a oideachta air
do b'fháth coigealta ar chiontaibh.
Ní rinn bheireas a buidhe
gloine ghréasa ar ndaltai-ne;
mallacht gach dhalta uadh air
snuadh a nglanta ar a ghréasaibh.
Adhnadh orm do b'fheidhm deacrach
dom charaid dom choimhleabthach;
doidhéinmhe cion — budh cion
dúin —
dom fhior choimhéirme Is chaomhrúin.
Má tá díoghrais an dalta
ar tí cor re a chomhalta
'n-a fhior chonganta Is cáir damh
náir do bhronndalta ar mbráthar.
Bheith d'Ua Dhálaigh ag dréim ruinn
d'éis a oileamhna aguinn
mar shaoilim a theacht tiocfa;
maoidhim neart Is neimhchionta.
Ionann dúinn gliocas Is gaois
ionann leabhair do léaghmaois
'gun mhóroide do mhún sinn;
córaide cúl rér gcointinn.
Cia an compánach nó an cara
as iontaoibh d'éis Ghofradha?
do léig 'n-ar n-ucht a aithne;
do thréig lucht a leasaighthe.
Má do gheall gabháil rem throid
— deacair cointinn re caroid —
dá ghealladh Is docar dul
tar focal teangadh thuathadh.
Sgéal beag leam a los Ghofraidh
dá leantar dá labharthaibh;
is ar an dTánaigh táir sain
cáir d'Ua Dhálaigh a dhéachain.
Tionólais Meadhbh — meabhair leam —
ceithre hollchóigidh Éireann
i ndeoidh na tána ó dtighibh;
sgeoil a hádha uaislighidh.
I nUltaibh go n-iomad fear
nocha gcuala ón cheas naoidhean
re hucht bhféinneadh mear Meadhbha
fear acht éinfhear infheadhma.
Fir Éireann ó Mheidhbh a-mach
Cú Chuluinn a hucht Ultach
buaidh a gcéimeann ag an gCoin
is sluaigh Éireann 'n-a fhochair. Cú Chuluinn an chrotha bhuig
níor fhágaibh áth an chomhraig gan éacht gach aonlá uadh air
do shluagh na caomhmná a Cruachain.
Ní fhuair fa dheoidh — deimhin leam —
Meadhbh ar ngríosadh fhear nÉireann
neach sa bheirn ar bhéal an fhir
— sgéal ag Meidhbh ar a muinntir.
Cuiris fios uaithe ar Fhear Diadh
Meadhbh Chruachan na gcreach n-imchian,
tugadh gin go ndearna ar dhligh
go pubal Meadhbha an mílidh.
Gealltar lé a lán do shochar
d'Fhear Diadh ar a dheonochadh
dul san áth ar Choin gCuluinn;
ag soin fáth ar n-uraghuill.
Geallais Fhionnabhair fhuair bloidh
d'Fhior Diadh ar dhruim gach sochair;
do ba searbh leis ar labhair
Meadhbh go feis le Fionnabhair.
Dá ngealladh Éirinn d'Fhior Diadh
ní mheasaim ná budh míchiall
ar chosg bhfeadhma chliathcha an Chon
briathra Meadhbha dá mhealladh.
Inntleacht Meadhbha Mhuighe an Sgáil
meallais mac díomsach Damháin
do léim a chomhalta Con;
céim as rodhocra rugadh.
Fear Diadh agus Cú Chuluinn
lucht aonfheadhma Is aonfhuluing,
lucht aonlúidh i ngurt ghaisgidh,
lucht aonrúin Is aonaisdir.
Ionnsaighis áth an chomhraig
Fear Diadh go ndlús iomfhormaid;
sé 'n-a chlú mheabhla mairidh
Cú na hEamhna d'ionnsaighidh.
Caithid ainn-séin rer-oile
rinn a n-áigh 's a n-iorghoile,
diamhair a gcéimeann 's a gcleas;
d'fhianaibh Éireann do b'áineas.
Cú Chuluinn do chardaois mná
do choigil-sean an chéadlá;
Fear Diadh ní choigleadh an gCoin;
ciall 'n-a gcoigleadh níor chosmhoil.
An ga bulga nó gur bhuing
i bhFear Diadh ó Choin Chuluinn
troid bheo fa comhthroime cor
gleo na conchloinne curadh.
An ga bulga ag Coin Chuluinn
iomarcaidh narbh ionfhuluing;
Fear Diadh níor chlisde ar an gcleas,
cisde ris nar chiall coimmeas.
Rug Dia breith i na bhreith chóir;
tuitis mac díomsach Damhóin
mar fhuair sé an géargha dá ghoin,
is téarna an té le dtorchair.
Mar do chuaidh d'Fhior Diadh a dhruim
re comhaltas Chon Culuinn
guais liom a dhul d'Ua Dhálaigh
cur i gcionn a chompánaigh. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402127.html |
G402128 | Maith an locht airdríogh óige | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1340–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,625 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Maith an locht airdríogh óige
tnúth cáigh ris Is romhóide;
a thriath 'n-a óigrígh do bfhearr
dá gach iath fhóidmhín fhairseang.
Do thréig Mág Carrthaigh Chláir
Bhreagh
ar chosnamh críche a shinnsear
eich do ghéagshlataibh chleath gcuill
ar sdéadmhacaibh each n-áluinn.
Do thréig bonnsacha bláithe
ar ruaidhshleaghaibh rionnáithe
— tuar annála don ghéig ghil —
do thréig camána ar chloidhmhibh.
Mar sin do thréig trealamh leinbh
d'fhurtocht Teamhra — toisg neimmeirbh —
fear fonnmhar na bhfonn sgathach
re ndobhradh Conn Céadchathach.
Lá do-chuala-sa an Conn-sain
i gCruachain ghuirm ghealdorrsaigh,
lucht altruim Chuinn agus Conn
go macraidh thruim 'n-a thiomchall.
Conn Céadchathach na dtreas dte
do-chonnairc ar gcur bháire
san mhagh fhear go n-eirreadh druadh
an seingfhear fa mear marcshluagh.
Gluaisis an draoi go dána
chuca i gceann na hiomána;
tug ar fhonn na faithche an fáidh
ar Chonn aithne san iomáin.
Beannaighis 'n-a dheaghaidh dhó
do ghlór fhéata nar ónna
an draoi do eagair Fonn Fáil;
do fhreagair Conn i gcéadáir.
"Cia thu-sa nó gá tír dhuid"
ar Conn an chrotha nuabhuig
"gér chóir grádh do ghné
th'aighthe
is lán mé dod mhearaithne."
"Do b'iongnadh oidhre th'athar,
a mhic, i n-ar mearachadh;
fuair sinn gnaoi 'n-a ghnaoi choimse;
fa draoi inn dot athair-se.
"Is é do mhearuigh mei-se
an feidhm-sin re bhfuilei-se;
fuair míonBhanbha fa chách cor
nach tráth ríoghdhamhna reabhradh.
"Teamhair Bhreagh i mbíodh Féilim
dá bhfeasda, a Chuinn chneisshéimhshing,
glóir an bhaile mar do bháidh
ní badh dóigh th'aire ar iomáin.
"Treabh dá daingne ní dheachaidh
gan losgadh ó Laighneachaibh
mun ráith gcuirr saorchlochaigh sin,
a Chuinn chaomhchrothaigh chneisghil.
"An bhóromha fa dú dhaoibh,
ga tabhach a-tá Cathaoir;
gan tocht re Cathaoir, a Chuinn,
is tathaoir ort a n-abruim.
"A-tá — gá truime comha —
ga breith leis an mbóromha
bró bhan mallabhrach gruadh ngeal
ag sluagh lannarmach Laighean.
"Le huabhar airdríogh Laighean
múr Teamhra do trochlaigheadh
an port i suidheochthaoi sibh;
is olc fhuileongthaoi a fhaicsin."
Ó 'd-chuala Conn chríoch Muaighe
orchra Teamhra taobhuaine
tug dá chamán orchar uadh
an conchar fallán fleadhfhuar.
Tug Conn an chroidhe mheadhraigh
béim dá dhruim le domheanmain
mun bhfroighidh slaitleabhair saoir
dtaitneamhaigh roighil rochaoin.
Fear ga raibhe ciall chaide
Conall Cruachna a chaomhoide
tug ruathar ar a chúl Conn
go múr Cruachan go Conall.
"Créad mar choisgis dod reabhradh?
caidhe cúis do dhoimheanman?
ná séan" ar Conall re Conn
"do sgéal oram, a anam."
Do ráidh Conn do ling loingse
"is mór adhbhar mh'athtoirrse,
Teamhair gan teaghlach gan teagh
meadhair Theamhrach ar dtoirneamh. "A-tá ag cur orm, a oide,
Teamhair mar tá i ndochroide;
tarla cor don lios rem linn;
gan dol dá fhios ní fhuilngim."
"Léan Teamhra ná tabhair d'aoidh"
ar Conall re chéibh mbarrchlaoin
"I gcléith chogaidh ní dú dol
's gan tú go habaigh aosmhar.
"Léig fós d'iomchosnamh Éireann,
a Chuinn na mbas mbairrshéimhsheang,
a fholt laigleabhar chladh gcam,
an ret aibgheaghadh agam."
Do ráidh-sean — fa rádh soraidh —
nach anfadh ar éanchomhaidh
port fa dion d'fhearaibh re headh
Teamhair na ríogh go roiseadh.
Ráith Cruachan na gcladh sgathach
do fhágaibh Conn Céadchathach; neamhuis a dtorann ó a dtoigh,
leanais Conall an Conn-soin.
Tionólaid a-noir 's a-niar
Connachtaigh na gcorn mbairrfhiar;
'n-a mbróin truim mheanmnaigh san magh
ag leanmhain Chuinn do-chódar.
Iadhaid go n-iomad tionóil
an chuid-sin d'fhiadh Éiriomhóin
mun óigfhear nar bh'ónna smacht
's an cóigeadh cródha Connacht.
Go hoirear mBóinne buige
tiad sin — suairc a sochruide —
tóir throm ag drud re a ndalta
mar rug ar
Chonn Connachta.
Do bhí ag Cathaoir don taoibh theas
slógh Laighean i na loingeas
láimh re Bóinn mbreacclochaigh
mbláith
'n-a mbróin neartchathaigh neamhthláith.
Mar rángadar ucht re hucht Laighnigh Is cóigeadh Connacht
fa reachtmhar deas a ndeabhaidh
san treas neartmhar náimhdeamhail.
Ar ndol dá n-áireamh uile ní áiréobhadh éanduine
ár trom ar tolchaibh re a dtaoibh
go dtorchair le Conn Cathaoir.
Suidhis féin i dtigh Tuathail
gabhais Éirinn n-órchuachaigh
tar éis Fhéilim do bhí i mbroid
an rí ar Éirinn gur fhuasluig.
Do ghéis tonn Rudhraidhe ruadh
is tonn Chliodhna na gcaomhchuan
do ghéis tonn mhear na Maoile
res an ndonn ngeal ngruadhnaoidhe.
Ar feadh fiodhbhaidhe Uladh
is choillteadh ndluth nDeasMhumhan
do chrom gach dlúthcholl dathach
re gConn gcúlcham gCéadchathach.
Géabhaidh Domhnall mac Domhnaill
mar sin Éirinn n-iobhardhoinn,
sgéaraidh go séimh re Sacsaibh
an réidh bhféaraigh bhfleadharsaidh.
A-tá éinchéim d'aithris Chuinn
nach diongna mac mheic Dhomhnaill
dámadh í a thír tír a shean
sí re rígh nocha roinnfeadh. | https://celt.ucc.ie//published/G402128.html |
G402129 | Mithid creideamh do chloinn Néill | Eoghan mac craith | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,746 | Eoghan Mac Craith cct.
Mithid creideamh do chloinn Néill
'gun chloinn ag nar creideadh dhóibh;
ní fás do-niad tar Íbh Néill;
ní léir cás nach iad do
fhóir.
Bóinn Dá Thí na ndumhach ndonn
agus Tulach na dTrí bhFionn
sgarthar feasda re féinn Gall;
clann Néill as cneasda ós a cionn.
Slat orrdhraic ós fhine Néill
smacht Cormaic ar Mhidhe mhóir;
Banbha ghealChuinn taoibh re taoibh
faghla Í Mhaoil Eachluinn do fhóir.
I leith fhaghla ós eadh a-tá
an Bhanbha gomadh bean dó
ní budh roghar do chleith Chua
foghal nua i ngach leith don ló.
Lia sgor an mhongabhraigh mhóir,
lia crodh ag ollamhnaibh uaidh,
lia a choin — ní ceilte ar an
fhéinn —
teirce a ngéill soin Is a sluaigh.
Lór a mhíonlacht i múr ban,
lór a ríoghdhacht — ní rún
mion
a chur uilleannach arm sean
badhbh dhean ní huirreamach d'fhior.
Ua Colmán ó Chruachain chaoimh
is buachaill d'orlár an áigh;
tugadh treas gan fhiadhain uaidh
an treas uair ar n-iarraidh áir.
Béas don deighfhear car a chlú
an dan bhus deireadh don ló
éacht uaidh le mallghothuibh mná
lá an uair do dhaghmhothuigh dhó.
Ní bhéara céim ar a chúl;
a réir ní ghéabha gan ghiall;
ní héidir le hucht an ríogh
díon an chéidfhir i ngurt ghliadh.
Lucht donnbhrat i ndeaghaidh ruag
ar cheanaibh fa Chormac Óg;
feidhm ar chrannaibh um cheann nGréag,
sdéad seang ar bharraibh a bróg.
Lán dearnann do ghormgha ghéar
is seanlann tromdha re thaobh
is am crann reamhar dá riar;
níor iarr 'n-a leanabh crann caol.
Ar bhfuighle re a aghaidh n-óig:
"blaghaidh bruighne blaghaidh ruaig,
mín ag dul go toruibh thríd
gan bhrugh 'n-a mbíd d'fhoghuil uaid."
Ní charaid socracht ná síodh,
do-ghabhaid docracht Is duadh;
ní basgadh ar iorghail t'fhian
asdar cian ná ionmhuidh fhuar.
Réidh bhí ó theachta dod thoigh
— gá ní as deacra ná dréim
ribh —
Laoich ler bh'áil i ngleo do ghoin;
ní leo a bhfuil 'n-a láimh acht libh.
Banbha Airt i n-eidhreacht chóir
tarla id chairt — is deighneart daoibh;
biaidh fat eidhribh fleadhFhód Fáil;
do dheimhnigh fáidh neamhóg naoimh.
Lá feadhma ní fás do-niad
na feadhna re a bhfás do ghrúg;
bhar n-uaill ná uabhar bhar sdéad
ní thruaill do chéad sluaghadh súd.
Orrdhraic ó cheanaibh do chlú
a Chormaic do mheadhair mná;
fuaradh bhar n-each, a fhir chró,
creach nó a dhó libh re
dá
lá.
Lucht tilte uile don iath
na litre chuire go cách
fir ris nach soshnadhma síoth
fríoth comhardha ó dtigh dá
táth.
Teas an talmhan Is tuar gnaoi
eas uadh gan bhalbhadh ní bhí;
tuigthear sin ar síonaibh Dé
gur shíodhaigh sé ribh, a rí.
Mín gach maighean, mín gach linn,
gan chagadh re tír ag tuinn;
druimleabhair gach damhna croinn,
coill Bhanbha i gcuirmmeabhaidh cuinn.
Clúimh na learggort naoidhe a-níos
— gá ceardacht as caoimhe gréas?
a mbia ar choillfhiodhbhaidh do chnuas
budh sia suas doinnfhiodhraidh déas.
An úir ar n-osgladh dá hioth
ag brosdadh ar chlúimh na gcleath;
gidh créad rug an mhuir a-mach
ní fhuil rath nach tug is-teach.
Giolla adhras d'fhagháil chlú
'n-a anáir labhras an lia
rí do thagra dá ndeach dhó
mó d'agra na mbreath 'ma mbia.
Do bhrígh feadhma ghéirreann nglan
mín Éireann 'ga earla thiugh;
an ré le ria tar gach bhfear
sia an seal ó 'né gus a-niugh.
Clann Chathaoir Is Cholmáin mhóir
'n-a comhdháil go cathaoir Néill;
gidh cara ceall ceann an tsluaigh
do shmuain Ceall Dara do dhréim.
Féinnidh Theamhra ó thighibh sgol
dlighidh gan bhearna ar a bhladh;
iomdha sealg Is éachta ón fhior
ciodh ná budh ceard bréagtha ban?
Gach ní dá bhfuighe Is dá bhfuair
an rí ar gach nduine ag a dháil;
i mbrat Chormaic sul do-chóidh
slat óir an donnbhrait ag dáimh.
Gá beag bheith go gar dá ghnaoi?
tar a bhladh nocha reich rí;
frioth 'n-a dheighéadáil uaidh é;
fuair sé go neimhéagáir ní.
Donnaidh sleagha gorma i ngádh,
bronnaidh greagha ollmha ag ól,
gealltar mallbha ag Aifreann uadh,
do aithgheall sduagh Annla ór.
Do mhaoidh tromdháimh ar thuir Chua,
gobhláin gaoil do chuir a chlú;
fogus gaol deaghUisnigh dhó;
laogh bó ón tealaigh-sin thú.
Téid re hoighreadh dath do dhearc
gan dath as coimhgheal red chorp
a ghnaoi tar nar bh'iarraidh Art
sa tlacht do bhaoi ar fhiadhain ort.
Ní bhia fós teach ós do thoigh
gan do nós ar neach dá mair;
íocfa féin re seanóir sin
neamhóidh gach fhir dot fhéin air.
Sleagha reamhra Bhéinne Bhriot
a chéile Leamhna budh lat;
fuarais corn beannchraobhach breac
'mar fheac Dolbh gealchaolach glac.
I bpurt an Daghdha ós Bhóinn bhailbh
do-chóidh re hucht Samhna a seilbh
tapracha ar chúl gacha chuirn
cuirm ag túr daghcrotha ar dheilbh.
Mór file ón bhronnadh do-bheir
bile dar donnadh gach dair;
go deoradh le duasaibh cruidh
seoladh ón fhuil uasail air.
Mac Duibhe Cobhlaigh ó Chliaigh
dá gach dhuine congbhaidh cóir;
tug d'anáir do chineadh Chéin
a ngéill d'fhagháil idheadh n-óir.
Clann Cholmáin — ní cineadh
mion —
cineadh re congbháil na sgol
na cláir brannaimh 's a mbró ghreagh
mó a seadh i gclannaibh a gcon.
Cuid dá riar an miodhfhann mór
i n-a dtriall Sionann 's a sál;
cuid fhineachais dóibh gach dún
'ma ndún Bóinn bhileathais bhán.
Craobh darab ceard ceannach gnaoi,
caor dhearg a Teallach Dá Thí,
cleachtaidh faire Thoighe Té
gidh bé oile baile i mbí. Mithid. | https://celt.ucc.ie//published/G402129.html |
G402130 | Mór an lucht arthraigh Éire | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,670 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Mór an lucht arthraigh Éire;
siar tar sleasaibh seinBhéirre
do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
uainn i n-urlár éinbháirce.
Do ghad a hanam aisde
Éire na gcuan gciomhaiste
dá éan uachtair chuaine Chuinn
do ruachtain uain-ne i n-aonluing.
Dá eite lúith Leithe Chuinn
rugadar san bháirc bheannchuirr,
críoch na Niall d'éanlucht uile,
siar ó fhéarGhurt Úghoine.
Ó Néill, Ó Domhnaill díon
sgol,
Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
glóir Banbha i mbáirc na deise;
tráicht fhalmha dá inneise.
Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
cuire san luing-sin tar linn
do thuirrsigh uile Éirinn.
Rugsad Éirinn Is iad sain,
rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
an dá iarla d'fhuil na bhFionn
tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.
Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
ar-aon san luing luchtmhair-sin.
A bhfuil san luing-sin do lucht
ní dhearna — dia do chumhucht —
ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
creach mar í ní hionnshamhail.
A leithéid d'éinchreich oile
níor ghluais Conn ná Conaire
Fád Fuinidh ó thráigh go
tráigh
le Mág Uidhir don Easbáin.
Caithréimeach an chreach-sa siar
le codhnach catha Oirghiall;
rug dá choróin Chláir na bhFionn
don Sbáin Is onóir Éirionn.
Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
ní dhearna Tuath Dhé Danann
fa chreachBhanbha na gcall sean
ná clann mhearchalma Mhíleadh.
An chreach rothrom rug tar muir
ní thiocfadh aon dá hiarraidh
sgiath comhairghe crú na neart
tre chonnailbhe acht Cú Connacht.
Fa truagh leis cheana a chomhghaol
fa ainbhreith eachtronnmhaor
dá dtug Mág Uidhir a ucht
ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.
Fa truagh leis treabhadh Teamhra
's clann Mhíleadh fa mhímheanma
dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil
do mhuin ionmhuine ón Easbáin.
Gá dás acht an tráth tánaig
cuirthear leis ó leachtFhánaid
— eachtra do uaisligh a rath —
teachta ar uaislibh na nUltach.
Conall Eoghan Inse Breagh
gluaisid ainn-séin ós íseal
fa fhios caithleomhain Cláir Sreing
— dáil do aithbheodhaigh Éirinn.
Do roighnibh Éireann ann sin
Cú Connacht Óg Mág Uidhir
rug lucht a mhórluinge a-mach
tar ucht glórbhuinne ngrianach.
Do shaor Mág Uidhir oile
a rug leis d'fhuil Úghoine
's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;
go dtí tarbha dá thurus.
Tar bóchna na mbuinneadh ngeal
táinig d'fhurtocht mac Míleadh
long Naoi nó a aithghin oile
le flaithghin Craoi Conaire.
Eathar muirneach badh mhó fiach
long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach
re mbraondortadh do bhuain de
do-chuaidh aonochtar innte.
Long Naoi ó gach linn do lionn
ar fheadh dháilte na díleann
níor léig braon tuile tairsibh
dar shaor uile an t-ochtair-sin.
Fearg Íosa fo-deara a dáil —
neach beo ar an talmhain tonnbháin
níor léig an tuile throm-sa
don uile acht an t-ochtar-sa.
Sgaoilid ochtar na hÁirce
lán d'aoibhneas Is d'fhorbhfháilte
iar ndílinn fan gcruinne gcé;
na sgríbhinn uile mh'fhínné.
Lucht na loingei-se an lucht thall,
an díle fós fearg eachtrann;
an Áirc reimhe an bhárc a-bhus
teine i ngach trácht ó a thurus.
Ar dhílinn feirge Fian nGall
do chaomhuin sí sluagh Fréamhann
's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh
an long shídhe shiobhlaigh-sin.
Gidh ionmhuin ní hionann sin —
do shaor míle do mhíltibh
fan ngortmhagh do ghabh re hArt
dar an ar n-ochtar d'fhurtocht.
Long eile as aithghin di-se
Argho saor a snoighei-se
— ní riar far dhual a dearadh —
uadh do iarr a hainmneaghadh.
Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc
bárc nar lia lucht uabhairneirt;
"long Argho" ón uair-sin i-le
tarla ag na huaislibh uirthe.
"Long Mhéig Uidhir" amhla sain
bhias ar an athluing éachtaigh
fuair ón Mhanchach baisdeadh binn
arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.
I luing Argho — anba an rath —
do-chuaidh an ghasradh Ghréagach
caor chonfaidh fa teo tionól
dá dtorchair leo Laimheadhón.
Bárc nar bh'fhéidir righe ria
aisde do hionnradh Aissia
le neart slóigh ghasraidhe Gréag,
amhsaine as cóir do choimhéad.
Innte do-chuaidh cian ó shain
an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh
ag dul do thaghail na Traoi;
cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi.
Caithréim eile amhla sain
do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh
le géagaibh Moighe Midhe,
Gréagaigh oile a n-aimsire.
Do-chuaidh athfhoireann eile
i luing Argho a haimsire
do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt
lucht céaddachair do chosaint.
Ón lucht-sain luinge hArgho
níor iomchuir bárc bheannamhra
lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;
comhumhla dháibh do dligheadh.
eath innte acht iad sin
dá phrímhIarla mac Mílidh
sgoth luinge le lucht badh mhó
tar ucht tuinne ní théarnó.
Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh
toisg na nIarladh don Easbáin;
's tug a ndul tar fairrge bhfinn
gul gacha hairde i nÉirinn.
Mar mheasdar trá a dtocht le séan
nó a n-anamhain madh éidtréan
bídh don chuir-sin glóir Is gruaim
ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.
An long-sa do imdhigh uann
cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
tug a bhríogh im churp do chlódh;
a lucht fa-ríor Is romhór. Mór. | https://celt.ucc.ie//published/G402130.html |
G402131 | Ní dhlighim aithfear ar fheirg | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,089 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
Ní dhlighim aithfear ar fheirg;
toil liom ar las dá díbheirg;
níor chuir sí i n-aithmhéile inn
ní asan aithréidhe mh'intinn.
Do-rinneas — do-rinneadh rinn —
fearg nach aithreach rem intinn;
ní caigealta a chor i mbríogh,
gomh ar n-aigeanta ar n-eissíodh.
Ní cúis nach beartha a bhuidhe
m'fhíoch-sa Is fíoch fir ionmhuine;
a ndéabhradh leam agus leis
is téarnamh i gceann cairdeis.
Maith séan dar síoladh an fhearg
eadrom Is mac mhic Risdeard;
tonn éagbháthaidh í ar ar ndoirr
is í ar gcéadmháthair chumoinn.
D'Uilliog a Búrc níor bheag liom
bheith dó mar chách go coitchionn
gur chomhlas mar chrithir dte
domlas fichidh ar bhfeirge.
Do-bheirim mo bheannacht dí;
táinig do thaoibh na goimhe
dul i n-ainm rónadhmuidh
ruinn
do bhaidhbh órarmaigh Umhaill.
Dá taoibh fhuaramair fhear gráidh;
dí thárrthus togha compáin;
gríos fheirge as uaibhrighe bruth
feirrde luaimnighe a lasrach.
Créad acht taithbheodhadh toile
fearg an aosa ionmhuine?
ní ceisd codal ar chneidh sláin
mar sein do chogadh compáin.
Mo chean fhuair an fhear grádha
dá ndearnas dóigh teagmhála;
do thuig mé nar dheacar dhamh
feacadh an té re dtarladh.
Gé a-déarthaoi gomadh dóigh
mé
níor nár leis a los mh'éigse
bheith tréith oirmheathta rem ucht
do sgéith choinghleaca Chonnocht.
Mi-se foirniata fraochdha,
ei-sean go meirbh míolaochdha;
rinn ar mbeodhachta gidh beag
Leomhanta inn ar Uilleag.
Fillim ar mh'ais, anaim thall
ón ruaig nach rachadh romham,
gidh doifhreasdail inn re headh
i rinn coimheasgair cairdeadh.
Aithnidh dhamhsa mo dhóigh gliadh,
teann mé ar mhac meic Uilliam;
na fiallaigh as ísle d'fhuil
bím-se ciallaidh fa gcomhuir.
Gidh iomdha iomlaoid ghoine
fríoth leis ar lorg n-amhsoine
mó a ghráin-sean a ghuin dom ghaoibh
a fhuil ná táirseadh tathaoir.
I n-iomghoin ánradh bhfromhtha
múintear mo mhic fhoghlomtha;
ní har dhaorchloinn Bhanba Bhreagh
do mhaolfoinn arma fhileadh.
Gidh bé ar nach bím-se dána
do-bhéaruinn buaidh dteagmhála
d'fhuil ghliadhBhúrcach na dtreas dte
ó eas ngriandrúchtach Gaillmhe.
Seach sliocht gConaill chrainnghéir
ná adhmad ón Eoghainfhréimh
bheith fam dhaorchuing madh díoth lais
ná bhíoth do shaorchloinn Shearlais.
Fine Ghaoidheal mo Ghoill féin
dá mbeith nach biadh dar ndeighréir
ar síoth dá gcuireadh 'n-a gcead
gan díoth ní fhuigheadh Uilleag.
Aicme Bhriain 'ma bharr ndosghlan
's fréamh do theacht 'n-a dtiomchall-san
do chloinn bhuig armghonaigh Ír
is cuid d'adhbhoraibh d'fhairbrígh.
Soruidh lé — ní luaithe
mh'fhearg
budh-easda re hUa Risdeard;
do-bhéara — budh tuar toile —
's do-ghéabha uam ionmhoine. Ní dhlighim. | https://celt.ucc.ie//published/G402131.html |
G402132 | Ní fada ón Fhódla a táth a | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,620 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Ní fada ón Fhódla a táth a
dtuaidheamhain
cách Is nuaileabhair dá fhógra i n-aonaighibh;
gearr go snadhma sí ris na saoirfhearaibh
rí don Ghaoidhealfhuil go mBanbha bhraondairigh.
Ní fada cobhair ó chlár
ThéiMhidhe
— glár céillidhe re n-oghair gach
aonduine;
a-táid dá ghairm go Gort nGáirighe,
do nocht gach fáidhfhile d'ainm ar n-Aodhai-ne.
Ó leargaibh Fhinne go Cliaigh gcroibhiodhain
biaidh an Ghaoidhealfhuil ime mar gach aoinfheadhain;
badh fogus dóibh teacht a dtuaidheamhain;
ní badh tearc nuaidheabhaidh um Bhóinn
mbraoin-ealaigh.
Eachtra bhus díoth siar fan saoraghaidh
le triall I chaomhLughaidh fríoth na
fáidhleabhair;
bearthar le móirfhear amhla ar Éinleighin
slóigheadh céimrighin tre Bhanbha
mbáinleabhair.
Uaitne na sgol le bhfuil gach fáidhfhile
do thuir Gháirighe ar gcor cuairte an
chlúmhaile
do-gheibhthear a labhra ó leic Laoghaire
ag reic ar n-Aodhai-ne re hadhbha nÚghaine.
Beid ag a fhréimh um Ráth bhFearadhaigh
géill dá leanamhain iar gcách do
chomhfhoghail
tathamh ar thonnaibh an fhóid fhuineadhaigh;
orraidh Í Mhuireadhaigh re
cóig comhadhaibh.
D'fhior Dúine nach dáigh as a choirm-thighibh
toirnfidhir glúine cháigh mar as com-hchubhaidh;
flaitheas na Banbha re teas tuillfidhir
cuirfidhir na habhla theas fa thromchumhaidh.
An t-éasga lán nar loigh fa ainbhfine
an ghoil dá tairngire do Chlár
choillMhidhe
dearbhar le hearla na gcraobh gcumhraidhe
Aodh ag furnaidhe na Teamhra toinnghile.
Go hUisneach, go fád mbraonach mBreaghMhuighe,
go haonach ar dTeamhrai-ne a-tád dá
thairngire
na haibhne um Chliaigh 's um Chruachain gcollbhuidhe;
le buachaill ghormDhuibhe biaidh ar mbuidhnei-ne.
Is é Aodh Ruadh don Bhanbha as bharamhail
abhla an fhaghabhair uadh ar a duilleadhaibh;
dearbhthar re húr gach ghormfhuinn ghroighiodhain
Ó Domhnaill d'oireamhain do Mhúr Mhuiread-haigh.
Cia san talamh trágh nar tiormuigheadh?
fa chlár bhfionnLaighean faghadh umhlughadh;
Siur agus Máigh ag gréin dá
ngeimhliughadh
a cháir dá deimhniughadh ar fhéin Urm-humhan.
Do dhearbh gach tráigh um an mBúill
mbeannfholtaigh,
a shúil re seangochtaibh an chláir Chon-nachtaigh;
a rogha nuachair dhí ní diommoltair,
rí nach iomarcaidh ar Chruachain challdartaigh.
Flaitheas Uladh nachar aomh d'ainbhfine
anar dá thairngire d'Aodh Oirnidhe;
annamh iath nach ba dóigh dá dheirbhfine;
re triath seinMhidhe ní badh cóir
coimhrighe.
Do chách a-niodh ní badh fáth
fíorchóire
ráth na síothBhóinne fa fhior a
fháidhchéille
is cóir do-róine Éire
aoinchéile
do chéile laoichfhréimhe Bóinne
bláithréidhe.
Suidhfidh i ráth Néill ós Bhóinn
bhileadhaigh
— ní cóir d'fhileadhaibh an chéim
do cheiliomhain;
ar dtileadh cláir na Teamhrach thoireamhain
budh neamhghuth oireamhain dá dáil
dheirionaigh:
ní fhuighe doghruing fa Dhún bhFearadhaigh
Ó Domhnaill ag leanamhain a ghlún
ngeinealaigh.
Léigfidh Éire a rún le cleith
Chraobhruaidhe
dá dhreich thaobhnuaidhe do thúr a
shíorghlóire;
biaid go dearbhtha ó soin 'n-a
sáimhríghe
na tealcha cláirMhidhe i moigh
mhíonBhóinne.
Nocha bia fa Raoilinn fear fionghaile
ná ar feadh fionnmhaighe aoibhinn na hAlmhaine
san taobh thiar achd folta fiodhbhaidhe
gan triall iorghaile fa Chorca callbhuidhe.
Nocha bia ag slógh mhór muighe
mínEanaigh
achd fíneamhain uile dá hól ar na
haoigheadhaibh;
na laoich as lia duais do na deoradhaibh
ní bhia re a ngleoghonaibh guais ar Ghaoid-healaibh;
beid na cúig slóigh calma i n-aonaighibh
san adhbha chlaondairigh ós Bóinn bhraoin-ealaigh.
Táin gacha críche faoi ní fillfid-hir;
ní lingfidhir títhe cláir Chraoi Chon-chobhair;
créad fa mbiadh comhla re cuirmthighibh?
ní cluinfidhir rian foghla a fonnchalaidh.
Dlighthear do Bhóinn gan éara an fhuinead-haigh,
do-ghéana Ó Muireadhaigh cóir idir
chineadhaibh;
le rígh a gcabhra geall gach geinealaigh
ceall gach seiniobhair san Bhanbha bhileadhaigh;
leithbhreath le báidh ní bhéara
Ó Fearadhaigh;
éara um ealadhain níor bh'áil ar
fhileadhaibh.
A críoch ó Dhia ag teacht ar gach
thairngire,
ní bhia neart ainbhfine ar fíoch a
fonnmhuighe;
fan bhfairche sídhe gcruithghil gcallbhuidhe
faghluidhe gach tíre cuirfidh i gcomhnuidhe.
A mhaoir um Chliaigh Is um ráth ríMhidhe
ar ríbhile as ghnáth i ngliaidh gan ghuail-lidhe;
ler ngéig ós fhiodh an Fhódla
d'áiridhe
gach fáidhfhile dá fógra a-niodh dar
nuaibhile;
ní chluinim cóir uirre ag aonduine
achd aoghaire slóigh ar dTuinne Tuaidhei-ne.
Brian agus Conn ag crádh ar n-uaillei-ne
dá nuaibhile fa fál le fonn mbraonDuibhe;
minic ba tréan ortha gach éinfhile
na féinnidhe toghtha nachar éar aonduine.
Dreach shubhach le bhfolchair gach fáidhfhile
le honchoin nGáirighe tulach TéiMhidhe
Mág Aonghusa as dáigh dar ndídin-ne
ríghgile cláir chaomhRossa Is ar
gcéilei-ne.
Dúinn a-nois Is eagal ar neamhghloine;
Peadar neamhdhaidhe ar gach n-olc dar n-ionghuire
fáidh roinnfeas rem anam a urnuighe
abhall chumhraidhe danab oircheas ionmhuine. Ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402132.html |
G402133 | Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 2,300 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill
a gcloch chúil an gcéin do mhair;
lor do bhoing casnadh do chroidhibh —
do choill gasradh Oiligh air.
Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt
an tighearnas do thuill sé
ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna;
aithreach d'uaislibh Eamhna é.
Ní hiontaobhtha aicme Conaill
a gceannas dó ó nar dháil siad,
níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh,
do uaisligh tuir Aolmaigh iad.
An lá nach fuair flaitheas Conaill
ceann rodhamhnadh Rátha Té
is ann badh caointe clann Fhéilim;
níor bh'am faoilte d'Éirinn é.
Bás Aodha Is gan é do ríoghadh
ríoghradh éachtach Átha Liag
ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta
do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.
A chur fa úir Innse Luighdheach
's gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain
dá ní do sgaoil cách ó
chéile
an tráth do shaoil Éire a huaim.
Gan chur ris um ríoghacht Éirne
do b'fhiu othair aidhbhle a chró;
do bhí sé idir chách 'n-a Chormac,
do sgé bláth na ndonnshlat dó.
Ó chur na gcrú Is chur
na
gcathadh
creideamh d'Aodh an uair do mhair
fa shíol n-Éanna do b'fhiu a dhochar;
do-chiu séala a othar air.
Do b'fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan
's a shuan corrach ós chionn sdéad
do b'fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh
gur thuill sochar Gaoidheal nGréag.
Le móradh tuath do thuill flaitheas
le fírinne — foirbhthe an chairt —
le rath ríogh, le coingheall gcroidhe,
le sníomh goirmreann d'Fhine Airt.
Fós ag cosnamh catha Éirne
uatha gion go n-uair a luagh
níor thearc ag teacht as gach tachar
feart Is leacht Is athar uadh.
Fa múr cloiche do chrích Leithbhir
a bhas fhuilteach do b'fhearr séan;
do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha
a ghreagh seang Is a ghormgha géar.
Ó nar leis Cruacha Is cuan Feabhail
ní fríoth leis-sean luach ar thuill;
do b'é fál a gcreach do chaomhna
each Is lámh Is caolgha Í Chuinn.
Gion gur hoirdneadh — anba an
mhíobháidh —
mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath
ní budh cóir achd caoineadh flatha
ar róimh aoigheadh chatha Cliach.
Le huaithnibh catha Cláir Laighean
's i Leith Chuinn iar gcrích a ré
's i ngach aointeagh do mhín Mhumhan
caointear 'n-a rígh Uladh é.
Gaisgead na cruinne ar n-éag Earchail
do aithbheodhuigh i n-a fhonn
ní hé féine a-mhán do
mhéaduigh;
dá chrádh céille éadair
ann.
Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach
ar lucht caointe na gcóig n-iath
caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha
tre réallain eoil catha Cliach.
Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach
lán d'eolchuire druim ar dhruim;
fa léan ní dhiongna na daoine,
iomdha néal ag caoine Í Chuinn.
Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann
is réalta dhonn as dearg snas
ag drud re caithimh a chéile
tug ar laithibh gréine glas.
Siansa cumhadh ceol na Finne;
fachain tuirse tá 'gun Mhuaidh;
ar chuan Daoile ní fhuil áineas;
faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh.
Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta
an ceol tuirse tá san gcuan;
do-bheir caoine ar fhior ainiuil
faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh.
Ag caoine laoich Locha Feabhail
faoidhe truagha tógbhaidh sí;
is lór do mhaoithe do mhúsgladh
glór na gaoithe ag dúsgadh dhí.
Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha,
gidh iomdha cheana caoi thruagh,
is lia faoidhe badhbh Is brainéan
ag caoine a arm raighéar ruadh.
Do b'iad trí bhrughaidh na mbrainéan
a bhas fhuilteach nar fhosd séad,
a dhornchar, 's a dhoire caoilshleagh,
Murchadh oile Gaoidheal nGréag.
Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach,
mac Briain Bhóruimhe, barr Té,
níor ghabh for-íor adhbha Cormaic
gér dhamhna ríogh orrdhraic é.
'N-a dhamhna téarna — tuar
neamháidh —
Naoise éachtach na n-each mbras;
níor léigeadh faoi róimh na
ríghe
gé do bhaoi dóigh fhíre as.
Do thuit fós suil fuair a ríoghadh
i Ráith Dá Choga cian uaidh
Cormac na Loingse, lámh éachtach; fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair.
Mac Carraigh chalma an cur éachtach,
Aonghus Cláire rer chóir súil
do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh
barr órchas far saoileadh Súir.
Mar na damhna tú do thuireamh
tug cinneamhain bhus cian goimh
d'Aodh Eilge gan táth a thíre;
fáth feirge na síne soin.
Timcheall tighearnais an tuaisgirt
ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi
achd olc d'Ibh Cobhthaigh a gcinneadh;
níor locht orthaibh filleadh faoi.
Ar olc re hógaibh an tuaisgirt
nar toghadh oirn Aodh 'n-a rígh;
ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe
do bhuing tnúith na ndaoine dhínn.
Guais gur díoghladh do dhigh tnútha
le taobh míleadh Mhúir Dá
Thí
an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh;
fa beodhacht i n-aisgidh í.
Na catha do chuirdis Ultaigh
i n-aoinfheacht le háirsidh Liag
le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe,
fa neimhní dháibh uile iad.
Do-ghéanadh sei-sean sluagh d'aoinneach
Aodh Bearnais ar bruinne slóigh;
muna mbeath a each Is a ara
do ba a leath cleath dala
dhóibh.
Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal
a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh
mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn
ó do roigh róimh fhuluing uainn.
Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh
iar n-Art Aoinfhear — anba an clódh —
nó fiodh críon nó tráigh gan
torchar
nó síol dTáil iar Murchadh
mór.
Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar
ar Lugh Láimhchian dar an linn,
nó fine Néill iar Niall n-Oiligh
nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn.
Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp
Máighe
múr duaitheanta Dúin na nGall;
iar ndul faoi dá fláithibh dílse
caithir na Traoi an tír-se thall.
Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal,
nó an Ghréag uma ngéisid cuill
do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil
— is mór an béad — caithir
Chuinn.
Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach
do bhí thoir go dteasda sé
neimh ón ghrian áigh ar
a
armaibh;
níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh
é.
Níor leighis liaigh ná luibh
dhíleas
duine ar ar dhearg — dia do ghlóir —
Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh
nar fhosd ó chléir aisgidh óir.
Níor leigheasadh go lá a éaga
éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn;
do bhí Aodh amhla 'n-a Aichil
damhna ler fhaomh caithir Chuinn.
Neimh a láimhe ón ló do imthigh
d'Ultaibh uile Is adhbhar cráidh
— an ceas naoidhean do fhás ortha —
tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil.
Na toirthe ar dtréigean a ndatha
— ní daoine a-mháin — mór an
bhroid;
a-ta ót éag fa cheas cumhad
meas na ngéag ar ndubhadh dhoid.
Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth
ar bhalbh oighreadh d'fhuighlibh cuain;
a-tá a luach d'fhailmhe san fhiodhbhaidh
aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.
Diasa fása Is fiodhbhadh fholamh
d'easbhaidh eire ag éirghe suas
a luach soin d'ísle san fhochan
go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas.
Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine,
fan dtuaisgeart ag téaghadh líog,
a-tá a lógh d'fhuaire san oighreadh;
lór do thruaighe ar toirneadh tríod.
A sil a innibh an aieoir
d'fhearthain líonmhair san leith thall
teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh;
ní fhuil achd riocht uathmhar ann.
Éachta mionca, míne Is burba,
boga Is cruas, Is cumann sáimh,
na síona dá gcaoi ó chroidhe,
a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil.
A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair
a chnú chroidhe, a chathach Ché,
a leonadh gnáth daoine ndearbhtha,
a bhláth naoidhe Tealcha Té.
A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill
nar dhiult iorghail, nar éar duain; a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe,
a breo dhearg an tíre thuaidh.
A mheic Máire, a mhóradh éigeas,
an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí,
ní beag do mheath fuile Féilim;
is creach uile d'Éirinn í.
Mág Aonghusa ón uair do imthigh
an t-eineach uile fuair bás,
iomdha gan riar dámh dá dhearbha;
triall tre Chlár Teamra ní tráth.
Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht
Conn Aolmhuighe mar fhuair bás;
ní cluintear tnúdh le cor gcosgair;
dol do thúr tochair ní tráth.
Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa
Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás,
lán do bhuaidh do bhaoi san
ríoRóimh
fuair gnaoi ón Tríonóid 'n-a
thráth. Ní tráth. | https://celt.ucc.ie//published/G402133.html |
G402134 | Rannam le chéile a chlann Uilliam | Unknown | Margaret Lantry | c.1200-1600 | Classical Modern Irish | LA, GA | Verse | — | — | 2,780 | Rannam le chéile a chlann Uilliam
Inis Banbha ó tharla ag buaidhreadh críoch gConnla
fíoch bhar bhfaghla.
Do sguir cogadh cur dá
choimhthréan
fa cheann tíre;
do cleachtadh riamh ag cloinn Créidhe
roinn na ríghe.
Iomdha roinn do-roinneadh uirre
aithnidh dhamh-sa
munbadh mall don oireacht fhionn-sa
toigheacht tharsa.
Do roinn Éireamhón Is Éimhear
Inis Ealga;
do roinn Fearon Éar Is Orba
a féar re Feargna.
Do roinn clann daighmhín an Daghdha
ainmhín fheardha,
do roinn Eoghan Is Conn Cnodhbha
fonn na feadhna;
do roinn Sobhairce brugh Banbha
's an cur Cearmna.
Déanam do nós na ríogh romhuinn
roinn an achaidh;
beith dá roinn ní mé nach mothuigh
's Is é m'fhachain
níor chleacht mei-se, gidh méin meathaidh,
céim i gcathaibh,
's ní meisde rí gan a rathail
ar tí tachair.
Do-bhéar dhaoibh-se, a dhaighshliocht Uilliam
obas chomha,
ní fuil acht ar gcroinn do chora
roinn as rogha.
Rannfa mei-se ós mé do fhidir
aithne a dtórann
i ndíbh leithibh críoch fhuar
Éireann
na gcuan gcnódhonn.
Do-ním leath do Leitir Maoláin
nach mín muighe
tír ar a gceiltear néall nimhe
fan tréan tuile
tír i leaghann sneachta ag snighe
dearca duine;
do-ním leath mar éineing oile
d'Éirinn uile.
& gidh bé i nÉirinn go huilidhe nó go hiomlán
a-déaradh tré choir n-ionnluigh nó eadarchasaoide
nó ithiomráidh gurab aincheart éagcomhthrom do-roinneadh
an roinn-se, a-tá an tsein-bhriathar
ealadhanta ughdardha ón fhilidh láin-cheart
Laidionda
leam-sa dá lán-chosnamh; & Is í an
tsein-bhriathar
sin: ‘Quidquid In duas partes dividitur altera
pars semi dicitur’ eadhón, gidh bé
ní fhodháiltear
nó ranntar i ndíbh rannaibh, a-dearar leath
ris an dara rann, gion gurb leath chomhthrom í.
Ar an adhbhar sain, do chothughadh an
chomhráidh-sin
& do dhearbhadh na deaghronna do-bheirim-se rogha
gan fhreasabhra do chloinn an Iarla do na hurrannaibh
sin. Óir do fheadar nach fuláir dhóibh
fairrsinge
na Fódla dá mbuidhnibh & imle uicht-leathna
na hÉireann re hiomchur a n-anmhuirir; Is léigid
damh-sa an eang anshaidhbhir
eassádhail anshochair
iomchumhang úd.
Ótha Éighneach go hucht gColláin
mar chuid tíre
beag nach bhfuilid i gcló a chéile
mun mó míle;
níor ghabh duine iadh budh fhuaire
riamh Is ríghe.
D'urláimh I Bhriain — beag dá dtug-tha
toil don dúthaigh —
gabhaim i mbeinn Fhuinn Fhiachaidh
eing gcruinn gcúthail;
léigim gan fhógra gan fhéachain
Fódla fúthaibh.
Ní cúis béime gidh bé mheasas
méad mo leathtruim
a léigim d'iath Chuinn tar ceartroinn
don druing dhreachcoirr.
Gidh bé mheasas mire a bhféinneadh
's a bhfear ndiombog
ní mo chean rí ris a ronnad
í 's a n-iomad.
Gidh bé mheasas méad a gceannaigh
ar chríoch nGaoidheal
fulung a n-éacht Is a n-áladh
créacht a gcaoilshleagh.
Gidh bé mheasas mionca a sluaighcreach
tar slios tíre
ní guais leam é do bhuing béime
fan roinn ríghe.
Gidh bé mheasas méad a gconfaidh
ag cur catha
beag nach dearna dearg a ndreacha
fearg a bhflatha.
Dul dá bhféachain ní fiú ceirt-leath críche hÉireann
briocht a sgiath, cailce a gcaollann,
bailce a mbéimeann,
a bhfál craoiseach go gceo chródhonn
leo 'n-a léibheann,
a sluagh 'n-a n-éanbhróin áigh d'iarann,
gráin a ngéirreann.
Clann an Iarla ó imlibh Deirg Deirc
dream as ionnsa;
ní clann mar gach gcloinn an chlann-sa
ga roinn riom-sa;
ní fhuil líon a gcoisgthe go ceannsa
acht an prionnsa.
Óir ní fhuil líon a gcoisgthe
nó ceannsuighth-nó ceartuighthe na cuideachta sain acht an t-aoine
Dia adhartha uile-chumhachta; nó prionnsa sochraidh
sochrotha saidhbhir slóigh-líonmhar Sacsan lé sair-mhínighthear
gach saor-shluagh dá shíor-chogadh; nó
guais & omhan & imeagla na sé n-onchon n-ainbhle
n-aigmhéil atáid agam-sa, do
céad-tógbhadh
ag Cridhinbhéal Cáinte, & do hoileadh as a haitle
ag Néidhe fhaobhrach fheochair-bhriathrach mac Adhna,
& i na dhiaidh sin ag Dallán fhíor-eolach
fhíor-fhoghlumtha
Forghuill, Is ag Seanchán shíor-dhoiligh
shein-fhile; Is a-táid agam-sa Is an uair-se re
haghaidh gach aoin d'uaislibh Is d'ardmhaithibh na
hÉireann do shainteochadh m'fhoghail nó m'argain
nó
m'inghreim, dá gcognadh Is dá gcnáimh-ghearradh;
& Is iad anmanna na n-onchon sain On & Ainimh &
Aithis & Gríos & Glámh & Goirt-bhriathra; & muna thí
m'fhortacht nó m'fhóirithín
nó m'eadráin nó
m'anacal do na huasail-ionnsdruimintibh sin, ní
hinmheasda gur culadh cumhdaigh nó cosanta nó
coiméadta ar mo chreach-argain an toicheasdal
liosda láin-mhíothapaidh, Is an fhiann anbhfann
éagcruaidh & an chuideachta cheann-trom chriothánach
chomh-anfadhach chruinnigheas i n-oireachtas im
uirthimcheall i n-aimsir eagla nó fuachtana nó
foiréigin nó re linn robhaidh nó
ruthaigh do
rochtain; & Is í as culadh cogaidh nó cathaighthe
don
chuideachta sin .i. a meilleoga meirgeacha
mainnt-bhéalacha ar n-a gceangal Is ar n-a gcruadh-chuibhreach
dá gcreasaibh cruadh-shúgán tar a gcorp-thaobhaibh, Is a dtuagha coimhleathna
caoil-bhráighdeacha
cúl-chroma coimh-ghearra connaidh,
is a gcorráin cama cír-ghéara ar n-a
gcomh-shuidhiughadh
fa na gcreasaibh céadna go comh-dhaingean,
is a bhfiodhbhaca líomhtha leacan-chruaidhe
ainghéara 'na leath-lámhaibh
leo; Is ní
hionann don damhraidh fhaobhraigh arm-chorcra
ar a n-iarraim-se comhroinn críche & forba &
fineachais & fearainn uair iadhaid i n-uirthimcheall
a n-ard-fhlatha sna gcipeadhaibh dá imchosnamh.
Comhdhlúith a gcath 'n-a mbróin bhodhbhdha
nach dóigh diomdha;
bearn a himeal na bhfear bhfeardha
ní bhean biodhbha
re dlús lúireach ngarbh Is gormgha
agus arm n-iomdha.
Iomdha leo ag léim gacha troda
— budh tuar buaidhridh —
searrach seang ag bleith a béalbhaigh
's beann eich uaibhrigh;
mo chion budh réidh ris an ríoghraidh
mir séimh suaimhnigh.
Iomdha cotún coiléir rionnta
go ró deallraidh
is feilm chorr tar dheirc go duilbhir
's beirt trom treabhraidh.
Iomdha ar droing nach dóigh do fhreasdal
don fhréimh Bhúrcaigh
sgiath le n-aincear com ar créachtghoin
donn ó dhrúchtfhuil,
caomhthach sging ag loinn nach leontar,
croinn 'n-a 'gcúplaibh
'ga mbí iolar arm i n-éachtaibh
's badhbh ag brúchtaigh.
Iomdha donnshlat dhíobras saighde
is sreang ga lúbadh,
biorchrainn caola as réidh do ruagadh
céir dá gclúdadh,
gunna chuireas d'fheidhm ar óigfhear
sgeinm gan sgrúdadh,
ó mbí fear a gléasda gruadhdubh
pléasga púdar.
Iomdha le a gcois — cia ar nach leathtrom —
laoch mar Oghmha
le gcuirthear cuairt ar feadh feadhma
fear duairc dorrdha,
gille nar ligh dlaoi ar a dhiomdha,
saoi fhir fhoghla,
fear croithte craoiseach go calma,
taoiseach tromdha.
Is gidh tromdha tathaoireach tarchuisneach atáim-se
ar an dtulán sruithmheirgeach sléibhe so, ní
mó ná meanma Is mór-aigneadh cloinne
ionnsaighthighe
éicht-bheodha oirdhearca urramhanta an
Iarla go n-a n-óigríoghraidh uaibhrigh alláta
i n-a
n-uirthimcheall an uair shuidhid ar sleasaibh réidhe
a ríogh-bhruighean ag ól a bhfleadh bhfíor-uasal
bhfíneamhna & a ndeochann ngarbh ngabháltach, ar
bhfás ruithneadh Is ruamannachta i n-a
ríoghgnúisibh
ag éisteacht re dréachtaibh & re duan-laoidhibh
a sean Is a sinnsear gá soluis-reic
i mbéalaibh reacaireadh Is ríogh-bhard; ná
mór-aigneadh
na muinntrei-se an uair shuidhid i n-a
mbothógaibh crom-lúbánacha creat-lomnochta ag
comhól ar a chéile dá gcoidhinibh
béil-fhliucha
blaithche Is dá dtobannaibh mór-chluasacha
meidhge bruidearnaighe, & ag éisteacht re
hagallaimh Is re holl-ghlór a n-ainminnteadh n-éigciallaidh
'na n-uirthimcheal Is gach aon aca ag
tabhairt aithne go hurmhaisneach ar uraghall Is ar
fhoirbhéicigh gacha hainmhidhe seach ar oile; is
éirghid a bhfonn Is a bhfíor-aigneadh le n-a
bhfrais-ghéimnigh
sin & tógbhaid coimh-shéis
crónáin i n-a
gcoinne. Is ar an adhbhar sain ó tharla ceart-rogha
chinnte don ordughadh sin ag gach aon fa leith
dar laoch-mhuinntir, Is eadh as indéanta ann
daingniughadh go cinnte ar an gceart-roinn &
snadhmadh solus ar an síothcháin & cuir & teannta &
treabhaire do ghabháil ar gach taobh ré tréan-chomhall
dá cheile gan ghabháil baile nó brághad
gan ghluasacht ceana nó creiche ó neachtar uainn
ar ar oile amhlaidh.
Gabhthar geall ag na mnáibh muile
re cnáimh coire;
ní gnáth ar meisge ó fhíon d'ibhe
an míol muighe; meinic do ligh le fear faire
bean fhir oile;
cuirthear neamhdháil duas ar dhuine
'n-a chruas croidhe.
Léigeam dínn ar saobhnós seachráin;
snadhmam connradh; bíodh re gach gcuma dar ceangladh urra urrlamh. Géabhad chugam mar chor síthe
saorchlann Uilliam
fir nach bronn a ngort do Ghallshluagh
folt ndonn ndruimfhiar.
Géabhaidh mé — ní mhaithfead Seaán —
fan síoth thoingead
tar druim gach gheallaidh dá ngeallad
d'earraidh Uilleag.
Dá mhac Riocaird rogha ar sluaighidh
slata failmghéag
fir as fheardha gleic ós ghormród
meic do Mhairghréag.
Géabhadh chugam sa chor chéadna
clann shéimh Shuibhne
chuireas gleo gan ghruaim go ngairbhe
go mbuaidh mbuidhne,
dream dhligheas cur thar ar gcinn-ne
bun gach buidhne.
Síol Seachnasaigh sluagh Ó bhFiachrach
— fraochdha an mhéinne —
na cuir daingne as dual dar ndín-ne
sluagh go séimhe;
fir sin do ghabhluigh ó Ghuaire
d'adhbhaidh fhéile.
Clanna Uadhach, aicme Hoibeard
ní haos doibheart,
's iad tar cách dom chaomhna ar ainiocht,
aobhdha an t-oiriocht.
Ní hiad a-bháin, biaidh gach aoinfhear
ó fhiadh Ghaillmhe
mar budh dalta cíogh dom choimhdhe,
díol ar ndaingne.
Beid a marcaigh, beid a mbantracht,
beid a ríoghna
do ghuth éinchinn cáigh dom chaomhna;
ní dáil díoghna.
Biaidh mo roinn re ríoghraidh Chonnacht
choidhche ar chuimhne;
siai-de mhairfeas fa mhagh Mheidhbhe
bladh na buidhne.
Biaid a laoich dá luadh ar tosaigh
i dtigh bainnse;
biaidh maith agus olc gacha haimhse
ag tocht tairse.
Biad-sa im rígh ar ríoghraidh Bhúrcaigh,
beid fam antail;
fás ar mh'inmhe béin re a mbronntaibh
don fhréimh Fhranncaigh.
Maith an geall re gabháil ríghe
mo roinn orra;
beanfa mei-se d'fhéin chnuic Chonga
sduic réidh ronna.
& Is iad sduic ronna na ronna réamhráidhte,
dá dteagmhadh fonn aithearraigh nó imeirce im
aigneadh nó im inntinn-se, oiread an fhearanntais
do uatha-sain agam-sa gan oirbhearnadh,
gidh bé ionadh d'Éirinn i mbudh mian lem meanmain
anadh nó oiriseamh, & cuairt timchill gan
tairisiomh
gan toirmeasg maille na gcomhartha aird-cheannais
d'fhagháil éadála go háiseach
aontadhach
amhail as iomchubhuidh d'fhior mo gharma.
Iomdha fa chnoc gcríochruadh gCnodhbha
síothshluagh Samhna;
cluintear fuaim na dtonn fa Thromhra
as lom labhra;
ní lucht déanta cúntair corma
Búrcaigh Bhanbha.
Fine Bhúrcach na mbrugh sochraidh
saor a n-aicme;
lán a maith 's a saith dar seirc-ne;
maith a maicne.
Maith a dtighe i dtiobhram cuarta
as cian cluintear;
maith a ngníomh don fhlaith dá leantar;
maith a muintear.
Maith a laochraidh lán do ghaisgeadh
gníomh go bhflathtraigh;
maith a mná nach caith acht corcair;
maith a marcraidh.
Is maith ar lúth lucht a bhfeadhma
— ní feidhm leisgfhear;
maith a bhfleadha gan déir ndeasgadh
gan mhéin meisgeadh;
i láimh a ríoghbhan seang slistiugh
fearr a bhfeisteagh. | https://celt.ucc.ie//published/G402134.html |
G402135 | Rí con Éireann Ábhartach | Brian ó corcrán | Margaret Lantry | c.1575-1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,225 | Brian Ó Corcrán cct.
Rí con Éireann Ábhartach
coiléan ciuin cruadhbhánaltach;
is tuar clú a hoirbhearta áigh
cú bhus oirrdhearca n-iomráidh.
Iomdha cáil inar chóir geall
don cheannphurt-sain con n-Éireann;
barr clú ní diommoltair dhi
an cú im fhionnochtaibh Éirne.
Mac Ioldathaigh na n-arm nocht,
fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht,
ainm agus a clú re a cois,
an cú gidh airm i n-uarais.
Uasal an treabh dá dtá sin;
is mac Ábhartach d'Fhinngil;
fuair a sbairn caithréim don choin
Caithréim do b'ainm dá hathair.
Bíoth nach béaradh buadh ndealbha
an cú cumtha croibhfheardha
dul rompa ní clú don choin
cú as corcra crú i gconaibh.
Ní cú más fhíor a heachtra
achd duine i ndeilbh draoidheachta
— is tearc lá nach dearbhthar dhuibh —
a-tá mar fhearchoin agaibh.
Cú le mórthar gach meadhair,
cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh,
cú as toileamhla fa dtád Goill
an tsoidhealbhdha ág áluinn.
Is d'iarrsma na gcon gcalma
an cú céillidh cathardha
ag Fionn reachtmhar rí na n-óg
do bhí neartmhar a-nall-ód.
Nó Is í cú mheic Morna mhir
dar bh'ainm Iorghal an uair-sin
ba caithleomhan re cneas Goill
bheas do haithbheodhadh eadroinn.
Nó Is í Foirneart cruaidh calma
an cú ceannard cathardha,
cú Osgair na gcuach gcam
ba luath gcosgair i gcomhlann.
Nó cú mheic Lughach na learg
dar bh'ainm chubhaidh an Ceinndearg,
an cú glan seamfhaobhrach seang
ór ghearrshaoghlach damh díleann.
Gá dtám, do choimmeas na gcon
do bhádar ag airdrígh Almhan,
Bran féin as daghshamhail di;
baramhail as léir linne.
An Bran oirrdheirc-sin Finn féin
d'Abhartach ní thuill toibhéim
tarraidh clú dá cosgar soin
cú mar Osgar i n-iorghoil.
Ní fhuil fa néallaibh a-nocht
ag do choin-se, a Chú Chonnacht,
gníomh doidhéanta re damh ndonn,
roiréalta do char comhlann.
A bhfuil ó Dheirg go Drobhaois
dá n-iarrthar gach aonfhoraois
más fíor Is folamh 'n-a gar,
's ní foghar míol 'n-a mothar.
Ó bhéal Allta go hIasgaigh
tearc ann do na hilphiastaibh,
nó im bhruach roigheal líonmhar Luirg
nó im oirear míonghlan Miodhbhuilg.
Seachnóin Bréifne an bhruaich sgathaigh
cuairt Ábhartaigh ioldathaigh
— budh cuimhneach thiar agus thoir —
gidh fiadh d'fhuighleach níor fhágaibh.
Im nónaidh nochtaidh a fearg
ag Sligeach, ag Sliabh gheildearg;
fa díoghlach an deinmne soin
ag síodhLoch Meilghe ar madain.
I nGleann Ghaibhle druim ar druim
tug so Is ag Sliabh an Iarainn
fros mílealbha muin ar muin
is prímhealmha os n-allaidh.
Ó tháinig i n-iath Ultach
ní hannamh ar Ábhartach
— ní fhuighinn a ríomh go
réidh —
gníomh nach cuirim 'n-a caithréim.
Ón mbuime do oil i-se
ní hiongnadh ádh uirrei-se
ler sighneadh coiléan d'Ú Chuinn
ar n-Oiléan inghean Éamoinn.
Do Bhran Is oidhir i-se;
d'Fhionn an cú óg eilei-se;
a Dhé, caomhain clú na gcon
ar bhrú baoghail gan bhearnadh.
D'iarsma na féinnei-se Finn
cáraid na gcéimeann bhfoirtill;
deacair righe rú fa rath;
mo chride an cú Is a codhnach.
Coin Éireann ó thuinn go tuinn
is coin codhnaigh crú Ríoghdhuinn
ramharcach Tolcha Dá Thí
Abhartach ortha Is airdrí. Rí. | https://celt.ucc.ie//published/G402135.html |
G402136 | Rogha na cloinne Conall | Giolla brighde mac con midhe | Margaret Lantry | c.1200-1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,820 | Giolla Brighde Mac Con Midhe cct.
Rogha na cloinne Conall,
togha na droinge a-dearam;
tolg dar seoladh rug romham,
Conall tug d'Eoghan fhearann.
Lais thángadar a Teamraigh
rángadar re a ais Eidhnigh;
do shín a éill go harnaidh
re damhraidh shíl Néill neimhnigh.
Toghthar Conall na gcuradh
— nochar thorann gan toradh —
an tslat réidh fheardha iodhan
ionadh Néill Teamhra ar toghadh.
Laoghaire ag tnúdh — fa toillchiall —
rer n-aoghaire n-úr n-armchaol
craobh ris ar easbhach iomthnúdh
fionnchúl caomh fleasgach fannchaomh.
Aoghaire do réidh roiréidh
Laoghaire — fa léim sodháin —
ríghe laoi 's oidhche d'fhagháil
ar ngabháil choidhche an chonáigh.
Teagar lá Is adhaigh Éire
dar gcabhair mar do-chuala;
Conall achd gér chruaid lámha
gránna an comhall fhuair uadha.
Ar Laoghaire "Is leam Teamhair;
aonduine im cheann ná cuiridh"
"Acd lá riamh ann Is adhaigh
faghaidh" ar barr fial Fuinidh.
Truagh do Laoghaire a luaighill
aonduine uadh for Éirinn
crobhuing do líon mo lámhainn
síol áluinn Conuill chéibhfhinn.
Síol Laoghaire ní leanann
saoruidhe na ríogh romham;
do-chuaidh fa a chró a fhearg d'fhulang
dulann dó a chealg ar Chonall.
Deich rígh don tsíol óg
áluinn
— a ród Is do shíor
shíolaim —
fuair ó linn Conuill chéibhfhinn
romhuinn Éirinn bhfinn bhfíonduinn.
Ainmhire a arm do lúbadh
garbh re hainbhfine an t-óigfhear;
a mhóid níor mhín i n-éigean
céidfhear dhíb na gCóig
gCóigeadh.
Do badh dhíbh Domhnall doinnmhear
nar mhín comhlann a chrannghal;
do chuir an cath re Conghal
ar Muigh fhonnghlan Rath raghlan.
Aodh díb ro b'fhogha uilleach,
Maol mín Cobha gan chrannach,
Conall fial caomh Is Ceallach
na gciabh ngleannach gcaol gclannach.
Baodhán Liag, Loingseach Dobhair,
coimseach iad ar na huilibh,
Conghal caisChinn mhóir Mhaghair,
cabhair shlóigh fhairsing Fhuinidh.
Laithbheartach laoch nar sguchadh,
gaoth tre chlaichshneachta chiothmhar,
fir Breagh a brón do bheanfadh
an deachmhad fear mór miodhchar.
Go Domhnall Óg dá n-áirmhear
dá bhfoghnann gach fód líonmhar
do chloinn Néill an tréad taoibhgheal
aoinfhear déag san réim ríoghradh.
Deich gcéile ad-chím don chineadh
tar ar shín Éire a hionar,
fir go mbuaidh dhí ar a ndeireadh;
fuair deighfhear í 'n-a n-ionadh.
Domhnall ó Dhún chas Cnucha
gan súgh mar bhlas a bhracha,
ní thoghfa mé méin seacha,
breatha Dé réim a ratha.
Mac Domhnaill duille ar gcraoibhe
Ó Domhnaill Tuinne Tuaidhe
mac d'fhíonLasair a hÁine
gráinne a míonfhrasaibh Muaidhe.
Ó Domhnaill chéibhfhinn Codhail
comhrainn d'Éirinn ní fhuirigh;
go mbeire an fear fál droighin
lámh re froighidh bhfear bhFuinidh.
Do líon gach linn ar dtrághadh
mar do ríogh sinn an saoirfhear;
níor lia bó Is lacht ga líonadh
sa ló ar ríoghadh Art Aoinfhear.
Bláth gach tíre 'n-a thoradh,
gnáth díle mar a dubhadh,
gach fiodh cnó mbán ag bloghadh,
gach domhan lán bó Is brughadh.
Gach coill mhín choimhthe chomhlán,
toirthe 'n-a thír ga dtuilshníomh,
tonna an chalaidh ar comhshnámh
lomnán maghair Is muirmhíol.
Maighre geal solas Sionna
dar lean gach sonas sunna;
do shaoirchleith mhín Deirg Droma
tonna i dtír do theilg tunna.
Fíon garg go tonnDruim Tuama
nach tard d'Ua Dhomhnuill daonna;
tonna an chuain ag cur fíona,
go bun Síodha fhuair Aodha.
Clann Dálaigh, Domhnuill Teamhrach
tárraid go tonnDruim Dairbhreach
fir do chloinn líonmhair Lughdhach,
coill ubhlach, míonghloin mhaighreach.
Mear toghdha glór na ngiolla
colbha na slógh sleagh 's leanna,
sona a gcnuic chasa chorra,
donna a mbruit, glasa a ngleanna.
Géill ba thuaidh 'n-a n-idh uain-ne
gach ré n-uair na fir fúin-ne,
ní bhí uann cáin dá
chéile,
dual Éire dháibh Is dúin-ne.
Seacht ndaighfhir díbh a-dearaim
rígh 'n-a n-aighidh ní fhaghaim
ar son na seacht ríogh romhainn
síol gConaill ag teacht tharainn.
Brian, dá Aodh, Niall cas Caille,
Niall na bhFras fa caomh gcloinne,
tug geall do Chonall Cime
Colam Cille ar gceann coinne.
Ó Domhnaill shaoir ó Shionnainn,
a mhaoir ar dhonnDruim Dabhaill;
do fhóir geiléan caomh Coruinn
ceinéal gConuill saor Sabhaill.
Nós ríogh Eamhna gur éirigh
a ghníomh go feardha fáilidh
nochar dhéanta 'n-a nduanaibh
sluaghaidh náid éachta d'áirimh.
Gidh áluinn rabh laogh lachta
nó damh caomh nocha chreapfa;
abaigh bláth na gcnó gcorcra;
tráth molta dhó badh dheachta.
Ó Duib-dhíorma an tarbh tuilmhear
do mharbh an ríoghdha rinngheal;
ní cuirthe i ndán go ndearnadh
eangnamh ná dál nach dingneadh.
Tug teach Fordroma fíonduinn
gan ardlonga gan ógluing;
do mharbh Ó Maoil aird Fhábhuill,
's do airg Máluinn gcaoin gcnódhuinn.
Do ionnsaigh fear saor Sligigh
Aodh gur lean as a leabaidh;
fa ruathar suairc cruaidh cagaidh
cuairt chladaigh uair an Eabair.
Rug beo — is doiligh fa dheireadh —
Mág Uidhir leo gur leanadh;
lom gach teach as a dtabhar
go caladh creach long leabhar.
Goill go mín ó a chéim chagaidh,
a ngéill 'gun rígh 'n-a ribibh;
do fhromh deabhaidh an dreagain
tor eagair sleamhain Sligigh.
Ruaig 's a rionnlán áigh uirre
d'iomrádh nochan áil linne;
do ba ruadh colg ón choinne
do-roinne im bhord bhfuar bhFinne.
Ruaig gharg an leomhain loinnmhir
go hArd Eoghain do fholmhuigh;
do-chuaidh dá breith a Boirnibh
le coinnlibh creich gcruaidh gcodhnaigh.
Gé rug bú iomdha uain-ne a dhiomdha níor dhú dhúin-ne
— is é linn táith ar
dtíre —
i ríghe cinn bhláith Bhúille.
Is cáineadh dháibh dá ndearnuinn
áireamh a áigh shaorloinn;
gan srian re hágh ní fhuilngim,
ní thuirmhim trian dál Domhnaill.
Mac Domhnaill Domhnaigh Cobha
nochar odhraigh a fhola
ag Brian do bhí 'n-a thogha
rí an bhrogha riamh a rogha. Rogha. | https://celt.ucc.ie//published/G402136.html |
G402137 | Slán fat fholcadh | Tadhg mór ó huiginn | — | c.1200-1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,567 | Tadhg Mór Ó hUiginn cct.
Slán fat fholcadh
a Fhionnghuala réidh roicheolchar;
th'fholt idir é
ní fhidir mé nach moitheochthar.
Slán fat fholcadh
's fa fhighe th'fhuilt fhiarchlaidhigh
sé Is th'óige ort
is móide ar an fholt mh'fhiafraighidh.
Slán fa dhíorghadh
do dhíshleachta shlim shlaitleabhair,
a mhall mhilis,
a bharr 'n-a thrilis taitneamhail.
Slán fa chíoradh
do chúil as caomh re a shíorfhaicsin;
gurab soraidh
gurab cobhuidh don chíoraidh-sin.
Ar gcíoradh th'fhuilt
usuide dhamh a dheaghmholadh
gach clann chleachtach
id bharr leabthach ag leabhroghadh.
Gach uair fhoilce
th'earla bhíos ag breith ailtbhisigh
mar ghrein ngairthe do néimh a haithle an fhailcei-sin.
Cros Críosd thorad
tearc th'aithghin ar bioth barrbhuidhe;
ná rabh tres an bhfolt bhfionnbhuidhe
ort amhghoire.
Aigmhéil dá bharr
béim súl ar chách re a chladhfhaicsin;
tú as caoimhe i gcurp
naoidhe fan fhult an aghaidh-sin.
An aghaidh óg
fan fholt bhíos 'n-a bharr dhronglánach
bíd Is beid dí go deaghshnuadhach
's sí soghrádhach.
Soghrádhach thú
ós do thír lisleabhair longclannaigh;
a chnú ar gcraoibhe
's tú bhus caoimhe do-chonncamair.
Gér chaomh ar dtús thú re figheadh th'fhuilt fhionnbhuadha
tug luach eich ort
do bheith fa fholt, a Fhionnghuala.
Áluinn fan fholt
th'aghaidh chorcra mar chéadshaimhghréin
th'fholt mar fhalaigh
ag tocht tar th'aghaidh n-éadainréidh.
Réidh an t-éadan
ar aghaidh th'fhuilt troim thaithneamhaigh
na gcleathrámh gcraobh
ós an ngealchlár gcaomh gcailceamhail.
Mailghe caola
ós chionn do cheathra gcraobhfhabhra
aonsduaim orra
dá chaolsduaidh dhonna dhaolamhla.
Tearc san chruinne
comhchaomh do rosg mall mongdhathta;
géagcruinn gruaidhe
dá réatlainn uaine ogradhta.
Gruaidhe donna
dá ndéantar dán saor sreathmholta
leaca as saor snuadh
le taobh do dá ghruadh ngealchorcra.
Béal dearg tana
tug dhuit Dia — déana a altoghadh —
a chrann cubhra,
a bharr mar ubhla ar n-abghughadh.
Deirge iná subh
snuadh do leacan re a lánfhaicsin
do bhráighe bhláith
i mbáine bhláith don bhrághaid-sin.
Cíghe troma
ós do thaobh tárraidh mochbhuadha;
ní fhuil fa ucht
a-muigh ar curp a gcomhchuanna.
Ucht mar eala
agad, a chall glan gealchoilleach; slios caomh cladhach
do thaobh mar chanach gCreamhchoilleach.
Braine mar bhláth
do bharr mar ór, crodh caomhuingeach;
folt clúmhraon gcam
ort, a ghlúnmhaol mhall mhaoluilleach.
Cuanna caomha
do dá cholbtha, a chraobh ghealthoirtheach;
beaga bhláthbhuinn
's iad seada sálchruinn seangthroightheach.
Milis do ghlór
a ghéag mhall Mhoighe Finnei-sin
Téighid sginge
do sgarlóid chorcra chorrtharaigh
th'ucht slimgheal saor,
a inghean chaomh Í Chonchobhair.
Do néimh th'aighthe do áilnigh th'fholt cas claonbhuidhe
fionnNuadha Fáil
a Fhionnghuala Chláir Caonruighe.
Nuadha Fionn Fáil
fuair a cruth ríoghdha ronua-san
ó Nuadha a-nuas
ní chuala cluas a chomhuasal.
Ríoghradh Éireann umut earla mar ghléidheaghór
go Conn na gcuan
is an drong uadh go hÉireamhón.
Níor fhás achd rígh
is ríoghna 'mod rosg ndeaghshádhal
callros fa chnuas
ó Mhaghnus suas go seanÁdhamh.
Cia do righeadh
riot, a ríoghan nach rosggruamdha,
cia ad-chluin nó ad-chí
go bfuil i gclí do chomhsduamdha?
Comhsduamdha ód láimh,
a lacha áluinn aoigheadhach,
gach béas banda
eidir ghréas Ghallda Is Ghaoidhealach.
Id bhruidhin bhric
bídh re béalaibh bhan lámhdhaidhe
fíon fuar finngheal
ód chuan, a inghean Árlaidhe.
A Fhionnghuala,
a ucht mar bhláth saor subhlosa,
a inghean ghlan mhall Mhaghnusa,
a chrann cumhra-sa.
Biaidh red reimhis,
a ríoghan Chruachna coillghile
— mar do bhaoi — bean
gan mhnaoi gan fhear 'ga hoirbhire.
Gnáth as dual dhuid
— is a dhéanamh ar dhánmholadh —
gan bheirt ar bhoin
gan fheirc ar ghroigh do
ghrándoghadh.
Dual ót athair
a Fhionnghuala, a fholt maoithghleannach,
bheith ag díol dámh,
an fíon 's an dán do dhaoircheannach.
Dual dod bhais bhláith
bheith don aos dána ag druineachas
ceird cridhe ar crioth
gach file ar bioth dod bhuidheachas.
Dual duid dá mbeath
— ni budh beag d'fheidhm ná d'ordughadh —
Banbha ar do bhreith
mallbha agus eich ar mh'ordughadh.
Dual duid mé id thig
ag toirbheart chliar gach chineadhaigh
d'fhoghluim ionnlais
ag comhruinn ionnmhais d'fhileadhaibh.
Th'ór Is th'airgead
agam uaid ag a thiodhnacal,
gach ní fa nimh
dá mbí id thigh ar mo thiodhlacadh.
Dual duid gach dámh
do dhol leam d'fhéachain th'fhinntighe
tú ag réir a rann
gan chléir ann achd ar mh'impidhe.
Dual duit gach magh
's gach móin go dtolchaibh tiormruadha
lán dod lachtchrodh;
slán fat fhalcadh, a Fhionnghuala. Slán. | https://celt.ucc.ie//published/G402137.html |
G402138 | Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal | Fear flatha ó gnímh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 926 | Fear Flatha Ó Gnímh cct.
Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal;
adhbhar suadh nó saordhraoidheadh
ní mhair díobh — damhna cumhadh —
ná díol anma ollomhan.
Táinig a ré leath ar leath
sgol Uladh, éigse Laighneach;
deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair
ár gan fhuighleach an t-ár-sain.
I gcrích Chonnacht ceardcha sgol
ní mhair ollamh ná adhbhar;
tug fam chridhe ceo orchra,
's ní beo file foghlomtha.
Oighidh Taidhg dhuansgagtha Dhoill,
éag Eochaidh mheich Maoil Eachloinn,
tug draoithe Éireann fa oil
géibheann maoithe fa a meanmoin.
Ní clos sgolaidhe — sgéal tinn —
d'Íbh Dálaigh nó d'fhuil Uiginn
ag túr lighe i leabthaibh both,
dá ealtain fhine n-eolach.
Uch ní mhair caomh ná cara
d'fhuil ealadhnaigh Eochadha;
ag sin cuire cridheadh nglan;
uile a cineadh do-chuadar.
Clann Chraith dá gcreidis sgola,
fine rannghlan Ruadhnadha
méala nach marad an dámh
fréamha carad Is compán.
I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin
sgotha fileadh, fuil Chobhthoigh,
sgéal mór gan mharthain na sgol;
a sgarthain Is clódh céadfadh.
Clann an Bhaird, clann Con Midhe,
tearc fisidh nó fáidhfhile
— mo dhall chiach-sa Is ceo cumhadh —
beo d'iarsma na n-ollomhan.
Tug fógra dámh an domhain
is col d'fhagháil d'ealodhain
fuil chrannda dá cora i gcion
's na fola arda ísiol.
A fhir sgaoilte na sgéal sean
'ga mbí seanchas mac Míleadh
ní ham sgéal do sgaoileadh dheid
tréan Ghaoidheal an tann tairnig. Tairnig. | https://celt.ucc.ie//published/G402138.html |
G402139 | Teach carad do-chiu folamh | Gofraidh fionn ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,349 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
Teach carad do-chiu folamh,
teach as ionnsa d'fholmhoghadh;
a bheith mar tá Is caoi croidhe,
do bhaoi lá badh líonmhaire.
Maith fear ler tógbhadh an teach,
maith teach a-tá go huaigneach,
maith bruidhean do bhí sonna
gur cuireadh í i n-athchuma.
Conchobhar Ó Briain Bhearbha
don toigh-se fa tighearna;
rian an toighe mar a-tá
mo chroidhe im chliabh do chlaochlá.
Gé tá 'n-a hadhbhaidh fholaimh
bruidhean chúplach Conchobhair,
do bhí ag loighe ar a lár sain
a lán roimhe do ríoghraidh.
Meinic do bhí meadhair mhór
san toigh-sin a-tá ar anshógh
taraidh mé gion gur sean sinn
gan teagh amhail é i n-Éirinn.
Ins an leath úd thall don tigh
do bhídis laochradh Luimnigh,
gach file dá dhíol 'gun droing,
fíon dá ibhe go hursoinn.
San ursainn-se ar m'aghaidh thoir
do bhíodh rí Rátha Chobhthaigh;
sé i gcriaidh dom chur i n-ísle
gar d'Ú Bhriain do bhímis-ne.
A lán san leath-so a-bhus
d'ollamhnaibh 'ma ucht sholas;
fairbríogh a bhfaghbhadh an dream
ó adhbhar airdríogh Éireann.
A fhilidh, a aos dána,
a bhreithimh, a bhandála,
go reich an orsuinn oile
im chleith mboschuirr mBóroimhe.
An lá-sain gér lán an teagh,
a-tá sé mar nar saoileadh
teagh Muighe Fearta folamh
leabtha an toighe ar dtrochloghadh.
Gan mhná i bhfochair na bhfuinneog,
gan imirt san orsainn-eod,
gan ól, gan adhnadh soillse,
mór an t-adhbhar athtuirse.
Fachain mar soin rug don Róimh
Mac Giolla Caoimh fhuair onóir
dar ghabh an iris do b'fhearr
dar sgar re hinis Éireann.
Fleadh do tionnsgnadh uair oile
i Longphurt Bhriain Bhóroimhe;
an fhleadh an uair do b'abaidh
na sluaigh is-teagh tángadair.
I longphurt Bhriain na mbárc sean
seacht laithe d'fhearaibh Éireann;
i gcionn seacht laithe don fhleidh
na maithe ag teacht dá dtighthibh.
A-dubhairt ar dteacht is-teach
an file uasal airgtheach:
"raghaidh trá an saoghal mar so;
'n-a aonar a-tá an teagh-so."
Mac Giolla Caoimh do-chiu ar dteacht
is fir Éireann ar n-imtheacht
teagh Briain mar a-tá an teagh-so
an lá i ndiaidh na ndeighfhear-so.
Gabhais éigeas Innse Fáil
tres an gcúis-sin i gcéadáir
ceileabhradh do Bhrian na mbeann
is d'fhiadh eidheanghlan Éireann.
Adhbhar oilithrigh bhunaidh
réim tighe chuirr Chonchobhair;
don Róimh do ba dulta dhe
dá dtugtha t'óidh don inmhe.
Aithris an fhileadh reimhe
rochtain go Róimh n-aingleidhe
— ní fleadh feasda badh díor
dhamh —
teasda dhíom gan a dhéanamh.
Connradh do-rónsam a-raon
is inn i n-aois dá mhacaomh
— a-tá tuirse ar gcúl dom char —
san toigh-se dún ga dhéanamh.
Is eadh do bhí do-san de
rann ar gach nduain dar ndáin-ne;
each gach bliadhna do bhí dhamh;
rí Liamhna nocha locfadh. Mac Toirdhealbhaigh — tochrádh leam —
níor léig Dia dó díon
Éireann;
tres an méirsheang bhfial bhfaoilteach
fian Éireann go héagcaointeach. Teach.
Ionmhuin teagh 'n-a bhfuil a lán
teagh mheic Domhnaill Dhúin Iomdhán;
a ndoimheanma ag dul dar sgoil
i mbrugh oireaghdha Eoghain.
Teagh eile ina hannsa mé
teagh Í Shúilleabháin Shiuire;
rí tromaicme Briain ad-bhath,
dar gcomairce biaidh Buadhach.
I dtigh Thaidhg ní thraothfa ar muirn
ar brú Locha Léin lánghuirm;
ar gcúl do-chuaidh ar gcumha
uain i ndún Í Dhonnchadha.
I ndóigh go dtuairfinn a theagh
guidhfidh mé Míchéal aingeal;
mairg nach raghadh san teagh the
treabh i n-a bhfaghar fáilte. Teac. | https://celt.ucc.ie//published/G402139.html |
G402140 | Teallach einigh iath Laighean | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,974 | Eochaidh Ó hEoghusa cct.
Teallach einigh iath Laighean;
mór gceardcha 'n-ar cumhdaigheadh
an ghairm nach gnáth i n-asgaidh;
ní hainm gan fháth fhuarasdair.
Teallach einigh Innse Néill
do bhí dá rádha riui-séin
an síol fionn-sa Nuadhadh Neacht
sluaghadh do b'ionnsa d'imtheacht.
Aighthe éigeas Innse Fáil
a-tá ó thús an domhnáin
— ní diombuaine a ndál a-niodh —
ar chlár lionnuaine Laighean.
Cúigeadh chloinne Cathaoir Mhóir baisdear air — ní hainm
éagcóir —
múr roidhil síthbheannach sliom
prímhtheallach oinigh Éireann.
Cia do-chluin nó do-chualaidh
maith mar mhaith an mhórshluaghaidh?
do b'iontogha olc na bhfear
um ghort lionntana Laighean.
Caidhe i n-éanaird d'Inis Breagh
a coimmeas re crích Laighean?
níor feas úir an oirir fhinn
gan dúil oinigh 'n-a inntinn.
Tarla tar éintír eile
dochar deiridh aimsire
is trom céadaslaigh na gcliar
ar fonn ngéagarsaidh nGailian.
Gár bheag dhúinn dá dhearbhadh sin
geall Athairne uair éigin
i n-am anaslaigh gach aoin
don talamh-soin chlann gCathaoir.
Don chuaird thimchill thug orra
a bhreith féin fuair eatorra
dream do aithigh anbhuain gliadh ó mhaithibh glanshluaigh Gailian.
"Dream budh chuirthe i mbar gcumaidh
ní chluinfeam ní chualamair;
a-tá an geall libh, a Laighne,
sibh as fhearr" ar Athairne.
Tug Féidhlim mór mac Criomhthain
geall oinigh tar Éireannchaibh
don droing náir oirbheartaigh fhéil
dáil do oirdhearcaigh iaid-séin.
Toisg dar thriall a Caisiol Chuirc
mac Criomhthain — fa cuaird orrdhuirc —
d'fhagháil gliadh a ngéirreann gcruaidh
is giall Éireann i n-éanuair.
Fríoth leis ar lorg a chéile
ar feadh Fódla finnréidhe
géill gach Éireannaigh dar iarr
go féin ngéirreannaigh nGailian.
Tar éis réidhthighe riu sin
feadh bliadhna do bhí i Laighnibh
ar chuireadh an uair do fhill
an bhuidhean ler fhuaigh Éirinn.
D'éis breathnuighthe Banbha Breagh
ar gcur cúil re cath Laighean
maith don droing-sin tar gach ndreim
ar fhoillsigh an flaith Féidhlim.
"Ní fhaca mé" ar mac Criomhthain
"meadh dá n-uaisle d'Éireannchaibh
gémadh iad aithigh Laighean
siad ós mhaithibh measfaidhear."
Geall cháich ón ló-sain i-le
gnáth aca d'éis a chéile
na Laighin ó bheannráth Breagh
mairidh seanghnáth a sinnsear.
Béim orra d'éis a n-aithreadh
a-niodh féin ní foghaibhthear
na deighfhir ga ndubhradh geall
ar dturnamh einigh Éireann.
A-tá fear díobh go nua a-niodh
théighfeas teallach na sinnsear
i measg sluaghfhairche bhfear bhFáil
gan seal n-uaraighthe d'fhagháil.
Eidhre Fhiachaidh mheic Aodha
croidhe nar char míothaomha
fear comdha céadanma a shean
comhla ghéagabhla Ghaoidheal.
Dá mbáidhtí oineach Fhóid
Fhloinn
do-ghéabhthaoi gríos san gcogoill
fear gan amhluadh einigh air
ag eidhir armruadh Fhiachaidh.
Dá mbeidís righnigh re a linn
gan d'iomrádh acht ainm Fhéidhlim
do aithbheodhaigh an ainm sin
gairm an chaithleomhain cheirdigh.
Ar gcaitheamh einigh Fear bhFáil
téid-sean i dtús a iomráidh
uain an ualaigh-sin ní fhuil
'ga ghruaidh nualuisnigh náraigh.
Mar fhéachas dá onóir féin
féachtar leis — lór dó
dheighmhéin —
croidhe as fhraochaibche i gcrú chleath
do chlú laochaicme Laighneach.
Nach mór d'Fhéidhlim mhac Fhiachaidh
díon Laighneach ar lainnfhiachaibh
coimhfhéagaidh ó eing go heing
don eing fhoighéagaigh fhairrsing.
Ní fhuigheadh Laighneach re a linn
béim ris nach beadhgfadh Féidhlim
méad a imnidh fa chúis cháigh
'n-a ghnúis tibhrigh 'n-a teannáil.
Do bhí an gnáith-sin uair eile
'gun mhílidh mhac Deichtire
troigh fa siobhlaighe ag cur cath
ar son ionghaire Ultach.
An t-aoinfhear do b'fhaide uaidh
i gcrích Eamhna an fhuinn fhionnfhuair
do dheargfadh a dhímhiadh sain
ríniadh ceardchan an chleasraidh.
Cú Chuluinn na gcleas ngoile
Cnoc Fionnchairn na Foraire
fa ráith choimhfheithmhe don choin
i ndáich oireichle d'Ultaibh.
Fiú éinchreiche níor fhiu leis
gá dámaid do dhul thairis;
leor é fan am-sa d'fhaire
sé ar an gcarn-sa i gcomhnaidhe.
Níor ghnáth leis — ní
léigeadh sain —
aghaidh deoraidh fa dhiomdhaidh;
fa deaghcangnamh dál na Con
fa chlár eatalghlan Uladh.
Ag cosnamh a gclú 's a gcreach
do bhíodh an bheithir nimhneach;
ag coimhfhéagsain do chrú Ír
fa troighéasgaidh Cú an chleitín.
Coimhéad dan mac samhla sain
do-ní Féidhlim mac Fiachaidh
do Laighneachaibh toir Is tiar
ar moigh ghlainleathain Ghailian.
A mbiodhbhaidh do bhreith a ngill
ní guais leo le linn Féidhlim,
ná lotadhnadh a ngruadh nglan
d'fhocalghamh druadh ná deoradh.
Cúis béime le a mbeadhgfadh sin
ní fhuighe aonmhac Laighnigh
tre lios eithreach bhfoighéag bhFinn
tar coimhéad bhfeithmheach bhFéidhlim.
I ndoras báis, i mbreith gill
fear a saortha Is sé Féidhlim,
eo saorchuain bhailbhealtaigh Bhreagh
tairngeartaidh laochshluagh Laighean.
Fear ler hóradh a aicme,
fear as truime tiodhlaicthe,
fear as mheasardha do mhodh,
fear as easumhla d'uabhar.
Fear as leomhanda ag léim treas,
fear as réidhe ag riar éigeas,
fear as aimhréidhe i n-uair cean
do chruaidh ghlainfhréimhe Gaoidheal.
Ní hónna acht re haighthibh cliar,
ní lonn acht ag léim caithghliadh,
ní frithir acht feadh smachta,
sreabh fhichidh na hannsachta.
Cruaidh fa rún, réidh fa mhaoinibh
aigneadh an duinn dreachfhaoilidh;
mín re héidtréan, teann re
tréan
géigfhréamh as ceann dá
chinéal.
Bradán Life na learg sean
posd einigh íochtair Laighean
brat caomhdhaigh fásfhairche Fáil
aonghoin bhásaighthe bandáil.
Ursa cogaidh, ceann síodha,
dídean cirt, cosg fairbríogha,
doras céadágha cláir Breagh,
dáigh éadála na n-aoigheadh.
Cinnlitear clú na mBranach
tús teasda tá ar neamhfhalach
dortadh créachtfhuile i gcrú sleagh,
clú nach féadfaidhe d'fhilleadh.
Donn failgheach fine Chathaoir,
gnúis dil nar dhearg gríostathaoir,
fíorbhun labhartha Mo-Ling,
díoghbhadh anorchra d'Éirinn.
Mac meic Aodha na n-arm ngéar,
mórádh ceall, cumhdach
éidtréan,
draig shuilbhir, troigh re teannta,
muir go ndruimnibh díleannta.
Labhairt as lugha ná a ghníomh
sníomh easaonta na n-airdríogh,
séad robhuadha ráithe Néill,
snáithe comhuama a cheinéil.
An dá Aodh do imthigh uam
m'aos cumtha, crobhuing dhiombuan,
do imthigh mo thréan le a dteann
mar éan ór imthigh eiteall. Teallach.
Inghean Fhiachaidh earla lag
níor oircheas dúinn a dearmad
meanma chobhsaidh nar char séad
níor chosmhail damh, ní dheirméad.
Ní dheirméad-sa an deaghbharr slim
ná an glór féata focailbhinn
ná an sdíom chorramhlaigh cúil
chais
ná an tsúil mhongfhabhraigh mhallghlais.
Searc aoidheadh, iomchar ainbhreath,
gein bhuadha ban ríoghLaighneach,
rosg glainshliom fa ngrianlas síon
nach ainghionn fhiabhras airdríogh.
Fuair Úna ó ógmhnáibh
Banbha
barr éagcoisg Is urlabhra;
tearc meadh don bhriatharthaoi bhinn
ar feadh iatharchraoi Fhéidhlim. Teallach. | https://celt.ucc.ie//published/G402140.html |
G402141 | Teasda easgcara an fhiadhaigh | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,498 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Teasda easgcara an fhiadhaigh;
tug ar chroidhibh ceoidhiamhair;
easgcara ní fhuil ag oigh
i Muigh chneastana Criomhthoin.
Easgcara fhiadhaigh Éireann
Ábhartach na n-airdchéimeann;
níor ghein cú a sáruighthe sain
i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain.
Fáth tuirrse aca ní fhuil
subhach feasda na faolchoin
i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh
do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh.
Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios;
ag mucaibh allta i n-uaigneas
ní ba hiomdha feasda fail
ó theasda a mbiodhbha bunaidh.
Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn
leabtha suain fhiadhaigh Éireann;
daimh Chláir Chodhail tres an gcoin
dáibh ní homhain acht urchoir.
Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí;
uasal an t-altrom fhuair-se;
ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh
feithmheach fhuair a hoileamhain.
Díol a caointe í as a n-ucht
ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht
— dá ní do dhúisigh mo
dhéar —
do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan.
Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú
dalta ortha acht an t-éanchú;
clann Cholla fa dine dhó;
righe orra ag a n-iarghnó.
Dalta oile acht coiléan con
nó leanbh budh oidhre d'ollamh
brón do shíor orra re headh
ar shíol gColla ní chuirfeadh.
Cú dearg Osgair nar ob cath,
nó Sgeolang, nó Bran buadhach,
nó Adhnuall do b'aithghin dí
ag flaithghin armshluagh nÉirne.
Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn
san Mhumhain na múr n-aoibhinn
do bhí cú ren samhail sain
do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh.
Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line
iomad a héacht n-oirdnidhe
don triathchoin do thobhaigh geall
ó chonaibh iarthair Éireann.
Ar dhumha sealga ós Loch Léin
tuitid lá — lór do
chaithréim —
ceithre doimh ós gheilleirg ghlain
leis an gcoin gceinndeirg gcréachtaigh.
Faolchú neimhe d'éis an áir
tarla dhi — dia do neambáidh —
tug ar an gcoin créacht go neimh;
a goin níor bh'éacht i n-aisgidh.
Tuitid ar-aon — anba an ghomh;
do dhoirt sí fuil na faolchon
's do dhoirt an faolchú a fuil
gér ghoirt le caomhchrú Charrthaigh.
Mág Carthaigh do chosain seilbh
tug dealbh dearsgaighthe ar dhoidheilbh;
néal bróin fan éachtchoin do
b'fhearr
do sóigh ós réaltain Raoileann.
Gofraidh Fionn do ullmhuigh í
marbhna na con ad-chluintí;
táinig d'oide Tighe Táil
a fighe d'oige iomshláin.
Do mharbhnaidh chomthaigh chiallaidh
do chuir drong rann roidhiamhair
fáthGhofraidh Fionn muin ar mhuin;
snáthghlanfaidh sionn a samhail.
Do chumas don choin-se thoir
marbhna do Ghaoidhilg ghréasaigh
mar chéadmharbhna na con thiar
ar son gréagdhamhna Ghailian.
Ar measadh don mharbhnaidh thiar
dá maireadh tuir fhear nOirghiall
a buaidh do-bhéarainn dá thail
do-ghéabhainn uaidh a urdhail.
Ní marbhnaidh í gan fhachain;
cú cnis Í Chuinn Chéadchathaigh
tug fa fhonn n-easbhán nEamhna
teasghrádh trom dá tighearna.
Cuarta meince — mór an tsearc —
dá iarraidh iar n-a imtheacht
tug an cú croibhdhearg corcra
fa bhrú bhfoinnlearg bhfochanta.
Lé do cuartuigheadh na cnuic
's na tighe óil d' Ú Cormuic
agus bruaigh na dtiormshroth dte
's gach uaimh fa fhionnLoch Éirne.
Níor fhágaibh leaba 'n-ar luigh
fa Loch Éirne gan iarraidh
ná mín ná suidhe seilge
do ghríbh Muighe mínDeirge.
Fa dheoidh teasda — tuar déire —
do chumhaidh a cneischéile;
gá dú acht do-chuaidh as a cruth
mar nach fuair an cú a caomthach.
Teasda an chú-sa iar gcéibh na sgath;
ní hamhlaidh d'uaislibh Teamhrach
feasda im Bhóinn mbliochtchraobhaigh mBreagh;
ní hiontaobhaidh glóir Gaoidheal.
Ionann fáth bróin dóibh is
dí
Ábhartach cú fhir Éirne;
fada iar gcraoibh Line gach lá;
a fhine dá thaoibh teasdá. Teasda.
Mág Aonghusa do dháil dhamh
a chú 's a each 's a órbhrat
a-tá craobh Céise dom chrádh;
an fhéile dá thaobh teasdá.
Ní dhiúltfadh Conn Maisdean mé
um choin ná um bhrat ná um
bhuairsbré;
a-tá craobh Cruachan dom chrádh
ar n-uabhar dá thaobh teasdá.
Ní bás don té théid dá
fhios
flaitheas na n-óg 's na n-aingeal;
mairidh Beadar iar n-a bhás
acht gé theasda ní theasdá. Teasda. | https://celt.ucc.ie//published/G402141.html |
G402142 | Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich | Aonghus mac cearbhaill bhuide ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,847 | Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh
cct.
Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich
fa sduaidh — nocha sduaidh fa mhúith —
múr na sgiath mbeannbhladhach mbláith
ráith na gcliath ndealbhdharach ndlúith.
Tomhus mhúir Theamhra ó Lios Fhloinn
ó chúil chearna go a slios slim
caithir bhláith charmhoguil chruinn
mar ráith gCuinn abhradhduibh fhinn.
Tomhus mhúir Oiligh ghlais ghloin
i bfroighidh úir chais an chluidh;
samhail daighNéill Ghlúnduibh ghil
san tigh mhúraigh chlaidhréidh chuir.
Tomhus mhúir Chaisil fa a chois
no an dúin ghlais-sin go n-a gheis
ag fior fhuilt chrunnfhailghigh chais
go mbais Cuirc dhubhmailghigh dheis.
Níor ghabh Meadhbh ná Corc ná Conn
port ar nar shealbh port na bpeall;
do bhalla chaomh nó do chrunn
níor chum saor halla budh fhearr.
Treabh as áille dar fhéagh súil
a sgáile gheal re a béal biaidh;
nocha meisde ní dá néimh
gan léim eisde dhí dá diaigh.
Sreath cláraigh mhín dualaigh
dhlúith
'n-a sduadhaibh do-chím mun gcruaich;
sliocht uird riondaidhe mun ráith;
bláith sliombuidhe a buird 's a bruaich.
Mar badh meirge slíogdha a snuadh
nó mar dhíolda as deirge clár;
mín ón chearamh gach crann caol
sleamhan a taobh thall ón tál.
A hasnach glan donn le dlús
níor ghabh tonn lasrach dá luas;
cá seadh teine ar a tí thíos
muna thí gríos nimhe a-nuas.
Suairc an daingean anma d'Aodh
nachar mhainnear madhma riamh;
ní bhí san léibheann chas chlár
glas lámh nó géibheann ar ghiall.
Fear ga tealgadh gion gur thearc
nochar deargadh cneadh 'n-a curp;
sgeinnidh colg sleighe dá sliocht
briocht neimhe na n-ord 'n-a hucht.
Mar chathraigh nGreabháin ar ghráin
nac lamhthair meadháil a múir;
tréigthear brath na dtreabh re a taoibh
mar ba clach aoil gach teagh túir.
Ná braitheadh bean go bráth í,
an ráth gheal ler caitheadh cré
dá lár do lingeadh an Traoi
do mhnaoi do cinneadh d'ágh é.
Sleagh tre dhruim fir go lár lás
ór thil a clár mar do-chuas;
maol na gualann budh toll thíos;
ón chronn bhíos nuabharr a-nuas.
Dá dteagmhadh Lugh Banbha Briain
nó an Daghdha do dhul dá dréim
mná an táibhlidh mun ba tearc lóin
gan neart slóigh láinmhir dá
léim.
Caithir chuanna ceithre mbeann
sduagha do-gheibhthe re Goll
brugh slatac fuinneogach fionn
bratach sliom duilleogach donn.
Sduadh bhreac dhealbhach um an ndún
dar leat mar badh ceannrach caomh
iomdhorus um an dteach i dtám
sreath clár as tiormsholus taobh.
Comhla sholus dá huaim d'ord
ris an ndorus nar bhuail bard;
do fuaigheadh cearcall clár ndearg
gan leathtrom learg d'fhán nó d'ard.
Caithir fhionn as airde múr
ós a cionn Is gairge an ghrian;
goirmlionn um an lios do ládh
crios clár gcoimshliom ós chrios criad.
I gcathraigh Aodha an airm nua
ar ngairm gacha dhaonna dhó
giolla deaghbhruit duinn gach dia
níor lia um sheanMhuic Truim Dhá
Thó.
Niamh gach dhornchair bhláith
san
bhrugh
níor dhorchaigh riamh an ráith gheal;
gabhthar le trilsibh bróg mban
an ród glan tirm-sin san teagh.
Fearb gaoithe ní ghéabha greim,
ní bhéara dlaoithe dá druim
don chúirt chomhlaigh easnaigh fhinn
go sging chonnlaigh theasbhaigh thruim.
Teagh ríogh Chruachan cuma a luadh
is nach uathadh urra um Aodh
dá ghlaislinn fhada go n-ór
fairrsing an sódh troda a thaobh.
Teach nach airde finnteach Floinn
i n-a ghairde slinnteach soinn;
níor léig Aodh an eatail fhinn,
ní chlaon rinn deataigh dá druim.
Teach laoch ar nach luigheann smál
tre nach cuireann gaoth a ghlór
a froigh mhíolla an doire dhiagh
ní gloine niamh fhíona a hór.
Mar threabhradh ar thaobhaibh eang
deallradh caolaigh ós a cionn;
an darbh daol thríthe níor tholl
gach drong chaol don fhíthe fhionn.
Luaidheam cúilteagh na gclár ngorm
tre n-a smál ní dúintear dealbh;
teach fionn Is fraoch ar a arm
is balbh gaoth ós chionn a chearn.
Faiceam tomhus na gcleath gcorr,
na sreath solus, na sreath sliom,
sreath do chaolach bhán go a barr
clár ball gcraobhach ós a cionn.
Teach Í Chonchobhair Chnuic Luain
go lonchoraibh ar chruit chaoin,
go gcloich buabhaill, go mbuilg sréin
tuaraim do néimh a chuilg chaoil.
Títhe láintreabhradh ós
lionn
do tráichtdealbhadh d'fhíthe fhionn;
do sduaighdhírgheadh an teach thall
go mbarr cleath snuaidhmhíngheal sliom.
A díol innigh fúithe fríoth
d'ingir gomadh dlúithe an sgiath
saor ga treabradh Is ga táth
re dealbhadh snáth gcaol na gcliath.
An bhruidhean nach cuirre cnoc
do tuigheadh nach luime leac;
ní léir san chur claochládh slat
aonchlár dar lat an brugh breac.
Sreath cúpladh gcorcra ós a cionn
ar dtochta búcladh fa a barr;
gréas gach gallghabhla ní gearr;
allmhurdha leam gléas na nGall.
Dá chomhlaidh chrios n-amhlach n-ard
— tarbhach a slios ní slios borb —
mar chaoin aighthe cúpa ó cheard
gach learg dhlúthta d'aithle a hord.
Fuair a caoilfhiodh a sháith shaoir
ar n-a dhaoineadh san ráith réidh,
a buird 'n-a n-áitibh ga n-uaim
mar táithtir truaill cuilg re céir.
Mar chaoin mbuabhall as bhreac fiodh
breac nuabharr gach taoibh don teagh;
fighe na coirrmhéise a cur
brugh bile goirmdhéise Is geal.
Gurab buan an teach mar tá
gach neach ag a luagh ar ló
dá fhoghail gidh cuin do-chiu
liu don choraidh do dhluigh dhó.
Pailís bhríoghmhar as bhláith
brugh,
ráith na ríoghradh, ráith na sgol,
Muimhnigh Ulaidh fa bharr Breagh
fear gann sa tulaigh níor thomh. Tomhus. | https://celt.ucc.ie//published/G402142.html |
G402143 | Tosach féile fairsinge | Aodh ollabhar ó carrthoidh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,622 | Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh cct.
"Tosach féile fairsinge"
— d'fhuighlibh Fíthil an focal;
ní hiomdha dar n-aithnei-ne
neach as urra don tosach.
Ní thig tosach fadhálta
don tí dhligheas dán díom-sa;
ní budh mór dá bharánta
tosach an teagaisg ríoghdha.
Dó as fhearr thig an tosach-sa
Ó Maol Ruanaidh rí Céise;
tearc neach ar an domhan-sa as fhairsinge ná as fhéile.
Do-bhéaradh Mac Diarmuda
a shúil tar ceann a einigh;
dá mbeith fear a hiarrata
níor bh'ei-sean fear a heitigh.
Ní ar domhan ní shanntuigheann
acht dá dháil dá gach duine;
nochan fearr an gallmhuileann
ó léigtear é fa uisge.
Tomhaltach Mac Diarmuda
mac na ríoghna ó Ráith Chruachan
gá seadh méad a iarrata
's gur mó sa chách a chnuasach.
Rí maicne Maoil mhórRuanaidh
'ga dtá an t-eineach i gcartaigh
fíon dá ól a hórchuachaibh
uime ó mhadain go madain.
Is uasal an t-aoghaire,
a-tá aca ar a n-eineach;
ní fhacas fós aonduine
ag dul uadha fa eiteach.
Gearr budh lón a ionnmhus-san
muna bheith Dia dá cosnamh,
lámh aige dá thiodhlacadh
is lámh oile dá bhronnadh.
Ní hí cuid na céadoidhche
do-bheir Dia dá dhreich mhínghil
acht é ag riar gach éanchoinnmhe
bhíos 'n-a chás air dar-íribh.
A dtabhair mac Conchobhair
agus a bhfaghann chuige
aige ní fhuil comhchosmhail
acht trághadh agus tuile.
Dá mbeith gan bhád
ionlocha
's a dhámh i bpurt an locha
do rachadh flaith Fiodhnacha
dá bháthadh d'eagla ghotha.
Tomhaltach mac Conchobhair
mheic Aodha — dia do thoice —
mheic Chonchobhair chomhramhaigh
mheic Tomhaltaigh óig oile.
Mheic Mhaol Ruanaidh romhasglaigh
ris nach raibhe feidhm formaid
mheic Ghiolla Chríosd chomhchubhaidh
mheic Conchobhair mheic Cormaic.
Sgéal beag ar an gCormac-sa
a-tá agam re n-a aithris;
d'eagla gomadh domblasda
dleaghar réilioghadh gairid.
Lá éigin dar éirghiosdar
ar tulaigh láimh re a longphort
oireacht i ngach éinionadh
dá chumhga 'n-a mbíodh Cormac.
Go tulaigh na comhdhála
do-chí chuca mun dtráth-sain
bean leathchaoch ruadh roghránda
's aonbhrat lín ar a brághaid.
Gabhais tres an aonach-sain
nó go ráinig sí an baile;
dí níor fhiafraigh éanduine
cia hí nó cáit a raibhe.
Go Carraigh Meic Diarmada
an tráth do-chuaidh an bhean-so
níor shuidh an dúil diabhalda
gur cóirigheadh lé leaba.
Oileachán beag éagcosmhail
do-ní i n-uillinn an tighe;
bliadhain dí ar an ndéarghadh-sain
gan easbhaidh bídh ná dighe.
Gur caitheadh an bhliadhain-sin
— mo chean do-rinne an ainmne —
bean ná fear dá fiafraighe
ní fhuair ar feadh na cairrge.
Téid an chaochruadh chiabhfhada
ar gcor na bliadhna thairse
d'ionnsaighe Mheic Diarmada
's beannaighis dó as a haithle.
Innisidh a himtheachta
dó ó thosach go deireadh;
ní sgéal so nach inleanta,
sgéal as uaisle ar an eineach.
"Bliadhain gus an aimsir-se dhúinn it shíth, a rí Dhuibhe,
ar bhfógra ó Thír Thairrngire
bean mé ar ar cuireadh cluiche.
"I mbrugh Eamhna abhlaighe
do cuireadh mé fa gheasaibh
gan dul go Tír Thairrngire
go mbeinn bliadhain 'n-a heasbhaidh.
"Níor gabhadh an bhliadhain-se
uaim gan mo bheith i n-éantaigh
's gan neach ann dom fhiafraighe
ar feadh an dá mhíos dhéag-sain.
"Do bhádhas an bhliadhain-se
i gcúirt Locha Ché chornbhláith
gan neach ann dom fhiafraighe
— is do bhíodh uile an tromdháimh.
"A n-áireamh ní féadfaidhe
leath ná trian a mbí id bhaile,
's ní shaoileann díobh éanduine
nach air féin bhíos bhar n-aire.
"Ar bhéasaibh ná ar
mhíbhéasaibh
ní diúltar neach ód thigh-se
— 's ní léigthear acht
fíréanaigh
amháin i dteaghdhais nimhe.
"A Chormaic mheic Tomhaltaigh,
an bhfuil ar feadh an bheatha
teach i mbeinn an comhfhad-sain
gan fhiafraighe acht do theach-sa?
"Beannacht agus bithbheannacht
fágbhaim uile 'gad theaghlach;
ní dearnadh 's ní dingeantar
céim as uaisle ná a ndearnsad.
"Do ním-se dhuit fáisdine
gé táim im beathadhach ghránna
go mbia an t-oineach d'áiridhe
'gat shíol go laithe an bhrátha."
A geasa ó do fuasgaladh
ar n-innisin a heachtra
imthighis an ruadhchailleach;
ní dí támuid budh-easda.
A airdrí fial foighideach
is riot bheanas an sgéal-so;
id bhrugh ní bhí coimhidheas
re duine do shíol Eabha.
Níor bh'usa don chailligh-sin
bheith mar do bhí i mbrugh Cormaic
iná bheith id bhaile-se,
a rí Locha Ché chollbhuig.
Do-ghabhthaoi id bhrugh bhiothbhuan-sa
sgol ris gach gceird i nÉirinn
's ní bhíodh i dTigh Mhiodhchuarta
acht duine ris gach éincheird.
Do ghreasa, do mhadhmanna,
ní fhéadaim bheith dá
bhfaisnéis;
ní thuillfeadh san adhmad-sa
an deachmhadh cuid dod chaithréim.
Ad theagmháil, a Thomhaltaigh,
ní thiocfadh duine ar domhan,
a Chú Chuluinn churata
a Chonaill Chúigidh Chonnacht.
A-tá ag dúsacht
th'adhmholta,
a rí ceirtbhreathach Céise,
nach foghnann don adhmad-sa
tosach acht tosach féile. Tosach féile. | https://celt.ucc.ie//published/G402143.html |
G402144 | Turnamh dóchais díoth muirne | Fearghal óg mac an bhaird | — | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,594 | Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Turnamh dóchais díoth muirne,
muirn docar i ndíothainmne;
lór do chládh uabhair tar ais
is uamhain dál an dóchais.
Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí
an chú cuirthear i neimhní;
muna rabh anáir ar each
ní gar a fhagháil uaibhreach.
An treabhadh ar nac téid leas
ní hé trá as taosga gheineas;
gort gan fhál Is é ar slighidh
dá mbé slán ní saoilfidhir.
Saidhbhreas díomhaoin do dhuine
innile gan aoghaire;
ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh
abhla cuir nach cumhdaighthir.
Gabháil fa chuirm go gcuirthir
a hibhe ní horduighthir;
bídh gríos an ghuail gan ghoradh
an uair bhíos gan bheathoghadh.
Baramhail damh-sa Is dom dhán
a ndubart — dia do chlaochládh;
cnú fholam nó each gan srian
neach nó domhan fa dhímhiadh.
Ní théighim mar badh díor dham
tar ollamh ná tar ánradh — sé 'n-a chréachtghoin im
chroidhe —
éantroigh re ré Rudhroidhe.
Náir dhúinn — 's ní dúinn as
ranáir —
mo sgol más iad m'uachtaráin
tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn
gach duine ag síneadh seachoinn.
Ós chionn éigeas fhear nUlad
teacht san tuighnigh ollamhan
ní thig díom, gidh dainimh dhún,
sion im aighidh ag iompúdh.
Do mheas éirghe amhlaidh soin
os chionn airdríogh fhear ndomhain
Poimp mearchalma fa mó seadh
gér neamhtharbha dhó a dheireadh.
Ag Séasar na siorthadh mbras,
ag Poimp Máighe Is ag Marcas
do bhí an cruinne ó mhuir go muir;
ní rí duine gan dúthaigh.
Riasan dá áirsidh oile
Marcas Cras ceann sochuidhe
— iul re bhfaghar gach fádh fis —
do ládh an talamh thairis.
Fan treas rann don talmhain tais
do éirigh ar n-éag Marcais
fíoch an dá ursan oile;
dursan críoch a gcéalmhoine.
Poimp agus Séasar sluaighmhear
do chuireadar combuaidhreadh
i ngach leith don chruinne ché
do bhreith an uile fhínné.
An cath cathardha do chuir
dá uaitne theanna an talaimh
do b'é críochrún a gcagaidh
dé ón fhíochrún do
adhnadair.
"Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn
cháigh
dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin"
glóir na flatha fhuair umhla
uair an chatha chathardha.
Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain gairid d'aimsir gur orduigh;
do radadh fatha déar dhó
a shéan catha do chlaochlódh.
Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,
an t-Iarla Is sé an Séasair-se,
ar bhfearg rer-oile Is é an cath
gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.
Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,
bheith céim ós chionn na n-éigeas
do bhí uair 's do aontaigh mé;
claontair gach uaill dá háirde.
Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir,
bheith íseal — anba an
diombáigh —
dar m'éig-se do ba lór linn,
ór ar m'éigse ó nach aithnim.
Ó tá an maidhm oruinn badh-éin
aontuighim tre Ua saoirNéill
beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;
faoi ní hoideamhail m'urruim.
Tuir fhuluing fhola Dálaigh
ní fiu dá méin
mórdhálaigh
— ní hé an doigh nach dursan
linn —
a bhfuil d'osnadh im intinn. Náir dói-séin agus damh-sa
a bhfuil d'anaoibh oram-sa
ar dheoradhacht — dáil nar dhligh —
i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.
Dá gcuireadh díoth toice treall
ollamh flatha ar fud Éireann
ní cóir dhó ar a dhán
diomdha;
dá mhó a thár dá thighearna.
Do dhearbh sé seanfhocal cáigh
— do léig an t-Iarla ar n-anáir
uile fa lár as a los —
"ní fádh duine 'n-a dhúthchas."
Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,
ní fhuil fáth ag a anaoibh;
im dhán níor dheargas duine
do Chlár leargglas Laoghaire.
Ar airdríoghaibh Inse Néill
a ndearnadar do dhíthchéill
ar maithe trá druim ar druim
a-tá dáhe oruinn.
Cuirm Éingrinde Is an t-each
geal,
súil Eochaidh, ainnre Laighean,
— ní théid mo sheise ríogh
róm —
mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón.
Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche,
flaitheas Banbha beannfhoirbhthe
rug sé don dul-sa ar a ndíol
an té as ursa don imshníomh.
A-tá uabhar m'aicme féin
ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill
fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn
dá shíorbhuain uile asuinn.
Groighe Is táinte clann gConuill
tús Is earr an uraghuill
— fa-ríor níor haltoigheadh
liom —
im ghortoirear ríogh Raoilionn.
Ag íoc na muirne nach mé
fhuair ó phór chaithreac claoinTé
a-tá sé ag crádh mo chroidhe
mar táim re ré Rudhroidhe.
Buain a dhúthchais do dhuine
ní breath ríogh do Rudhroidhe;
is liom-sa a chogar ó chiort
ionnsa m'obadh óm oidhreact.
Go buan Is fearr an fonn-sa;
ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa
muirn mar shriobh tuile ag toigheacht
ná cion duine ar deoroidheacht.
Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill
Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,
mo rí go rabh ar mo shon;
ná tí a thal ar mo thurnamh. Turnam. | https://celt.ucc.ie//published/G402144.html |
G402145 | Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar | Lochlann óg ó dálaigh | — | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,123 | Lochlann Óg Ó Dálaigh cct.
Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar,
beag dod bhuidhnibh tairise
do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla;
ní náir orchra ar th'airei-se.
Do díbreadh uait — uch mo thruaighe —
do theaghlach bocht bráithreamhail;
do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,
a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.
Ionmhuin drong do díbreadh asat,
a eaglas bhláith bhúidhiodhan,
buidhean tromdha chomhthrom chiallda,
modhchlann diadha an Dúiliomhan.
A mhainisdear an mhúir shleasaigh
sloinntear ó Sliabh Fhorannáin,
caoinidh an flaith 's an saoi suilbhir
mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.
Fuarais cleachtadh céile n-iodhan, a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh;
bheith it aonar níor dhual deit-se;
truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh.
D'éis na gcéile do chleacht tu-sa
a-taoi — truagh an mhalairt-se —
gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha
gan fhear iarrtha th'amhairc-se.
Cuimhneach mé gur mheince leat-sa
líon áigh ógbhadh gcaithreannach
ag líonadh is-teagh id thiomchall,
a threabh fhionnchorr Aifreannach.
D'éis díbearta na n-ord uile
i n-iath Éireann eangfhoirbhthe
dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh
id bhláthar bheannuighthe.
D'aithle a n-uarais d'aoibhneas ghnáthach
do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach
ar uaigneas t'árais má féachtar
tárrais éachtchor iongantach.
Tu-sa it árus ealtan gcíocrach
ar gcaill th'aosa ionmhuine;
briseadh croidhe an tolg dá dtárras
t'ord i n-áras fhiodhbhuidhe.
T'altóra gan earradh gcrábhaidh,
do chluig chaoine cheolmhara,
mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra
mar taoi Is damhna deordhubha.
Iomdha coireach cionntadh n-iomdha
d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillse
fhuair ar dtadhall bhar sleas samhghlan
leas a n-anman ionnaibh-se.
Iomdha cuideachta clann bhflaitheadh
le bhfríoth féasda soineamhail
idir shleasaibh do choim chláirthigh
ón droing chráibhthigh chroidheamhail.
Iomdha bocht do biathtaoi it orsain
'gun ord shochruidh shéimhidhe;
dursan linne a lorg 's a láithreach
gan ord gcráibhtheach gcéillidhe.
Glan an bhuidhean do bhí id ghrinneall
— níor ghloine géis ealashroth —
cuire diadha caoimhghrinn ceolach
saoirbhinn eolach ealadhnach.
Gairid gach la ag an lucht chéadna;
níor chian adhaigh fhírleabhar;
ní feas ní 'n-a aincheas orra
d'ailcheas rolla ríghleabhar.
Mairg ler díbreadh an ndruing bhfosaidh;
ní feas cread a gcionta-san;
mór a gcrábhadh, deas a ndaonnacht,
ni feas aonolc ionnta-san.
An t-Airdrí dan hainm an Tríonóid
go dtí dá thoil ghrásamhail
tabhairt an chuire mhóir mhallghloin
róin don adhbhaidh fhásfhollaimh.
lann Phroinnsiais na bhfuighleadh dtaidhiuir
fill don teaghdhais naoimhiodhain;
a Mhuire mhór féag bhar bhfearta
fan dtréad searcdha saoidheamhail.
A Phroinnsiais, a phlannda gheanmnaidh,
guidh Dia deaghmhac fionnMhuire
fa fhurtocht ar do chloinn choirmigh;
roinn ret oidhribh t'ionmhuine.
Ó tá treimhse 'n-a treibh uaignigh
an áit ghrianach ghlanuaidneach
tar neart cumhacht na bhfear bhfraochdha
rob teagh naomhtha neamhuaigneach. Uaigneach. | https://celt.ucc.ie//published/G402145.html |
G402208 | A fhir ghlacas a ghalldacht | Laoisioch mac an bhaird | Benjamin Hazard | c.1585–1605 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 825 | Laoisioch Mac an Bhaird cct.
A fhir ghlacas a ghalldacht,
bhearras an barr bachalldocht,
seang-ghlac atú do thogha,
ní tú deagh-mhac Donnchadha.
Ní thréicfea, da madh tú soin,
do ghruag ar ghalldacht thacair —
maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla —
'sní bhíadh do cheann corónda.
Ní modh leatsa an barr buidhe;
fuath leision na locuidhe,
is bheith maol ar ghrés na nGall —
bhar mbés ar-aon ní hionann.
Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht
Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,
don ghalldacht ní thug a thoil,
an alltacht rug do roghain.
Ní bhean th'aigneadh d'Eóghan Bhán,
do-bhéradh brísdi ar bhegán,
fear nár iarr do chlóca acht ceirt,
lé nár mian cóta Is coisbeirt.
Fuath leis ar chaol a choisi
mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,
nó sdocaidhe ar sdair na nGall;
locaidhe air ní fhágbhann.
Ráipér maol nach muirfeadh cuil,
ní maisi lé mac Donnchaidh
meadh meanaidh thiar ar a thóin,
ag triall go tealaigh thionóil.
Beg a brígh a mbrat órdha,
ná a mbanna ard sholónda
nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,
nó a sgarfa sróill go sálaibh.
Dúil a leaba chlúimh ní chuir,
annsa leis luighi ar luachair;
teach garbh-shlat ná táille tuir,
sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh.
Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,
troid gharbh, comhlann ceitheirne,
cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,
's gleic d'iarraidh ar allmhurchaibh.
Ní hionann Is Eóghan Bán
gáirit 'mad chois ar chlochán
truagh nach bfacas libh bhar locht,
a fhir ghlacas an ghalldacht. | https://celt.ucc.ie//published/G402208.html |
G402209 | Mo chean duitsi, a thulach thall | Laoiseach mac an bhaird | Benjamin Hazard | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 809 | Laoiseach Mac an Bhaird cct.
Mo chean duitsi, a thulach thall,
fád thuisleadh ní subhach sionn;
damhna sgíthi do sgeach dhonn,
cleath chorr do-cíthe ós do chionn.
Sgeach na conghára, crádh cáigh,
'na háit comhdhála do-chínn;
buain na craoibhe, mo lá leóin,
daoire 'na dheóidh mar tá an tír.
Dubhach mo chridhisi um chum
fád bhilisi, a thulach thall;
an chleath ó bhfaicinn gach fonn,
do sgeach chorr ní fhaicim ann.
Do bhíoth dhamh ag dénaimh eóil,
an ghégsoin fá gar do mhaoin;
fada siar ón tírsi thuaidh
aniar uaim do-chinnsi an gcraoibh.
An ghaoth ar bhfoghal a fréamh,
craobh gan bhloghadh doba buan;
ní tearc neach dá ndearna díon,
sníomh na sgeach fá teadhma truagh.
Gég chruthach bá corcra lí,
mé dubhach má dol fá dhlaoi;
mairg nár smuain ar dhaoirsi nDé,
's go bfuair mé fád chraoibhsi caoi.
Do teasgadh ar n-aoinchreach uainn,
an chaoimhsgeach dob easdadh d'eón;
sgé a samhla níor fhás a húr,
dhúnn go bás badh damhna deór.
Mo chréidhim go bruach mo bháis,
mo-nuar nach éirghionn ar-ís;
ní fhaicim cnoc na gcleath gcnuais
nach gluais lot na sgeach mo sgís.
Cnoc na gconghár, crádh na sgol,
a n-orláimh námhad a-niodh;
d'éis a learg as dubhach dhamh,
tulach ghlan do chealg mo chion. Mo. | https://celt.ucc.ie//published/G402209.html |
G402210 | Ní dúal cairde ar creich ngeimhil | Domhnall mac dáire mac bruaideadha | Beatrix Färber | c.1550–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,700 | Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha
Domhnall Mac Dáire
Ní dúal cairde ar creich ngeimhil:
bíaidh brath úaim gan édeimhin —
dóigh creach gá haird a bfaghar? —
sul deach ós aird mh'fúasgaladh.
Triúr fileadh fada ó ríaghail
dhúinn i láimh lé leithblíadhain:
'na dhíol soin gá geall ghébhthar?
dá mbem a-moigh moithéghtor.
Do-ghénsa, acht go bfaghar faill,
sul deachad raibhthi romhainn,
chreich ngeimhle lém dháimh ndoiligh
ar eighre an chláir Chíarroighigh.
Do mac inghini an íarla
dlighthear íoc na hainnríaghla:
glais núabhairrthi fáoinn a bFainn,
ai chrúadhfairce cháoil chumhaing.
Badh íad mh'feadhan ar bfilidh,
lucht bheirthi breath n-aindlighidh:
sreath iolfáobhair raghlain rann
d'amruibh ionáonaigh agam.
Ar chreich ríodhamhna an ruisg mhoill
badh é an t-oineach mh'fear tarroing:
dénta ní an uairsi uirrthi —
badh í an úaisle ar n-eólaichne.
Ní bhía ag bruithion ná ag boigsín
mo chor tar creich Phádraigín:
i bfoithribh nó i gcíogh choille
díon ní foighthir orainne.
Cúairteóchar dhúinn — gá dám ris? —
fá mhíonchlár Mhoighi an Éigis,
's um Ard n-úr bfíonmhar bFearta,
gach múr síodhghlan súaithionta.
Cuirfiom luighi ar Lios Túathail
an fóid bhráontais bhionnchúachaigh,
's loighi ar ghoirm — Leic súairc Snámha —
badh cuairt oirdhreic édála.
Béraid orainn ógbhadh Grég,
líon creiche ar chách do choimhéd;
tóir nach édána ar foghlaibh,
dóigh édála dh'ollomhnaibh.
Ealbha láoch nach loc dochar,
tóir nach éidir d'iomachar,
fir iomcras tóroighiocht throm,
slóghoiriocht fionnchas Fíanonn.
Ní fras cháoilsleagh chailgios neach,
ní fras ghríobhdha ghlac neimhnioch,
fras dhúan lé ndingébhthar Goill
's a lúagh imértar edroinn.
Léigfid fáoinne a bfrasa séd,
léigfimíd d'ógbhaidh finn-Ghrég,
frais ndeghmholta 'na ndáil sin,
neamhghonta ór ngáibh na Grégaigh.
Badh é a chríoch — gá tréine treas? —
go mbrisfimni an t-ord éigius
lér sreith líonmhair mhir mholta
don ríoghraidh ghil ghrúadhchorcra.
Gá hiorghal nach íad do bhris?
ní bhí choidhche ar chloinn Muiris
gúais reann, acht airm a n-ollamh;
maidhm 'na gceann ní chúalamar.
'San troidsi dá tteagmham ris,
Pádraigín mac Meic Muiris, —
ní hédail é arab áil roinn —
sé i láimh ní hédáigh againn.
Ní díon dó a lámhach ná a lúdh:
ní léigfiom úainn gan fasdúdh,
le a bheirt bfúair nglanmháilligh ngil,
an sdúaigh n-aghnáirigh n-áilghin.
Atád agam oirchill sás
lé bfosdfa mé mac Tomás:
roinn leabhra go lán bfuinnigh;
cládh a feadhma um ámhuillibh.
Oidhre an láoich ó Leic Snámha —
mo chean dan cion édála —
sdúagh cháomhGáille ar ar chinn cruth,
áonbhráighi ghill na nGrégach.
Rédla thúaidh Mhumhan Meic Con,
Pádraigín pór na n-íarladh,
mír glanchrúaidhe, glún ré bfrais,
an t-ath-Ghúaire ó Dhún Durlais.
Lámh chúartaighthi Chlann gCarrtaigh,
uille chrúaidh re Conallchaibh,
slat nach sní tréinfine Tháil —
do ní éinfili a édáil.
Sgél leam ar a leithéid soin,
fúair ceannus an chláir Ultaigh,
sgoth chráobhslat Leasa Lughaidh,
áonmac Neasa a-nallamhain.
Tug a mháthair 'na mac ríogh
lá éigin d'fios a chéidghníomh,
dár thúar rí Macha a mholadh,
trí clacha do Chonchobhar.
Tug don naídhin súairc suilbhir
chloich In gach láimh leabhairghil —
sdúagh nár ón tseangBhanna tséimh, —
lán a dhearnanna dhíbhséin.
Do ráidh Neasa an fuilt fionnghloin,
dá ngabhthá, a mheic mhóirionmhoin,
do fionnfuinn thríd do threisi,
an líg n-iomtruim eilisi.
Ní thig dhíom, Is mo dhorn lán,
a mháthair, ol an macámh,
mo lámh do char mon gcloichsi,
go sgar lán rém lámhuibhsi.
Ní hiongnadh sin, ar sisi,
tuig, a chnú mo chridhisi,
nach ttoillfi acht a lán id láimh,
dámadh ál choidhche a congmháil.
Léig chugad an gcloich oile,
léig uaid, a uá Rudhroighi,
an gcloich nglais gcoirrimligh gcruinn,
dod bhais doinningnigh dhíoghainn.
Dad mhúnadh, a mheic Fachtna,
fá dháil na séd sáoghalta —
a srían réd chradh ná congaimh —
as ciall damh 'na ndubhramair.
Ná híadh do lámh, a flaith Breagh,
do síor um séduibh Gáoidheal:
seóid cáigh ní héidir dh'fanadh
gan láimh éigin d'fosgaladh.
Bíoth lámh leat gá légadh úaibh,
a sgaith chruithgheal ón gCraobhruaidh,
's lámh ag gabháil na séd seang,
a bhranáin déd, fád dhíchioll.
Fúair sáormhac Fhachtna Fháthaigh
ór chan ris a ríoghmháthair —
féile an leinbh gá chora i gcion —
a thogha i seilbh na sinnsior.
Do mhér meadhóin mhíleadh Grég
ní thuigim nár thrácht Mairghrég —
maith cuimhni an feasa 'gan fior —
fuighle Neasa 's an náoidhion.
Do-ghébhsa i láimh é, 's giod eadh
ní lémhdáois gasradh Gháoidheal
ucht ar slógh Grég dá ghabháil,
an ghég do phór Pharthaláin.
Sul cuirthior linn lámh 'na cheann,
énlán beóil fileadh Éireann,
ann as fearr gach áit d'fégadh,
mo gheall cáit a gcoimhédabh.
Ní dhingne mé ar maicne Luirc
leis choidhche ná ar cloinn nGearuilt:
ní taobhtha rú a ngáol i ngioll,
a chrú ar gach taobh 'na thimchioll.
Fían Shaxan do seachna lais
caithfead fós, Is fían Durlais —
ga seadh falta acht a bfráoch ruinn? —
dalta na láoch ó Lonnainn.
Gúais leam a rún dá rochtain,
ní dú a chor i gConnachtuibh
mná áobhdha finngheala a bfear
ingheana máordha a míleadh.
Mac meic Émainn nár ér sgoil,
gúais dá mbeirinn é i nUlltaibh:
báidh ar féile 'gan aicme
lé céile ar gcláir Chormaicne.
Anta leis i Lios Túathail
an múir fairsing órchuachaigh,
brugh seang na bfoighég bfíthi —
ga fearr coimhéd coigcríce?
Sáor an braighdionus do-bhér
d'úa Sémuis na sleagh rinnghér,
san chúirt groighigh ghealmhóir ghloin,
seanróimh oinigh an íarthair.
Suirghi a bfionnbhan, fuighle a súadh,
cruinighthi minci a marcslúagh,
a sgaith fíneamhna a hór glan,
sódh mímheanma do mhúchadh.
Gébhthor dhó 'na dheaghaidh soin,
brágha láoch Leasa Túathail,
roinn sáora as ar sochuir geall,
go ngothaibh cáola cáoincheann.
Do-bhér lais a láoibh áille —
sochar nach bfúair énbhráighi —
cúairt learg n-ionfúar na n-oirior;
diombúan fearg a bfíadhoighiodh.
Do-bhér dó ré ndol istteach
seal ar ghníomhradh ghreagh n-úaibhreach,
seal snámha ar slios gach calaidh,
fios gach trágha torcharaigh.
Do-chífe bárc a mbeól chúain,
do-chífi coimhling mharcslúaigh,
is gúais sadh siobhalghrod seang
ó bhioradhmad dhamh ndíleann.
Sruth Féile na bfinnsreabh gciúin
do-chluinfi, budh ceól taidhiúir,
ag labhradh, lór a binni,
mór an t-adhbhar inntinni. | https://celt.ucc.ie//published/G402210.html |
G402211 | A Shionainn Bhriain Bhóroimhe | Diarmaid ó briain | Beatrix Färber | c.1350 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 634 | Diarmaid Ó Briain cct.
A Shionainn Bhriain Bhóroimhe,
iongnadh Is méad do gháire,
mar sguire dod ghlóraighe,
ag dol siar isin sáile!
Gluaise láimh ré Bóroimhe,
téighe láimh ré Ceann Choradh,
ag moladh Mhic Mhór-Mhuire,
go bráth bráth as binn t'foghar.
An port as a dtéighesi,
ó Shliabh Iarainn, ga neimhcheilt,
lór a luaithe téighisi
tré Loch Ríbh tré Loch nDeirgdheirc.
Ag dol tar Eas nDanainne
nocha nfhéadthar do chuibhreach;
as ann do-ní an ramhaille,
ag dola láimh re Luimneach.
Ó Luimneach an mhearsháile
go dtéighe a n-Inis Cathaigh,
láimh re port ar Seanáinne,
caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh?
Fa imlibh ar bhfearainne
meinic théighe In gach ionam,
ar ais tar Eas Danainne,
ag dul san bhfairge a Shionann.
Bóinn Is Siúir Is Sein-Leamhain
agus Suca na sriobhmall,
adeirit na deighleabhair
gurab uaisle tú a Shionann. | https://celt.ucc.ie//published/G402211.html |
G402212 | A Shionann Chuinn Chéadchathaigh | Tadhg óg ó huiginn | Beatrix Färber | c.1425–1475 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 800 | Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
A Shionann Chuinn Chéadchathaigh,
deacair leanmhain do léimeann:
nocha nfhaca h'éntsamhail
leath a bhus do mhuir Éireann.
A mhaighreach bhog bhairrleabhair,
iomdha fiodh áluinn umad:
mór an éagcóir t'ainmneaghadh
ó dhuine d'fhearaibh Mumhan.
Dúthcha dhuit bheith againne,
dá bhféachtha dona fáthaibh:
Gleann Gaibhle as é t'athairsi,
an Bhréifne as í do mháthair.
Mar mhusglas do mhór-bhuinne
goirid bheag ó Shliabh Raisean,
nochan ó Bhrian Bhóroimhe
do budh cóir bheith dot bhaisdeadh.
Dá ndearnta-sa orainne,
ó do cuireadh thú a seilbh mbréige,
do-bhéarmaois do chomhairle
duit iompúdh dod thír féine.
A bhuinne mhall mhín-iasgach
fan hiomdha adhbha éarlamh,
ó do-ní sealbh sír-iasacht,
ní racha tú ar a ndéanamh.
Do-ghéan-sa do chosnamh-sa
le Diarmaid ar son dána,
agus cosnaid Connachtaigh
ris tú ar thoradh lámha.
Más uime do iarradar
tú ar bheith láimh ré Luimneach,
do bhádhus a nIarmhumhain,
'snocha dearna dhíom Muimhneach.
As leathtrom an t-ordachadh
do shíol Bhriain bheith dár sreabhaibh,
'snach abraid síol cConchobhair
gurab leó Laoi nó Leamhain.
Dá madh le gach comharsain
fonn gach fir oile, a Shionann,
máseadh Is do Chonnachtaibh
leath amuigh dhíot, a Shionann.
Muimhnigh má do-rinneadar
sealbh dot bhuinne saor sriobhard,
créd do-bheir ar Mhidheachaibh
gan dol ad sheilbh, a Shionann?
Ceisd iongnadh ort agoinde,
a Chríosd thoicthigh gach ionam,
nar cuireadh a n-aithearrach
abhann romhad, a Shionann?
Abair riom, a Ógh-Mhuire,
chuirios bláth fiond ar fhiodhcholl,
créd tug ar Bhrian Bóroimhe
gan dol ad sheilbh a Shionann?
Roinntear Éire fhóid-ghreanta
le Fionntan, mar fuair Iollann,
ataoi-si don chóigeadh-sa
ó shoin anuas, a Shionann. | https://celt.ucc.ie//published/G402212.html |
G402213 | Mo chion dot bhronnadh, a Bhriain | Brian � corcr�in | Benjamin Hazard | c.1600-1624 | — | GA | Verse | — | — | 280 | Brian Corcrin cct.
Mo chion dot bhronnadh, a Bhriain,
a mhic na flatha a finnChliaigh,
a aistrigh an toirbheirt truim,
h'aisgidh badh oirdheirc aguinn.
Ní chuala go bhfuair ollamh
meadh don aisgidh fhuaramar;
dot ghruaidh ttaidhleach téid a mheas
tar mhéid ainbhreath na n-éigeas.
Cearc Bhoirche fhréimhe Rosa,
fhuair clú d'fhine Fhearghosa,
gér chúis iomráidh a hainm sin,
ní gairm ionráidh mar aisgidh.
Ó Mhaoil Sheachluinn eacht oile
d'ardollamh fhóid Ughoine,
nírbh iongnadh, tarla ar a thoil,
fionnbhrugh Banbha ré bliadhoin.
Nír chosmhail a chur a suim
síneadh cinn do Choin Chuluinn,
d'fhior tuaighe táinic tar sál,
ó ráinic uaidhe iomshlán.
Eochaidh éachtach na n-arm nglan,
ní thug acht éanshúil d'ollamh,
giodh toirbheartus do thuair teann,
le bhfuair oirdhearcus Éireann.
Do dhearlaic sibhsi, asé a shuim,
tré bheith 'na n-amhghar oruinn,
do dhá ghoirmdhearc dhamhsa am dhall,
almsa bhus oirdhearc agam.
Do-bhéaradh, a bharr na mionn,
dámadh leis aoibhnios Éirionn
ar son a radhairc, rún grinn,
dhúnn, 's a thabhairt fá thuairim.
Gi-bé do bhronn a dhá rosg,
fá chrodh ní cóir a theagosg,
barr gleannach dá ttarla ar ttol,
eallach Banbha do bhronnfadh.
A dtugsat cách, beag a bhrígh,
d'Aithirne Is d'Eochaidh Éigsín,
ar mheas lóigh na ngormrosg nglan
an dornasg óir níorbh iongnadh.
Ní thuigim nach feart féile
fuarus uait gan aimhréidhe,
do radharc, a thaobh mar thuinn,
's an t-amharc mar aon aguinn.
Gá ttám ris, ní rádh bréige,
go bráth, a mhic Mairgréige,
biad mar mhalairt, más lór lat,
do lógh bhur n-amhairc agat.
Go n-íoca Dia red dhreich ndil
bronnadh lé léighim litir
is ré sgríobhuim seal mar so
is mo chean d'fhíorroinn m'anmo. Mo. | https://celt.ucc.ie//published/G402213.html |
G402214 | A chláirsioch Chnuic Í Chosgair | Gofraidh fionn ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1375–1387 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,075 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A chláirsioch Chnuic Í Chosgair
chuirios súan ar síorrosgaibh,
a nuallánach bhinn bhlasda,
ghrinn fhuaránach fhorasda.
A chlár buadha as bláith mínlearg,
a mhonghárach mhéirfhírdhearg,
a cheóladhach do chealg sinn,
a dhearg leómhanach láinbhinn.
A bhrégadh eóin a healta,
a fhionnfhuaradh aigionta,
a dhonn bhionnfhoclach bhallach,
lonn iongantach iodhlannach.
A leighios gach laoich ghonta,
a shógh brégtha banntrachta,
a eól gnáthach ós goirmlinn,
a cheól fáthach foghairbhinn.
A bháthadh gacha croinn chiúil,
a chrann taitneamhach taidhiúir,
a chomhnaidhi eidir chloinn gCoinn,
a chroinn donnbhuidhi dhíoghainn.
A aoinleannán na n-eólach,
a chorrach bhláith bhinncheólach,
a rélta chorcra ós cionn síodh,
a mhionn ochta na n-airdríogh.
A sgatha binne boga,
a chláirsioch dhonn Diarmada,
a chruth gan fhúath ó fheadhain,
a ghuth cúach a gcéiteamhain.
Ní chúala ceól mar do chronn,
tar éis Túaithi Dé Danann;
a chraobh dhonnloghach dhata,
chaomh fhorbharach allata.
A fhúaim trágha ré toinn cciúin,
a chrann fosgadhghlan fírchiúil,
fleadha 'gá n-ól it fhochair,
a ghlór eala ós fhionnshrothaibh.
A núall ban sídhe a Síth Lir,
's gan ceól do chor at aighidh,
ód threóir as téidbhinn gach teach,
a chéidrinn cheóil na gcláirsioch.
Nó no as tú an Áisioch Fhalláin,
an Mhíonghlórach Mhanannáin,
ríoghna súarca ag tríall it theach,
do mhían do chúarta, a chláirsioch.
Nó as tú do bhí ag Aonghus Óg
i mBrugh Bóinni na míonród —
cuirfidh sé snaidhm ar eólach —
fa hé th'ainm an Ilcheólach.
Ó Mhanannán tar muir mall
cláirsioch mar thú fúair Fionnbharr —
nír féadadh snaidhm badh socra —
darbh ainm Brégadh Banntrachta.
Tú Ballchaomh Bhuadha Bhuidhbh Dheirg,
iomdha ball corcra id chaoimhleirg,
ballchaomh ód thochta gach teach,
a lannchraobh chorcra, a chláirsioch.
Féithchiúin Ilbhreic Easa Ruaidh,
cláirsioch chruthach cheóil fhionnfhuair,
ciúin do labhair ar gach leath,
samhail do chiúil, a chláirsioch.
Badh í an Téidbhinn th'ainm oile
ag mac Donnchaidh Dhormhaighi;
tug tú do thédaibh 'na theach
gur mhédaigh do chlú, a chláirsioch.
Do-bhéram ainm nua anosa
ort, a chláirsioch chéadnasa,
réidh ód chlú troimfhearg troda,
as tú Doinndearg Dhiarmada.
Ag Diarmait as dócha dhuit
bheith fa chlú, a chláirsioch orrdhruic;
ní haigionta tnúdh ré a theach,
ní múr caigiolta cláirsioch.
A Í Chonchobhair chathrach Coinn,
a mheic mheic Í Mhaoil Eachloinn,
daoine sona ag tnúdh réd theach,
do mhúr as cora cláirsioch.
Adhmholadh Coluim Chille,
ní fhuil ceól as coimmbinne,
béraidh sé re seal nguidhi
mé go Teagh na Trócaire.
Aoghuiriocht Pheadair Phuirt Grég
lór liom ar chion dum choimhéd,
ar ar gcúl do chrann smachta,
thall i ndún na diadhachta.
Ar mhéid meadhrach a mhúir chuirr
Mháig Eochagáin fhúair urruim
biaidh cnoc lomnán ar gach leath
d'orghán a chrot 's a chláirsioch. A chláirsioch. | https://celt.ucc.ie//published/G402214.html |
G402215 | A Cholmáin mhóir mheic Léinín | Gofraidh fionn ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1350 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 855 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
A Cholmáin mhóir mheic Léinín,
a bhinnegnaidh bhaisghléimhín,
grádh dhuid as dú d'Íbh Dálaigh,
tú ar gcuid dona Colmánaibh.
Atá ann eochoir leasa,
cuimhnigh an gcráoibh gcoibhneasa,
ar léim ná léigsi a chara,
dod fhréimh th'éigsi ar n-ealadha.
Tú oide an fhileadh ó ttám,
a érlaimh dan hainm Colmán,
as comhrádh as canta amach
Colmán dár dhalta Dálach.
Ní bhíadh Dálach ris an dán,
mona bheadh re a chois Colmán:
dobadh léir é ar a oidiocht,
sé In gach céim gá chomhaideacht.
Gidh cúich adeir ná badh dleacht
ní ar an ndán — dia do chléirceacht —
ní ceard a n-aghaidh Dhé an dán,
as é do chabhair Colmán.
Colmán dá nar cóir neimhshearc,
seal fada lé filidhiocht:
nocha ría badh dáigh a dhol,
monbadh áil lé Día a dhénamh.
Ar Cholmán Chlúana hairde
do cuireadh an chédchairde:
tug ma cheann druim ris an dán,
fearr an chuing ar ar claochládh.
Do ghrádhaigh creidemh comhlán
da bfuair ar nimh Naomhcholmán:
'na hiongnais fhúair a chabhair,
tiomnais uaidh an ealadhain.
Fáth ar gcairdis cuirthi a mbrígh
lé Colmán mór mac Léinín:
tiomna Colmáin ar a cheird
tré diomdha an bhonnbháin bhéildeirg.
Aigi do fháguibh an dán,
bronndalta do bhí ag Colmán,
an céidfhear ór slonnadh sinn,
ollamh dárbh éigion uirrim.
Dob é Dálach a dhalta,
air do fhear a bheannachta:
d'fírfhréimh a sheandalta ó shoin,
beannachta an fhíréin oghnaidh.
Maithi mhuinntire Dálaigh,
a ttreisi atá a bfágbhálaibh:
ar fhádaibh an domhnán duinn
Colmán do fháguibh aguinn.
Dob oirchios d'aicmi Dhálaigh,
dá ttug éicsi n-édálaigh,
dúana do dhérghadh dá ndán
d'érlamh Clúana, do Cholmán.
Mar do-radais dhúin ar ndán,
a chomhachtaigh, a Cholmán,
faghaibh cathair mar dhún nDé,
dhúnn ar gcathaimh ar gcéidré.
Féch oirn, a oide ar sinnsir,
mon gcathraigh n-aird n-aoibhinnsin:
gabh mé seach gach áon réd ais,
ar gháol an té do thoghais.
Ná raibh agád ar n-éra,
guidhim thú go ttaisbéna
do shíol do bhronndalta ar bháidh
bríogh do chonganta, a Cholmáin. A Cholmáin. | https://celt.ucc.ie//published/G402215.html |
G402216 | Mór ar bfearg riot a rí Saxan | Gofraidh fionn ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1356 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,850 | Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cc.
Mór ar bfearg riot a rí Saxan,
a sé a dhamhna,
do-raduis, gér mhór a meanma,
brón for Bhanbha.
Ma a leannán d'fosdadh na hégmuis,
d'uaim lé mór-rath,
inis Éirionn an gheal ghríanach,
as bean bhrónach
Fúar iompa inntinn mo chridhe,
crúaidh an cosnamh,
gén gur b'eagail do shearg Shaxan
mh'fearg Is mh'osnadh.
Tré chúairt Mhuiris mhic an íarla
a n-égmais Bhanbha,
ní théid a bhrón dí ná a dhiomdha,
mÓr dí a dhamhna.
Brón ar éicsibh innsi Fódla
's ar a bfionnmhnáibh,
ó do fáguibh dún geal Gabhráin
fear úr Iomdháin.
Ón ló do ghlúais mac mic Thomáis
an táoibh leabhair,
gan féchain síar acht súil soirin
dhúinn 'na dheaghaidh.
Nó go bfaiciom seól Sior Muiris
do mhuin chnairre,
mé ag féchain ar lucht gach luingi
d'ucht gach aille.
Iongnadh dhúinn reacht ré rígh Saxan
na slógh meanmnach,
tré bheith aigi go mear muirnioch
don gheal ghreadhnach.
Dalta rígh Saxan Sior Muiris
maith a chaomhna,
trén ina mhúr mac an íarla,
slat úr aobhdha.
Ní hiongnadh d'feabhas a mhúinte
maith dá ndingne,
ní hiongnadh le méd a mhuirni
éd rí a inmhe.
Aóibhnios Saxan, sáorchúairt Éirionn,
'gá fhult níamhda
fear fá mbía deinmni gach díorma,
eigre an iarla.
Lé a oide, lé hairdrígh Saxan,
siobhal díoghainn,
téid isan bFraingc n-ealaigh n-áloinn
bfleadhaigh bfíonduinn.
Sgéla na Fraingce, fios Saxan,
suairc an comhrádh,
do-gébhthor 'gan ghasda ghealmhór,
bhlasda bonnbhán.
Buidhioch inn dá oide múinte,
múnadh thaisgios,
'sas diomdhach mé dá fod fosdus
an bog baisdeas.
Fúair búaidh gcéille Is gcrotha Is gconáigh
ceann an fionnshlóigh
gá ttám acht do-fuair gach iolbhúaidh
go mbúaidh mbionnghlóir
Nocho ttabhar a gheall gaisgidh,
ná a gheall gáoisi,
ná geall a dheilbhe ná dhúaisi,
d'eighre a áoisi.
Treisi fá rath, rath go gconách,
croidhe adhnáir
cíall dá choimhéd,
ciabh na bfoighég arna bfaghbháil.
A aimhlios an uair do-níthear,
do-ní a dhearbhadh
an fód tegaimh fá a bhonn bairrgheal
don donn dhealbhghlan.
Na hairdrionnaigh agá faisnéis
dá fult ngéigfíar
d'fior a anbhraith
cion ar an ardflaith as égciall.
Lugh Lámhfada leithéid Muiris,
mhóras dámha,
comhmór bfeasa an conchlann cródha,
comhthrom gcána.
A n-áois Muiris mic an íarla
do fóir Banbha,
dá ttug leagadh d'fine Fomhra
bile Bladhma.
Tadhbhas do Lugh, leannán Teamhra,
thoir a nEamhain,
dá ránaig sé ar súr gach domhain,
múr Té Teamhair.
Dúnta an chathair ar cionn Logha,
láoch ro thoghsom,
téid gusan múr sleamhain slioschorr,
beanaidh baschrann.
Ar an doirseóir ris an deaghlaoch,
fá doirbh rúaigfearg,
cáit as a ttig an fear áith ógard
bláith geal grúaiddearg.
Ris an doirseóir adubhairt Lugh,
nár loc iomghuin
file meisi a hEamhain abhlaigh
ealaigh iobhraigh.
Nocha dhlighi, ar doirseóir Teamhra,
tocht díar ndaighthigh,
atá fear réd cheird san chathraigh,
a dheirg dhaithghil.
Teach Miodhchúarta ag macuibh Eithlionn
um an am-soin
tréidhe an tighe feactha fhinn-sin,
teactha tharrsaibh.
Do thréidhibh Thighe Miodhchúarta,
as mín críochbhuird
nach leigthior dís inn re háoincheird,
a finn fíochbhuirb.
D'iomat ceard ag Túaith Dé Danann,
dháilios bruta,
ceird ar nach bfuil aithne aca,
caithfe chuca.
As dum cheardaibh,
ná ceil Is tigh a ttá an bhuidhion,
léim ar bhailg Is gan a bloghadh,
tairg dá thuireamh.
Snámh ós éttreóir,
iomchor dabcha ar drumuibh uillionn,
atá dhá cheird ar mo chumhang,
eirg dá fuighioll.
Fíafraigh an bfuil fear a ndénmha
don druing neamhlaig,
ríagh éineich san bfaithchi bfionnbhuig,
graifne gheallmaid.
Atá sonn d'iomurcaidh orra,
an uiriod tuirbim,
's ní fuil ina gceird mo choimhghrinn,
ní d'feirg fuighlim.
Ar gcluinsi ar chan an macáomh,
mór a thairmséin,
d'agallaimh Thúath Dé don doirseóir
lúath é ainnséin.
Fear san doras, ar an doirseóir,
rén doirbh coimeas,
atá an uile cheard ar a chommus,
an dearg doinndeas.
Damadh é Lugh, leannán Fódla
na bfonn sriobhfann,
do bheith ann, ar Túath Dé Danann,
dob é a ionam.
Geall n-égaisg ón fior san doras,
damhna leisgi,
nocha ndearnadh d'úir ná d'uisgi,
dúil dán dleisdi.
A tháobh, a aghaidh, a earla,
eochair thogha,
tríar ar snúadh áoil agus umha
agus fola.
Binni a theanga iná téda meannchrot,
agá míndeilbh
ón sádhail súan,
a lámhaibh suadh agá sírsheinm.
Asé sin, ar slúagh na cathrach,
ar gceann báidhe,
aonmhac Eithni,
saorshlat ar nach beirthi báire.
Brosdaighthear, ar Túath Dé Danann,
doirseóir Teamhra,
d'ionnsoighi na cráoibhe cubhra,
aoídhe Eamhna.
Mása thú an t-Ioldánach oirrdearc
an airm ghlaisgéir,
as mo chean duid, ar an doirseóir,
a bhuig bhaisréidh.
Tair san dúnadh, ol an doirseóir,
Día do bheatha.
Ac, ná hosluig,
ar an tslat lér cosnaid creacha.
Teamhair Airt go héirghi gréini,
geis don dúnadh
oslugadh an dúin do dhénamh,
arná dhúnadh.
Nír mhill geasa ghríanáin Teamhra
an teaghlaigh airmdheirg,
tug céim ar gcúl,
rug léim isan mhúr don mhaighleirg.
Ní bhrisfeadh ar bhailg ós abhainn,
d'aighthibh ógbhonn,
léim áith éttrom
a dhá ghégbhonn réidh mbláith mbrógdhonn.
Mar sin táinic go Teagh Miodhchuart
na múr ngreadhnach,
dár fhóir a fholt gleannach gabhlach
teallach Teamhrach.
Aithghin Logha nó Lugh a-rís,
go ráith Luimnigh,
a thréidhi acht gan teacht go Teamhraigh,
ceart ro chuimhnigh.
Cosmhail cúairt Logha ó lios Eamhna
d'foghluim ghairggníomh,
as cúairt Muiris go lios Lonndún,
d'fios an airdríogh.
Comhachta mheic Lir Is Logha
ag leannán Manann,
cían úatha é
'sa dhíall ré Túatha Dé Danann.
Mac Eibilín, airgnioch Gaoidhiol,
gearr go ttora,
dár gcabhair tar mearthuinn mhara,
leathchuing Logha.
Ag deaghoil Éirionn re hurchra
da folt cloidhfionn
ar Lugh 's ar Thúath Dé Danann
é 's a foirionn.
Do líonadh a los a athar
as úr méine,
an dá oilén arda úaine,
Alba Is Éire.
Cuimhnigheadh céimionna a athar
as úr deighsén,
as amhlaidh as cóir gach coilén,
mar a cheinél.
Tiomna do fáguibh a athair
ga folt cráobhnocht,
a rath 'sa ainm Is a íarlacht
is a áobhdhacht.
Bíaidh, madh aithreamhail a aigneadh,
dá fíos téidsi,
tuilleadh buidhe an íarla óigsi
ris an éigsi.
Ná grádoigheadh mac meic Gearailt
na nglac saoírdheas,
go ttuga ucht na slógh síairdheas,
ól ná áoibhneas.
Fuilngeadh ag fóirithin Banbha
da bharr taistiogh
siobhal mara aidhbhle as uisgeadh
ainmni Is aisdear.
Mumha í Luighdioch ná léigeadh,
gomadh leis féine
an fonn úr úaine,
Gúaire súl gcorr ara chéili.
Íarla óg Deasmhumhan dlighidh
díon na ttrumshlógh
tugsat do ghéig Ruidhe roghrádh
uile d'urmhór. | https://celt.ucc.ie//published/G402216.html |
G402217 | Ionmhain triúr táinig dom fhios | Lochlainn óg ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1550 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 990 | Lochlainn Óg Ó Dálaigh cct.
Ionmhain triúr táinig dom fhios,
do sheinn oram tré áineas,
triúr do shíol shírshleachta Bloid,
líon mínleaptha an triúr tánaig.
Do cheangal chonnartha leam
suidhid fá seach im thimcheall,
triúr goirmdhearcach gan ghlór searbh
an pór oirbheartach óigleanbh.
Fríoth dhamhsa urra ar gach aon,
do chionn molta na macaomh,
ón droing shaoir sheangmhálla shéimh,
budh laoidh deaghdhána dhóibhséin.
D'iath ó dTáil budh ceann cloinne
Tadhg, sinnsear na saorchloinne,
ag foghlaim oinigh 'na dhiaidh,
oighir Domhnaill uí dheighBhriain.
Budh iad eolaigh fhóid Mhumhan
sluaigh ó gCais um Chonchubhar:
ó Dhia dá thairngire atám,
nach bia ainbhfine ar iomrádh.
An treas cnú don chrobhaing ghloin
Tadhg oile, oighre Mhurchaidh:
ag riar dámh an eoil arsaidh
budh lán beoil an Brianachsoin.
Fán gCloinnse Chais budh coill dín
trí beangáin a criaidh cheiníl:
ní bhí acht file dá bhfoghail,
na trí bhile buantoraidh.
Trí seabhaic go séan seilge
ar lucht déanta díbhfeirge:
i mbáidh cheineoil, i gcomhaois,
meireoin áigh a haonfhoraois.
Trí beithreacha go mbuaidh gliadh
a los cosnaimh múir Mhaicniadh;
na trí comthaigh dá chéile,
budh trí honchoin aigmhéile.
Trí hurchradha na n-eo bhfis,
trí sgealláin ubhaill óirchnis,
trí blátháin déanta ar ndána,
sgátháin bréagtha bandála.
Trí húrchna Is uaisle mogail,
trí sreabha a haill fhíorthobair,
pór ríoghchraobh go rún bhféile,
súgh fíonchraobh na flaithréime.
I Leith Chuinn ag cur chatha
gearr go mbiaid a mbonnsacha,
don druing áigh fhearchonta mhir
'na ngáibh gealchorcra gaisgidh.
Trí comáin beartha an bháire
ar laochraidh fhóid fhionnMháighe
léigfid díobh ar dornchlaibh déad-do shíol gCobhthaigh budh coimhéad.
Na hóigse ag tionól ré ar dtaoibh,
budh tréad míleadh na macaoimh,
each slaite ar bhreith gach Bhrianaigh
mar eich aice óirshrianaigh.
Mar theinte ó dteilgthear crithre,
lasas a los aoindrithle,
an triar fán mBanbha mbántais,
damhna gliadh Is gabháltais.
Beith ar dtús ní toibhéim air,
nós gnáth an ghlanóir uasail,
'na chaoir mholta mhianaigh thim,
sompla don Bhrianfhuil bhraithim.
Sé gealtaoibh chuanna mar chuip,
sé colpa céimeann n-ordhraic,
sé troighidh bhus taca i n-ágh
sé glaca an oinigh d'fhadádh.
Sé gruaidhe nach iarr adhaint,
sé mailldearca móramhairc,
ní dá n-aimhdheoin ní hiarrthar,
trí sainbheoil go sídhbhriathraibh.
Conchubhar taoibhgheal, dá Thadhg,
ag díol sgol, ag riar ríoghbhard,
ag soin an triar do thoghas
fám riar ní fhoil mh'amharas.
Go ndáile an Tríonóid don triar
ré fhada ar úir na naoimhchliar;
sgoith na bhfionnshluagh gan chleith gcroidh,
bheith dá n-iomluadh Is ionmhain. Ionmhain. | https://celt.ucc.ie//published/G402217.html |
G402218 | Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin | Lochlainn óg ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1525 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 970 | Lochlainn Óg Ó Dálaigh cct.
Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin,
a éigse Innse saoirNéill,
sul do-cluintir ós aird inn
in gach aird uichtghil d'Éirinn.
Siobhlach oirbh as gach ionadh,
ag teacht orm dá uaisleaghadh,
an choimhlingse nár aniogh,
a dhámh ghoirminnse Gaoidheal.
In bhar dtíribh féin feasta
anaidh, ní hiúl éigcneasta,
nós na nGallsa ós éigean ann,
léigear dhamhsa mo Dhomhnall.
Mithigh dhúin, seachnaidh sinne,
nó bíom coimhdheas cointinne:
fám chuid don Bhrianfhuil a-bháin,
ná hiarraidh truid ná teangmháil.
Nach diongnainn a dhíol molaidh,
don dáimh doirbh an bharamhail;
ní díol aor d'aoinneach amháin
an saor, an daoineach dreachnáir.
Breath dlighidh gnáthchúirte Gall
ní bheanfaidh díomsa Domhnall;
fada atá sin 'nar seilbhne,
rém lá ribh ní roinnfimne.
Ní thiobhrainn do chléir cheannaigh
mo chliath fhosgaidh fhuairearraigh-ní gar fáth frithbhéime dhó-mo sgáth sithghréine i samhló.
Fám gheall táille i dtigh n-óla
leam ní fhuiltí ionchóra,
a dhream dán doibheanta dhamh,
fám gheall oireachta Is éarlamh.
Mo chuan téigle i dtaoibh tráchta,
mo dheór aille fhionnMhárta,
m'fhearann saor, mo choimhéad cruidh-ní foighéag mo chraobh chnuasaigh.
Oram a chliar, ná cuinghidh
mo bhreac sruithgheal saorLuimnigh:
mealltair lé sgéal gach sgoile
m'éan a seabhcaibh Síodhoire.
A ró oinigh ar n-agra,
leór d'éigsibh dá ionnarba;
fáth sgís ar n-eolaisne uaidh,
mo ghrís beoluisne bhiothbhuain.
Coill gríbhe na ngleodh nimhe,
nó slad nathrach neimhnighe,
toidheacht don iathsa gan fhios,
d'oireacht d'iarsma na n-éigeas.
Toisg an ainmhidhe allta
téid san leabaidh leoghanta~-beart robhaoise nach réidh d'fhior-béin fám fhoraoise d'éigean.
Cuairt fhaolchon d'fhoghail tréada
láimh ré lucht a gcoimhéada
bhar dtoisg, a chliar, tar Chloinn dTáil,
ag triall fá choill mo chompáin.
Lámh i n-aghaidh airmreann n-áith,
nó argain beach brugh bhfionnbhláith,
cur im cheann fám chéidfhear ngráidh,
a dhream dárbh éigean mh'éadáil.
A ndiúltadh níorbh eól uaidhe -~
tig an t-éigeas aonuaire
's an gnáithfhile doirbh 'na dhiaidh,
tar bhláithfhine soirbh saoirBhriain.
Dul i seilbh chosanta a chruidh
ar éigsibh Innse Cobhthaigh,
flaith úr nach séadarsaidh soin,
éagcosmhail dún a dhéanaimh.
An troidse do-ním aniogh
lé gach druing don fhóir fhileadh,
troid bathlaigh lé buidhnibh sluaigh,
a shuilbhir athlaimh armruaidh.
An tan nach tabhair tú féin
congnamh damh fán dáimh d'aimhréir,
an riamh fád chlú nár chumhgaigh;
ní ciall tú do theasargain.
Bheith dá laoidhibh i leabhraibh
i ndiaidh mheic mheic Toirdhealbhaigh,
buaine leam ná cogail chruidh
mar gheall don bhogfhuil Bhrianaigh. | https://celt.ucc.ie//published/G402218.html |
G402219 | Créd agaibh aoidhigh a gcéin | Ó dálaigh midhe | Beatrix Färber | c.1200 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,260 | Ó Dálaigh Midhe cc.
Créd agaibh aoidhigh a gcéin,
a ghiolla gusan ngaillsgéimh,
a dhream ghaoidhealta ghallda,
naoidheanta sheang shaorchlannda?
An choinnimhsi atá In bhur ttoigh,
ar dtoigheacht a gcéin chugaibh,
do cleachtadh dháibh fíon d'ibhe
do láimh ríogh nó ridire.
Meinic do chaithsead a gcuid
do láimh abadh nó easbuig;
ní bhuaidhrid gaillteach dá nglór,
nocha cainnteach a gcomhól.
Meisi a maighistir múinte,
minic mé a measg ghallchúirte,
beag do charaibh chuirim dhíom,
suidhim ar aghaidh airdríogh.
Tárruim dá gach rígh roineart,
aoibhinn damh ar deóruigheacht,
uasal mo riocht sa tír thoir,
ní bhínn gan chniocht am chumaidh.
Ní dó sin adtrásta atú,
a mheic Uilliam, a onchú;
's ná labhradh sé, a fhlaith Laighean,
an té bhus maith molfaidhear.
Fearr neach ele iná hé féin
dá mholadh, madh maith eiséin;
neach féin go mór dhá mholadh,
céim as lór dá lochdughadh.
Ar teicheadh tánag anos
chugad ón ló nár lamhos
bheith fá chosaibh chloinne Cuinn,
ar losaibh dhoirre Domhnuill.
Domhnall Doire Is Droma Cliabh,
ná tréig dhó mé, a mheic Uilliam;
neach dá mbí go cruaidh ad chionn,
an rí thuaidh nocha tréigeann.
Beag ar bhfala risin bhfear,
bachlach do bheith doin cháineadh,
mé do mharbhadh an mhoghadh-a Dhé, an adhbhar anfholadh?
Rí Easa Ruaidh do-rinne
bagar orm tré aininne
do-ghén tréna ngealltaibh dhamh
mo bhél ré seabhcaibh Saxan.
Mé ar h'eineach 's ar eineach nGall,
's gach aon iomarchas iarann;
a nathair sheang ghlan gharccsa,
gabh fád cheann mo chonmharccsa.
Cá fios nach tiucfadh ad theagh
aos dána na ccóig ccóigeadh?
fiafraigh gach aonuam as fhearr
do shaorshluagh iarthair Éireann.
Ní saoi gach file lé fios;
nocha n-ughdar gach éigios;
do chneassa ad-chiam gan ainimh;
dó dtrian feasa fiafraighidh.
Ní comhfhad bhíos barr na mér,
ní bhí uile cách coimhthrén;
clár nocha bí gan bhranán,
ní bhí ál gan uachtarán.
Tusa ceann do chinidh féin,
a mheic Uilliam go n-óirnéimh;
an té as fhearr dá gach aicme,
as hé as ceann don chlannmhaicne.
Beag a fhios agad, dar leam,
cia misi d'fhearaibh Éireann;
spéis am dhánuibh dhlighe dhe,
Ó Dálaigh Midhe meise.
A Riocaird óig an fhuinn ghloin,
ó nach mair Uilliam t'athair,
do ghiall Clann Uilliam uile
dod bharr chruinnfhiar chróchbhuidhe.
As leat Cruacha mhór Mheadhbha,
Teamhair, as tú a tighearna;
ón ló as é do theagh Teamhair,
as mo chean a cóigeadhaigh!
As leatsa Múr Mheic an Duinn,
dán hainm Caislén Uí Chonuing;
as leat anoisi an cladh clach
dár ghabh Mac Coisi an cédrath.
Áluinn slios an tighe thall
an tráth fá dheóigh do dhéchsam;
ní fhacaidh súil slios tighe
go bhfios dúin budh daoinighe;-Teagh budh leabhra gile lámh,
teagh budh tana troigh bhonnbhán,
teagh budh connloighe cladhfholt,
's budh lonnraighe lámhanart;-Teagh budh gile guala Is ucht,
is budh bélchorcra banntracht,
teagh budh cromghlanbhuidhe cúil
ós gormabhruighe glasshúil;-Teagh budh lia uscar órdha,
teagh budh lia fear friothólmha,
teagh budh lia dáileamh deighfhear,-nár sáidheadh 's nach sáithfidhear!
A Riocaird Bheinne Bladhma,
ná tréig an t-aos ealadhna;
gibé oirbheart do-né neach,
ní hoirdhearc é gan eineach.
Ná beir leithbhreith, a fhlaith Gall,
ná tréig ar thrén an t-anbhfann;
sgél éithigh ná hadhair dhe,
ná tabhair bréithir mbréige.
Ná bí réd bhiodhbhaidh go mín,
ná bí go huis ré hairdrígh,
ná bí ar tí chagaidh ar chlag,
ná bí ar abaidh ná ar easbag.
Ná bí ré mílidh go meata,
ná bí ré mnaoi go míleata,
ná bí ar filidh go fortail,
a rí an chinidh Chonnachtaigh.
Fá neimhiongnadh uair eile
a Riocaird, a ridire,
each luath ó Gholl 'na nglaicne
ní cuach corr go gcubhairchre. Créd. | https://celt.ucc.ie//published/G402219.html |
G402220 | Éistidh riomsa, a Mhuire mhór | Muireadhach albanach ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1200 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,570 | Auctor huius Muireadhach Albanach
Éistidh riomsa, a Mhuire mhór,
do ghuidhe Is liomsa badh lúdh;
do dhruim réd bhráthair ná bíodh,
a Mháthair Ríogh duinn na ndúl.
Sgél do mháthar meabhair liom,
'na dheaghaidh atáthar treall,
inghean mhilis mhalach ndonn,
trilis trom chladhach fá ceann.
Anna sein, seanmháthair Dé,
óa gealbhráthair do ghein rí,
níor ghiall a meadhair do mhnaoi,
gur fhaoi lé triar d'fhearaibh í.
Rug inghean gach dheighfhir dhíobh,
geibhidh aca an fhinngheal úr,
teóra inghean a clann chaomh,
slimgheal a dtaobh, cam a gcúl.
Gorma a súile, suairc a ngné,
a gcuairt nochar chuairt gan ghnaoi,
na sluaigh uile atá ar a dtí,
trí mná agus Muire ar gach mnaoi.
Tugsad trí fir thoighe a dtriúr
na trí Mhoire ó nimh na naomh,
gur thráchtmhall torrach an triar
na gciabh ndrongach snátrom saor.
Rugsad trí maca na mná,
aca roba lia 'sa lia;
(cá seisear mín doba mhó?)
eisean roba só dhíbh Dia.
Máthair Iacóibh inghean díbh,
sgiathdóigh ar gach n-imneadh fhuair,
bean díobh Muire máthair Eóin,
sgeóil nár ghnáthaigh duine i nduain.
Tusa Muire Máthair Dé,
duine níor ghnáthaigh do ghnaoi,
ríghbhile arna roinn ar thrí,
Rí fírnimhe id bhroinn do bhaoi.
Mise ar bhar n-aithnibh ar-aon,
id dhaighthigh agus id dhún,
a anam, a Mhuire mhór,
a ór buidhe, a abhall úr.
A bhiadh, a édach ar h'iocht,
a chiabh ghégach mar an ngort.
A Mháthair, a Shiúr, a Shearc,
stiúr go ceart an bráthair bocht.
Bráthair dhamhsa do Mhac mór,
a shlat mhallsa, a Mháthair shaor,
deaghbhráthair cóir ar bhar gcúl,
seanmháthair úr róibh a-raon.
Go ndearna m'ionghaire ar h'Fhear,
a fhionnMhuire, a earla tiogh,
iomdha im chridhe crithir dhubh,
mithigh dul dá nighe aniogh.
A Mháthair Dé, dénam síodh,
ósa ghlédhonn gné do chiabh,
ciúnaigh h'fhearg, a Mhoire mhór,
a ór dear i gcoire chriadh.
Do nimh thánaig, a thaobh geal,
a láraig, saor mar an sriobh.
Cá beag liom do dhúthchas damh,
a chúlchas ghlan fhionn, ót Fhior?
A Thríonóid, a Mhuire mhín,
tuile gach glóir acht bhar nglóir;
a Cheathrair, caistidh rém dhuain,
ní geabhthair uaibh aisgidh óir.
A ÓghMhuire, a abhra dubh,
a mhórmhuine, a ghardha geal,
tug, a cheann báidhe na mban,
damh tar ceann mo náire neamh.
Do chloinn Dáibhíodh thú, a mhall mhór,
gan chrann mar thú rébhar dtúr,
do chloinn Abhrán h'urla claon,
gabhlán craobh gcumhra ar do chúl.
H'Fhear Is do Mhac ar do mhuin,
geal a ghlac Is geal a righ,
t'Fhearathair réd thaobh as-toigh,
ag soin taom d'ealathain t'Fhir.
Dalta iongnadh dot ucht bhán,
agus dot fhult fhionnghlan úr,
do Mhac agus t'Fhear ar-aon,
a shlat shaor gheal ar do ghlún.
Do bhábhair dias aobhdha ann
dábhar gcaomhna ó ghlionn do ghlionn,
Mac malachdhubh dóidgheal donn,
óigbhean trom anathlamh fhionn.
Do-ní sé casadh do chiabh,
do dhuadh é ar t'asal dá dhíon.
do bhas, a ógMhuire úr,
do chas cúl ródbhuidhe an Ríogh.
Tú do shíor doba shámh leis,
is do chíogh bán ar a bhois,
an uair do nightheá an gcraoibh gcais,
do lightheá an mbais gcaoimh 's an gcois.
Fraoch buidhe ar h'úrbharr mar ór,
a Mhuire shúlmhall, a Shiúr,
cíoch geilmhín trom as do thaobh,
Leinbhín saor donn agá diúl.
Mairg do oiligh h'earla glan,
doiligh, ór ní dhearna cion;
munab ionnraic do bhrú, a Bhean,
ní headh cnú ar fionnshlait i bhfiodh.
Easbach clann ladrann do luadh,
a lagbharr fleasgach cam claon,
amharas dob olc an chiall
ort, a chiabh chladhsholas chaomh.
Do bhrú aníos ba lomlán leat,
mar bhíos a bhronnlár 'san bhrioc,
an Coimdhe 's gan loighe lat,
Mac Moire do-roighne riot.
Acht tú féin, a Mhuire mhór,
nochar léir do dhuine dhaor,
suaimhnighe ar fhear, a fholt fiar,
nach biadh Is bean olc ar-aon.
Cosmhail h'aonMhac réd chúl gcam,
a shaorshlat an dá shúl chorr,
do ghlaca ag an Ghiolla shiong,
is t'ionga fhionn data dhonn.
Coinnleach gormshúileach do ghruadh,
abhra donnghlúineach 'gá dhíon,
geilghégach leabhair do lámh,
dán neimbrégach dleaghair dhíom.
Glan fallán buidhe do bharr,
mar mhuine camán fád cheann,
glan do bhas chaoilmhérdha chorr,
a chas donn shaoirdhénmha sheang.
Ní dheachaidh d'ég h'aithghin mhná,
do shaighthin-ní brég-ní bhia,
níor bhlas beathaidh bean mar thú,
a bhrú gheal i ndeachaidh Dia.
Tugaidh dhún leabaidh Is lionn,
a chúl ris nach teagaimh tonn,
an bhréigfhleadh ar nach bí ceann,
nárab leam í a dhéidgheal donn.
Guidheadh go hán h'abhra dubh,
ar ghrádh bhar n-anma, a ghrádh glan,
a Mhuire, ní hédmhar h'Fhear
fád ghuidhe, a gheal dédghlan, damh.
A fholt buidhe cladhach cam,
a Mhuire na malach seang,
ná leig do bhreith oile ionn,
feith lionn do chroidhe fár gceann.
Dénam feis, a mheardha mhór,
dod deis dealbhdha, taobh ré taobh,
gabh m'fhorthain deaghrann Is duan
uam, a ghealmhall shochraidh shaor.
Ná rabh bean acht tusa im thigh,
gomadh tusa bhus fhear air,
na mná fallsa ad-chiú 's na cruidh,
a bhfuil damhsa riú ná raibh.
Gan sbéis i gconaibh ná i gcrodh,
ná i sgoraibh, a ghéis ghlan,
easbhaidh chorn cáich Is a gcon,
orm Is a sgor mbláith 's a mban.
Tógaibh an malaigh nduibh dhúin,
is an aghaidh mar fhuil laoigh,
tógaibh, go ros faicinn féin,
an gcéibh ródaigh slaitfhinn saoir.
Tógaibh dhún an bonn 's an mbois,
agus an cúl donn go ndeis,
'gus an súil n-ógcruinn ngéir nglais,
réd chéibh dtais go bhfóbrainn feis. Éistidh. | https://celt.ucc.ie//published/G402220.html |
G402221 | M'anam do sgar riomsa a-raoir | Muireadhach albanach ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1200 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 935 | Muireadhach Albanach cct.
M'anam do sgar riomsa a-raoir,
calann ghlan dob ionnsa i n-uaigh;
rugadh bruinne maordha mín
is aonbhla lín uime uainn.
Do tógbhadh sgath aobhdha fhionn
a-mach ar an bhfaongha bhfann:
laogh mo chridhise do chrom,
craobh throm an tighise thall.
M'aonar a-nocht damhsa, a Dhé,
olc an saoghal camsa ad-chí;
dob álainn trom an taoibh naoi
do bhaoi sonn a-raoir, a Rí.
Truagh leam an leabasa thiar,
mo pheall seadasa dhá snámh;
tárramair corp seada saor
is folt claon, a leaba, id lár.
Do bhí duine go ndreich moill
ina luighe ar leith mo phill;
gan bharamhail acht bláth cuill
don sgáth duinn bhanamhail bhinn.
Maol Mheadha na malach ndonn
mo dhabhach mheadha a-raon rom;
mo chridhe an sgáth do sgar riom,
bláth mhionn arna car do chrom.
Táinig an chlí as ar gcuing,
agus dí ráinig mar roinn:
corp idir dá aisil inn
ar dtocht don fhinn mhaisigh mhoill.
Leath mo throigheadh, leath mo thaobh,
a dreach mar an droighean bán,
níor dhísle neach dhí ní dhún,
leath mo shúl í, leath mo lámh.
Leath mo chuirp an choinneal naoi;
's guirt riom do roinneadh, a Rí;
agá labhra Is meirtneach mé —
dob é ceirtleath m'anma í.
Mo chéadghrádh a dearc mhall mhór,
déadbhán agus cam a cliabh:
nochar bhean a colann caomh
ná a taobh ré fear romham riamh.
Fiche bliadhna inne ar-aon,
fá binne gach bliadhna ar nglór,
go rug éinleanabh déag dhún,
an ghéag úr mhéirleabhar mhór.
Gé tú, nocha n-oilim ann,
ó do thoirinn ar gcnú chorr;
ar sgaradh dár roghrádh rom,
falamh lom an domhnán donn.
Ón ló do sáidheadh cleath corr
im theach nochar ráidheadh rum —
ní thug aoighe d'ortha ann
dá barr naoidhe dhorcha dhunn.
A dhaoine, ná coisgidh damh;
faoidhe ré cloistin ní col;
táinig luinnchreach lom 'nar dteagh —
an bhruithneach gheal donn ar ndol.
Is é rug uan í 'na ghrúg,
Rí na sluagh Is Rí na ród;
beag an cion do chúl na ngéag
a héag ó a fior go húr óg.
Ionmhain lámh bhog do bhí sonn,
a Rí na gclog Is na gceall:
ach! an lámh nachar logh mionn,
crádh liom gan a cor fám cheann. | https://celt.ucc.ie//published/G402221.html |
G402222 | Tabhrum an Cháisg ar Chathal | Muireadhach albanach ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1213 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,100 | An Muireadhach cédna
Tabhrum an Cháisg ar Chathal,
a hucht Íosa an Ardathar:
a mheic, cuimhnigh ar gcaingne,
dheit Éisd, a rí súlghorm Sionna,
inni agus dá éinghiolla —
nach truagh ar gcaingni a ceathair —
ag faighdhi ar na fuineachaibh.
An ceathror crosda ar gach ndruing,
gan lón énduine aguinn:
maith an choimhdhe dár gcabhair,
an Coimdhe Is Ó Conchobhair.
Gluaisdior linn d'iarraidh fhaighdhi
go ceann foltchas fionnAidhne:
dá n-éra ceann Aidhne inn,
nocha mbem d'fhaighdhi a nÉirinn.
Ar gcaingni ré a chéibh ndruimnigh,
lór éinbhél dá athchuinnghidh:
giodh eadh nocha seichébh soin
gan mo leithén um leanmhoin.
Lór linn ón rosgmhall reabhach
an bhreath do bhaisd Muireadhach:
ní ag iarraidh tuillidh atám
acht ar chuinnigh mo chumpán.
Lámh dhuid ar dhath an tsneachta,
a ghnúis ríoghdha ruithionta:
an dara lámh go dearg dhuid,
mo ghrádh don Cheard ros cumaid.
Suaithnidh éirghios a fhearg,
Ó Conchobhair an Croibhdhearg:
donnlámh Is geallámh fa gha
ag leannán bonnbhán Banbha.
As amhlaidh rugadh flaith Fáil
's a sgríbhionn lais 'na leathláimh:
branán fearchonta Chláir Chuinn,
láimh ghealchorcra as a ghualoinn.
Lámhach a láimhe deisi,
ní hurusa a innisi:
deargthair cláir ochta d'fhoghuibh
do láimh chorcra Uí Chonchobhair.
Cuiridh sgiath ar sgáth a chnis
risna gáibh nach ttéid thairis:
fuaighfidh risna gáibh géra
an láimh shuaithnidh shoisgéla.
Mór soighiod go seanglúib nglain
do tharruing bas chorr Chathuil;
fagha chas tachair do theilg
bas tana Chathail Chroibhdheirg.
Maith ar each, ní holc dá chois
lámhach Cathail Dhúin Durlais
gabhaidh ó Cuinn chleith fá sheól
eidir dhruim eich Is aieór.
Maith sén tugadh go Teamhraigh
rí Muaidhe, mac Toirrdhealbhaigh:
nocha sill buachail ar bhoin
re linn uí Thuathail Teachtmhuir.
Suairc an taidhbhsi tárfas damh
aréir do chathuibh Cruachan,
a dhul amach san Midhe,
gach clach 'na tur theinntidhe.
Crithre teineadh tárfas damh
d'fhaicsin ar fhud a margadh:
as í an chrithre, as breath bhunaidh,
sirthi creach Uí Chonchobhair.
Do-chiú glastonn mara mir
amuigh ag toidhiocht tairrsibh:
as í an ghlastonn mhear mhara
an geal basdonn béltana.
As é an Croibhdhearg chuirfios soir
na Gulla do ghabh Theamhraigh:
an duine ní diombáidh linn
'ga ttiomáin uile a hÉirinn.
Do-bheir thír gan bhrat gan bhoin
an geal donn, ó Duach Galaigh:
do-bheir cuach a dabhaigh dheirg
ó Duach Galaigh don Ghaoidheilg.
Do-bheirid gotha a ghaghar
rí Éireann go hamhlabhar:
gaghar ar chuan go gcluinionn
ní faghar uadh urfhuighioll.
Do-bheirid beanna uaine
teas a ngnúis uí ghealGhuaire:
maith an sódh seinleanna sin
geilbheanna Ionar corcra mar chaoir nduinn
matal sgarlóid, sgiamh ndíoghainn,
is léini chaol mar chailc ngil
fá dhá thaobh uí Airt Aoinfhir.
Diobhruigis sgoth a sgingi
uaidh ag imirt fhithchille:
cúl réidhshleamhain tais do theilg
dá bhais mhéirleabhair mhíndeirg.
Súil chochlach uaine aga,
dó bhais mhíne mhérfhada,
is bonn tana saor sleamhain,
mala chaol donn druimleabhair.
Minic luaittear a leabhraibh
oidhre taoibhgheal Toirrdhealbhaigh:
cúl fiar Is fleasga 'na bharr —
trian a theasda ní thabhram. | https://celt.ucc.ie//published/G402222.html |
G402223 | Tomhais cia mise, a Mhurchaidh | Muireadhach albanach ó dálaigh | Beatrix Färber | c.1200 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,255 | Muireadhach Albanach cct.
Tomhais cia mise, a Mhurchaidh;
maith do dhúthchas deaghurchair;
do chinn t'athair ar aithne
ar na cathaibh córaighthe.
Cá healadha fhoghnas damh?
tomhais, mása thú Murchadh;
eirg Is iarfaigh d'Ú Dhálaigh,
a dheirg lianchair leannánaigh.
Tomhais damh cá baile i mbím,
a fhir nach uis re hairdrígh;
tomhais a dtúirim i dtigh,
a sholais chúilfhinn chneisghil.
Tomhais cá hainm fhuil ormsa,
a chuilén saor súlghormsa;
a ghille mhín sholais sheing,
tomhais cá tír as dtigim.
Tigim, a fholt fleasgach fiar,
tar Muir dtaobhsholas dToirrian;
atú ag tiomcholl an domhain,
a chnú d'fhionncholl fhoghamhair.
Muireadhach Albanach mh'ainm,
a ghille náraigh neamhghairbh;
gairid Clann Bhloid inn ré n-ais,
dar linn, gidh goid do-ghénmais.
Falmaire agus fear dána
labhras réd ghnúis ghealmhálla;
tabhair ní dhamhsa ar mo dhuain,
is almsa í i n-énuair.
Donnchadh Cairbreach Is Clann Táil
do-ní ar dtarmann 's ar dtógbháil;
tusa mac athar Is fhearr,
a shlat d'achadh na hÉireann.
Ní fhaca riamh a rosg corr,
níor cheanglamar ar gcomann:
a Mhurchaidh, a mhinn na súl,
budh cumthaigh inn ag iompúdh.
Suidhfe i Mumhain, a Mhurchaidh,
sgothaigh fhéraigh fhionntulchaigh;
suidhfe, a Mhurchaidh, sa Mumhain,
ar a tulchaibh tiobradhaigh.
Urthain t'einigh nochan fhuil
ar maigh Mhumhan, a Mhurchaidh;
ní shaoilim t'urthain d'eachaibh,
a Mhurchaidh, ag Muimhneachaibh.
Do-bhér anmanna oile
ortsa, a í Bhriain Bhóroimhe;
dot ainm baiste atáim re treall,
a ghaiste áigh na hÉireann.
A Chú Chulainn ar chleasaibh,
a Osgair ar imreasain,
a í Dhuibhne an táidhe theinn,
ar áille ar shuirghe ar shoicheill.
A Chearmaid ar chaoine nglóir,
a mheirge dhualach dhonnshróill,
a Ábhartaigh, a shaoir sheing,
a chaoimh ábhachtaigh fhoirteill.
A Bhuidhbh Dheirg ar dheirge ngruadh,
a Mhanannáin ar mharcshluagh,
a chiabh fholláin ar fhighe,
a Mhongáin ar mhaisighe.
A Mhidhir mheic an Daghdha
ar ábhacht, ar urlabhra;
id chéibh fhighigh nochan uil
acht réim Mhidhir, a Mhurchaidh.
A Mhurchaidh, a mhala dhonn,
do-bhér do chédainm chugam;
cóir fuilleadh mór dod mholadh,
ní bruinneadh d'ór aonghoradh.
Gorm do shúil, bán do bhráighe,
a rí Sionna sreabháille,
geal do ghlac, tana do throigh,
ragha na mac 'gud mháthair.
Gile do thaobh ioná an tonn,
buidhe th'urla ioná an t-ubhall,
caise t'urla ioná an snas slán,
blas an chumhra ar do chomhrádh.
Fraoch an earraigh ar th'armaibh,
ar h'innsgne 's ar h'urlabhraibh;
fraoch gríbhe id cholainn i gcath,
míne cholaim red chumthach.
Beirse leat uaim it ainm féin
a Mhurchaidh mheic Bhriain bhuinnréidh,
beir go daith athdroing oile,
maith an acmhaing fhalmaire.
Do-bhér do dhearbh, a dhéd glan,
aor agus í 'na moladh,
a shlat chuanna na gciabh dtrom,
nocha gcuala riamh romham.
Oineach Ghuaire, a ghnúis leabhar,
rét éigsibh, rét fhileadhaibh;
time Chonaill chaoimh Chearnaigh
id cholainn shaoir shoidhealbhaigh.
Mineas Chonchubhair na gcath,
is Con Raoi na rosg mongach,
is Con Culainn na gceardadh,
nár fhulaing a imdheargadh.
Ainm iarmhaoi Almhaine ort,
míndealbh Oisín dá adhart,
is anáir an fhir Osgair,
a bhranáin ghil ghormrosgaigh.
Mineas Meic Lughach na lann,
a rí Cliach, ar do chumann,
is meic Lir do luaidh greagha,
mo chin fhuair na haisgeadha.
Béra aisgeadha áille,
nós Is cruth Is comhláine;
mac brughadh nocha bhí it toigh,
acht rí Mumhan, a Mhurchaidh.
A Mhurchaidh mheic Bhriain í Bhriain,
a chrann fíneamhna a finnChliaigh,
a gcuire d'armaibh tar ais,
duine ar talmhain ní thomhais.
Ceadaigh dhamhsa dul dom thír,
a Dhonnchaidh Chairbrigh chneismhín,
i nAlbain bhfeadhaigh bhféraigh
bhfleadhaigh n-ardaigh n-oilénaigh,
mo ruaig i nÉirinn tar mh'ais,
ní huaid téighim, Is tomhais. Tomhais. | https://celt.ucc.ie//published/G402223.html |
G402224 | A Niocláis, nocht an gcláirsigh! | Fear flatha ó gnímh | Benjamin Hazard | c.1620–1640 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 900 | Fear Flatha Ó Gnímh cc.
A Niocláis, nocht an gcláirsigh!
léig imtheacht don fhuaráin-sin;
seinn ilcheóla naoidhe anos,
faoidhe ó n-imtheógha m'fhiabhras.
Aisdrigh na slighthe seanma,
tráigh ar ttuile mímheanma,
coisgthe dheid d'eólchaire inn,
leig don cheólchroidhe cuislinn.
Toigébhaid téda do chroinn
seól aigeanta d'aos mearbhaill;
lúth na healbha ót ocht méraibh,
socht ar meanma moisgélaidh.
Mná ré n-iodhnaibh, aos galair,
codlaid léd cheól síodhamhail;
an tráth nochta an gcruit gcoraigh,
luit chorcra ní cronaghair.
Ní thabhair aon dá aire
an nasg do-ní an sgallaire,
ré bruach bhar srotha seanma,
náid gotha cuach gCéiteamhna.
Cia an díthreabh nó an dionn folaigh,
cia an síodh trá a ttarrabhair
barr do chara ar an gceól gcrot,
nárbh eól dá rabha romhat?
An í do mhúin díoghrais duit,
lámh Chraiftine an cheóil ordhruic,
siansa do mheóir ar mhodhaibh,
nó Is d'iarsma cheóil Chaschoraigh?
Nó an gcualabhair cuid dár sheinn
an tí rug ó dhoilbh Doirinn,
lér lean sibh an séis bportaigh
ó sin tar éis Ábhartaigh?
Nó an é fós fuarais d'oide
rí an chiúil, céile Bhláthnaide,
dá gcoimhchreideadh an fáidh Fionn,
tar bháigh oirfideadh Éireann?
Nó an tnúth oirfideach oile
dá raibhe a tTír Tarngaire
do chuir as na síodhaibh sibh,
a ndíoghail do chuir chaoinchigh?
Más don fhior as fhearr cridhe
a ndíoghail do chuir chaoinchigh?
gealltar an ghlóir ainglidhe,
fear do dhaigcridhe do dhligh
neamh, a Chraibhtine Chaisil.
Balsam cobhartha cédfadh,
liaigh don teidhm nach taisbéntar,
cosg fiabhrasa ré bél mbáis,
do mhér niamhdhasa, a Niocláis. | https://celt.ucc.ie//published/G402224.html |
G402225 | Beannacht ar anmain Éireann | Fear flatha ó gnímh | Benjamin Hazard | c.1620–1640 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,000 | Fear Flatha Ó Gnímh cc.
Beannacht ar anmain Éireann, inis na gcéimeann gcorrach:
atá Treabh Briain na mbogglór
dom dhóigh ar dhobrón torrach.
Ionann Is éag na Fódla
ceilt a córa 's a creidimh,
táire a saormhac 's a saoithe,
más fíor laoithe ná leitir.
Deacair nach bás don Bhanbha
d'éis an tréid chalma churadh
do thriall ar toisg don Easbáin
mo thruaighe beangáin Uladh.
Ní leigeann eagla an ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh:
atá an chríoch réidhse ríNéill
do chrú fíréin dá folcadh.
Ni fhuil cion innte ar fhéiltibh,
ní fhuil ná ar chléircibh caingean,
ní mhaireann greann a dáimhe,
ní mhaireann náire a hainnear.
Atáid gan lúth gan lámhach,
mór an t-árach ar Éirinn,
gan ágh gan innmhe ógán
i n-Inis fhódbhán Fhéilim.
Dursan milleadh na macaomh,
díorma ghlacshaor chleas ngoile:
craosól ag clódh a gcéille,
ag sin a dtréidhe oile.
Ní mhaireann aicme Chonaill,
dream budh rothoil i n-iomrádh,
no síol Eoghain na mbéimeann —
d'fhearaibh Éireann Is iomnár.
Ní mhaireann acht a n-iarmhar
crú na n-iarladh ó Sheanaid
laochraidh Máighe agus Méinne
mo thruaighe gléire Gearailt.
Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
mór na teadhma ré n-aithris:
ag so na síona saobha —
dobudh baoghal teacht tairis.
Dobudh mór an meall dearmaid
gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis
caor rathmhar gan rún cionnta
gion go bhfuil ionnta aithspéis.
Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
laoich nár fhuirigh ó ghábhadh;
is cealgach croidhe an chriothshluagh,
mo bhraon diombuan a mbádhadh.
Síol gConchubair, rádh rodhocht,
ríoghraidh Connacht annallód,
giodh saithe saor na slata,
gan ríghe aca acht anshódh.
Sliocht Murchadha Is Ó Mórdha,
féinnidh fá cródha i ngliathaibh,
tearc aoinneach don tsíol shaoróg
'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.
Síol na saorchlann ó Bhéarra,
laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
do chuir mé ar caoi mearbhaill,
Ó Cearbhaill Is Ó Ceallaigh.
D'éag a huaisle 's a hoireacht
gan toidheacht aice ón oilbhéim,
dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
d'fhine Gaoidheal Is oilchéim.
Atá ó bhéim súl Balair
i dteidhm galair a gealghort
a hioth gan bhláth i dtalmhain
bíodh ar a hanmain beannacht. Beannacht. | https://celt.ucc.ie//published/G402225.html |
G402226 | Cuimseach sin, a Fhearghail Óig | Fear flatha ó gnímh | Benjamin Hazard | c.1620–1640 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 825 | Fear Flatha Ó Gnímh cc.
Cuimseach sin, a Fhearghail Óig,
fuarois tiodhloicthi ón Tríonóitt;
gan feidhm ndaghoide ar do dhán
ag deilbh ghlanoige ar ghearrán.
Gan boith ndiamhoir, gan deacoir,
cead áinis as airdcheapaidh,
scor raifhérach, radharc cnoc,
amharc aiérach accat.
Donnchadh Mór bu mhillsi dán,
Giolla Brighde Is beó iomrádh,
días do thobhoigh grádh dá ngaois,
dán ar conair ní cheapdaois.
Ní bhiadh ag feithiomh gach fuinn
cnuasach milis mheic Cearbhoill,
fa Chluain Fraoich gér saoi soinnimh
gan chnaoi ccaoich 'na chrobhoingibh.
Bliadhain iomshlán d'Aonghas Ruadh
re hucht ngill ar ghrés n-ionnfhuar;
níor thaobh re mailís molta
an fPailís chaomh chlárchorcra.
Níor chum Sgolb, In dá rinn róibh,
saoi gan énlocht, nó an t-Órthóir,
dol tar a riaghail d'ágh ort,
dán gan diamhoir gan dorchacht.
Ní gluaisti le Gothfroidh Fionn
dán ar nach dénadh dítheall;
re blaosgach do bhiadh folamh
riamh dob aonsgoth ealadhan.
A leapthaibh dhénta duan ngill
aghaidh Thaidhg Óig Iacute; Uiginn,
ní hionand méin duitse as dí,
dá huiscce féin do foilcthi.
Misi féin dá ndearnoinn dán,
maith leam — lughoide ar seachrán —
bac ar ghriangha um theachta as-teagh,
leaptha diamhra 'gar ndídean.
Eadrom Is eatoil ghlana
muna n-iadhoinn m'aphradha,
mar dhlaoi díona ar lés an laoi
díogha dom ghrés do-ghéntaoi.
Ni hionand gnáth damhsa Is duitt,
dá ndeachoinn do dheilbh adhmoid,
fada m'uain ar aoidhidh roinn,
uaill as mo laoidhibh locoim. Coimseach sin. | https://celt.ucc.ie//published/G402226.html |
G402227 | Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais | Fear flatha ó gnímh | Benjamin Hazard | c.1620–1640 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,177 | Fear Flatha Ó Gnímh cc.
Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais:
rug ar Bhanbha mbarrúrthais
nach dualghas athar Is fhearr
i n-achadh fhuarghlas Éireann.
Do héirgheadh dhóibh thuaidh Is teas
nach bí ar breith don ord éigeas
labhairt ar oigdhe a n-aithreadh:
malairt oibre ionnsaighthear.
Ní sníthe snátha an fheasa,
ní leanta craobh choibhneasa,
gréas duan ní déanta d'fhighe,
luadh dréachta ní dlighfidhe.
An céidfhear do-chuaidh re dán,
mairg dó nach dearna a chlaochládh:
neamhshuthain an céim ro char:
béim bhar n-ealathain d'ollamh.
Dursan nár mhúin oide an fhis
riadh stéad nó stiúradh loingis,
nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh,
d'fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.
Mairg d'ollamh dá nárbh aithnidh
ceard nábudh cúis iomaithbhir,
d'uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha,
sul tárraidh feidhm foghlamtha.
Ní fhuighthe ar uaim na rithlearg
umhla ó fhearaibh ísilcheard;
mon-uar gan aoibh na moghadh
'gan chaoir shuadh ar shaothrughadh.
Tairnig onóir na héigse,
teasta cion an choimhéidse,
'na gcriadhairibh oir gurbh fhearr
do sgoil fhiadhoirir Éireann.
Ná gabhaid chuca seach cách
dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth:
nhí dóibh a-bháin do-bhearair
táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh.
Ní dá n-oirchiseacht d'fhéin Ghall
chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann;
an deaghshlógh nach dáil a gcródh,
dáibh Is neamhlón do-níothar.
Do dhul a-mudha don mhaoin,
do bhuain a n-ionnmhais d'aontaoibh
don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh,
bacthair dearlaighthe dhíbhsean.
Do thrághadh a dtonn meanma,
do cheilt chroidheadh n-aitheardha
fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais,
do bhac cean Is chomórtais —
Do mhionughadh na mac ríogh,
cuirthear na duana i ndimbríogh,
d'fholach ceirt na ríogh reampa,
do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.
Gaoidhil uirre ó do hagradh,
cia haca Is fhearr caradradh,
nó Is lia do fhóir an éigse,
cia dán cóir a coimhéidse?
Ó rug éigeantas ortha,
déanta don druing fhoghlamtha
an tslighe do-roinne riamh
i gcoinne fhine Irial.
Ó's aca tar fhéin mBanbha
tarla tús na healadhna —
síol Róigh na sliomaitreabh sean —
tiomaintear dhóibh a deireadh.
Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin,
dá chéad déag draoi do dhraoithibh,
do dhíoth chothroim eacht oile,
teacht go rochloinn Rudhraighe.
Triall isan dturus gcéadna
do sgolaibh fhóid fhinnShéadna
go mac Fir Dhorcha dlighthir,
ór ligh ortha d'éilighthibh.
Do léigeadh breith an bháire
go heisiomal aonláimhe,
gurb é féithleann Chláir Chobha
dáibh Is éincheann urrumha.
Mág Aonghusa Is é thargaidh
sgol Teamhrach do theasargain:
re buige nó re cruas gcáigh
chuige do-cuas dá gcongbháil.
Mar do-gheibh geall gach aoinfhir
feadh cruais sleachta seanGhaoidhil,
do bhiadh barr ar fhéile ag Art,
an tann budh déine an daonnacht.
Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad,
seoid cháich dá gcur i gcoimhéad;
cách ag congbháil an taigidh,
bláth an domhnáin dearlaigidh.
Oiread ar imthigh d'fhéile
a croidhibh chlann saoirChréidhe,
i n-aonchroidhe ag Art do an,
tar smacht laochraidhe Lundan.
Rug ar aithris Chon na gcleas
do thigh Airt an t-ord éigeas
dóigh a-nú agus a-nallain
do chrú Róigh do-rónamair. Mairg. | https://celt.ucc.ie//published/G402227.html |
G402228 | Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh | Eochaidh ó heoghusa | Benjamin Hazard | c.1585–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,082 | Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.
Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh,
cúis tuirse truime a ciothbhraon;
mo thrúaighe sein dár seise,
neimh fhúaire na hoidhcheise.
Anocht, Is neimh rem chridhe,
fearthar frasa teintidhe
a gcomhdháil na gclá seacdha
mar tá Is orghráin aigeanta.
Do hosgladh ós ochtaibh néll
doirse uisgidhe an aiér:
tug sé minlinnte 'na muir,
do sgé an fhirminnte a hurbhuidh.
Gémadh fíaidhmhíol a bhfiodhbhaidh,
gémadh éigne ar inbhiormhuir,
gémadh ealta, Is doiligh dhi
soighidh ar eachtra an úairsi.
Sáoth leamsa Aodh Mhág Uidhir
anocht a gcrích chomhoidhigh,
fá ghrís ndeirg gcáorshoighnén gceath
fá fheirg bhfáobhoirnél bhfuileach.
A gcóigeadh Chloinne Dáire
dursan linn dár leannáinne
idir dhorchladh bhfúairfhliuch bhfeóir
is confadh úaibhreach aieóir.
Fúar liom dá leacain shubhaigh
fráoch na n-iodhlann n-earrchamhail,
ag séideadh síongháoth na reann
fá ríoghláoch ngéigeal nGaileang.
Sáoth linn, do loit ar meanmain,
learg thais a thaoibh míndealbhaigh
'gá meilt a ngrúamoidhche ghairbh,
a mbeirt fhúarfhoirfe íairn.
Bos tláith na dtachar n-édtláth,
síon oighridh dá fhúaighealtáth
re crann rionnfhúar gcáol gceise
ionnfhúar dh'Aodh san oidhcheise.
Nárab aithreach leis ná leam
a thurus timcheall Éireann;
go ndeach tharainn — ná tí m'olc —
an ní fá ngabhaim gúasacht.
Dá dtí ris an toisg do thríall,
do chur chúarta Chráoi Mhaicniadh —
ní tháirtheamar séd mar soin —
créd acht snáithghearradh sáoghail?
Líonaid re hucht na n-ánrath
brúaigh ísle na n-úaránshroth;
clúana sgor fá sgingbheirt reóidh
dá gcor tar inghelt d'aimhdheóin.
Folchar a gciomhsa cheana,
nach léir do lucht foirgneamha
brúaigh easgadh na ngríanshroth nglan,
seasgadh fíanbhoth ní fédtar.
Eagail dó, díochra an anbhúain,
coill eachraidh Is aradhshlúaigh,
sul dighthir tar síothLáoi síar,
a slighthibh míonchráoi Mhaicniadh.
Ní hé budh uireasbhaidh linn,
a thurus an tráth smúainim;
lór do chor chúarta ar gcridhe
gomh fhúachta na haimsire.
Gidh eadh, Is adhbhar téighthe
dhá ghnúis shúaithnidh shoiléirthe
slios gach múir ghormsháothraigh gil
'na dhlúimh thonngháothmhair theintigh.
Téighidh teannál an adhnaidh
sging reóidh an ruisg shocarghlain,
geimhle chuisne a chorrghlac ndonn,
donnbhrat luisne nos leaghonn.
Seachnóin Mhumhan na múr ngeal
iomdha ó airgtheóir fhuinn Gháoidheal
cúirte brúachnochta a mbeirt smóil,
ag ceilt fhúardhochta an aieóir.
Iomdha ó chuairt Aoidh Mhéig Uidhir
feadh íarthair fhóid fhionnfhuinidh
cúirt 'na doighir, ní díoth núa,
críoch gan oighir gan íarmhúa. Fuar. | https://celt.ucc.ie//published/G402228.html |
G402229 | Ionmholta malairt bhisigh | Eochaidh ó heoghusa | Benjamin Hazard | c.1585–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 877 | Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.
Ionmholta malairt bhisigh:
tárraidh sinde 'san amsa
iomlaoid go suarrach sona,
do-chuaidh a sochar dhamhsa.
Do thréig sind sreatha caola
foirceadal bhfaobhrach ffrithir
ar shórt gnáthach grés robhog,
is mó as a moltar sinde.
Le dorchacht na ngrés snoighthe
do bhínnse ag tuilliodh gráine:
fa hí ughachta mhóráin
nár dhíol róghráidh ar ndáinne.
Maithim, giodh mór an sonas,
énbhonn feasda dá thoradh,
má théid énrand gan tuigse
dom dhánsa ó dhuine ar domhan.
Dán bog ar bhél na slighiodh,
ós é anois siorthior oraind,
cuirfeadsa dhíom na fiacha
go ccead d'iarla Chlann gConaill.
Mo gheallsa ar bhuga ar mhaoile
ní bhérdaois daoithe an bheatha:
do-chuaidh mé, maith an tuicsi,
le cách fá uisge an cheatha.
Do threig mé — gá mó sonas? —
mo shlighthe docra diamhra:
dá ccluine cuid dar ndáinne,
beanfaidh gáire as an iarla.
D'eagla mo chora as gárda
ón mhéid dá ttárras loise,
diúltaimse flaith ó gConaill
do dhol oraind a ccoisde.
Is iomdha tré dhán bhfallsa
lán dom annsacht a mbliadhna:
do thuillfinn tuilleadh ceana
muna bheith eagla an iarla.
Mac Aodha, aigneadh fosaidh,
fear ler robhog ar ccruaidhne,
ní cás dúinn dénamh tapaidh,
ó tharla a Saxaibh uainne.
Beag nach brisiodh mo chroidhe
gach dán roimhe dá gcumainn:
is mór an t-adhbhor sláinte
an nós so táinig chugainn.
Dá lochtaighe triath Bearnais
énrand dá ndealbhthor linde
budh iomdha ag cor 'na aghaidh —
ionmholta malairt bhisigh. Ionmholta. | https://celt.ucc.ie//published/G402229.html |
G402230 | Mithigh sin, a ráith na ríogh | Eochaidh ó heóghusa | Beatrix Färber | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,050 | Ó Heóghusa cct.
Mithigh sin, a ráith na ríogh,
lór dhuit ar fhuilngis d'imshníomh;
a chúirt ghéagthláith thirmgheal tais,
ní himneadh éntráith fhuarais.
Ní fheidir mé an mithigh dheit,
mithigh dhúin agháil th'aiseic:
fada a n-aonmhúich sibhsi Is sionn,
a Inis chraobhdhlúith Cheithleann.
Ráithe Is bliadhain gidh bé leis,
do bhádhbhair, beag do shaoileis,
re hucht laochradh bruaigh Banbha,
at uaimh fhaolchon allmhardha.
Gá ttám ní tuigthí an fadsa
comhrádh aithnidh umadsa:
ort féin ní fhacadhais fhear
do fhréimh ghlacsholais Ghaoidheal.
Níor léig graifne greagh síthe,
níor chlaon lorg creach ccoiccríche,
a phuirt úir thiormaoibhinn te,
clúimh ar fhionnmhaoilinn t'fhaithche.
Dob annamh riamh roimhe sin
tú aonlá ag Aodh Mág Uidhir,
gan congháir, gan claisdin sdoc,
gan comhdháil d'fhaigsin iomot.
Gidh eadh, ní hionchaointe dhuit,
ránuic tú an tí rod fhuasluic,
a ráith pheallghlan na bport ttais,
neamhghar na n-olc do fhuarais.
Fáth orchra ní heagal libh,
ó thug Dia d'Aodh Mhág Uidhir,
a mhionn, a ghormáras fear bhFáil,
seal dot orlámhas d'fhagháil.
Ní glór tadhuill tarla ribh,
meadhair ríogh fhréimhe hUidhir,
ní aithréagha í acht re seal,
ná sní d'aithmhéala th'aigneadh.
'San chruth chédna ad-chífe sibh
a mbíodh d'aoibhnius uair éigin
san fhaithche ghégórthais ghil
d'aithle t'éadóthchais aignidh.
Do-chífe dearg druim tar ais,
mar an chéduair do chleachtais,
gach leath dot ghormfhaithche ghloin,
ó chomhghraifne each n-éasccoidh
Ó shliocht bonn mbuidhne fileadh,
ó inghilt chreach ccoillidheadh,
do-chífe ceinndearg a ccruth,
cíche do gheillearg ngrianach.
Do-chífe um chiomhsaibh do learg
coimhling eachradh 's chon cceinndearg,
iomramh laoidheang láimh réd phort,
's gach maoileann lán fád longphort.
Do-bhéara deallradh dornchladh,
lí sgiamhdha sgiath n-óronchon,
solus meirge ngairthe nglan,
aighthe do leirge ar lasadh.
Cuirfid aoibhle h'arm leabhar,
cuirfidh grís gruadh ndáileamhan,
's loinnear bleidheadh ndealbhghlan ndonn,
deallradh teineadh ad thiomcholl.
Mar do bhídís uair oile,
éigse Innsi Laoghaire,
beid ag congháir ar leirg lis,
gobhláin sa ceird do chaithis.
Mar do chleachtais do-chífe
lucht sgaoilte sgél ccoigcríche,
foghar téadchaoin ceóla crot,
deóra as gach éntaoibh ionnot.
Do-chífe, mo chean tárruidh,
ar tteacht ón tuinn iombádhaidh,
th'aos comtha ar-ís ar th'aghuidh,
fís gach orchra fhuarabhair.
Mo chean aghuidh fhuil oruibh,
mo ghéanor d'éis fhuasgalaidh,
a ráith úr na n-aibhneadh tte,
lér taidhleadh ar úr h'innse.
A dhorus caomhna an chóigidh,
d'éis a n-uarais d'urchóidibh,
lucht th'aithne ar chaoimheing do chnuic,
aoibhinn a haithle a n-iomluit.
Má fríoth orat iasacht ghearr,
a aolráith Innsi Ceithleann,
ó ghríbh chláir fhonnbháin Fhinne.
táir orghráin na haislinge.
A longphort ríogh fhréimhe Duinn,
má fhuarais orchra thadhaill,
fa bhrón ní saoilfidhe sibh,
clódh do mhaoithchridhe as mithigh. Mithigh. | https://celt.ucc.ie//published/G402230.html |
G402231 | Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh | Eochaidh ó heoghusa | Benjamin Hazard | c.1585–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,039 | Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.
Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh,
ná sginnidh re sgáth seachráin:
fúar dár seisi im ionad ionn,
spiorad mheisi nach maireann.
An dóigh libh, a lucht m'fhéghtha,
nach taidhbhsi a ttruaill aiértha,
nó spiorad anma fhallsa,
tarla im ionad agamsa?
A aithne as éidir dhamhsa,
sibh gan fhíacha oramsa:
dá mbeth cás fám ég oruibh
mo bhás créd nach cúalabhair?
Trúagh sin, a dhaoine dona,
do cláochlódh bhur ccédfadha;
as eadh tharla am ainmsi ann,
taidhbhsi anma gan anam.
Ní misi an duine as dóich libh,
adhradh dhamh as díth creidimh:
taidhbhsi buile gan aird inn,
a Mhuire! as mairg do mhillfinn.
Dá bhféchtha fir na cruinne,
annamh fúair dúil daonaidhe
dá ré ar an saoghal acht sinn —
do náomhadh mé má mhairim.
Gidh bé adéradh nach deachadh,
ní fhuil ann acht aimseachadh:
ní tráth damhsa a rádha rom,
cára almsa rem anam.
Creidim féin go bfuaras bás,
cumhain liom an lá theasdás,
ar son an mhéda mharas,
ag cor mh'éga a n-amharas.
Ní hanbhúain, ní hiomlat mbáis,
rom mharbhsa, acht meisci shóláis:
ní sgís meanma — ga mó broid? —
ní ró teadhma ná treabhloid.
Más dúil do dhúilibh nimhe
tug lé taibhreadh n-ainglidhi
goid mh'anma gan iodhna báis,
iongna damhna mo dhóláis.
A radharc ó ránuig sinn,
uch, a Chríost, créd fá mairfinn? —
dúil do mharbh an uile fhear,
as duine marbh nach muirbhfeadh.
Ní tonn líonmhar leanna duibh,
ní neamhgrádh neith ar talmhain,
ní hannsa duine — ga dás?
rom dhallsa uile acht úathbhás.
Ar n-éirghe as an riocht reimhe —
creididh sinn go simplidhe:
do mharbh sé don úamhain inn —
do-chualaidh mé go mairim.
A hégosg ní fhidir mé,
ní fhéd súil silleadh uirrthi:
a hamharc gin gur fhéd sinn,
a radharc do fhég mh'intinn.
Ó's síabhradh meallta meisi,
gan súil éirghe ón ainccisi,
nár fhaice súil éinfhir í,
an dúil chéillidh ad-chluintí.
Ar ttaithbheóadh suil tí dhi,
Día dár n-anacal uirrthi:
ní tharla cás roimhe rinn,
an bás oile 'nar n-oirchill.
Cíall mh'anma an uair do mharas,
tearc eólach 'na amharas:
sadh gá mbí ciall agus cruth
iar agus í gan fholach. | https://celt.ucc.ie//published/G402231.html |
G402232 | T'aire riomsa a rí ó nUidhir | Eochaidh ó heoghusa | — | c.1585–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 970 | Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.
T'aire riomsa a rí ó nUidhir,
égnach cáigh ní cuirthi a suim,
an uair nach éisde ret fhilidh,
a éisge shluaigh chinidh Chuinn.
Iomdha agam, a fhir chumtha,
cás égnaigh, dá n-éisde rinn;
dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach,
is cúis neamhcháir t'innlach inn.
Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir,
fearann Corráin na ccíoch ngorm
ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach,
gan ní ar tolmhain d'aslach orm.
Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana,
buidhne iomdha, a ua na ríogh,
ag cur um cheann d'aonghuth uile,
baoghlach leam gach duine dhíobh.
Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin
gan crois chugam ón chaoir shluaigh,
dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil,
ní tarbha ní d'fhagháil uaidh.
Do ghlór éinfhir as é adeirid
mar dhíoghuil orm, olc do-níd,
cnuic ané ba fearonn faolchon,
nach treabhonn mé ar aonchor iad.
Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh
m'fhearonn uaid, a abhra mall,
dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain,
dob aimhleasg leinn anmhain ann.
Cladh tórann la tíribh foghladh,
fód comhraic na cceithre rian,
ród ríogh a ccinnionn gach congháir,
imioll nár dhíol roghráidh riamh.
Dá tharbha fós ní fríth linne
leth ar chaillios re cion luircc,
ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg,
snáithe caol re leathbhord Luirg.
Bíodh nach baoghlach bheith 'na bhfochair,
fine Conuill Is clann Néill,
aicme Chorráin Is daor dhamhsa
's commbáidh bhur maor bhfallsa féin.
Fearonn oile a n-égmhais Chorráin,
ó's chuige atá ar tharruing mé,
ní mór dhamhsa, (is) Aodh 'na fhochair,
asna caol gan fhothain é.
Muna bhfaghthar fearonn oile
d'áit innill ót érla nocht,
dá ttí síon fhaobhrach an earraigh,
baoghlach díol an eallaigh ort.
Tusa chuirfios crodh 'na n-ionadh,
a ua Mhagnuis nár mhaoith guin;
munab olc leibhse a n-ég aguinn,
créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh?
Uaid fuarus a bhfuil um urláimh,
ort iarrfad a n-iarrfa sinn,
léig do chioth an cradh nó caomhnaidh
ní díoth dhamh gan aonbhoin inn. | https://celt.ucc.ie//published/G402232.html |
G402233 | A dhuine chuirios an crann | Giolla brighde ó heoghusa | Benjamin Hazard | c. 1590–1614 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 628 | An Brathair Bocht Giolla Brigde Alias
Bonabhentura Ó Heodhasa cct.
A dhuine chuirios an crann,
cía bhus beó ag búain a ubhall?
ar bfás don chráoibh ghégaigh ghil,
ré a fhégoin dáoibh an deimhin?
Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
san lubhghort úaine áluinn
smúain, a fhir na ccleath do chor,
mo chreach! ag sin an sáoghal.
D'éis a aibchighthi as é ad láimh,
an tú chaithfius, a chompáin,
bláth garrdha na ngég solus?
tarrla ón ég a n-amharus.
Ní críonna dhuit, a dhuine,
ga mbí an choille chumhraidhe,
th'aire ar fhás na n-abhall lag,
'sgan cás at anam agad. Ad. | https://celt.ucc.ie//published/G402233.html |
G402234 | A sgríbhionn luigheas tar lear | Giolla brighde ó heoghusa | Benjamin Hazard | c.1590–1614 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,070 | Giolla Brighde Ó Heoghusa cct.
A sgríbhionn luigheas tar lear
ar amus innsi Gáoidheal,
déna mar aderam ruibh
ar senfhonn frémha Fíachaidh. Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann
ar amus Uilliam Nuinnseann:
triall ar céilidhe 'na cheann,
ar ccéiline d'íath Éireann.
Innis uaimsi dá ucht slim
an ceó tuirrsi atá ar m'inntinn:
nocht cúis m'imnidh dá aithle
dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe.
Doighthe cuartaighthe croidhe
mo lucht gáoil, m'aos ionmhuine:
na caraid dár threisi ar dtoil,
ní mharuid 's meisi ar marthuin. Barr ar gach teidhm mar tá sinn
d'éis meanman Uilliam Nuinnsinn:
am beó ar sgarthain ré a ghné ghil —
ní marthain é, ní hoighidh.
Dursan damhsa a dheaghuil ruinn,
fuighioll áir m'áosa cumuinn,
grian m'inntleachta úair oile,
clúain inghealta m'ionmhuine.
Áineas gan imdheargadh n-áoin,
féile ghnáth gan ghlóir ndíomháoin,
searc pobal, freagra go bfos,
tobar eagna gan fhorus.
Fuarusa re hais an fhir
seal dob áoibhne dárbh fhéidir
fan ráith ccuirr um bhráoinlios mBreagh,
's gan áoibhneas an fhuinn d'áireamh.
Ní bhínn fiú an énláoi ré a ais
gan ghabhlán n-úaigneach n-eólais:
ar cceileabhradh dhúin Is dó
neimhiongnadh m'úidh ar íarghnó.
Atú re treimhsi ndubhuigh
mar ésga a n-am urdhubhuidh:
dortadh flatha Dealbhna dhamh
fatha meanma do mhúchadh.
Do tsholus gnáth gun ghealaigh
ní bhí, as bladh dá hairdheanuibh,
acht an tan dearlaicthior dhi
bladh do ghealruithniodh gréine.
Gibé tráth a tteagoimh soin
don dara taoibh don talmhuin,
ní reich mong gréine 'na gar
tar méidhe trom na talmhan.
Tig cláochlódh dá cruth corcra,
tréigidh a tlacht íasochta
mun amsa a n-úair dheaghla dhi
ré a bfuair ón ghealgha gréine.
Mé an t-ésga, eision In ghrían;
mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam:
lá ar sgaraidh do sgaruid rum,
amhuil ní anuid agam.
Ní hiongnadh nach soisionn sinn
gach dealradh úaidh dá bfuighinn,
grían shídhe fionnbhrogha Floinn —
tíre Is iolmhara eadroinn.
Atá an tuirrsisi fam thuinn
mar thoirrcheas n-elphant aguinn:
re deich mbliadhnuibh rom chná an chneadh,
ó do bhá a ngrianmhuigh Gaoidheal.
Measuim féin nach fédfa mé
trághadh tobair mo thuirrse,
nach deich mbliadhnasa dá mbeinn
ag sgeith m'fhíabhrasa as m'inntinn.
A litir léigim anonn,
ní feas damh, móide ar mearbhall,
gé tarla an toisgse a ndán dáoibh,
doidse nach dál bhus díomháoin.
An lámh do fhoisgeóladh ibh,
gé táoi ag triall go tír bfuinidh,
mo thrúaighe, ní feas nach fuil
ré cneas úaidhe nó ar uluidh.
Dá ttigeadh litir a-le,
ní feas fós nach bíadh reimpe
ina sreath chnámh ccríon a ccill
an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn. A Sgríbhionn. | https://celt.ucc.ie//published/G402234.html |
G402235 | Deacair suan ar chneidh gcarad | Giolla brighde ó heoghusa | Benjamin Hazard | c. 1590–1614 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,000 | Giolla Brighde Ó Heoghusa cct.
Deacair suan ar chneidh gcarad:
gar d'airdheanaibh easgarad
an t-aos comtha nach geabh gráin
re horchra gcneadh a gcompáin. Gidh bé uaibh do fhéadfadh soin
codladh ar chneadh a chomthaigh
d'aos chomtha ní croidhe glan
gan orchra ar-oile d'iomchar.
Aos comtha an chumainn dearbhtha,
coitcheann cúis a mbuaidheartha,
ionann orchra, ionann ceas
ortha agus ionann áineas.
Mar sin damhsa, diochra an léan,
fat' orchra a inghean Uáitéar
neimh na cneidhe rod chreimse
'na cneidh eile ar m'intinnse.
Bíth h'osnadh do dhruim dheacra
ag clódh chéadfadh mh'éisdeachta;
bíth do dheór, a chnú chridhe,
ag deól chrú as ar gcridhine.
Dá gcoisginn cion mo thuirse
sunna dhíot dod dhoghuilse,
ar ndoigh ní budh dimbríogh linn,
ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'intinn.
Ní fhuil, tar a n-abraim ribh,
do chumha mar chúis t'imnidh;
adhbhal truime do thuirse,
uille a hadhbhar agaibhse.
Rugadh uaid, dia do dhoghra,
do mhac, oighre th'athardha,
do chosg bróin, th'aondalta ar n-éag,
do ghlóir shaoghalta, a Shinéad.
Oighre Sgríne na sgoth nglas,
brath Dealbhna na ndionn solas
glún uaislighthe an fhine ó bhfuil,
cridhe an ghuaisbheithre i ngalaibh.
Bláth ógán Innse na bhFionn,
foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn,
draig roighreanta, beithir borb,
feithimh móirshleachta Marbhord.
Saor an sgoth do sgar ruibhse,
ní hiongnadh t'fháth doghuilse:
ba triall raith, ba gaoth i ngal,
ba laoch, ba flaith, ba feallsamh.
Níor chlannaigh fa choim na neamh
ní nach fuair fios a airrdhean,
re hais gcearcaill na cruinne,
ná a seantruim thais talmhaidhe.
Do thiomchuil, turas bladhach,
ciorcla na gcorp n-uachtarach,
an dá pholas tuaidh Is teas,
a bhforas fhuair gan aincheas.
Gidh eadh trá, dá dhoilghe dhuit,
má taoi ar an tí ros tiodhluic,
a ndeaghaidh na dtairtheadh tug,
dleaghair a aithbhear orad.
Dia athar — ga huaisle ceard?
dó féin do-rinne Risdeard:
ní huaibhse rug an nglaic ngloin,
is ní dait tug ó thosoigh.
Dorus beathadh bás an fhir,
ní cúis imshníomha a oighidh:
cia an neach a gcás budh cuirthe,
dá ndeach le bás mbeannaighthe?
Glan budh-easd th'aghaidh dtuirsigh,
tiormaigh do ghruaidh ngrianluisnigh,
an doigh do-chuaidh ad chridhe,
ad-roigh uaibh ar mh'impidhe. | https://celt.ucc.ie//published/G402235.html |
G402236 | Ceist! cia do cheinneóchadh dán? | Mathghamhain ó hifearnáin | Benjamin Hazard | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 805 | Mathghamhain Ó Hifearnáin cct.
Ceist! cia do cheinneóchadh dán?
a chiall Is ceirteólas suadh:
an ngéabhadh, nó an áil le haon,
dán saor do-bhéaradh go buan?
Gé dán sin go snadhmadh bhfis,
gach margadh ó chrois go crois
do shiobhail mé an Mhumhain leis —
ní breis é a-nuraidh ná a-nois.
D'éirneist gémadh beag an bonn,
níor chuir fear ná éinbhean ann,
níor luaidh aoinfhear créad dá chionn,
níor fhéagh liom Gaoidheal ná Gall.
Ceard mar so ní sochar dhún,
gé dochar a dol fa lár:
uaisle dul re déiniomh cíor —
ga bríogh d'éinfhior dul re dán?
Ní mhair Corc Chaisil ná Cian,
nár chaigil a gcrodh ná a luagh,
na réidhfhir ag díol na ndámh —
slán lé síol Éibhir mon-uar.
Geall bronnta níor beanadh dhíobh,
Cobhthach go teasda agus Tál:
iomdha drong diongbhaim dá luadh,
uaim anonn dá ndiongnainn dán.
Mé im luing cheannaigh ar gcaill laist
d'éis Chlann nGearailt do thuill teist:
ní chluinim — is cás rom loisg:
fás an toisg fá gcuirim ceist. | https://celt.ucc.ie//published/G402236.html |
G402237 | Anocht sgaoilid na sgola | Tadhg óg ó huiginn | Beatrix Färber | c.1400–1425 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,300 | Tadhg Óg Ó Huiginn cct.
Anocht sgaoilid na sgola,
leabtha uadha a n-aontomha:
do-ghéna lucht gach leabtha
déra re hucht n-imtheachta.
Iomdha ag loighe, lór do sgís,
aréir san bhaile a mbímís:
gion gur goire um nóin anocht
loighe dhóibh iná dúsacht.
Glóir an bhaile 'na mbíodh sinn
a hionnamhail ní fhaicim,
a Dhé, do neamhghlóir aniogh;
seanmóir don té do thuigfeadh.
Ionadh coinne ar chionn tSamhna
do bhíodh 'gun aos ealadhna:
aoinfhear amháin dá maradh,
níor sgaoileadh dháibh dealaghadh.
A lucht do bhí 'na bhaile,
lér mian ceard Is comhnaidhe,
do bhí adhbhar far fhuath libh
labhradh na gcuach do chluinsin.
Do-chuaidh ar sgaoileadh don sgoil
gach fear dána 'na dhúthoigh:
ní thiaghair a toigh athar
ó shoin d'iarraidh ealathan.
Fada liom sgaoileadh don sgoil
do-chonnarc re cois Fhearghoil:
foide iná an sgol do sgaoileadh
gan m'oide ag cor chomaoineadh.
Oide d'iarraidh 'na ionadh,
rob usa dhóibh deilioghadh:
breath bhroide, a Dhé, dá dhalta,
dá mbé ag oide iasachta.
Mar táinig sgaoileadh na sgol
a gcrích nÉireann tré Fhearghol,
tig sgaoileadh sgoile Banbha
roimhe d'aoinfhear ealadhna.
Tuigid féin, fa fáth cumhadh,
gur éigean dóibh dealughadh,
sgol Dalláin ina dheaghaidh,
d'andáigh as na hoideadhaibh.
Do buaidhreadh do thuirse thruim
an dámhsain Dalláin Fhorguill:
níor anmhain dáibh níor dheadhail,
amhlaidh don dáimh déidheanaigh.
Sgola uaisle innse Fáil,
a gcédchumha um cheann Dalláin:
do ló sgarthana na sgol
is mó a n-athchumha um Fhearghol.
Moidhidh don bhrón bhíos fam thuinn
ag aithne m'aosa cumuinn:
a ndiaidh sgaoilte na sgoile
biaidh m'fhaoilte 'na heólchoire.
Mé a dhearbhráthair 's a dhalta,
gearr dá éis budh ionanta:
deithbhir mar oide ní fhuil,
foide beithir gan bráthair.
Dá dtugtha ré dheise dhamh,
nó ní budh shia do shaoghal,
bíodh mo shlán bheith mar do bhá,
ar leith atám ó theasda.
Tríocha bliadhan do bhí mé,
nó ní as fhoide, dom fhínné,
lán dom anáil ón uabhar,
crádh d'fhagháil gurbh ionnfhuaradh.
Do díoghladh do dheochaibh bróin
mo threise 'na thigh chomhóil:
má dho-rinne mé macnas,
is tinne, a Dhé, an díoghaltas.
Dom ullmhughadh níor áil lais
mo bheith adhaigh 'na égmais:
gur léig sé ar an énlaith inn,
mé a n-énbhoith re hO nUiginn.
Guth oram budh aimhleas damh
ós íseal ris an ollamh,
beag dtaraidh don té adéradh,
dé am aghaidh ní fhuiléngadh.
Ó aois leinbh do léigeadh rinn
(Dia dhá íoc re hÓ nUiginn!)
gach rún frithir dá bhfaghadh,
gur mhithidh dún dealaghadh.
An oideacht do-ním aniogh
dá dhaltaibh d'éis an fhileadh,
Fearghal Ruadh do-roighne soin,
truagh, a Choimdhe, nach cosmhoil.
Rinn onóra agus aoibhe
dhamh re cois a chomaoine,
liom a gcartaigh croidhe thinn
tar dhaltaibh oile Í Uiginn.
Ni shaoilim go bhfuighe an fear,
dá mbeinn choidhche dá chaoineadh,
d'éis an tsaothair fuair Fearghal,
uaim a dhaothain doimheanman.
An chumha go dtuga a treas,
dénamh seice isé ar n-aimhleas:
is é chráidheas an croidhe,
mé ag áineas tar m'eólchoire.
D'éis m'oide dhá ndeachadh dhíom
do shealad éigin m'imshníomh,
gearr bhíos an chumha so ag clódh,
gríos Is urusa dh'fhadódh.
Gul ós aird ó nach áil linn
a ndiaidh Fhearghoil Í Uiginn,
truagh mo chuidse don chumhaidh
a tuigse uam d'osnadhaigh.
Feadh mo ré ní dulta dhamh
don bhaile a bhfaca Fearghal:
ní mharad na botha a mbeinn,
gotha carad ní chluinfeinn.
An leaba a mbíodh araon rinn
dá bhfaicinn d'éis Í Uiginn,
a dtéid thoram dom thuirse,
léig oram go n-íocfainnse.
Ionmhain both dhiamhair dhána
aithnim d'éis a theasdála:
a bhoth fholamhsa ar mh'aghaidh,
comharsa níor chleachtabhair.
Gan mharthain do mhac Áine,
rug don éigse a hamháille:
mar théid clár a taoibh thunna,
do sgaoil fál na foghluma. Anocht. | https://celt.ucc.ie//published/G402237.html |
G402238 | Gluais a litir go Lunndain | Fear feasa ón cháinti | Benjamin Hazard | c.1575–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,085 | Fear Feasa ón Cháinti cct.
Gluais a litir go Lunndain,
ó'd-chí aidhbhle mh'fhíorchumhgaigh:
reic mh'inmhidh, nárab leasg libh,
imdhigh bhú-dheasd Is deibhthrigh.
Tuig mh'urchóid re hathaidh,
luathaidh féin fear h'iomachair;
ná bí a bhfad, dá bhféadair libh,
ná stad go féagain bhFínghin.
Aoibhinn duit dul dá fhéaghain,
a bhille bhig bhoirbsgéalaigh,
is é do bhreith oirbh as mh'uchd,
is bheith ar th'fhoirm ag amharc.
Truagh nach roichimsi a riocht eóin,
nó a ccruth airdreannaigh aieóir,
tar muir mbraitfhinn dtaobhfhuair tréin,
go bhfaicinn aonuair eiséin.
Ó's críoch duitsi dul 'na cheann,
d'éis t'oslaigthe go haithghearr
rem rann d'fholaibh na n-oireacht
labhair thall mo theachtoireacht.
Dot osgladh an uair bheithir,
cuimhnigh dona céidneithibh
ar mbeannaichtne do dháil dó,
'sar mbáidh ceangailte ón chéadló.
An dara ní Is nochta dhuid
do Mhág Carrthaigh, dom charuid,
an cás searbhso a bhfoilim féin,
gidh doibhinn leamsa Is leiséin.
Reac a ttrice mar tá mé
ón chomharsain go chéile,
mar ubhall ó thuinn go tuinn,
ag fulang luim Is leattruim.
Innis dó, diochra an siobhal,
nach faghaim a n-éinionadh
a ngar don bhliadhain a mbáidh
ní ciallaidh damh mar díoghbháil.
Ní bhraithim a ndúthracht damh,
Clann Charrthaigh dar chóir móradh;
siad na ndaoinibh mar gach ndreim,
más Gaoidhil iad ní aithnim.
Re cheannach nó gan cheannach,
aonfhód, anba an t-aithearrach,
ní fhaghmaid ó dhuine dhíobh,
tarnaig ar n-uile fhairbhríogh.
Má tá-san mar atáid damh,
measaim nach maith mo thorchar;
do chaill mé an sáirfhine sonn,
'sgan é d'áirithe agam.
Re mac Donnchaidh mhic Domhnoill
reac, a bhille bhriatharmhaill,
gur thréig mé Éireanncha air,
gidh é Is déidheancha dearbhthair.
Má tá ag Fínghean, muna bhfuil,
áit éintighe d'iath Fhionntain,
fóireadh m'fhorraoin, madh áil leis,
ar bháidh nó ar chommaoin ccairdis.
Nó ar mo bheith air ag oirchill,
nó ar an éigsi iomairchim,
nó ar ar ndualas sonn go se,
nó ar an dtrom fhuarus uime.
Ná cuireadh d'fhiachuibh ormsa
triall sonn a sín chodarsna
tar ardmhuir cciachdhuibh 'na cheann
ó arduibh iarthuir Éireann.
Lór dom fhuireach ó eachtra,
dá mbeinn éasgaidh n-aigeanta,
dom pearsain más pudhair leis,
easbaidh culaidh Is costtais.
Cách thoir ní tuigfidhe liom,
's ní thuigfidís uaim mh'fhuighioll;
gidh beag leam a ndéinim dhi,
a nÉirinn Is fhearr mh'éigsi.
Cia Is iontaobhtha d'fhearaibh Breagh
díomsa dá ndeachadh Fínghean?
dá ndiúlta meisi, um láimh liom,
báidh ar sheisi ní shirfiom.
Fágbhaim an t-adhbhar faoi féin,
ní beag nod d'fhior mur eiséin:
fíoradh mo dhóigh druim ar dhruim,
sgríobhadh mar as cóir chuguinn.
A liteir láimhe Fínghin,
tú an luibh fhóirfeas m'fhairbríghneimh,
dearbh do bhuantoil le barr luais,
tar dom ruachtain Is roghluais. | https://celt.ucc.ie//published/G402238.html |
G402239 | Bríathra cogaidh con chath Laighnech | Seithfín mór | Beatrix Färber | c.1425–1451 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,025 | Seithfín Mór cct.
Bríathra cogaidh con chath Laighnech,
cath lé ngorthoir gallchloch,
atá tríall ar nach téid toirmesc
con fhéin ó íath Almhan.
Tic In damhraidsi dá nderbadh
gallbailti gan ghalldacht.
Is gerr inn aga gan imthecht
a cenn chatha In Calbach.
Ar scibadh greg suaichnidh sibhlach
gluaisit gusin ngallchath,
ar scibadh a lúirech loindrech,
a crúisiuch 'se carbad,
'sa sciath n-asnach do chlecht comrac,
'sa scabal mbrec mballghlas,
ar ngormadh clogat corr coinnlech,
'sar clochadh colg raghlas,
sibal con tshlógh fhíchmar Fhailghech.
ar límadh bróg mbarrlag.
Tógbhaid anocht ortha ac imthecht
cor gortha don ghalldacht.
Coinne In tshlúaighsi gá tá a tennguth
a Ráth Gúaire gabthur.
Áth Truimm ar dheóradhuib dergas
beóghasraidh fhuind Alman,
co leiget sein gaeith tre ghalltor,
láeich a leith a farchadh.
Sibal dána ón oirecht Fhailghech,
Droiched Átha d'adhnadh;
co hÁth Cliath, ní cúairt can chennseal.
do-sía cúairt ón Chalbhach.
Cin agon lethanchath Laighnech
a Cethurlach carntar.
Co Cill Coinnigh nochar chromsat,
in toisg-sin Is tarbach.
Hí Fhailghi, Is dá n-eiri ac immthecht
aighne Is greidle gallchloch;
is imdha ón Fhailghech ar immchur
gaillcherc agus ganndal.
Sreth cabún ac techt 'na theghlach,
sreth bagún Is brannrad.
A n-eiri ón echtra-sin Fhailghech
ar echlachuibh d'adhbras.
Géill fa shíthlaibh óir gá n-imchur
ac rígraidh fhóid Alman.
Fine Chonchubair a comruc
comlasaid fan Chalbhach.
Soighde lethna ón ágh ar imchur,
slegha ar áth mar aradh.
Anait súd ar losgadh longphort
re goradh chúl calbthad.
Ceilter a áladh con Fhailghech
bántor noco mbarrlass.
Do dherg Caisel do dherg Durlus_
aister Is fherr anfadh.
Do-béra fóss lá do Luimnech,
in tráth bus mó In margadh.
Cill Dara gá lá nach lingfedh?
Nás aga do hadhnadh.
Atá tuilledh Is ar thuirmes,
cuirther ar an Calbach.
Mac meic Muirchertaigh, bos barrghel,
rosg muinntremail mallghlas,
aithris con macsain ar Murchadh,
do fhalaigh gach annsmacht.
A gemhel ghlúinech ghlas ghailbech
ac snas chúiledh calpthadh.
Fer lé cumthar cís ar coblach,
dá tundtar fín Frangcach.
Scíath brec ina aici ar imchur,
fer scailti scíath n-amlach.
Fer do grís an t-áth gá imthecht,
lámh re sním na samhthach,
fer sleighi go dorn do dergadh,
tonn Is treisi anfadh.
Fer le linged brugh a bidhbad,
dá tug inghen annsacht;
derc ar éndath Is t-ogradh,
fer lé mbrécthur banntracht.
Mac Gormlaithi, nár fhaem ainchert.
fraech borbthuinde balbus.
Do cuiredh súas don fhód Ultach
lé glór cúach ón Chalbhach.
Faemthar don bosfhada bronntach
Connachta fa chrandchur.
Do coisged leis medhair Muimnech,
freagraid sein In samhrad.
Is deredh d'ossadh na n-Ulltach:
in codladh don Chalbach?
In codladh don Chalbhach?
Clú Mairgréd ar cor a caemna,
failmgég nach blodh bríathra,
ben nár chuir eól ar an éra,
cnú beó d'fhuil na n-íarla;
cíab gégach dan hoide Íssa,
croidhe dércach díadha;
ar ól fledh nír thréig a trátha,
ben do réir a ríaghla;
atá sí ar an ceird gá caemna,
is leind bíd a bríathra. Bríathra .c. | https://celt.ucc.ie//published/G402239.html |
G402240 | An tú m'aithne, a fhalluing donn? | Unknown | Benjamin Hazard | c.1600–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 716 | An tú m'aithne, a fhalluing donn?
ataoi feadh th'aithne agam,
mithidh damh, gé tuar tuirrse,
do char uaim a fhalluing-se.
Nó gur lomais fam lámhaibh
id chiomhsaibh, a chompánaigh,
iomdha coinne 'nar chuir mé
na cruibh i gcoinne a chéile.
Tugas cuairt do chois Bearbha —
móide id dhiaidh mo dhoimheanma —
i gcionn gach faithche is-tír thoir
do bhínn d Do chuadhas leat lá oile
imeasg oireacht Osruighe:
a dhonn-bhrait ar dhath an tsróil,
ach! dob orrdhraic bhar n-onóir.
Ret fhoirfeacht, a fhalluing donn,
dá dtugadh amhghar orom
do thógbháil fán dtír amach,
bím ag ógmhnáibh dot fholach.
Mithidh damh dealughadh ruibh,
beag nár lom do leath íochtair:
tearc flaitheas nach fuighe cor —
do chaitheas uile th'uachtar.
An lom uile, a fhalluing donn,
do sgaoil ó chéile ar gcumann:
a-nocht mo thruaighe thusa!
ruainne ort níor fhágbhusa.
Fa tú an meirge ba mó cion
agam i n-íochtar Laighean:
tús comhóil duit ó gach druing,
cuid dot onóir, a fhalluing. | https://celt.ucc.ie//published/G402240.html |
G402241 | Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh | Unknown | Beatrix Färber | c.1600–1625 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 750 | Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh,
atú anocht go neamhfhaoiligh:
am aonarán a ccionn cháigh,
's ionn gan aobharán d'fagháil.
Ní thuig mé an lucht so ag labhra,
gá dtá ar tteanga mháthardha:
ar n-aos aithnigh ní léir linn.
mh'aithghin féin ó nach faicim.
Ionann liom gach longphort lán
is uaigneas d'éis mo chompán:
mar sin budh daoinighe dhamh,
aoinfhile as tigh dhá tteagmhadh.
Teóra ceardcha 'nar chleacht sinn
áineas d'fagháil dom intinn,
nach taighlim na trí ceardcha,
do shní fhaighlinn mh'aigeanta.
Teach meabhraighthe ar mac soirbhidh,
rob áit oiris d'ógbhuidhnibh,
grís deargtha agus sí solas,
rob í ar gceardcha céadamhas.
Teach luighe ar lochta samhla,
uinivers na healadhna,
dánbhoth ór dhoichealgtha sinn,
roicheardcha ar n-ánroth innill.
Teach breithibh gach gréasa gloin
an treas tech dar ttrí cceardchoibh,
ór lia snáth féithleannta fis,
'nar ghnáth éincheardcha an oiris.
Trí rómha a ngabhmaois grádha,
trí ceardchadha congmhála
do dhreamuibh dile re dán,
tighe ceanguil na gcompán.
Beannocht leó a los a saoire,
dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe,
an coimhthionál dar chóir searc,
doircheadhán dóibh nír dhoircheacht.
Ba haithghearr eatorra sin
lá earraigh, aghaidh gheimhrigh:
an lucht téarnó do-ní a-nois
mí don éanló 'na n-éagmhois.
Ionnsa an t-anshaothar orra,
nach fuighid fir fhoghloma
gréas snáthsholas na suadh nglan,
dar dhual fáthfhoras focal.
Dursan an taobh dhá dtáinig
a mhoille thrá thionáilid;
fatha sgaoilidh na sgoile
Gaoidhil Macha ag moghsoine. | https://celt.ucc.ie//published/G402241.html |
G402242 | Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais | Unknown | Benjamin Hazard | 1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,525 | Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais,
ionnsuigh Fódla na bhfonn sídh:
dod dearc úaine ní tráth tathaimh,
a shnáth úaime Achaidh Úr.
Cian le hÉirinn an fheóir mhilis,
a mheic Aonghuis adhnas goil,
fad do chadail a gCeann Tíre
eang abaigh fán míne moir.
Gabh do bhrosdadh, ná bí ad chodladh,
cabhair Óle, a earla nocht,
tabhair thíarain do Thoigh Fhéilim
iarraidh soir ag Éirinn ort.
Ná déna thoir tathamh súaimhneach,
ar sén tturais tríall a le:
d'úaim na ríghi gabh do ghormlainn,
sgar re hÓle ttonnmhoill dte.
Mosgail th'aigneadh, eirg ad lúireach,
ná léig codladh, a chruth fial,
do ríoghraidh choirmthinn chláir Óle;
cáir oirchill na ríghi ríamh.
Beir ar chraoisigh na gcáor neimhe,
nocht do bhrataigh 'na biasd sróill:
menic sein a bfeidhm dá féghain —
beir ar fheilm an énaigh óir.
Toir ar deaghuair, a dhreach áilghin,
eirg san Iobhraigh nár airg chill:
cuir ar an dtuinn an mbáirc mbréidghil
do dhruim an tráicht éignigh fhinn.
Cuir an siothbháirc ar sén úaire,
a ua Colla chorcras thír,
ó chalaidh, a hucht an Athar,
tabhair ucht ar Achadh Úr.
Bí ar do choimhéad ar chath nDanar;
do dháil chuice, a chíabh na ndrong,
do-chualaidh críoch fhionnchorr Éirionn:
bíoth ad thiomchall léibhionn long.
Aithnidh d'Éirinn, giodh iúl fada —
Fionn mac Cumhaill do chan súd —
do bheith tar sál ar thí teachta;
Clár Dá Thí ar an eachtra úd.
Ar do leithéid, lór dod mhaoidheamh,
mac Cumhaill na gcraoisioch ndonn,
feacht n-aon do labhair a Laighnibh,
craobh tharaidh do thairrngir tonn.
Laithi a nAlmhain na n-eas ttirmgheal
do thairrngir Fionn, fíor an sdair,
go ngébdais Danair Clár Criomhthain;
glár falaigh ní hionchuir air.
'Beid Gaoidhil a nglasaibh Danar,'
adubhairt Fionn, folt na gcorn;
'líonfuid Saxain ar fheadh nÉireann,
gasruidh mear na ngéibhionn ngorm.'
'An bhfuil choidhche', do chan Oisín,
'ar fhóir nDanar, día do ghúais,
fortacht a ndán d'inis Eachaidh,
clár milis go gceathaibh cnúais?'
Do ráidh Fionn ag freagra dh'Oisín,
'D'furtacht Gaoidheal na ngleó mear
tiocfa cabhlach tar sál sreabhruadh
go Clár n-abhlach mbeannbhúan mBreagh.
'Fóirfidh Fódla', ar Fionnmhac Cumhaill,
'ar chathuibh cniocht chleachtus gúais,
maicne bhus orra re héachtuibh,
aicme Cholla éachtaigh Uais.'
'Cia dá gcreidfid', do chan Oisín,
'an ealta churadh cholg sídh,
anoirin a ttráigh mar thríallfuid
do shoighin Chláir íathbhuig Úr?'
Gég díobh féin', ar Fionnmhac Cumhaill,
'creidfid dó, ní damhna bróin:
as fáoi chláonfas Fine Féilim,
bile sháorfas Éirinn óigh.'
Ar Fionn, 'D'furtacht Innsi Banbha
bíaidh íar n-uair, nochan iúl claon,
rí dhíbh féine ar chloinn na gColla,
croinn réidhe nach orra áor.
Fionn mac Cumhaill nár char máoine,
a mheic Aonghuis fhuilngios frais,
do chlú níor úaisligh gan adhbhar;
tú an úairsin do labhradh lais.
Cuir a gcrích ar chan an fáidhsin,
fóil ar Bhanbha na mbrogh bfionn,
ná dearg a ghruaidh um Ghort Éibhir
ort do lúaidh an féinnidh Fionn.
A Shémais, a shúil le flaithios,
fóir a hAlbain na n-eas mbinn
ar Bhóinn ttrédghlain na dtrágh sídhe;
ná brégnaigh glár fíre Finn.
Ná brégnaidh briathra na ndeighfhear,
ar do dhearc bhós ná bíoth sgís;
nél ríogh ós do chionn do-cíthear;
do-chíodh Fionn as Fítheal fís.
Ná brégnaigh Flaithrí fúair creideamh,
ná Cathbhaidh dár chreidsiod rígh:
ná héiligh Flann Fíona an file,
a chrann díona Thighi an Trír.
A Shémais, a sheabhaic Bóinne
ná brégnaigh choidhche, cúis tnúidh,
díoghrais glóir Chormaic ná Chiothruaidh
fá Bhóinn n-orrdhraic n-iothbhuain n-úir.
Deacair thrá, gé tám dod bhrosdadh,
dod bhais leabhair lingios chrích,
a mhúr clíachdha Chláir Logha,
briathra cáigh do chora a gcrích.
Deacair duit trá tabhairt th'aire
d'Éirinn uile, a earla nocht:
ó's dá rádh lé frosMhagh bFiachaidh
cosnamh dhá chlár d'fiachaibh ort.
Deacair duitsi a ndídion uile,
imle Banna ar bhaidhreadh cáigh,
is ceann Tíre Is dlúthghort Doire,
Úle Is úrphort Mhoighi Máil.
Críoch Bhanbha na mbuinne líggeal,
is leath Alban, ní hiúl clé,
do chairt ag labhra ar áon ortha,
a chráobh abhla Tholcha Té.
Deacair duitsi dol dá maithiomh,
's as mór ndochar dod dhreich mhín
an dá íath d'ionnramh ré roile
a sgiath biodhbhadh Thoighe an Trír.
A Shémuis, a shearc na n-áoigheadh,
a eó Duibhlinni, a dhearc mhall,
a mhír cruadha dár fháomh Úle,
a cháor bhúadha an tíre thall.
A chéim romhat, a rinn ghábhaidh,
a ghrádh einigh, a fhúath séad,
a dhortadh cru, a omhain áoigheadh,
a chnú thoraidh Ghaoidheal nGrég.
A bhláth cumhra Chloinne Domhnaill,
a dhamh dealbhach Innsi Fáil,
a láogh na hoighi ó íadh Muile,
a ghrian sgoile Mhuighe Máil.
AShémuis mheardha mheic Aonghuis
fhóirfios Banbha, bean Dá Thí,
Ar Bhóinn ghrianaigh na bfeadh bfionnghlan
ag iarraidh cean bhiodhbhadh bí. Bí. | https://celt.ucc.ie//published/G402242.html |
G402243 | Cara agus cascara in fhearg | Unknown | Beatrix Färber | c.1575–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 705 | Cara agus eascara In fhearg,
maith Is saith dúsgadh díbhearg:
ga hobar dhíbh nach doiligh?
sídh Is cogadh cumhdoighidh.
Gnáth ar ttosach ag teacht di
fuaradh carad fa chéili.
a bruth go ttabhuir a theas,
guth 'na haghuidh ní háineas.
Gidh eadh, ní turnamh toile
fearg an aosa hionmhoine:
'na dheaghuidh as daingne a ngrádh,
deadhuil chaingne na ccumpán.
Ar bfearg anois dá nós sin
re Máire inghean Még Uidhir:
créd sin acht snadhmadh andsa?
mo chin d'adhnadh m'iodhlannsa.
Do báidheadh grís ar ngoimhe,
táinig teas ar n-ionmhoine:
d'éis ar ndíbheirge Is teó ar ttoil,
breó ar bhfírfheirge ros fuaraigh.
Ar bhfearg mhór ní mór a suim,
mairg do loitfeadh láimh eadruinn:
budh roidheithnios gráidh ar ngoimh,
táir ar gcoimheighthios cogoidh.
Comhrádh leanb ar luaidheadh thrín,
cluiche Is gáire ar nglór eissídh,
focal coirmdhighe thrá ar ttreas,
ar lá oirbhire Is áineas.
Ní bheanfa aimhleas no olc
ormsa inghean Con Connocht,
gnúis charthonach gan chailg n-aor,
ón marthonach mairg macaomh.
A gnúis bhláith go mbriocht toile,
cáruid cholpthadh sneachtoidhe,
tuar maithmhighe a silleadh so,
filleadh ainchridhe ionnto.
Banfhlaith shíl gColla dá Chrích,
turnadh cáich re hucht n-eisíth,
dreach édána Is uille bladh,
buime ar n-égcára d'iomchar. Cara agus eascara. | https://celt.ucc.ie//published/G402243.html |
G402244 | Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas | Unknown | Beatrix Färber | — | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,380 | Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas,
agad atá teach an ríogh:
as tú fréamha Is bláth an bhile,
adéara cách dlighi a dhíol.
Agad do fhágaibh a láithreach,
leat gach lúireach leat gach séad,
a áit a luirg 's a chloidhmhe corra
dhuit 's a fhoirne donna déad.
Leat slabhraidh cáola con t'athar,
gach arg cumhdaigh ar do chuid,
a thoighi 's a cháin gan chomhroinn,
táin Is groighe Dhomhnuill duid.
Agad do fhágaibh gá thiomna
gach teach ó Mhuile go Maoil;
leat a longa uadh, a Aonghais,
a stuagh Droma craobhghlais Chaoin.
Leat a oiriocht 's a eich lúatha,
leat a bhíataigh gan bhúain díot:
as tú an mac as ceann dar gcathuibh,
as lat ar gheall h'athair d'íoc.
Adaimh go ndlighi díol mh'éicsi,
a onchú Banna, a bharr nocht:
gabh sgél eile mona admha,
do-bhér th'eire d'agra ort.
Tnúth leamsa édáil na n-ollamh
úait, a leómhain Locha Cé:
gá fios an tnúth cáir, a chara,
do mhúch gráin an mhara mé.
Coire dhá Ruadh, a rí Túama,
atá eadroinn, eagail linn,
Coire Bhreacán blagh dar gconair,
do ghabh creatán omhain inn.
Ní lugha as cás Coire Bhreacáin
do bheith romhainn, a rí Ceóil:
a úabhar an tann as teasbhach
ag sdúaghadh crann seasmhach seóil.
Canaim ar omhan an anfaidh,
a fhir Chola charuid mná,
tar an gcúan go hÁonghas Íle
trúagh nach áonfhras tíre atá.
An dara cos 'gá cur romhum,
a rí Leódhais, isin luing,
an dara troigh thíar ré taca,
ag tríall soir, a dhata dhuinn.
Dobadh olc meisi ar mhuir ngáibhthigh
do ghabháil ráimhe, a rosg gorm
bím ar abhainn chiúin ar creathaibh,
mar ghabhuim sdiúir eathair orm.
Gá córughadh budh cóir orum
ní fhedar ré ttocht tar tuinn:
ní fheadar an budh fhearr suidhe,
eagal leam luighi san luing.
As é mo ghreim ghabhuim chugum
chongmhas an loing, a fhlaith Fáil:
go nach brisi tolg na tuinne,
misi Is bord na luingi um láimh.
Fiarfaighthior 'nar fearann dúthaigh
dénamh na loingi, a fhlaith Gall:
ní mór as léir as don fhairrgi
don thsléibh chas as airde ann.
Dámadh tír go turgbháil gréini,
gáibhthighi leam dar do láimh,
a bhfuil, a Áonghais, go hAlbain
do mhuir bhráonghlais bhalgaigh bháin.
Targuidh h'athair, áobhdha an brégadh,
mo bhreith um luighi 'na luing:
peall fúinn ó Albain go hÉirinn
targuidh dúinn ó céibhfinn Cuinn.
Mo ghoid as gan a fhios agum
do fhóbair rí na rosg ngorm
cealg ro cogradh 'gon mhór mhíolla
codladh íar n-ól fhíona orm.
Miosguis leam na láoidheng seólta,
slat do luingi nochar lúb:
a mheic Domhnaill a Céis Cairrgi,
do ghéis tonndruim fairrgi fúd.
Bualadh cladaidh, creacha minca,
mían libhsi ar an luchtsa thall:
meinic ón linnsi lán fala
lámh re hInnsi glana Gall.
Tánaguis a ttimchiol Éirionn;
uathadh tráigh nach ttugais bhú:
seoltar lat longbhárca leabhra,
dobhránta, a shlat Teamhra, thú.
Do Loch Fheabhail, d'Iorras Domhnann,
dírioch úaibh a hInnsibh Gall:
caladh Iorruis, Is fúar fíre,
do fhionnais slúagh Íle ann.
Sluagh Íle leat láimh lé hÁroinn,
d'fios a lámhaigh go Loch Con:
bearar 'gon tslúagh fhinnsin Íle
búar a hInnsibh míne Modh.
Corcum-rúadh ráinig bhur gcobhlach
Corca Baisginn ar a brú:
Ó Bhun Gaillmhi go Cúil gCnámha
maighre súir gach trágha thú.
Manannain mac Domhnaill
fá Dhun Balair do bhí a throid:
ttánuic, a shlat gheal Ghabhra,
an mac do bhean Banbha a broid.
As úaibh táinig Colum Cille
afar gcabhair thairis fo thrí:
fir Éirionn do dhíol an dúainsi,
léighionn do shíol úaibhsi í.
Bhar seanathair síol gColla
Coirbre Lifiochair, laoch Mis:
do bhás uí Chuinn catha Gabhra
druim ratha Banbha do bhris.
Turcuill, Íomhair, agus Amhláoimh
iomad, a láoich Locha Ríach,
tonn bhrátha an talmhan ar troimnimh,
damhradh Atha coillghil Clíath.
Clanna Somhuirle, síol nGofraidh,
ór ghin tú, nár thaisigh bhú,
a lubhghort cuir, a chráobh abhla,
sáor gach fuil ó a ttarla thú.
Síol gCeallaigh iomad a hÉirinn,
Oirghiallaigh a hInnsibh Líag,
na cráobha caibhniosa ad-chluine,
do thaidhliossa uile íad.
Ní fhuil a nÉrinn ná a nAlbain
Aonghas mar thusa, a tháobh seang:
Aonghais fháid bhráonghlais an Bhrogha,
láid, a Aonghais, comha ad cheann. | https://celt.ucc.ie//published/G402244.html |
G402245 | Deithfridh am dháil, a leobhráin | Unknown | Beatrix Färber | c.1500–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 870 | Deithfridh am dháil, a leobhráin,
a bhreac-sgríbhinn sgeólfholláin;
ná déin dealachudh riomsa,
ó táid cách dom thréigionnsa.
Tar, a dhuilleogach glanbhláith,
is fíordhaingean fuaighealtáith,
coisgidh mo chumha dá n-aithle,
an ghlanghasrudh ghruadhghairthe.
Ad chonchlonn tabhair ag tochd
mo fphennér ollomhglan éadtrochd,
líonta d'airmpheannaibh géara
leabhairreannach righin nuaighléasta.
Tabhair fós páipéar Is peall
fám láimh ón sgagtha sgríbheann
eir rithleirg mín na duille,
mionleitir chiorrdhubh chóirethe.
Mo dhuanaire tabhair ret ais
don Ghaoidheilg fhíoruasail fhorais,
go bhfionnam fréamha gach sgeoil,
géaga goile agas glaineóil.
Go ngabhainn fíorlaoidhthe feasa
glainiuil na ccraobh ccoimhneasa,
géaga gionalaidh gach fir,
éachda iongantais Is aisdir.
Tabhair leat mo leabhar glaice
d'airitmetig orduighthe,
go ríomhainn reanna nimhe,
is ca líon láithe ón dílinne.
Ná déin dearmod don chraoibh chiuil
deargchláruidh thirim thaighiuir
uallanach bhogghothach bhinn
is suanán codalta dh'intinn.
Dáilidh damh an liric loinneach,
eanghach éadtrochd ioghlannach,
niamhghreanta fadhairthe ar fod,
téidleabhair tochailte tiomchol.
An tan adchiú an chláirseach cheardach
donnsgáileach mhór mhínleargach
fa ghroidfheirg rithmhir mo mheoir
do bhrosduigh mh'intinn d'aimhdheoin.
Gur sinniodh linn crithre corphort
d'fírrinn mo mheór bhfrithirghrod,
go tirim tiuighdhéantach trom
sileach cruitmhéarach cothrom.
Tabhair mo lann go n-áille
am dhorn daithgheal deasláimhe
go ccuirinn treasfhaobhar teann
ar a glantaobhaibh timcheall.
Tabhair mo mhionn sgiamhdha sgine
ghormfhaobhrach ghlan ghéirrinne
go bhfaidhinn dlúiththilte a ttéid,
díol a cumhdaighthe an coiméd.
Minic riam budh roait liom
ficheall chorrfhleasgach chothrom,
ag loidhe fan éagáir uirthe,
ag pléasgáil fhoirne orduighthe.
Ag cur dhísle ón ghrian go roile
'na rithing réim rodbhuinne
fa mhíonchlár thíthidh thslim
fíoráluinn aoibhinn éadtroim.
Iar tteachd um thimcheall dóibh seo
cuirid foluamhain fúmsa,
go siubhlaim re seal ngairid
fad an talmhan tromfhóduidh.
Móide Is tugtha toil mar so
don ghlanchuideachduin chaoimhseo
nach déinid munbhar ar fhear
éigion iomurcuidh ná aithfear.
Aitchim a sídh, sléachduim dóibh,
an bhuighean bheannaighthe bhláthchóir;
gabhuim tar chách lem dheibhleán,
nár fhágaibh mé am aonarán. | https://celt.ucc.ie//published/G402245.html |
G402246 | Eiséirgi do éirigh Dia | Unknown | Beatrix Färber | c.1200–1225 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,465 | Eiséirgi do éirigh Dia
a críchaibh áilli Aissia;
cuairt buadha ris a mbádhuim,
nocha cuala a comháluinn.
Crochait Idhuil gan falaidh
Críst amar do chualabhuir,
don fir cuil dobo cléguin,
bir isin fuil fírénaigh.
Do cloidheadh uadh dorcha dubh
d'Ísa Críst arna crochadh;
do ládh cró uimpi d'feraibh,
tuillte dhó, dar nDúilemain.
Da éirigh isin tres tráth,
do lái ar Idhaluibh anmfáth,
tosach rabhuidh rug a dealbh,
tuc a aghaidh ar ifearn.
Da chan tigerna In toigi:
"Cuguib, beg In brégoiri.
Mar do fuair a chalann crád,
a anam nárab imlán.
"Éirgidh, indlidh bar mbulga,
tógbhaidh suas bur seanurda;
ná déntar uabar oili
do bhualadh In brégoiri.
"Misi do aimsigh Eabha,
as a basuibh bairr-gheala,
's as a derc ramhoill raglais,
fa abhoill In imarbais.
"Da rugus léim suas iar sin,
a richt nathrach dom naithribh,
gur brégus Eaba In mall mhór,
fa barr In feadha ar n-élód.
"Da ráidhius ria, rád fallsa,
'Gab a Eba In t-uball-sa.
issiat ubla Is millsi amuigh,
do cubra innsi Áduim.'
"Gabus Eba In t-ubull bán,
tig a cert-leath dá compán,
gur tuit a clann 's a cineadh
ann, agus nír inndligheadh.
"Do mheallus Ebha Is Ádhamh
gu garg neimneach neamsádhal.
Buaidrim mar sein port parrghais
do neim olc an imarbais.
"Mé fuair fós, gid ferda a ghoim,
do ssíl Eba & Ádoim,
do cosc a raith eadh oili
fer braith ar In mbrégoiri.
"Mé dorad", ar deman dub,
"sanus d'Iudas, don easbul,
dom bheith cu saidbir sealba,
dar tairbir a tigerna.
"Mé do lá bir 'na bonnaib,
is deilg ina dernonnaib;
gur fágbus é a n-adbhaidh dis,
& cré a talmain tairis."
Gairit beag do bámar ann
fan comrádh sin do cansam,
ingnadh leisin ngrinne ngorm.
do-rinne finnmagh d'iforn.
"Créd In tsoillsi si atá istoigh",
ar clann imneadach Ádhoimh,
"nach facamur riamh roimhe,
acht gér cian ar comnoide?"
"In mbiadh Énmac Dé Is dorus".
do chan Ádhumh ucht-ssolus,
"do thabairt as a fine,
mar atass ga tairngire?
"Lá do cuir misi mo mac",
do can Ádum an find-slat,
"gu parrgas nach faghann fer,
na n-aball mbarr-glas mbuin-geal.
"Gu bhfacaidh uaidh In crann crín,
ar tuit misi Is mu mhóir-ssíl;
gu faca aeinlenabh ann,
data saeirleabhar súl-mall.
"Do bhí In lomán ón leanabh
gégach duilleach doisleabar.
a meoir leabra ag lúdh In croinn,
gu nderna úr don abhoill.
"Táinic Seth mu mac don mhuigh,
is misi ann re aguidh,
scéla In croinn 's an leanaibh leis,
do sloind tre medhair mhileis.
"In leanabh óg Is sé soin",
ar Ádamh, 'atciam cucoibh.
Benfaid d'feruib crith Is crádh,
rith In lenaib 'san lomán".
Gairit dún 'na degaid soin,
gur buail bas Críst In comlaid;
do bí ciall isin cogur,
in rí gur iarr oslogud.
Sámh lesin mbroid do bhí istigh
guth an carat do cluinsin.
A mbrughaidh nírsat brónuigh,
fa subhaig a senóraigh.
Do smuaineadar, aicned óg,
Dáibhíth, Abraham, Ísóg,
do smuain Máisi caemh 's a clann.
taem báisi risin mbas-crann.
"Cia doní In guth mór so a-muigh?"
ar muinter ifirn uathmhuir.
"Ciasa bas", ar gach fear fann
"do bean co bras In bas-crann?"
"Is misi atá", ar Dia, "is dorus;
ná déntar orm amorus;
slat na gloine 's na glóiri,
mac Moiri na mór-óigi."
Scibhit cách uile tar ais
le homhan Ísa folt-chais;
do scáin In comla 'na cend,
nír comga dáib a ndoicheall.
Do ling an Tigerna isteach,
Énmac Muiri, Dia dúileach,
ní raibhi ann-sin guth ná glór
is-tigh acht uch Is ochón.
"Éirghidh suas In bhar suidhi",
ar Ísa, ar ar n-oeguiri.
"Maith do slánaigh Anna ibh;
a clanna Ádhaim, éirgid."
"Sín In láimh uait, a Áduim",
ar mac Dé, "gu deglámhaid".
Sínus Ádam In láim luinn,
gur báidh álad In ubhuill.
Gabus Ebha err Ádhuimh
gu daith Is gu deglámaid;
gabhus cách uili Eabha;
nír tráth duini droichsseadha.
Tic leis a muindter amach
go sobrónach, go subach;
síl nÁdhuimh ar gach n-achad,
re sáluibh a senathar.
Atáit dáine ga rádh rind
d'feruibh lóghmhura In léghinn,
nach tuc as acht drong do dligh,
in cass donn dona dáinib.
Dáine ele rind gá rádh,
ag nach fuil credemh comhlán,
nach fuil duine, geal ná gorm,
nochar ben uile a hiforn.
Tuc i lláim Michil a-muigh
in imerci sin Ádhuimh,
téit budhéin ina degaid,
gan dréim gusan nDúilemain.
An Dúileam go a ndechus ann,
is In Mac sin ro molsam,
gu tuga buaidh 'nar mbél-ne
ón uaigh Is ón eiséirghe. E. d. e. d. .i. a. | https://celt.ucc.ie//published/G402246.html |
G402247 | Ar bhás Eochaidh Hí Eóghusa | Unknown | Benjamin Hazard | c.1600–1620 | Classical Modern Irish | LA, GA | Verse | — | — | 930 | Ar bhás Eochaidh Hí Eóghusa aliis cecinit: Fogus orchra don éigsi:
gá ttás cur ré coiméidsi?
do bhean sí céill do chabhuir;
ní réidh í ó orchradhaibh.
Ar n-éigsi as neimhní annosa,
dá ttí tásg Hí Eódhusa;
sgeing na haithmhéile dí Is dloigh,
fá bainchéile í d'Eochaidh.
An cádhus do chleacht idir
ionnsa a dhul a ndímhigin:
gar léan a dínsighthi dhi,
nél a híslighthi uaisdi.
Do-rad dó tar gach nduine
sgaith a heóil 'sa hionmhuine,
nó gur léigsi agus lúdh ann
glún na héigse dá altram.
Léir ar ghnaoi a ghréasa annosa
seinmhéin doilbhthe an dánasa
ann 'na breólasair gur bhruinn,
tall don eólasoin urruinn.
Do-chuaidh tré screaptraibh na sgol,
fuair fréamha eóil na n-ughdor:
dual mórthuireadh uainn don fhior,
fuair an órthuidhean fhileadh.
Cnú na ccollsa ó bhfaghthaoi fios
fá dhlaoi do-fhuair an t-éigios;
ó ros boing ceas dona cnaibh,
na croinn lé meas ag meabhsain.
Coimhdheas chumus an file
bucca an bhéarla theibidhe,
'sna fuighle dorcha 'na dhán,
a chuimhne ortha Is iomshlán.
Tig 'na cheann, ní cungnamh slim,
óradh ughdar an léighinn,
'na dhán as-teach go ttabhair;
dál na mbeach a bharamhail.
Na beich ó bhruach gach oirir
teaguid leó dá lóntoighibh
sugh na sgoth mbreachtnoighthe mbog
's bleachttoirthe na gcloch gcadott.
Maca samhla dár seise,
níor fháguibh don éigsesi
(breith a ghill uaidh ní homhan)
tim ná cruaidh gan chuartoghadh.
Na hoideadha as ollmha a bhfios
as é éirnios a n-ainchios;
earr ár ttagraine asé sin,
a-dlé abdhuine uaisdibh.
Uathadh do chách ar nach cuir
an teidhmsi ag tinnmhe an olluimh:
créad acht goin chló tré chroidhe,
doigh as mó lé millfidhe?
Mo chumhasa fá a chruth nár
as imneadh bó fá a baothán:
brón go séis síreachta soin —
am dhílleachta d'éis Eochaidh.
An éigse do-chuaidh dá cuing,
munab slán mac Maoil Sheachluinn:
neach dá léim níor saoileadh so,
aoinfhear don chléir ní charfo. Fogus. | https://celt.ucc.ie//published/G402247.html |
G402248 | Eiderchomhrádh sunn ag Donnchad mac Briain et Mac Coisi | Unknown | Beatrix Färber | c.1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 900 | Eiderchomhrádh sunn ag Donnchad mac Briain
et Mac Coisi: Eiderchomhrádh Sunn Ag Donnchad Mac Briain
Et Mac Coisi
Freccair meisi, a Meic Coisi —
Cia as eolcha anáid anoisi? —
innis, a Ioraird nach uis,
cia rí as fhírferr dá n-úarais.
Coiscc díom, a gille, a meic Briain.
ná cuir mesi so móirghliaidh
ní bhér breth dá ccuire im chenn
eidir ardfhlathaibh Érend.
Do fhiarfaigh díomsa an flaith féin
mar do fhiarfaighis, a fhir fhéil,
ca hédáil, ca maith as mó
dá bfuair ollamh i n-énló.
As edh do ráidhesa ris,
re Maíl Sechlainn Sléibhe Mis,
gurb í édáil Torna thiar
ó Chorc mac Luigdech láimhfhial.
Tucc míle bó dona búaibh,
is an céd each as fherr fhuair,
is cúicc tríocha céd dá ccrodh,
eidir fhér ocus arbhor.
Do-radadh dó trian Temhra
ó bile láomdha Lemhna;
do-rad dó, 's nír chomha cert,
cisde a athar i n-éinfhecht.
Ná háirimh ar Chorc na ccliar,
gé do-bheradh toir Is tiar,
giodh hí Banba na broide
no dháiledh dá dheghoide.
Gen gur tú rom thóccaib féin,
a Meic Coisi, a ollaimh fhél,
ag súd Banbha re bliadhain
duit, ar ó Néill Noíghiallaigh.
Éiricch co Temhraigh na ttréd,
mar a tá mo shelbadh sét:
caith bliadhain ón oidhche anocht
i ccennus Érenn na n-ardphort.
Tair chuccam i ccend bliadhna
co hÁth Cliath, do réir riaghla,
co n-órdaigher, ní lescc lem,
duit th'ollamhnacht Is t'ferann.
Ní hé sin do-rindes ris,
re Maoil Sechlainn Slébhe Mis:
tuccus cath, gér chláon céille,
do fhlaith Temhra táoibhréidhe.
Tarla mé aghaid i n-acchaid
isin cath Is flaith Feabhail:
sáithim sleigh, Is nír chiall chruind,
i Máol sográdhach Sechluinn.
Do impó an áitheheis nár mín,
is tumais a herluinn rem tháoibh
rob é sin, gan chor 'na chend,
féicce heinicch na hÉirenn.
Acc sin, a Donnchad meic Briain
an sccél do chuir mé i moirchiaigh
oinech mar sin tall it toigh
má tá agatt féin, freccoir. Freccair. | https://celt.ucc.ie//published/G402248.html |
G402249 | Labhair linn, a Mhuire Mháthar | Unknown | Benjamin Hazard | 1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 878 | Labhair linn, a Mhuire Mháthar,
suidhigh sinn sa rícheadh,
ná tar am aghaidh lem fhéichemh,
labhair damh fad dícheal.
Léig an freagra as fhearr red t'fagháil
leam ar eagla an ainiúil;
sinn ar n-ég dhuit nábadh doiléir,
a chruit na ttéd ttaidhiúir.
Do bhaoi do dhaonnacht fam Dhia-sa
ad naomhchorp naoi míosa;
as tú an t-ionadh fhuair na grása,
a thruaill iodhan Úosa.
Beir m'anam, a àgh, ó shechrán,
ná labhair glór guthchlaon;
saor mé mar nach dual óm dhrochrún,
a ghruadh ar ghné subhchraobh.
Saor mo mhóid agus mo mhionna,
a Ógh gan bhaos mbanna;
cuid dod thréd gan innremh orra,
fég, a inghen Anna.
Ná léig mo locht d'agra ar m'anmain,
olc tagra gan torbhaidh,
a ghruaidh mar ghréin, a ghnúis suilbhir,
mo chúis féin go bfolchair.
Acht an té do dhealbh na dúile,
dearbh lem chéill nach cuala
leth do mhíorbhal a ndúil daonna,
a úir bhríoghmhar bhúadha.
Bí dom dhíon ar áis no ar éigin
ar cháir Chríosd má fhédair;
bíom ar do sgáth, a sgiath dídin,
a ttráth a fhiach d'fhégain.
Ós egail lem Luan an chíosa
um chenn, cruaidh an cása,
an chroch dherg agus ég Úosa,
do Leanb brég an lása.
Ar ndódh leis an saoghal sédmhar,
mór baoghal na mbréigfhleadh,
mairg chleachtas an t-ól, a aigbhean,
a Ógh dhearcghlas dhéidgheal.
A chruth fial, a ghnúis as gile,
rug tú Dia 'na dhuine,
fagh mo dhírgheadh uadh as m'fhaire,
th'Uan míngheal, a Mhuire.
Fuair an àgh oiread na páisi,
Moire ger mór sgíosa,
is Mac Dé san úaidh dá héisi,
sa gruaidh mar ghné gríosa.
A mhaoir Úosa, a aingil iodhain,
sgaoil m'ainimh san fhalaidh,
saor sinn ó dhíchéill an domhain,
a Mhíchéil, linn labhair. Labhair. | https://celt.ucc.ie//published/G402249.html |
G402250 | Ní mhairenn oighre Murchaidh | Unknown | Benjamin Hazard | c.1600–1620 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 419 | Ní mhairenn oighre Murchaidh —
mór cumthair dona brégaibh —
dá maradh ní bheith choidhche
lá go n-oidhche inar n-égmais.
Ag techt chugainn as uainne
do bhíoth daoine uaisle oile;
ag techt chugainn Is chugainn
do bhíoth m'fher cumainn croidhe.
Créd dhénuid muinnter Dhálaigh
ón mbás-soin dá ttí an cogadh?
fa meinic laodh mo chroidhe
ós cenn m'fhine dá cosnamh.
Fa dhó sa ló dar bféghuin,
an té fa ndénuim osnadh,
do thigedh sé go bádhach
ó Áoibh Rátha go Brosnuigh.
Do-chuaidh Diarmuid, mo thruaighe,
fúinne a bhfuaire nár bhrethnuigh:
ní thig sé chugainn choidhche —
acht ocht n-oidhche sa tsechtmhuin.
Diarmuid tar éis a éuga,
a fhir dhénta na huaidhe,
ná bí dá chur a dtalmhuin,
ní gar dhó anmhuin uainne. Ní. | https://celt.ucc.ie//published/G402250.html |
G402251 | Sgían mo charad ar mo chliú | Unknown | Beatrix Färber | c.1200–1225 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 748 | Sgían mo charad ar mo chliú,
nírsum ralag mían na mná,
ní racha ar ngrádh dhí gach día,
go ría slán an tí gá ttá.
Ní holc í, ní dáor a dealbh,
gé cáomh a lí, ní lí gharbh:
an tí do sgeach an sgían ghorm,
fíal um chorn um each 's um arm.
Atá a sáith uirre don ór,
agus buinni bláith ré a bél:
tug an ghég dhonnmhailghioch dhúnn
an séd úr gormfhaighnioch gér.
Áith agus leabhar a los,
bláith agus sleamhan a slios:
do-rad úaidh an cíabhfhann cas
íarann glas crúaidh ar mo chrios.
Faighin dúalach agá díon,
go húallach agus go húr,
órchluidhe trom ina táobh,
cráobh lom chróchbhuidhi 'na cúl.
Bean do mhnáibh an tíre theas,
go gcnáimh sídhe mar an snas,
banMhuimhnioch cháomh ar mo chrios,
go slios cháomh ghlandruimnioch ghlas.
Donnchadh Cairbrioch na gcon gcáomh,
ní hairgthioch ar chrodh na gclíar,
trilis roimhín fhionn mar ór,
lór liom fám sgloimhín a sgían.
Máol Rúanaidh, rannaire an ríogh,
go ndúalaigh cambuidhi a chíabh,
gnúis cháidh mar fhuil nó mar fhíon,
go díol cáigh ní sguir, a sgían. | https://celt.ucc.ie//published/G402251.html |
G402252 | Slúaigead so re síl Adaim | Unknown | Beatrix Färber | c.1200–1417 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 1,000 | Cummín cecinit
Slúaigead so re síl Adaim,
is monur ríg do-rálaig:
dá mbeith úaib neach ticsead ris,
ca baili a ngeib a forbais?
Fata itáthar ica thríall,
ragar, tiagar, do-cúas ríam,
bethear iga dul co bráth,
ó ré áenfhir can anfháth.
Indisfeat dóib, Is eól dam,
in leath bearar In slúaigead:
do neoch fo-cheard doman de
a mbreith a ndúrthech n-úre.
Is hé do-tháed ar a cend,
atheach dúaibseach dub a drenn:
atchí cách ní fhaicend nech
a Dé, nírb inmain duibdrech.
Atchondarc anné 'ca thriall
óclach isa túaith sea thíar;
rob fhiú a chomthrom d'ór buidi
in t-óclach find foltbuide.
Dá mbeith 'ca chreic ar cach moig
gar bec re tocht In tlúagaid,
rob iú céd uingi d'ór cheart
in fer cróda claidemderg.
Ro baí ballán lán do lind
isan adart ós a chind:
atib dig re tocht ar fecht —
nochar mó a íta ar n-imthecht.
Inmain les a macám búad,
inmain leis a ingen úag;
dúthracdar uili thocht lais,
fata leó beith 'na hégmais.
Ó ra bánaiged a bonn,
is rotaithmidead a mong,
is ra fhec a fheóil re cnáim,
robo móidi leó a mígráin.
Ó ro sheng a medón mas,
is ro sáeb a rosc rindglas,
is ro érig a bruindi,
do-bérdais hé ar énuingi.
Re siu ro gobad galar,
rob earr lé muintir anad,
rob ada leó do baí istaig,
ó do baí ac triall In tlúaigid.
Ingnad bearar In slúaiged,
ní do chreich bó ná búailead;
marcaigecht a ndiaid a bonn,
cethrar aca imfhulong.
Dá chrand cháela táeb re táeb,
sesin féin ar cleathcor cháel,
días 'na díaid, dias roime soir,
sesin can a n-agallaim.
Atá and ingnad aile,
ní berar each fa eri,
nocho berar bolc am lón
risin slúag rígda romór.
Nocho berar gaí ná scíath,
nocho berar brat ná bíad,
acht cubat do léinid lín
im chorpán cach duine díb.
Ropo maith damsa, a Mec Dé,
mathair andsa ochaine,
co faicinnsea thíar nó thair
a fail ag tríall In tlúagaig. S.
Cinead Ádaim Is Eba,
cona ndaínib daithgela,
nocho n-uil díb tíar ná toir,
nach fuil ag tríall In tlúagaid. S.
Do neoch ro thecht beathaid mbí,
iter fhir Is mac Is mnaí,
dochum thalman, adbal ceal,
is gúr berar In slúaiged. S.
Robo maith leam, a Meic Dé,
co mberaind búaid n-ailithre,
ar térnom dam as cach graf,
comad hé m'ainm Slúaigedach. S. | https://celt.ucc.ie//published/G402252.html |
G402253 | Tiar táinig tús na seanma | Unknown | Benjamin Hazard | 1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 878 | Tiar táinig tús na seanma;
gnáth dúil a ndiaigh oileamhna;
críoch Mhumhan na saeadmhúr sídh
bunadh na ccaeadghlún cciníl.
Cá beag d'fhiadhnaise air sin
imreasuin dá mhac Mílidh,
ag roinn fhóid bhláthchoille Breagh
don dámhchoinne óig fhaeinneadh.
Tugsad go hÉirinn eidir
fhilidh agus oirfididh,
a slios Tuir bhratghloin Bhreoghain,
tar muir n-atmhair n-ainbhtheanaigh.
Onaoi dob ainm don fhior chiúil,
Cior mac Cis ceann ar seiniúil;
ní leanfam dá slonnadh sin,
dá ollamh mearchlann Mílidh.
Ordaighis Éibhear amhra
crannchor fa a n-aos ealadhna
ar mbeith d'Éireamhón ón fhior
ar leith glaeimheadhón Gaoidheal.
Do thaoibh Éibhir — gárbh fhearr caeim?
tarla an t-oirfideach ainnsaein:
re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin
fa neimhdhíogha an cuid crannchoir.
Ríoghdhacht na seanma ó so lat
ag leanmhuin luirg na ríomhac:
atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn
eighriocht re a n-aeirigh inntinn.
Dá mbeith fós nach raibh reimhe,
atá an uairsi dh'áiridhe
fraeamh an cheóil a muigh Mhumhan,
sgeóil ar a bhfuil fíadhnughadh.
Atá aniugh ag Nioclás Dall,
ar cheart ar chumas n-adhbhann,
mír curadh cheóil na Banbha,
bunadh eóil na healadhna.
Cumadóir na ccleas ndoilbhthe,
gaduidhe na geamhoidhche,
musgladh brón baoithchridhe ban,
glór nach saoilfidhe a síothbhrugh.
Adhbhar caomhnaidhe cumhadh,
sás meanman do mhórughadh,
siansa ón girre laoi leabhra,
nach binne caoi Caeideamhna.
Colloid rae caoine a sheanma
na beathadhaigh bhrúideamhla,
ag aeisdeacht mharbhchor a mhaer mbras,
do anfadh aen re a amas.
Líonmhaire 'ná an faer ag fás
ar leath ó lámhuibh Nioclás,
sreatha a ghaeag cceathbhraonach cciúin
do ghealchaolach taead ttaighiúir.
Mar dheilbh a ndiaigh a rionnta,
ní fios d'aos aigeanta,
saeis marbhghlan a mheóir rathmhair
d'adhnadh an cheóil chuimhrighthi. Tiar. | https://celt.ucc.ie//published/G402253.html |
G402254 | Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle | Unknown | Benjamin Hazard | 1200–1600 | Classical Modern Irish | GA | Verse | — | — | 850 | Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle,
imthigh go grod, ná gabh sgís
gan dol d'fhéaghain chinn ar ccoimhghe:
fill ré sgéulaibh oirne arís.
Beir leat úaim go hoighre Domhnaill
díoghrais bríathar a mbía brígh:
tabhair aghaidh a ttáoibh thola
ar chráoibh taraidh fhola hÚr.
Aithin meisi do Mhac Carthaigh,
ná ceil air a n-abair mé:
mo bheith mar tám cuir 'na chlúasoibh,
as nár dá fhuil úasail é.
Ba ná capuill, ór ná airgiod,
ní fhuil agam, innis só:
labhair agus déana deinmne,
tabhair sgéula deimhne dhó.
Crúacha as muca d'easbaidh oram,
ní hé amháin do ísligh m'úaill:
ceachtar dhíbh ní fhoil ar m'fhagháil,
mar soin do shín m'anáir úaim.
Mé táoibh rém ealadhuin d'ionnmhus,
aithnidh damh nach drud ré sdór:
gé beag ag cách í fan úairsi,
do bhí tráth nárbh úaisle an t-ór.
Duit budh béim mo bheith ar éattráigh,
a úa Carthaigh nár chláon cairt;
beir oirne má táoi rém thógbháil,
a oighre chráoi fhódbháin Airt.
Cuir a suim nách mé do mharcach,
a mheic Domhnaill nár dhiúlt cléir:
mé tar chách do-chóidh amugha,
is tráth ó chóir dá chura a ccéill.
Tabhairt éra ar áoinneach eile
ní heól úaibh — gá hairde nós?
béim ar do bhronnadh ní foghar,
acht th'ollamh féin folamh fós.
Tríall ar éigsibh na ccóig ccóigeadh
ad cheann, a chodhnaigh Chúain Dor;
lór ar fhéaghadh é mar iongna
mé um éanar fa dhiomdha ag dol.
An galar tromsa ina dtarla,
tráth a leighis ná léig thort;
a chnúas géag Oilill as Fhíachaidh,
féag an bfoilim d'fhíachaibh ort.
A reacaire, foillsigh feasda
fada an rún do-rinneas ríamh:
druid romham go ceann ó cCairbre,
as romhall leam thairge tríall. Tríall. | https://celt.ucc.ie//published/G402254.html |